An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT ÚM RIALÚ FOIRGNÍOCHTA, 1990) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL)

3 1990

AN tACHT ÚM RIALÚ FOIRGNÍOCHTA, 1990

AN CHÉAD SCEIDEAL

Nithe a bhFéadfaidh Rialacháin Fhoirgníochta Caighdeáin a Fhorordú ina Leith

Alt 3.

1. Láithreáin a ullmhú.

2. Oiriúnacht, buanfas, aicmiú, úsáid agus tástáil ábhar agus comhpháirteanna (lena n-áirítear bailchríocha dromchla) a úsáidtear i bhfoirgnimh.

3. Neart agus cobhsaíocht struchtúrach foirgneamh, lena n-áirítear—

(a) réamhchúraimí in aghaidh ró-ualú, imbhualadh agus pléascadh,

(b) bearta chun foirgnimh agus seirbhísí cóngaracha a chosaint,

(c) fo-thacú.

4. Frithsheasmhacht in aghaidh taise agus meatha.

5. Réamhchúraimí in aghaidh dóiteáin, lena n-áirítear—

(a) frithsheasmhacht an déanmhais in aghaidh ráige dóiteáin nó leathadh dóiteáin,

(b) cóir éalaithe i gcás dóiteáin agus bearta chún a áirithiú gur féidir an chóir sin a úsáid go héifeachtúil agus go sábháilte i gcónaí,

(c) seirbhísí, feistis agus trealamh atá ceaptha chun comhrac dóiteáin a éascú, chun éifeachtaí dóiteáin a mhaolú, chun dóiteán a bhrath go luath agus chun rabhadh a thabhairt i gcás dóiteáin.

6. Baol do dhaoine, agus bac orthu, i bhfoirgnimh agus timpeall orthu a chosc.

7. Bearta a fhearann ar astú deataigh, gás, múch, grin nó deannaigh nó ar astú substaintí dochracha nó míthaitneamhacha eile.

8. Bearta chun fíniú a chosc.

9. Bearta a fhearann ar thraiseoladh teasa.

10. Bearta a fhearann ar tharchur fuaime.

11. Dramhaíl a stóráil, a chóireáil agus a thabhairt chun siúil.

12. Cóiríocht chun críocha sonracha nó i dtaca le foirgnimh, agus toisí seomraí, comhpháirteanna agus spásanna eile laistigh d'fhoirgnimh.

13. Aeráil agus soilsiú lae (lena n-áirítear spás oscailte chucu sin a chur ar fáil).

14. Bealaí rochtana chuig foirgnimh agus chuig codanna d'fhoirgnimh, agus bealaí amach astu.

15. Seirbhísí uisce agus feistis agus trealamh feistithe a ghabhann leo.

16. Draenáil (lena n-áirítear aonaid diúscartha dramhaíola).

17. Seirbhísí, suiteálacha agus trealamh coimhdeach, lena n-áirítear—

(a) suiteálacha (lena n-áirítear fearais, umair stórála, malartóirí teasa, duchtanna agus feananna) a bhaineann úsáid as breosla soladach, ola, gás, leictreachas nó aon bhreosla nó cumhacht eile chun teas nó aeráil a chur ar fáil nó chun uisce te a thabhairt, nó i dtaca leis an gcéanna,

(b) suiteálacha sreangaithe leictrigh,

(c) ardaitheoirí, staighrí beo, crocháin, iompróirí agus cosbhealaí gluaisteacha,

(d) gléasra a chuireann aer faoi bhrú ar fáil.

18. Téamh, soilsiú saorga, aeráil mheicniúil, aeroiriúnú agus soláthar asraonta cumhachta.