Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Nithe a bhFéadfaidh Rialacháin Fhoirgníochta Caighdeáin a Fhorordú ina Leith)

3 1990

/images/harp.jpg


Uimhir 3 de 1990


AN tACHT UM RIALÚ FOIRGNÍOCHTA, 1990


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Údaráis rialaithe foirgníochta.

3.

Rialacháin fhoirgníochta.

4.

Dispeansáid ó rialacháin fhoirgníochta nó maolú orthu.

5.

Dispeansáid nó maolú i ndáil le hoibreacha nó le hábhar sonraithe.

6.

Rialacháin rialaithe foirgníochta.

7.

Achomhairc.

8.

Fógra forfheidhmiúcháin.

9.

Iarratas chun na Cúirte Dúiche i ndáil le fógra forfheidhmiúcháin.

10.

Fógra forfheidhmiúcháin a sheirbheáil.

11.

Cumhachtaí iniúchta ag daoine údaraithe.

12.

Ordú ón Ard-Chúirt i ndáil le foirgnimh agus oibreacha.

13.

Cumhacht toirmeasc a chur le húsáid ábhar áirithe, etc.

14.

Comhlacht Comhairleach na Rialachán Foirgníochta.

15.

Fíre doiciméad.

16.

Cionta.

17.

Pionóis.

18.

Orduithe agus rialacháin.

19.

Caiteachais an Aire.

20.

Caiteachais údarás rialaithe foirgníochta.

21.

Teorainn le himeachtaí sibhialta.

22.

Idirthréimhseach.

23.

Foirgnimh ilstóracha.

24.

Aisghairm.

25.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Nithe a bhFéadfaidh Rialacháin Fhoirgníochta Caighdeáin a Fhorordú ina Leith

AN DARA SCEIDEAL

Cuid I

Aisghairmeacha ar an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 (arna leasú leis an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976).

Cuid II

Aisghairmeacha ar an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Eadrána, 1954

1954, Uimh. 26

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967

1967, Uimh. 12

Dublin Corporation Act, 1890

1890, c. 246

An tAcht Monarchan, 1955

1955, Uimh. 10

An tAcht Seirbhísí Dóiteáin, 1981

1981, Uimh. 30

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1955

1955, Uimh. 9

An tAcht Rialtais Áitiúil (Foirgnimh Ilstórácha), 1988

1988, Uimh. 29

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963

1963, Uimh. 28

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976

1976, Uimh. 20

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 93

Public Health (Ireland) Act, 1878

1878, c. 52

Public Health Acts (Amendment) Act, 1890

1890, c. 59

/images/harp.jpg


Uimhir 3 de 1990


AN tACHT ÚM RIALÚ FOIRGNÍOCHTA, 1990

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN ÚDARÁIS RIA-LAITHE FOIRGNÍOCHTA A BHUNÚ AGUS CHUN RIA-LACHÁIN FHOIRGNÍOCHTA AGUS RIALACHÁIN RIALAITHE FOIRGNÍOCHTA A DHÉANAMH AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE A BHAIN-EANN LE FOIRGNIMH A FHOIRGNIÚ AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE SIN. [21 Márta, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

tá le “duine údaraithe” an bhrí a shanntar dó le halt 11;

folaíonn “foirgneamh” cuid d'fhoirgneamh agus aon aicme nó aicmí déanmhais a bhforordóidh an tAire gur foirgneamh é nó iad chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “údarás rialaithe foirgníochta” údarás áitiúil lena mbaineann alt 2;

ciallaíonn “rialacháin rialaithe foirgníochta” rialacháin arna ndéanamh ag an Aire de bhun alt 6;

ciallaíonn “rialacháin fhoirgníochta” rialacháin arna ndéanamh ag an Aire de bhun alt 3;

ciallaíonn “Comhlacht Comhairleach na Rialachán Foirgníochta” an comhlacht arna bhunú de bhun alt 14;

folaíonn “foirgniú” oibreacha a chur i gcrích i ndáil le foirgnimh agus aon ghníomh nó oibríocht is gá chun foirgneamh a fhoirgniú, a mhéadú, a athrú, a dheisiú nó a athnuachan, nó a bhaineann leis an gcéanna, agus forléireofar “foirgnithe” dá réir sin;

folaíonn “dearadh” ullmhú pleananna, mionsonraí, líníochtaí, sonraíochtaí, ríomhaireachtaí agus léirithe cuspóra eile ar dá réir a chuirfear i gcrích an foirgniú, an méadú, an t-athrú, an deisiú nó an athnuachan lena mbaineann agus forléireofar “deartha” dá réir sin;

tá le “fógra forfheidhmiúcháin” an bhrí a shanntar dó le halt 8;

ciallaíonn “údarás dóiteáin” údarás dóiteáin de réir bhrí an Achta Seirbhísí Dóiteáin, 1981 ;

tá le “limistéar feidhmiúcháin”, i ndáil le húdarás rialaithe foirgníochta, an bhrí a shanntar dó le halt 2 (3);

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil;

tá le “lá feidhme” an bhrí a shanntar dó le halt 22;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;

folaíonn “oibreacha” aon ghníomh nó oibríocht i ndáil le foirgniú, méadú, athrú, deisiú nó athnuachan foirgnimh.

(2) San Acht seo aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(3) San Acht seo aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(4) Déanfar tagairt san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

Údaráis rialaithe foirgníochta.

2. —(1) Beidh gach ceann de na húdaráis áitiúla seo a leanas ina údarás rialaithe foirgníochta chun críocha an Achta seo—

(a) comhairle contae,

(b) bardas contaebhuirge,

(c) Bardas Dhún Laoghaire,

(d) faoi réir fho-alt (2), Bardas aon bhuirge eile agus comhairle aon cheantair uirbigh atá, ar thosach feidhme an Achta seo, ina údarás dóiteáin.

(2) (a) I gcás ina bhforálfaidh an tAire, le hordú faoi alt 9 (2) den Acht Seirbhísí Dóiteáin, 1981 , go scoirfidh alt 9 (1) (d) den Acht sin d'fheidhm a bheith aige maidir le bardas nó comhairle áirithe, scoirfidh an comhlacht sin de bheith ina údarás rialaithe foirgníochta de réir bhrí an Achta seo ar an lá a bheidh sonraithe chuige sin san ordú.

(b) I gcás ina bhforálfaidh an tAire, le hordú faoi alt 9 (2) den Acht Seirbhísí Dóiteáin, 1981 , go scoirfidh alt 9 (1) (d) den Acht sin d'fheidhm a bheith aige maidir le bardas nó comhairle áirithe, beidh feidhm ag alt 17 den Acht sin maidir le húdarás rialaithe foirgníochta dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo ionann is dá mba údarás dóiteáin é faoi réir cibé modhnuithe agus forálacha coimhdeacha is dóigh leis an Aire is gá agus a fhorálfaidh sé san ordú.

(3) Is éard é limistéar feidhmiúcháin údaráis rialaithe foirgníochta—

(a) i gcás comhairle contae, an contae riaracháin, gan aon bhuirg nó ceantar uirbeach a áireamh, ar údarás rialaithe foirgníochta a bhardas nó a chomhairle de thuras na huaire de bhun fhorálacha fho-alt (1) (d),

(b) i gcás aon údaráis áitiúil eile, a limistéar riaracháin.

(4) Féadfaidh údaráis rialaithe foirgníochta comhshocraíochtaí a dhéanamh chun aon fheidhm dá gcuid a chomhlíonadh go comhpháirteach.

(5) I gcás inar dealraitheach don Aire gur chóir comhaontú faoi alt 59 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955 , a dhéanamh idir dhá údarás rialaithe foirgníochta nó níos mó chun críche aon fheidhme dá gcuid, féadfaidh sé, tar éis dó deis a thabhairt do na húdaráis lena mbaineann uiríll a dhéanamh chuige, a cheangal ar na húdaráis sin comhaontú den sórt sin a dhéanamh, agus féadfaidh an tAire a ordú go mbeidh, in aon chomhaontú den sórt sin, cibé téarmaí a shonróidh sé agus déanfaidh na húdaráis lena mbaineann de réir aon orduithe a thabharfaidh an tAire faoin bhfo-alt seo.

Rialacháin fhoirgníochta.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, chun críche ar bith dá sonraítear i bhfo-alt (2), rialacháin a dhéanamh (dá ngairtear “rialacháin fhoirgníochta” san Acht seo) i ndáil leis na nithe seo a leanas go léir nó le haon ní acu—

(a) dearadh agus foirgniú foirgneamh;

(b) athruithe ábhartha nó méaduithe ar fhoirgnimh;

(c) soláthar seirbhísí, feisteas agus trealaimh i bhfoirgnimh nó i dtaca le foirgnimh;

(d) foirgnimh a dtarlaíonn ina leith aon athrú ábhartha ar na críocha dá n-úsáidtear na foirgnimh.

(2) Féadfar rialacháin fhoirgníochta a dhéanamh chun na gcríoch seo a leanas go léir nó chun críche ar bith acu—

(a) foráil a dhéanamh chun sláinte, sábháilteacht agus leas—

(i) daoine i bhfoirgnimh nó timpeall orthu, agus

(ii) daoine a bhféadfadh foirgnimh nó nithe a bhaineann le foirgnimh fearadh orthu,

a áirithiú;

(b) foráil a dhéanamh le haghaidh riachtanas speisialta daoine míchumasaithe i ndáil le foirgnimh;

(c) foráil a dhéanamh chun breosla agus fuinneamh a chaomhnú i ndáil le foirgnimh;

(d) foráil a dhéanamh chun úsáid éifeachtach acmhainní a áirithiú i ndáil le foirgnimh;

(e) foráil a dhéanamh chun dea-chleachtas foirgníochta a spreagadh; agus

(f) foráil a dhéanamh le haghaidh cibé nithe eile is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach agus a shonraítear sna rialacháin.

(3) I dteannta forálacha aon rialachán a dhéanfar chun críocha fho-alt (1) (d), measfar go bhfuil athrú ábhartha ar na críocha dá n-úsáidtear foirgneamh más rud é, ar an lá feidhme nó dá éis—

(a) go dtiocfaidh foirgneamh chun bheith á úsáid mar theaghais, ar foirgneamh é nár foirgníodh i dtosach lena áitiú mar theaghais nó, cé gur chuige sin a foirgníodh é, a bhí leithreasaithe le haghaidh críoch eile,

(b) go dtiocfaidh foirgneamh chun bheith á áitiú ag dhá theaghlach nó níos mó, ar foirgneamh é nár foirgníodh i dtosach ach lena áitiú mar theaghais d'aon teaghlach amháin, nó

(c) i gcás forálacha speisialta a bheith i rialacháin fhoirgníochta i ndáil le foirgnimh a úsáidtear chun aon chríche áirithe, go dtiocfaidh foirgneamh lena mbaineann na rialacháin, agus nach raibh á úsáid chun na críche sin, chun bheith á úsáid amhlaidh.

(4) Aon rialacháin fhoirgníochta a bhaineann—

(a) le foirgnimh a dtarlaíonn ina leith aon athrú ábhartha ar na críocha dá n-úsáidtear na foirgnimh, nó

(b) le hathruithe ábhartha nó méaduithe ar fhoirgnimh, nó

(c) le soláthar seirbhísí, feisteas nó trealaimh i bhfoirgnimh nó i dtaca le foirgnimh,

féadfaidh siad feidhm a bheith acu maidir le foirgneamh ar tosaíodh ar é a fhoirgniú roimh an lá feidhme, a mhéid a dhéantar difear don fhoirgneamh sin de bharr aon athrú ábhartha ar na críocha dá n-úsáidtear an foirgneamh sin nó de bharr aon athrú ábhartha, méadú, soláthar seirbhísí, feisteas nó trealaimh, de réir mar a bheidh, a tharlóidh an lá feidhme nó dá éis agus i ngach cás eile ní bheidh feidhm, faoi réir alt 22 (2), ag rialacháin fhoirgníochta ach amháin maidir le foirgnimh a dtosaítear ar iad a fhoirgniú ar an lá feidhme nó dá éis.

(5) Faoi réir fho-alt (11) agus faoi réir—

(a) aon dispeansáide nó maolaithe a dheonaítear faoi alt 4 nó 5, nó

(b) aon achomhairc faoi alt 7 ar géilleadh dó,

déanfar gach foirgneamh lena mbaineann rialacháin fhoirgníochta a dhearadh agus a fhoirgniú de réir fhorálacha na rialachán sin.

(6) Féadfar, le rialacháin fhoirgníochta—

(a) caighdeáin (arna sainiú i dtéarmaí feidhmiúcháin, cineálacha ábhair, modhanna foirgníochta nó eile) a fhorordú i ndáil le gach ní nó le haon ní de na nithe a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó i ndáil le haon ní eile atá ábhartha, i dtuairim an Aire, ó thaobh na gcríoch dá ndéanfar rialacháin fhoirgníochta,

(b) a cheangal beart sonrach a dhéanamh i dtaca le foirgnimh,

(c) foráil a dhéanamh chun bearta sonraithe i bhfoirgnimh agus timpeall ar fhoirgnimh a rialáil,

(d) an chaoi a seolfar oibríochtaí foirgníochta a shonrú.

(7) Féadfar rialacháin fhoirgníochta a dhéanamh, a mhéid ar bith, faoi threoir doiciméid a bheidh foilsithe ag an Aire nó thar a cheann.

(8) Féadfar, i rialacháin fhoirgníochta, caighdeáin éagsúla a shonrú maidir le foirgnimh d'aicmí nó de thuairiscí éagsúla, nó féadfar forálacha éagsúla a dhéanamh iontu i ndáil leis an gcéanna.

(9) Sula bhforordóidh sé caighdeáin le haghaidh aon ní a shonraítear i mír 17 (a) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, rachaidh an tAire i gcomhairle leis an Aire Fuinnimh.

(10) Féadfaidh cibé forálacha forlíontacha agus teagmhasacha is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach a bheith i rialacháin fhoirgníochta.

(11) Féadfar, le rialacháin fhoirgníochta, foirgnimh, seirbhísí, feistis nó trealamh de cibé aicmí nó tuairiscí a bheidh sonraithe sna rialacháin, lena n-áirítear aicmí nó tuairiscí foirgneamh, seirbhísí, feisteas nó trealaimh in aon limistéar a bheidh sonraithe sna rialacháin, a dhíolmhú, go hiomlán nó go páirteach, ó fhorálacha uile nó ó aon cheann d'fhorálacha na rialachán sin.

(12) Féadfar rialacháin fhoirgníochta, nó aon fhoráil iontu, a dhéanamh ionas go mbeidh feidhm i gcoitinne acu, nó go mbeidh feidhm acu maidir le haon limistéar a bheidh sonraithe sna rialacháin, agus féadfaidh forálacha éagsúla a bheith sna rialacháin i ndáil le limistéir éagsúla.

(13) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh feidhm ag rialacháin fhoirgníochta maidir le foirgnimh de chuid an Stát nó atá á n-áitiú ag an Stát seachas foirgnimh a úsáidtear mar phríosúin nó mar ionaid choinneála.

Dispeansáid ó rialacháin fhoirgníochta nó maolú orthu.

4. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh údarás rialaithe foirgníochta, más dóigh leis go bhfuil sé réasúnach ag féachaint d'imthosca uile an cháis, dispeansáid a dheonú ó cheanglas ar bith i rialacháin fhoirgníochta, nó maolú a dheonú ar aon cheanglas den sórt sin, i gcás foirgnimh nó oibreacha atá suite laistigh de limistéar feidhmiúcháin an údaráis rialaithe foirgníochta agus—

(a) atá deartha, á bhfoirgniú nó á seoladh ag an údarás rialaithe foirgníochta nó thar a cheann, nó

(b) ar cuireadh i ndáil leo iarratas ar an dispeansáid nó ar an maolú sin faoina bhráid de bhun fho-alt (2).

(2) Is san fhoirm fhorordaithe a dhéanfar iarratas ar dhispeansáid ó cheanglas ar bith i rialacháin fhoirgníochta nó ar mhaolú ar an gcéanna, agus beidh an táille fhorordaithe (más ann) ag gabháil le haon iarratas den sórt sin.

(3) Féadfar a fhoráil i rialacháin fhoirgníochta nach mbeidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le haon cheanglas sonraithe sna rialacháin.

(4) Más rud é, laistigh de thréimhse dhá mhí dar tosach an dáta iarratais, nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe ar a gcomhaontóidh an t-iarratasóir agus an t-údarás rialaithe foirgníochta i scríbhinn tráth ar bith, nach gcuirfidh an t-údarás rialaithe foirgníochta fógra faoin gcinneadh ar an iarratas chuig an iarratasóir, measfar gur ar an an lá deiridh den tréimhse nó den tréimhse fhadaithe sin, de réir mar a bheidh, a rinneadh cinneadh an údaráis rialaithe foirgníochta an dispeansáid nó an maolú, de réir mar a bheidh, a dheonú.

(5) Féadfaidh údarás rialaithe foirgníochta dispeansáid ó cheanglas ar bith i rialacháin fhoirgníochta nó maolú ar an gcéanna, a dheonófar de bhun fho-alt (1), a chur faoi réir cibé coinníollacha (más ann) is cuí leis.

Dispeansáid nó maolú i ndáil le hoibreacha nó le hábhar sonraithe.

5. —(1) I gcás gur dóigh leis an Aire go mbeadh sé míréasúnta aon cheanglas i rialacháin fhoirgníochta a chomhlíonadh i ndáil le haon aicme shonraithe d'oibríocht, d'oibreacha nó d'ábhar foirgníochta féadfaidh an tAire, maidir leis an gcomhlíonadh sin, dispeansáid ón gceanglas sin nó maolú air a thabhairt le hordú, ach sin faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis agus a shonróidh sé san ordú.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú arna dhéanamh faoin alt seo, lena n-áiritear ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.

Rialacháin rialaithe foirgníochta.

6. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh (dá ngairtear “rialacháin rialaithe foirgníochta” san Acht seo) ina ndéanfar socrú i dtaobh cúrsaí nós imeachta, riaracháin agus rialaithe d'fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm, agus go gcomhlíonfar, na ceanglais i rialacháin fhoirgníochta agus féadfar, i rialacháin rialaithe foirgníochta, cibé forálacha teagmhasacha, iarmhartacha nó forlíontacha a dhéanamh is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar foráil a dhéanamh i rialacháin rialaithe foirgníochta le haghaidh na nithe seo a leanas go léir nó le haghaidh aon ní acu—

(a) á cheangal—

(i) deimhnithe (dá ngairtear “deimhnithe um chomhlíonadh” san Acht seo) ar deimhnithe iad a bhaineann le comhlíonadh na rialachán foirgníochta (faoi réir aon dispeansáide nó maolaithe iomchuí a bheidh deonaithe cheana féin faoi alt 4 nó 5 nó faoi réir aon achomhairc faoi alt 7 ar géilleadh dó) a chur faoi bhráid údarás rialaithe foirgníochta sula dtosófar ar fhoirgniú aon fhoirgneamh, aicmí foirgneamh, oibreacha nó aicmí oibreacha lena mbaineann na rialacháin fhoirgníochta sin nó le linn an fhoirgnithe sin agus tar éis dó a bheith críochnaithe,

(ii) maidir le foirgneamh nó foirgnimh d'aicme forordaithe nó d'aicmí forordaithe, iarratas ar dheimhniú (dá ngairtear “deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán” san Acht seo) a chur faoi bhráid údaráis rialaithe foirgníochta, ar deimhniú é á rá go ndéanfadh foirgneamh, dá bhfoirgneofaí é de réir na bpleananna, na ndoiciméad agus na faisnéise a chuirfear isteach, cibé forálacha de chuid rialachán foirgníochta a bheidh forordaithe a chomhlíonadh, i dtuairim an údaráis rialaithe foirgníochta (faoi réir aon dispeansáide nó maolaithe iomchuí a bheidh deonaithe cheana féin faoi alt 4 nó 5 nó faoi réir aon achomhairc faoi alt 7 ar géilleadh dó), agus

(iii) maidir le dearadh nó foirgniú aon fhoirgneamh nó aon aicmí foirgneamh, nó le seoladh aon oibreacha nó aicmí oibreacha, lena mbaineann rialacháin fhoirgníochta, iarratas ar dheimhniú (dá ngairtear “deimhniú formheasa” san Acht seo) de chuid an údaráis rialaithe foirgníochta a chur faoi bhráid an údaráis rialaithe foirgníochta, ar deimhniú é á rá go gcomhlíonann dearadh nó foirgniú na bhfoirgneamh nó na n-oibreacha ceanglais na rialachán foirgníochta, i dtuairim an údaráis rialaithe foirgníochta (faoi réir aon dispeansáide nó maolaithe iomchuí a bheidh deonaithe cheana féin faoi alt 4 nó 5 nó faoi réir aon achomhairc faoi alt 7 ar géilleadh dó);

(b) ag forordú—

(i) foirm agus ábhar deimhnithe um chomhlíonadh, iarratas ar dheimhnithe um shábháilteacht ó dhóiteán, deimhnithe um shábháilteacht ó dhóiteán, iarratas ar dheimhnithe formheasa agus deimhnithe formheasa,

(ii) na bpleananna, na ndoiciméad agus na faisnéise a bheidh le cur isteach le deimhnithe um chomhlíonadh, le hiarratais ar dheimhnithe um shábháilteacht ó dhóiteán, le hiarratais ar dheimhnithe formheasa agus le fógraí lena mbaineann fo-alt (2) (k), agus

(iii) na tréimhse ama ar laistigh di a bheidh na deimhnithe, na hiarratais agus na fógraí sin le cur isteach;

(c) sonrú na ndaoine nó na n-aicmí daoine a fhéadfaidh deimhnithe um chomhlíonadh a thabhairt, agus na n-aicmí foirgneamh nó oibreacha a bhféadfar na deimhnithe sin a thabhairt maidir leo;

(d) údarás rialaithe foirgníochta do dheonú deimhnithe um shábháilteacht ó dhóiteán agus deimhnithe formheasa i dteannta nó d'éagmais coinníollacha, nó diúltú na deimhnithe sin a thabhairt;

(e) á cheangal ar údarás rialaithe foirgníochta, aon uair a dhiúltóidh sé deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán nó deimhniú formheasa a thabhairt, fógra i scríbhinn a thabhairt don iarratasóir i dtaobh na bhfáthanna a bhí leis an diúltú sin;

(f) clárú deimhnithe um chomhlíonadh agus cibé faisnéise a bheidh forordaithe i ndáil le hiarratais ar dheimhnithe um shábháilteacht ó dhóiteán, le deimhnithe um shábháilteacht ó dhóiteán, le hiarratais ar dheimhnithe formheasa agus le deimhnithe formheasa agus an fhaisnéis sin a chur ar fáil do cibé daoine a bheidh forordaithe;

(g) ag forordú na dtaifead a bheidh le coimeád, agus na faisnéise a bheidh le soláthar don Aire, ag údarás rialaithe foirgníochta;

(h) táillí a ghearradh—

(i) maidir le deimhnithe um chomhlíonadh a chlárú,

(ii) maidir le hiarratais ar dheimhnithe um shábháilteacht ó dhóiteán, nó ar dheimhnithe formheasa, a chur isteach,

(iii) maidir le cóipeanna de dheimhnithe nó doiciméid eile, nó sleachtanna astu, a sholáthar,

(iv) maidir le hiniúchtaí agus tástálacha a sheoladh agus samplaí a tógadh de bhun alt 11 a thástáil, agus

(v) aon ní eile is cuí leis an Aire;

(i) aon dá cheann nó níos mó díobh seo a leanas a chur le chéile in aon doiciméad amháin, eadhon, aon iarratas, fógra, deimhniú nó doiciméad eile dá bhforáiltear san Acht seo, nó in aon rialacháin arna ndéanamh faoi, agus aon iarratas, fógra nó doiciméad eile dá bhforáiltear sna hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983, nó in aon rialacháin arna ndéanamh faoi na hAchtanna sin;

(j) cibé daoine, comhlachtaí nó foirgnimh, nó cibé aicmí den chéanna a bheidh sonraithe sna rialacháin a eisiamh ó gach ceann nó ó aon cheann de na forálacha a bhaineann le deimhnithe um chomhlíonadh nó iarratais ar dheimhnithe um shábháilteacht ó dhóiteán nó iarratais ar dheimhnithe formheasa a chur isteach;

(k) á cheangal fógra a thabhairt d'údaráis rialaithe foirgníochta i dtaobh tógáil cibé foirgneamh, nó cibé aicmí foirgneamh, nó seoladh cibé oibreacha, nó cibé aicmí oibreacha, a bheidh sonraithe sna rialacháin.

(3) Féadfar, le rialacháin rialaithe foirgníochta, forálacha éagsúla a dhéanamh i ndáil le foirgnimh éagsúla, nó le haicmí éagsúla foirgneamh, i ndáil le foirgnimh nó aicmí foirgneamh atá suite i limistéir éagsúla, nó i ndáil le forálacha éagsúla i rialacháin fhoirgníochta.

(4) I gcás ina ndéanfar deimhniú um chomhlíonadh, nó fógra lena mbaineann fo-alt (2) (k), a chur faoi bhráid údaráis rialaithe foirgníochta, ní bheidh an t-údarás rialaithe foirgníochta faoi dhualgas d'aon duine—

(a) chun a áirithiú, maidir leis an bhfoirgneamh nó na hoibreacha lena mbaineann an deimhniú nó an fógra, go gcomhlíonfaidh sé nó siad na ceanglais i rialacháin fhoirgníochta, nó go mbeidh sé nó siad saor ó aon locht, i gcúrsa na hoibre nó ar é nó iad a bheith críochnaithe,

(b) chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an deimhniú ceanglais an Achta seo nó rialachán nó orduithe arna ndéanamh faoin Acht seo, nó

(c) chun a fhíorú gur fíor agus gur cruinn do na fíorais a bheidh luaite sa deimhniú.

(5) Más rud é, laistigh de thréimhse dhá mhí dar tosach an dáta iarratais ar dheimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán nó ar dheimhniú formheasa, nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe ar a gcomhaontóidh an t-iarratasóir agus an t-údarás rialaithe foirgníochta i scríbhinn tráth ar bith, nach gcuirfidh an t-údarás rialaithe foirgníochta fógra faoin gcinneadh ar an iarratas chuig an iarratasóir, measfar gur ar an lá deiridh den tréimhse nó den tréimhse fhadaithe sin, de réir mar a bheidh, a rinneadh cinneadh an údaráis rialaithe foirgníochta an deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán nó an deimhniú formheasa, de réir mar a bheidh, a dheonú.

(6) I gcás ina ndéanfar, de bhun alt 4, iarratas ar dhispeansáid ó aon cheanglas i rialacháin fhoirgníochta nó ar mhaolú ar aon cheanglas den sórt sin, nó i gcás ina mbeidh achomharc faoi alt 7 déanta in aghaidh cinnidh ar an iarratas sin, féadfaidh an t-údarás rialaithe foirgníochta déanamh an chinnidh i ndáil le deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán nó deimhniú formheasa a dheonú nó, de réir mar a bheidh, a dhiúltú i leith an fhoirgnimh lena mbaineann, a chur siar go ceann tréimhse nach faide ná dhá mhí tar éis an cinneadh ar an iarratas nó, de réir mar a bheidh, ar an achomharc, a bheith déanta, agus forléireofar fo-alt (5) dá réir sin.

Achomhairc.

7. —(1) Aon iarratasóir nach mbeidh sásta le cinneadh ó údarás rialaithe foirgníochta i dtaobh iarratais de bhun—

(a) alt 4, ar dhispeansáid ó cheanglas ar bith i rialacháin fhoirgníochta, nó ar mhaolú ar aon cheanglas den sórt sin, nó

(b) alt 6 (2) (a) (ii), ar dheimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán, nó

(c) alt 6 (2) (a) (iii), ar dheimhniú formheasa,

féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála.

(2) Déanfaidh an Bord Pleanála, tar éis dó achomharc faoin alt seo a bhreithniú, diúltú don achomharc nó (de réir mar is cuí leis) géilleadh don achomharc faoi réir coinníollacha a chur leis, a leasú nó a scriosadh i gcás inar dóigh leis gurb iomchuí sin.

(3) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, na nithe seo a leanas a shonrú—

(a) an chaoi a ndéanfar achomharc de bhun an ailt seo,

(b) an tréimhse ama a bhféadfar na hachomhairc sin a dhéanamh laistigh di,

(c) táillí a mhuirearú maidir leis na hachomhairc sin a dhéanamh,

(d) an nós imeachta a nglacfar leis i gcás na n-achomharc sin,

(e) cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha, iarmhartacha agus idirthréimhseacha (lena n-áirítear modhnú nó feidhmiú aon fhorála de chuid an Achta seo nó de chuid na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983) is dóigh leis an Aire is gá chun críocha an ailt seo.

Fógra forfheidhmiúcháin.

8. —(1) Más rud é—

(a) go gcuirfear tús le foirgniú aon fhoirgnimh nó le seoladh aon oibreacha lena mbaineann rialacháin fhoirgníochta nó go mbeidh an foirgniú nó an seoladh sin críochnaithe nó go dtarlóidh aon athrú ábhartha ar na críocha dá n-úsáidtear aon fhoirgneamh, agus

(b) nach bhfuil an foirgneamh nó na hoibreacha deartha, nó nach bhfuil siad foirgnithe nó seolta, nó á bhfoirgniú nó á seoladh, i gcomhréir le rialacháin fhoirgníochta, agus

(c) maidir leis an mainneachtain rialacháin fhoirgníochta a chomhlíonadh, nach mainneachtain í de chineál a mbeadh an t-údarás rialaithe foirgníochta sásta dispeansáid nó maolú a dheonú i ndáil léi de bhun an Achta seo,

féadfaidh an t-údarás rialaithe foirgníochta fógra (dá ngairtear fógra forfheidhmiúcháin san Acht seo) a sheirbheáil faoin alt seo.

(2) Ní sheirbheálfar fógra forfheidhmiúcháin, maidir leis an bhfoirgneamh nó leis na hoibreacha lena mbaineann, tar éis dheireadh na tréimhse cúig bliana dar tosach—

(a) an dáta ar críochnaíodh an foirgneamh nó na hoibreacha, nó

(b) an dáta a ndearnadh an t-athrú ábhartha ar na críocha dá n-úsáidtear an foirgneamh.

(3) Féadfar fógra forfheidhmiúcháin a sheirbheáil—

(a) ar úinéir an fhoirgnimh nó na n-oibreacha lena mbaineann, nó

(b) ar aon duine eile a mbeidh na hoibreacha lena mbaineann an fógra seolta nó á seoladh aige.

(4) Féadfar le fógra forfheidhmiúcháin, go háirithe agus gan dochar d'fhorálacha eile an ailt seo—

(a) a cheangal cibé bearta a bheidh sonraithe san fhógra a dhéanamh, laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe amhlaidh, chun a áirithiú go gcomhlíonfar rialacháin fhoirgníochta faoi réir aon dispeansáide nó maolaithe a bheidh deonaithe cheana féin faoi alt 4 nó 5 nó faoi réir aon achomhairc faoi alt 7 ar géilleadh dó, agus féadfar a cheangal le haon fhógra den sórt sin—

(i) aon déanmhas, seirbhís, feisteas nó trealamh a aistriú as, a athrú nó a dhéanamh slán, nó

(ii) scor d'aon oibreacha nó aon ní eile a dhéanamh de réir mar a bheidh sonraithe san fhógra i ndáil leis an bhfoirgneamh nó leis na hoibreacha lena mbaineann an fógra;

(b) toirmeasc a chur le foirgneamh, nó cuid shonraithe d'fhoirgneamh, a úsáid chun aon chríche a shonrófar san fhógra go dtí go mbeidh réamhchúraimí sonraithe glactha chun sástacht an údaráis rialaithe foirgníochta trí dhéanmhas, seirbhís, feisteas nó trealamh ar bith a aistriú as, a athrú nó a dhéanamh slán nó trí scor d'aon oibreacha nó trí aon ní eile a dhéanamh i ndáil leis an bhfoirgneamh sin nó leis an gcuid shonraithe sin d'fhoirgneamh de réir mar a cheanglófar san fhógra.

(5) Faoi réir fho-alt (6), glacfaidh fógra forfheidhmiúcháin éifeacht i ndeireadh cibé tréimhse (is tréimhse nach giorra ná ceithre lá dhéag dar tosach dáta seirbheála an fhógra sin) a bheidh sonraithe ann.

(6) Déanfaidh duine ar ar seirbheáladh fógra forfheidhmiúcháin de bhun an ailt seo—

(a) mura ndéanfaidh sé iarratas chun na Cúirte Dúiche de bhun alt 9, téarmaí an fhógra a chomhlíonadh laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe ann,

(b) má dhéanann sé iarratas chun na Cúirte Dúiche de bhun alt 9, agus go ndaingneoidh an Chúirt Dúiche an fógra gan coinníollacha nó faoi réir modhnuithe, athruithe nó breisithe, téarmaí an fhógra, nó téarmaí an fhógra arna mhodhnú, arna athrú nó arna bhreisiú ag an gCuirt Dúiche, de réir mar a bheidh, a chomhlíonadh laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, is tréimhse dar tosach an dáta ar ar cinneadh an t-iarratas chun na Cúirte Dúiche,

(c) má dhéanann sé iarratas chun na Cúirte Dúiche de bhun alt 9, agus go dtarraingeoidh sé siar an t-iarratas sin, téarmaí an fhógra a chomhlionadh laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, is tréimhse dar tosach an dáta ar ar tarraingíodh siar an t-iarratas.

(7) I gcás ina mainneoidh duine ceanglais fho-alt (6) a chomhlíonadh, féadfaidh an t-údarás rialaithe foirgníochta dul isteach in aon fhoirgneamh nó oibreacha lena mbaineann an fógra forfheidhmiúcháin, agus féadfaidh sé dul isteach ar aon talamh is gá chun na críche sin, agus aon bheart nó aon ní a cheanglaítear leis an bhfógra a dhéanamh ansin.

(8) I gcás ina rachaidh údarás rialaithe foirgníochta isteach, de bhun fho-alt (7), in aon fhoirgneamh nó oibreacha lena mbaineann an fógra forfheidhmiúcháin agus go ndéanfaidh sé aon bheart nó ní i ndáil leis sin, féadfaidh an t-údarás rialaithe foirgníochta, ar é a dheimhniú don Chúirt gurb é an duine ar ar seirbheáladh an fógra forfheidhmiúcháin úinéir an fhoirgnimh nó duine a sheol na hoibreacha lena mbaineann an fógra forfheidhmiúcháin, agus gur mhainnigh an duine sin ceanglais fho-alt (6) a chomhlíonadh, na costais a bhain leis an mbeart nó an ní sin a dhéanamh a ghnóthú, mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla, ón duine ar ar seirbheáladh an fógra.

Iarratas chun na Cúirte Dúiche i ndáil le fógra forfheidhmiúcháin.

9. —(1) Aon duine ar ar seirbheáladh fógra forfheidhmiúcháin féadfaidh sé, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis sheirbheáil an fhógra, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche chun an fógra a chealú, a mhodhnú nó a athrú ar na forais seo a leanas go léir nó ar aon fhoras acu—

(a) maidir leis an mainneachtain líomhnaithe ceanglais rialachán foirgníochta a chomhlíonadh, nach mainneachtain í de chineál ar cheart fógra forfheidhmiúcháin a sheirbheáil ina leith;

(b) go mbeadh caiteachas míréasúnach i gceist dá gcomhlíonfaí téarmaí an fhógra fhorfheidhmiúcháin;

(c) go bhfuil an tréimhse ama atá ceadaithe ag an údarás rialaithe foirgníochta chun an fógra a chomhlíonadh míréasúnta gearr;

(d) nach é an t-achomharcóir an duine ar ar chóir an fógra a sheirbheáil;

(e) go gcomhlíonann an dearadh nó an foirgneamh ceanglais na rialachán foirgníochta.

(2) Déanfar fógra i dtaobh iarratais de bhun fho-alt (1) a sheirbheáil ar an údarás rialaithe foirgníochta lena mbaineann agus beidh an t-údarás sin i dteideal láithriú, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ag an éisteacht ar an iarratas.

(3) Ar iarratas a éisteacht de bhun an ailt seo, féadfaidh an chúirt, más dóigh léi gur cuí é—

(a) an fógra forfheidhmiúcháin a dhaingniú, nó

(b) an fógra forfheidhmiúcháin a dhaingniú faoi réir cibé modhnuithe, athruithe nó breisithe is réasúnach leis an gcúirt, nó

(c) an fógra forfheidhmiúcháin a chealú.

(4) An dlínse a thugtar don Chúirt Dúiche faoin alt seo is é an Breitheamh den Chúirt sin ag a bhfuil dlínse sa limistéar ina bhfuil an foirgneamh nó na hoibreacha lena mbaineann suite a fheidhmeoidh í.

Fógra forfheidhmiúcháin a sheirbheáil.

10. —(1) I gcás ina n-údaraítear faoin Acht seo fógra forfheidhmiúcháin a sheirbheáil ar dhuine nó a thabhairt dó, díreofar chuige é agus féadfar é a sheirbheáil air nó a thabhairt dó ar bhealach éigin díobh seo a leanas—

(a) i géas é a bheith dírithe chuige faoina ainm, trína sheachadadh air;

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, i gcás seoladh le haghaidh seirbheála a bheith tugtha, ag an seoladh sin;

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, i gcás seoladh le haghaidh seirbheála a bheith tugtha, ag an seoladh sin;

(d) i gcás nach féidir an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air a fháil amach trí fhiosrú réasúnach agus go n-údaraítear an fógra forfheidhmiúcháin a thabhairt maidir le haon fhoirgneamh nó oibreacha áirithe, trína sheachadadh ar dhuine éigin os cionn sé bliana déag d'aois atá ina chónaí nó fostaithe san fhoirgneamh sin nó ar na hoibreacha sin nó trína ghreamú in áit fheiceálach den fhoirgneamh nó de na hoibreacha sin nó gar dó nó dóibh.

(2) I gcás ina n-údaraítear leis an Acht seo fógra forfheidhmiúcháin a sheirbheáil ar úinéir foirgnimh nó oibreacha nó ar dhuine a bhfuil na hoibreacha lena mbaineann rialacháin fhoirgníochta seolta nó á seoladh aige, nó ina n-údaraítear é a thabhairt don chéanna, agus nach féidir ainm an duine sin a fháil amach trí fhiosrú réasúnach, féadfar an fógra a dhíriú chuig “an t-úinéir”, “an t-áititheoir” nó “an tógálaí” (de réir mar is gá sna himthosca) gan é a ainmniú.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar gur ag a hoifig chláraithe atá gnáthchónaí ar chuideachta atá cláraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, agus measfar gur ag a phríomhoifig nó ag a phríomh-áit ghnó atá gnáthchónaí ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe.

(4) I gcás ina ndéanfar fógra forfheidhmiúcháin a sheirbheáil ar dhuine nó a thabhairt dó de bhun fho-alt (1) (d), foilseofar cóip den fhógra, laistigh de dhá sheachtain ina dhiaidh sin, i nuachtán amháin ar a laghad a léitear sa limistéar deiridh inarb eol cónaí a bheith ar an duine.

(5) Aon duine a dhéanfaidh, tráth ar bith le linn na tréimhse trí mhí tar éis fógra a ghreamú de bhun fho-alt (1) (d), an fógra a aistriú as, a dhamáistiú nó a aghlot gan údarás dleathach, beidh sé ciontach i gcion.

Cumhachtaí iniúchta ag daoine údaraithe.

11. —(1) San alt seo ciallaíonn “duine údaraithe” duine a bheidh údaraithe chun críocha an Achta seo ag údarás rialaithe foirgníochta nó ag an Aire nó ag an mBord Pleanála, de réir mar a bheidh.

(2) Faoi réir fho-alt (7), beidh duine údaraithe ar bith i dteideal dul isteach, gach uile thráth réasúnach, ar aon talamh (ach a údarás i scríbhinn mar dhuine den sórt sin a thabhairt ar aird má iarrtar sin air) agus iniúchadh a dhéanamh ansin chun críocha an Achta seo ar aon fhoirgneamh agus ar aon phleananna nó doiciméid a bhaineann leis an bhfoirgneamh sin.

(3) Féadfaidh aon duine údaraithe—

(a) aon fhoirgneamh a iniúchadh—

(i) tar éis é a bheith críochnaithe, nó

(ii) le linn é a bheith á fhoirgniú, á athrú nó á mhéadú, nó

(iii) le linn aon fheistis, seirbhísí nó trealamh lena mbaineann rialacháin fhoirgníochta a bheith á suiteáil ann, nó

(iv) a dtarlóidh ina leith aon athrú ábhartha ar na críocha dá n-úsáidtear an foirgneamh sin;

(b) a cheangal ar úinéir nó ar áititheoir foirgnimh den sórt sin, nó ar aon duine a bheidh freagrach as foirgniú foirgnimh den sórt sin, nó ar aon duine de na daoine thuasluaite, sa mhéid go mbeidh eolas ag na daoine sin faoi na hábhair atá i gceist, a chur in iúl dó cén chríoch dá raibh, dá bhfuil nó dá mbeidh an foirgneamh, nó aon chuid de, á úsáid nó á húsáid, cén líon daoine atá nó a bheidh fostaithe ann nó a bhfuil nó a mbeidh cóiríocht ann dóibh nó a thaithíonn nó a thaitheoidh é, cén tsubstaint a úsáideadh chun aon fhoirgneamh den sórt sin nó aon chuid d'fhoirgneamh den sórt sin a fhoirgniú agus cén modh foirgnithe a úsáideadh, agus aon ní eile is dóigh leis an duine údaraithe a bheith ábhartha;

(c) a cheangal ar úinéir nó ar áititheoir an fhoirgnimh, nó ar aon duine atá freagrach as foirgniú an fhoirgnimh, cibé pleananna, doiciméid agus faisnéis a sholáthar is gá chun a fháil amach an bhfuil ceanglais rialachán foirgníochta á gcomhlíonadh i ndáil leis an bhfoirgneamh;

(d) a bheith ceadaithe cibé samplaí a thógáil de na hábhair a úsáideadh chun aon obair fhoirgníochta a sheoladh nó cibé beart eile a dhéanamh i ndáil leis an obair fhoirgníochta sin is gá chun a fháil amach an bhfuil ceanglais rialachán foirgníochta á gcomhlíonadh i ndáil leis an bhfoirgneamh.

(4) Beidh duine údaraithe i dteideal cibé daoine a bheith ag cabhrú leis, agus cibé trealamh a thabhairt leis, is dóigh leis is gá chun a chumasú dó a chumhachtaí faoin alt seo a fheidhmiú.

(5) Aon duine—

(a) a dhiúltóidh cead a thabhairt do dhuine údaraithe dul isteach ar aon talamh nó in aon fhoirgneamh nó aon duine nó trealamh a thabhairt leis i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoin alt seo, nó

(b) a chuirfidh bac nó treampán ar dhuine údaraithe agus é ag feidhmiú aon cheann de na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo, nó

(c) a dhéanfaidh, go toiliúil nó go meargánta, faisnéis atá bréagach nó míthreorach ar phointe ábhartha a thabhairt do dhuine údaraithe nó d'údarás rialaithe foirgníochta, nó

(d) a mhainneoidh aon cheanglas de chuid an ailt seo a chomhlíonadh,

beidh sé ciontach i gcion.

(6) I gcás ina gcoiscfear duine údaraithe óna chumhacht a fheidhmiú chun dul isteach ar aon talamh nó in aon fhoirgneamh i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoin alt seo, féadfaidh an t-údarás rialaithe foirgníochta lena mbaineann, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche ar bharántas á údarú dó dul isteach amhlaidh.

(7) Ní thabharfaidh aon ní san alt seo cumhacht do dhuine údaraithe dul isteach ar aon talamh nó in aon fhoirgneamh, ná iniúchadh a dhéanamh ar aon phleananna nó doiciméid a bhaineann le haon talamh nó foirgneamh—

(a) ar príosún nó ionad coinneála é, nó

(b) atá á áitiú ag an nGarda Síochána nó ag Óglaigh na hÉireann.

Ordú ón Ard-Chúirt i ndáil le foirgnimh agus oibreacha.

12. —(1) I gcás tús nó deireadh a chur, nó a bheith curtha, le foirgniú aon fhoirgnimh nó oibreacha lena mbaineann rialacháin fhoirgníochta nó go dtarlóidh aon athrú ábhartha ar na críocha dá n-úsáidtear foirgneamh agus gur dóigh leis an údarás rialaithe foirgníochta lena mbaineann, de bharr an fhoirgnithe nó an athraithe úsáide sin—

(a) go bhfuil priacal ann do shláinte nó do shábháilteacht daoine a bheidh san fhoirgneamh nó sna hoibreacha nó timpeall orthu, nó daoine a bhfearann an foirgneamh nó na hoibreacha sin orthu, agus

(b) gur priacal chomh tromaí sin é gur cóir bearta sonraithe a ghlacadh láithreach chun an priacal a laghdú nó a dhíchur nó gur cóir úsáid an fhoirgnimh nó na n-oibreacha lena mbaineann a shrianadh nó a thoirmeasc go dtí go mbeidh bearta sonraithe glactha chun an priacal sin a laghdú nó a dhíchur,

féadfaidh an t-údarás rialaithe foirgníochta lena mbaineann iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú á cheangal aon déanmhas, seirbhís, feisteas nó trealamh a aistriú as, a athrú nó a dhéanamh slán, nó scor d'aon oibreacha, nó ag srianadh nó ag toirmeasc an foirgneamh a úsáid go dtí go mbeifear tar éis aon déanmhais, seirbhísí, feistis nó trealamh a aistriú as, a athrú nó a dhéanamh slán nó go mbeidh scortha d'aon oibreacha, de réir mar a bheidh.

(2) Is trí fhoriarratas a dhéanfar iarratas ar ordú faoin alt seo agus nuair a dhéanfar iarratas den sórt sin, féadfaidh an Ard-Chúirt cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach a dhéanamh is dóigh léi is iomchuí.

(3) Beidh éifeacht le haon ordú arna dhéanamh ag an Ard-Chúirt faoin alt seo d'ainneoin théarmaí aon cheada a bheidh tugtha faoi aon achtachán eile chun an foirgneamh nó na hoibreacha, nó aon chuid de cheachtar acu, lena mbaineann an t-iarratas iomchuí faoin alt seo, a úsáid.

Cumhacht toirmeasc a chur le húsáid ábhar áirithe, etc.

13. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, toirmeasc a chur le húsáid cibé ábhar nó aicmí ábhar, nó le foirgniú de cibé cineál nó le trealamh, feistis nó seirbhísí de cibé sórt i ndáil le cibé aicme nó aicmí foirgneamh nó le cibé aicme nó aicmí oibreacha, a bheidh sonraithe san ordú, más deimhin leis go mbeadh an úsáid sin ina bhaol do shláinte nó do shábháilteacht an phobail nó go sáródh an úsáid sin aon fhoráil de chuid rialachán foirgníochta.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.

Comhlacht Comhairleach na Rialachán Foirgníochta.

14. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, comhlacht a cheapadh ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, Comhlacht Comhairleach na Rialachán Foirgníochta.

(2) Maidir le Comhlacht Comhairleach na Rialachán Foirgníochta—

(a) cuirfidh siad comhairle ar an Aire i dtaobh nithe a bhaineann le rialacháin fhoirgníochta, agus

(b) féadfaidh siad cibé seirbhísí comhairleacha a chur ar fáil don Aire nó thar a cheann,

a shonróidh an tAire ó am go ham.

(3) Is é a bheidh i gComhlacht Comhairleach na Rialachán Foirgníochta cibé líon daoine a bheidh ceaptha ag an Aire go ceann cibé tréimhse is cuí leis, agus beidh aon duine a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige go ceann cibé tréimhse a shonróidh an tAire.

(4) Féadfaidh an tAire ó am go ham comhalta amháin de Chomhlacht Comhairleach na Rialachán Foirgníochta a ainmniú chun fónamh mar Chathaoirleach ar an gComhlacht.

(5) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, aon chomhalta de Chomhlacht Comhairleach na Rialachán Foirgníochta (lena n-áirítear an Cathaoirleach) a chur as oifig.

(6) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú arna dhéanamh faoin alt seo, lena n-áirítear ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.

Fíre doiciméad.

15. —(1) Aon doiciméad a airbheartaíonn gur cóip é de thaifead i gclár nó gur cóip é de dhoiciméad a taisceadh le húdarás rialaithe foirgníochta agus a bheidh deimhnithe ag oifigeach don údarás rialaithe foirgníochta lena mbaineann mar chóip chruinn den taifead nó den doiciméad, de réir mar a bheidh, is fianaise prima facie a bheidh ann den taifead nó den doiciméad a n-airbheartaíonn sé gur cóip de é agus ní gá síniú an oifigigh sin a chruthú ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach sin é iarbhír.

(2) Féadfar fianaise a thabhairt maidir le taifead i gclár trí chóip den taifead sin, arna dheimhniú de réir fhorálacha fho-alt (1), a thabhairt ar aird agus ní gá an clár féin a thabhairt ar aird.

Cionta.

16. —Aon duine a sháróidh (trí ghníomh nó trí neamhghníomh) aon cheanglas de chuid an Achta seo nó d'aon ordú, rialachán nó fógra faoin Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

Pionóis.

17. —(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo (seachas cion lena mbaineann fo-alt (2)) dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £800 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air agus, má leantar den chion tar éis an chiontaithe, beidh an duine sin ciontach i gcion breise agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £150 a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion mar gheall ar shárú ar alt 3 (5) nó 8 (6), nó i gcion de shárú ar rialacháin rialaithe foirgníochta a ndearbhaítear leis na rialacháin sin gur cion é lena mbaineann an fo-alt seo, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £800, nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air agus, má leantar den chion tar éis an chiontaithe, beidh an duine sin ciontach i gcion breise agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £150 sa ló a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den chion, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(3) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le cion lena mbaineann fo-alt (2) ionann is dá ndéanfaí, in ionad na bpionós dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt sin, na pionóis dá bhforáiltear i bhfo-alt (2) (a) a shonrú ann, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear san fho-alt sin (3) a fhorléiriú, agus beidh éifeacht léi, dá réir sin.

(4) I gcás go ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlchéadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine (nó aon duine ag gníomhú thar a cheann) is stiúrthóir, bainisteoir nó rúnaí de chuid an chomhlachta sin, beidh an duine sin nó an duine a bhí ag gníomhú amhlaidh, de réir mar a bheidh, ciontach freisin sa chion.

(5) Féadfaidh an t-údarás rialaithe foirgníochta imeachtaí achoimre i leith ciona lena mbaineann fo-alt (1) a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh, arb é an t-údarás rialaithe foirgníochta é don limistéar feidhmiúcháin ina líomhnaítear go ndearnadh an cion.

(6) D'ainneoin fhorálacha alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an dáta ar follasaíodh an cion ach tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis an dáta ar críochnaíodh aon fhoirgneamh nó oibreacha ar ina leith a líomhnaítear go ndearnadh an cion.

(7) Féadfar, de rogha na cúirte, aon duine a chiontófar i gcion faoin Acht seo a dhícháiliú ó dheimhnithe um chomhlíonadh rialachán foirgníochta a shíniú agus a chur isteach go ceann tréimhse—

(a) nach faide ná dhá bhliain ó dháta an chiontaithe, más cion lena mbaineann fo-alt (1) nó (2) (a) an cion, nó

(b) nach faide ná deich mbliana ó dháta an chiontaithe, más cion lena mbaineann fo-alt (2) (b) an cion,

agus, dá réir sin, ní ghlacfaidh údarás rialaithe foirgníochta le deimhnithe lena gclárú, ar deimhnithe iad a shínigh duine le linn dó a bheith dícháilithe amhlaidh.

Orduithe agus rialacháin.

18. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an Achta seo.

(2) Gach ordú a dhéanfar faoi alt 13 agus gach rialachán arna dhéanamh ag an Aire faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

Caiteachais an Aire.

19. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Caiteachais údarás rialaithe foirgníochta.

20. —(1) Déanfar na caiteachais a thabhóidh comhairle chontae Bhaile Atha Cliath mar údarás rialaithe foirgníochta a mhuirearú ar an gcontae, cé is moite de bhuirg Dhún Laoghaire.

(2) Déanfar na caiteachais arna dtabhú, mar údarás rialaithe foirgníochta, ag aon chontae eile ina bhfuil buirg nó ceantar uirbeach, ar údarás rialaithe foirgníochta a bhardas nó a chomhairle de thuras na huaire, a mhuirearú ar an gcontae lena mbaineann cé is moite d'aon bhuirg nó ceantar uirbeach den sórt sin.

Teorainn le himeachtaí sibhialta.

21. —Ní bheidh duine i dteideal aon imeachtaí sibhialta a thabhairt ar aghaidh de bhun an Achta seo de bhíthin amháin gur sáraíodh aon fhoráil de chuid an Achta seo, nó d'aon ordú nó rialachán arna dhéanamh faoi.

Idirthréimhseach.

22. —(1) Ní dhéanfar aon fhodhlíthe eile faoi alt 41 den Public Health (Ireland) Act, 1878 (seachas faoi mhír (1) den alt sin), faoi alt 23 den Public Health Acts (Amendment) Act, 1890 (seachas faoin mír dheiridh d'fho-alt (1) den alt sin), ná faoi alt 33 den Dublin Corporation Act, 1890, i ndáil le haon ní is ábhar don Acht seo.

(2) Aon fhodhlí lena mbaineann fo-alt (1) agus a bheidh i bhfeidhm ar an lá feidhme, leanfaidh sé d'fheidhm a bheith aige—

(a) i ndáil le haon phleananna a taisceadh, de réir na bhfodhlíthe sin, roimh an lá feidhme,

(b) i ndáil le haon oibreacha arna seoladh de réir pleananna a taisceadh amhlaidh cibé acu a seoladh na hoibreacha sin de réir na bpleananna sin, maille le himeacht nó claonadh ó na pleananna sin nó gan imeacht ná claonadh uathu,

(c) i ndáil le haon oibreacha a seoladh agus a cuireadh i gcrích roimh an lá feidhme.

(3) Ach amháin mar a fhoráiltear i bhfo-alt (2), scoirfidh aon fhodhlí lena mbaineann fo-alt (1) d'éifeacht a bheith leis, maidir le limistéar áirithe, ar an lá feidhme sa mhéid go mbaineann sé le hábhar an Achta seo.

(4) San Acht seo ciallaíonn “an lá feidhme”, i ndáil le haon limistéar, an lá a dtiocfaidh rialacháin fhoirgníochta i ngníomh den chéad uair sa limistéar sin.

(5) Déanfar, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, tagairt do rialacháin fhoirgníochta a chur in ionad aon tagartha in aon Acht, nó in aon ionstraim lena bhfuil éifeacht faoi aon Acht, d'fhodhlíthe faoi alt 41 den Public Health (Ireland) Act, 1878, maidir le haon ní atá leagtha amach san alt sin (seachas mír (1) den alt sin), nó d'fhodhlíthe faoi fho-alt (1) d'alt 23 den Public Health Acts (Amendment) Act, 1890 (seachas an mhír dheiridh den fho-alt sin), nó d'fhodhlíthe faoi fho-alt (4) den alt sin 23.

(6) Ní fhorléireofar fo-alt (5) mar fho-alt a eisiann ó aon achtachán aon tagairt d'fhodhlíthe, arna ndéanamh faoi alt 41 den Public Health (Ireland) Act, 1878. a bhí i bhfeidhm roimh thosach feidhme an Achta seo nó a choimeádtar i bhfeidhm faoin alt seo.

(7) I gcás inar seoladh, roimh an 13ú lá de Nollaig, 1989, aon oibreacha a raibh feidhm ag fodhlíthe maidir leo (ar fhodhlíthe iad lena mbaineann fo-alt (1)) agus nár chomhlíonadh aon cheanglas de chuid na bhfodhlíthe lena mbaineann, nó aon cheanglas reachtúil i ndáil leis na fodhlíthe sin, ní thionscnófar aon imeachtaí ná ní dhéanfar aon ghníomh eile a bheidh bunaithe ar an neamhchomhlíonadh sin, agus measfar gur deonaíodh formheas chun na hoibreacha a dhéanamh, mura ndéanfaidh an t-údarás rialaithe foirgníochta, laistigh de shé mhí ón lá feidhme, fógra a sheirbheáil ar úinéir na n-oibreacha nó ar dhuine eile lena mbaineann á rá gur baol iad na hoibreacha do shláinte nó do shábháilteacht an phobail.

(8) Beidh feidhm ag forálacha fho-ailt (4) go (8) d'alt 8, alt 9 agus alt 10 maidir le fógra a sheirbheáiltear faoi fho-alt (7).

(9) Scoirfidh fodhlíthe arna ndéanamh ag údarás sláintíochta de bhun alt 46 (4) den Acht Monarchan, 1955 , d'fheidhm a bheith acu a mhéid atá aon fhoráil iontu ar neamhréir le ceanglais rialachán foirgníochta.

Foirgnimh ilstóracha.

23. —(1) Scoirfidh alt 4 den Acht Rialtais Áitiúil (Foirgnimh Ilstóracha), 1988 , d'fheidhm a bheith aige maidir le foirgnimh ilstóracha a dtosaítear ar iad a fhoirgniú ar an lá feidhme nó dá éis.

(2) D'ainneoin fho-alt (1), leanfaidh alt 4 den Acht Rialtais Áitiúil (Foirgnimh Ilstóracha), 1988 , d'éifeacht a bheith leis i ndáil le haon fhoirgneamh ilstórach lena mbaineann alt 22 (2).

(3) Chun críocha an ailt seo, tá le “foirgneamh ilstórach” an bhrí a shanntar dó le halt 1 den Acht Rialtais Áitiúil (Foirgnimh Ilstóracha), 1988 .

Aisghairm.

24. —(1) Déantar leis seo gach foráil den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 (arna leasú leis an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976) a shonraítear i gcolún (1) de Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Chuid sin den Sceideal sin.

(2) Déantar leis seo gach foráil den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976, a shonraítear i gcolún (1) de Chuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Chuid sin den Sceideal sin.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

25. —(1) Féadfar an tAcht um Rialú Foirgníochta, 1990 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfar le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla.