15 1990

/images/harp.jpg


Uimhir 15 de 1990


AN tACHT CAIRDE TIONSCAIL (LEASÚ), 1990


RIAR NA nALT

Alt

1.

Leasú ar an Acht Cáirde Tionnscail, 1933.

2.

Leasú ar an Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1958.

3.

Cumhacht chun airteagail chomhlachais na Cuideachta a athrú.

4.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna Dá dTagraítear

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986

An tAcht Cáirde Tionnscail, 1933

1933, Uimh. 25

Na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1983

An tAcht Cairde Tionscail (Leasú), 1958

1958, Uimh. 10

An tAcht Cairde Tionscail (Leasú), 1971

1971, Uimh. 9

An tAcht Cairde Tionscail (Leasú), 1983

1983, Uimh. 7

/images/harp.jpg


Uimhir 15 de 1990


AN tACHT CÁIRDE TIONSCAIL (LEASÚ), 1990

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CAIRDE TIONSCAIL, 1933 GO 1983. [11 Iúil, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar an Acht Cáirde Tionnscail, 1933 .

1. —Leasaítear leis seo mír 4 den Sceideal a ghabhann leis an Acht Cáirde Tionnscail, 1933 , trí “£1,000,000,000” a chur in ionad “£800,000,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1983 ), i gclásal (i) d'fhomhír (d) (a cuireadh isteach leis an Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1971 ) agus tá an clásal sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(i) ní bheidh an méid a chruinneofar nó a gheofar ar iasacht amhlaidh agus a bheidh gan íoc aon tráth áirithe níos mó ná £1,000,000,000 lúide an méid (más ann) a bheidh an tAire tar éis a íoc, faoi ráthaíocht nó ráthaíochtaí a thug sé, i leith príomhshuime airgid a chruinnigh an Chuideachta nó a fuair an Chuideachta ar iasacht agus a bheidh gan aisíoc an tráth sin ag an gCuideachta leis an Aire,

Leasú ar an Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1958 .

2. —Leasaítear leis seo alt 3 (3) den Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1958 , trí “£1,000,000,000” a chur in ionad “£800,000,000” (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1983 ), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(3) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachta a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo d'fheidhmiú i slí go mbeidh méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífeas sé aon tráth áirithe d'íoc de bhun aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin bhfo-alt sin a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, maraon le méid na príomhshuime (más ann) atá íoctha cheana ag an Aire de bhun aon ráthaíochtaí den tsórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCuideachta, níos mó ná £1,000,000,000.

Cumhacht chun airteagail chomhlachais na Cuideachta a athrú.

3. —Déanfaidh an Chuideachta cibé bearta is gá faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, chun airteagail chomhlachais na Cuideachta a athrú le go mbeidh siad ar comhréir leis na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1990.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

4. —(1) Féadfar an Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1990 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1990, a ghairm de na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1983, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.