An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII Cuntais agus Iniúchadh) Ar Aghaidh (CUID IX Cosaint Coigiltis)

17 1989

AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1989

CUID VIII

Díospóidí agus Gearáin

Díospóidí a réiteach.

91. —(1) Ach amháin mar a cheanglaítear a mhalairt leis an Acht seo nó faoi, baineann an t-alt seo—

(a) le haon díospóid idir cumann foirgníochta agus comhalta den chumann ina cháil mar chomhalta, nó ionadaí do chomhalta den sórt sin sa cháil sin, maidir le haon ábhar, cearta nó oibleagáidí arb iad rialacha an chumainn nó aon fhoráil den Acht seo nó ionstraim reachtúil faoi is bun leis nó leo, seachas forléiriú nó éifeacht gníomhais morgáiste nó aon chonartha eile is cuid de dhoiciméad, nó atá bunaithe ar dhoiciméad, seachas rialacha an chumainn, agus

(b) le haon díospóid nó aon chineál díospóide eile a dtugann rialacha an chumainn feidhm dó go sainráite ina leith,

agus, dá réir sin, san alt seo ciallaíonn “díospóid” díospóid lena mbaineann an t-alt seo.

(2) I gcás ina bhforáiltear amhlaidh i rialacha cumainn, féadfaidh an Chúirt Chuarda díospóid faoin alt seo a éisteacht agus a chinneadh agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh díospóide ag an gCúirt Chuarda agus beidh sé ina cheangal ar na páirtithe agus ar aon duine a bheidh ag éileamh fúthu, ach féadfaidh an Chúirt Chuarda, ar iarratas ó pháirtí sa díospóid, cás a shonrú don Ard-Chúirt ar phointe dlí.

(3) I gcás ina bhforáiltear i rialacha cumainn gur trí eadráin a chinnfear díospóid, beidh feidhm, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, ag na hAchtanna Eadrána, 1954 agus 1980, maidir leis an díospóid sin, agus—

(a) measfar, chun críocha an fho-ailt seo, gur comhaontú eadrána, de réir bhrí na nAchtanna Eadrána, 1954 agus 1980, na rialacha;

(b) ainmneofar agus roghnófar eadránaithe de réir na rialacha nó, mura mbeidh aon fhoráil den sórt sin iontu, ainmneoidh an bord stiúrthóirí eadránaí amháin agus ainmneoidh an comhalta eadránaí eile;

(c) ní bheidh leas tairbhiúil, díreach nó neamhdhíreach, ag eadránaí i gcistí an chumainn; agus

(d) cothabhálfaidh an cumann painéal eadránaithe agus déanfar ainmneacha na n-eadránaithe a bheidh ceaptha chun an phainéil ag an gcumann a thaifeadadh go cuí i gclár a choinneoidh an cumann chun na críche sin ina phríomhoifig agus coimeádfar cóip den chlár ar fáil do chomhaltaí agus don Bhanc Ceannnais lena scrúdú ag tráthanna réasúnacha.

(4) I gcás ina bhforáiltear i rialacha cumainn gurb é an Banc Ceannais a chinnfidh díospóid, beidh feidhm, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, ag an hAchtanna Eadrána, 1954 agus 1980, maidir leis an díospóid sin agus—

(a) measfar, chun críocha an fho-ailt seo, gur comhaontú eadrána, de réir bhrí na nAchtanna Eadrána, 1954 agus 1980, na rialacha;

(b) measfar gur eadránaí aonair an Banc Ceannais chun críocha na nAchtanna sin agus ní bheidh feidhm ag aon fhoráil sna hAchtanna sin i dtaobh eadránaithe nó moltóirí breise a cheapadh.

(5) Féadfaidh an tAire le rialacháin, arna ndéanamh tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais, a fhoráil go gcineachfaidh feidhmeanna an Bhainc faoi fho-alt (4)—

(a) chuig breithneoir a cheapfar faoi scéim a bheidh bunaithe de bhun rialachán faoi alt 92, nó

(b) mura mbeidh aon scéim den sórt sin ann, chuig breithneoir a cheapfar ar shlí eile faoi scéim neamhreachtúil chun breithniú a dhéanamh ar ghearáin i gcoinne cumann foirgníochta nó i gcoinne a bhfochuideachtaí nó a gcomhlachtaí comhlachaithe eile,

agus, fad a bheidh na rialacháin sin i bhfeidhm, déanfar tagairtí don Bhanc Ceannais i bhfo-alt (4), agus sna forálacha iomchuí de rialacha cumainn, a léamh mar thagairtí don bhreithneoir sin a dúradh.

(6) Ní choiscfidh aon ní san alt seo ar chumann, ar aon chomhalta de chumann ná ar aon duine a bheidh ag éileamh trí chomhalta nó faoi chomhalta, aon leigheas a fháil i ngnáthchúrsa an dlí a bhfuil an cumann, an comhalta nó an duine ina theideal de réir dlí maidir le haon mhorgáiste nó aon chonradh eile seachas rialacha cumainn.

(7) Déanfar aon tagairt i rialacha cumainn do dhíospóid a fhorléiriú, ach amháin a mhéid a fhoráiltear a mhalairt go sainráite iontu, mar thagairt do dhíospóid lena mbaineann an t-alt seo agus do dhíospóid den sórt sin amháin.

Gearáin a imscrúdú.

92. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin arna ndéanamh tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais, a cheangal ar chumann foirgníochta scéim nó scéimeanna a bhunú, nó uamadh chun í nó iad a bhunú, chun imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin i gcoinne an chumainn nó i gcoinne aon fhochuideachta nó comhlachta chomhlachaithe eile dá chuid i ndáil le hábhar gearáin forordaithe.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar, i rialacháin faoin alt seo, foráil a dhéanamh maidir le haon ní amháin nó níos mó díobh seo a leanas—

(a) scéim a bhunú agus a riaradh,

(b) an modh ina gceapfar breithneoir neamhspleách chun imscrúduithe a sheoladh,

(c) na nithe a bheidh faoi réir a n-imscrúdaithe faoin scéim,

(d) na forais nach mór gearán a bheith bunaithe orthu,

(e) cumhachtaí an bhreithneora agus an nós imeachta a bheidh le leanúint agus imscrúduithe á seoladh aige,

(f) na himthosca ina mbeidh agus a mhéid a bheidh cinntí ina gcinntí ceangailteacha,

(g) na nósanna imeachta chun gearáin a dhéanamh,

(h) tátail an bhreithneora a fhoilsiú,

(i) ceadú na scéime ag an mBanc Ceannais.

(3) Ní dhéanfaidh tarchur gearáin faoi scéim arna bunú faoin alt seo difear do chearta comhalta díospóid lena mbaineann alt 91 a chur á cinneadh de réir mar a fhoráiltear i rialacha an chumainn, ach maidir le haon díospóid den sórt sin a bhaineann le ní a thagann faoi réir scéime den sórt sin féadfar, má chomhaontaíonn an gearánaí agus an cumann, í a chinneadh faoi scéim den sórt sin in ionad í a chinneadh amhlaidh, agus beidh an cinneadh sin ina cheangal ar an dá pháirtí.