|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Dlí Ceardchumann) | Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Méadú ar Fhíneálacha) |
AN tACHT CAIDRIMH THIONSCAIL, 1990
[EN] | ||
[EN] |
CUID III Caidreamh Tionscail i gCoitinne | |
[EN] |
“Oibrí”. |
23. —(1) Sna hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 go 1976, agus sa Chuid seo, ciallaíonn “oibrí” aon duine 15 bliana d'aois nó níos mó a bhfuil conradh déanta aige le fostóir nó a oibríonn faoi chonradh d'fhostóir, cibé acu is conradh i ndáil le saothar láimhe, saothar cléireachais nó eile é, cibé acu sainráite nó intuigthe, ó bhéal nó i scríbhinn dó, agus cibé acu is conradh seirbhíse nó printíseachta é nó conradh aon obair nó saothar a dhéanamh go pearsanta lena n-áirítear, go háirithe, altra shíciatrach a bheidh fostaithe ag bord sláinte agus aon duine a bheidh ainmnithe de thuras na huaire faoi fho-alt (3) ach ní fholaíonn sé— |
[EN] | (a) duine atá ar fostú ag an Stát nó faoin Stát, | |
[EN] | (b) múinteoir meánscoile, | |
[EN] | (c) múinteoir scoile náisiúnta, | |
[EN] | (d) oifigeach d'údarás áitiúil, | |
[EN] | (e) oifigeach do choiste gairmoideachais, nó | |
[EN] | (f) oifigeach do choiste freastail scoile. | |
[EN] | (2) I bhfo-alt (1) ciallaíonn “údarás áitiúil”— | |
[EN] | (a) comhairle contae, bardas contaebhuirge nó buirge eile, comhairle ceantair uirbigh, coimisinéirí baile, bord sláinte nó údarás sláintíochta calafoirt, | |
[EN] | (b) coiste nó comhchoiste nó bord nó comhbhord arna cheapadh (cibé acu roimh nó i ndiaidh dháta rite an Achta seo) le reacht nó faoi reacht chun feidhmeanna nó aon cheann d'fheidhmeanna comhlachta amháin nó níos mó de na comhlachtaí a luaitear i mír (a) a chomhlíonadh, agus | |
[EN] | (c) coiste nó comhchoiste nó bord nó comhbhord de chomhlacht amháin nó níos mó, nó arna cheapadh ag comhlacht amháin nó níos mó, de na comhlachtaí a luaitear i míreanna (a) agus (b) ach gan coiste gairmoideachais, coiste talmhaíochta ná coiste freastail scoile a áireamh. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham— | |
[EN] | (a) aon daoine (seachas státseirbhísigh bhunaithe de réir bhrí Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956 ) atá fostaithe de bhua alt 30 (1) (g) den Acht Cosanta, 1954 , nó atá fostaithe ag an Stát nó faoi, a ainmniú chun críche fho-alt (1), agus | |
[EN] | (b) ainmniú aon daoine faoin bhfo-alt seo a chealú. | |
[EN] | (4) Aon duine a bheidh ainmnithe de bhua alt 17 (2) (a) den Acht Caidrimh Thionscail, 1969 , ar dháta rite an Achta seo, leanfaidh sé de bheith ainmnithe chun críche fho-alt (1) mura gcealaítear an t-ainmniú faoi fho-alt (3) (b). | |
[EN] | (5) Féadfaidh an Rialtas le hordú an míniú ar “oibrí” i bhfo-alt (1) a leasú agus féadfaidh sé, le hordú, aon ordú den sórt sin a chúlghairm nó a leasú. | |
[EN] | (6) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú. | |
An Chúirt Oibreachais agus an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais | ||
[EN] |
An Coimisiún a bhunú. |
24. —(1) Beidh comhlacht ann ar a dtabharfar an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhall. |
[EN] | (2) Beidh an Coimisiún arna bhunú cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú. | |
[EN] | (3) Is é a bheidh sa Choimisiún cathaoirleach agus sé ghnáthchomhalta a cheapfaidh an tAire. | |
[EN] | (4) Beidh feidhm ag an gCeathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir leis an gCoimisiún. | |
[EN] |
Feidhmeanna an Choimisiúin. |
25. —(1) Beidh an Coimisiún freagrach i gcoitinne as feabhsú ar chaidreamh tionscail a chur chun cinn agus déanfaidh sé— |
[EN] | (a) seirbhís chomhréitigh a chur ar fáil; | |
[EN] | (b) seirbhís chomhairleach caidrimh thionscail a chur ar fáil; | |
[EN] | (c) cóid chleachtais i ndáil le caidreamh tionscail a ullmhú tar éis dul i gcomhairle le cumainn agus eagraíochtaí fostóirí; | |
[EN] | (d) treoir a thairiscint i dtaobh cód cleachtais agus cuidiú chun aighnis a réiteach maidir lena gcur sin i bhfeidhm; | |
[EN] | (e) oifigigh chomhionannais de chuid an Choimisiúin a cheapadh agus foireann agus saoráidí a chur ar fáil don tseirbhís oifigeach comhionannais; | |
[EN] | (f) daoine a roghnú agus a ainmniú lena gceapadh mar choimisinéirí um chearta agus foireann agus saoráidí a chur ar fáil don tseirbhís coimisinéirí um chearta; | |
[EN] | (g) taighde ar ábhair a bhaineann le caidreamh tionscail a sheoladh nó a choimisiúnú; | |
[EN] | (h) athbhreithniú agus faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí i réimse an chaidrimh thionscail; | |
[EN] | (i) cuidiú le comhchoistí oibreachais agus comhchomhairlí tionscail i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh ó pháirtí amháin nó níos mó in aighneas ceirde nó ar a thionscnamh féin, a sheirbhísí iomchuí a thairiscint do na páirtithe d'fhonn teacht ar chomhréiteach. | |
[EN] | (3) Ach amháin i gcás go mbeidh foráil shonrach ann chun aighnis cheirde a tharchur go díreach chuig an gCúirt Oibreachais, tarchuirfear aighnis cheirde ar dtús chuig an gCoimisiún nó chuig a sheirbhísí iomchuí. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an Coimisiún, más cuí leis, ar iarraidh nó ar a thionscnamh féin, cibé comhairle is iomchuí leis a chur ar fáil d'fhostóirí, do chomhlachais fostóirí, d'oibrithe agus do cheardchumainn ar aon ábhar a bhaineann le caidreamh tionscail. | |
[EN] | (5) Is comhaltaí d'fhoireann an Choimisiúin, a bheidh ceaptha go cuí ag an gCoimisiún, a dhéanfaidh na feidhmeanna dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a), (b) nó (d) a chomhlíonadh thar ceann an Choimisiúin. | |
[EN] | (6) Ní dhéanfaidh an Coimisiún, comhalta den Choimisiún ná aon duine dá fhoireann aon fhaisnéis a gheobhaidh sé i gcúrsa aon imeachtaí os a chomhair faoin Acht seo maidir le haon cheardchumann, nó maidir leis an ngnó a sheolann aon duine, nach mbeidh ar fáil in aon slí eile seachas trí fhianaise a thugtar ag na himeachtaí (lena n-áirítear comhdhálacha comhréitigh agus cruinnithe comhairleacha) a chur in aon tuarascáil gan toiliú an cheardchumainn nó an duine lena mbaineann, ná ní dhéanfaidh aon chomhalta den Choimisiún ná aon duine dá fhoireann ná aon duine a bhfuil baint aige leis na himeachtaí, gan toiliú den sórt sin, aon fhaisnéis den sórt sin a nochtadh. | |
[EN] | (7) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (6) maidir le tuarascáil chuig an gCúirt faoi alt 26 (1) (a) ná le fógra chuig an gCúirt faoi alt 26 (3) (a) ná le tuarascáil faoi alt 48 (3). | |
[EN] | (8) Is fo-alt é fo-alt (6) atá gan dochar d'alt 8 (2) den Acht in aghaidh Idirdhealú (Pá), 1974 , agus d'alt 14 den Acht Caidrimh Thionscail, 1969 . | |
[EN] |
Imscrúdú aighnis ag an gCúirt. |
26. —(1) Ní dhéanfaidh an Chúirt aighneas ceirde a imscrúdú— |
[EN] | (a) mura rud é, faoi réir fho-alt (3), go bhfaigheann sí tuarascáil ón gCoimisiún á rá go bhfuil an Coimisiún sásta nach gcuideoidh aon iarrachtaí breise dá chuid le réiteach a fháil ar an aighneas, agus | |
[EN] | (b) murar iarr na páirtithe san aighneas ar an gCúirt an t-aighneas a imscrúdú. | |
[EN] | (2) Folóidh an tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a) faisnéis faoi na saincheisteanna atá faoi aighneas, na hiarrachtaí a rinneadh chun an t-aighneas a réiteach agus aon fhaisnéis eile a mheasfaidh an Coimisiún a bheith mar chuidiú don Chúirt. | |
[EN] | (3) D'ainneoin fho-alt (1) (a), féadfaidh an Chúirt aighneas a imscrúdú— | |
[EN] | (a) má chuireann Cathaoirleach an Choimisiúin (nó aon chomhalta nó oifigeach de chuid an Choimisiúin a bheidh údaraithe aige) in iúl don Chúirt go ndéanann an Coimisiún, sna himthosca a shonraítear san fhógra, a fheidhm chomhréitigh san aighneas a tharscaoileadh, agus | |
[EN] | (b) má iarrann na páirtithe san aighneas ar an gCúirt an t-aighneas a imscrúdú. | |
[EN] | (4) Ní bheidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo i ndáil le himscrúdú ar aighneas ceirde ag an gCúirt a bheidh tionscanta aici roimh bhunú an Choimisiúin ná i ndáil le hachomharc chuig an gCúirt i ndáil le moladh ó choimisinéir um chearta nó ó oifigeach comhionannais. | |
[EN] | (5) Más rud é gurb é tuairim na Cúirte, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, i ndáil le haighneas ceirde a mbeadh, murach an fo-alt seo, bac uirthi, de bhua fho-alt (1), é a imscrúdú, go bhfuil imthosca eisceachtúla a dhlíonn go ndéanfadh sí amhlaidh, féadfaidh sí an t-aighneas a imscrúdú. | |
[EN] |
Nós imeachta an Choimisiúin. |
27. —(1) Féadfaidh an Coimisiún gníomhú d'ainneoin dhá fholúntas ar a mhéid a bheith ina chomhaltas. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Coimisiún rialacha a dhéanamh ó am go ham ag rialáil a nós imeachta agus a ghnó féin (lena n-áirítear córam a shocrú dá chruinnithe) agus tabharfaidh sé cóip d'aon rialacha den sórt sin don Aire a luaithe is féidir tar éis a ndéanta. | |
[EN] | (3) Déanfaidh an Coimisiún gach bliain, ar cibé dáta a ordóidh an tAire, tuarascáil faoina ghníomhaíochtaí a thabhairt don Aire, lena n-áirítear cibé tuairimí is cuí leis an gCoimisiún a bhaineann le treochtaí agus forbairtí i gcaidreamh tionscail lena n-áirítear pá agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
[EN] | (4) Soláthróidh an Coimisiún cibé faisnéis don Aire a éileoidh sé ó am go ham maidir lena chuid gníomhaíochtaí. | |
[EN] |
An príomhfheidhmeannach. |
28. —(1) Beidh príomhoifigeach don Choimisiún ann ar a dtabharfar an príomhfheidhmeannach. |
[EN] | (2) Is é an tAire a cheapfaidh an chéad phríomhfheidhmeannach agus is é an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, a cheapfaidh gach príomhfheidhmeannach ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (3) Déanfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais téarmaí agus coinníollacha seirbhíse phost an phríomhfheidhmeannaigh a chinneadh. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an duine céanna a bheith i seilbh oifig an chathaoirligh agus phost an phríomhfheidhmeannaigh ar feadh cibé tréimhse agus faoi réir cibé coinníollacha a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an tAire an príomhfheidhmeannach a chur as oifig ar chúiseanna sonraithe. | |
[EN] |
Aoisliúntas agus aiscí le haghaidh agus i leith phríomhfheidhmeannach an Choimisiúin. |
29. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna a dhéanamh chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú do, nó i leith, phríomhfheidhmeannach an Choimisiúin ar scor dá oifig dó nó ar a bhás. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim a bheidh déanta aige faoin alt seo a leasú tráth ar bith. | |
[EN] | (3) Déanfaidh an tAire scéim a bheidh déanta ag an Aire faoin alt seo a chur i gcrích de réir a téarmaí. | |
[EN] | (4) Má bhíonn aon aighneas ann i dtaobh éileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas, nó i dtaobh méid aon phinsin, aisce nó liúntais, is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, cuirfear an t-aighneas sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean é chun an Aire Airgeadais, agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh ina chinneadhsan. | |
[EN] | (5) Déanfar gach scéim a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim. | |
[EN] |
Deontais don Choimisiún agus cumhacht chun iasacht a fháil. |
30. —(1) Gach bliain airgeadais féadfar deontas de cibé méid a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an gCoimisiún as airgead a sholáthróidh an tOireachtas i leith chaiteachas an Choimisiúin i gcomhlíonadh a fheidhmeanna. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Coimisiún, le toiliú an Aire, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, iasacht de cibé suimeanna a éileoidh sé chun soláthar a dhéanamh do chaiteachas reatha a fháil go sealadach trí chomhshocrú le baincéirí. | |
[EN] |
Cuntais agus iniúchtaí. |
31. —(1) Coimeádfaidh an Coimisiún, i cibé foirm a bheidh ceadaithe ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh sé nó a chaithfidh sé. |
[EN] | (2) Déanfaidh an Coimisiún na cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach bliain cibé tráthanna a ordóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, lena n-iniúchadh, agus déanfar na cuntais sin, nuair a bheidh siad iniúchta amhlaidh (mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu) a thíolacadh don Aire, agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna de na cuntais iniúchta agus den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
[EN] |
Foireann an Choimisiúin. |
32. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé foireann a cheapadh a mheasfaidh sé a bheith riachtanach chun cuidiú leis an gCoimisiún a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh. |
[EN] | (2) Beidh ceapacháin faoin alt seo ar cibé téarmaí a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais agus beidh siad faoi réir Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , agus Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958. | |
[EN] |
Oifigigh chaidrimh thionscail agus seirbhís chomhairleach. |
33. —(1) Féadfaidh an Coimisiún comhaltaí dá fhoireann a cheapadh chun gníomhú mar oifigigh chaidrimh thionscail. |
[EN] | (2) Déanfaidh na hoifigigh chaidrimh thionscail aon dualgais a chomhlíonadh a shannfaidh an Coimisiún dóibh trína chathaoirleach nó trína phríomhoifigeach feidhmiúcháin agus cuideoidh siad go háirithe chun aighnis cheirde a chosc agus a réiteach. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Coimisiún comhaltaí dá fhoireann, lena n-áirítear oifigigh chaidrimh thionscail, a cheapadh chun comhairle i dtaobh nithe a bhaineann le caidreamh tionscail a thabhairt do lucht bainistíochta agus d'oibrithe nó dá n-ionadaithe. | |
[EN] |
Coimisinéirí um chearta. |
34. —(1) I gcás go mbeartóidh an tAire coimisinéir um chearta a cheapadh faoi alt 13 (1) den Acht Caidrimh Thionscail, 1969 , iarrfaidh sé ar an gCoimisiún rolla daoine a chur faoina bhráid agus ní cheapfaidh sé aon duine mar choimisinéir um chearta seachas duine a bheidh ar áireamh ar an rolla sin. |
[EN] | (2) Is tréimhse nach faide ná trí bliana téarma oifige coimisinéara um chearta a cheapfar de bhun fho-alt (1). | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire coimisinéir um chearta a athcheapadh ar feadh téarma nó téarmaí breise. | |
[EN] |
Seirbhís na gCoimisinéirí um Chearta. |
35. —(1) Oibreoidh na coimisinéirí um chearta mar sheirbhís de chuid an Choimisiúin agus glacfar le tagairtí do choimisinéirí um chearta san Acht Caidrimh Thionscail, 1969 , san Acht um Dhífhostú Éagórach, 1977 , agus san Acht um Chosaint Mháithreachais d'Fhostaithe, 1981 , mar thagairtí do choimisinéirí um chearta ag obair dóibh amhlaidh. |
[EN] | (2) Beidh coimisinéir um chearta neamhspleách agus é ag comhlíonadh a chuid feidhmeanna. | |
[EN] |
Agóidí agus achomhairc. |
36. —(1) Ní bheidh aon éifeacht le hagóid faoi alt 13 (3) (b) (ii) den Acht Caidrimh Thionscail, 1969 , ag páirtí in aighneas ceirde in aghaidh imscrúdú an aighnis ag coimisinéir um chearta mura gcuirfear in iúl í i scríbhinn don choimisinéir laistigh de thrí seachtaine tar éis fógra faoi tharchur an aighnis chuig an gcoimisinéir a bheith curtha leis an bpost chuig an bpáirtí sin. |
[EN] | (2) Ní bhreithneofar achomharc chun na Cúirte in aghaidh an mholta ó choimisinéir um chearta mura gcuirfear in iúl é i scríbhinn don Chúirt laistigh de shé seachtaine tar éis an moladh a dhéanamh. | |
[EN] | (3) Déanfaidh coimisinéir um chearta gach moladh a dhéanfaidh sé a chur in iúl don Aire agus don Choimisiún, chomh maith lena chur in iúl don Chúirt. | |
[EN] | (4) Ní fheidhmeoidh an Coimisiún a fheidhm chomhréitigh maidir le haighneas a ndearna coimisinéir um chearta moladh ina leith. | |
[EN] |
Oifigigh chomhionannais. |
37. —(1) Féadfaidh an Coimisiún, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, comhaltaí dá fhoireann a cheapadh le bheith ina n-oifigigh chomhionannais agus tabharfar oifigeach comhionannais ar dhuine a cheapfar amhlaidh (agus gairtear sin de sa Chuid seo). |
[EN] | (2) Na hoifigigh chomhionannais a ceapadh roimh bhunú an Choimisiúin faoin Acht in aghaidh Idirdhealú (Pá), 1974 , arna oiriúnú le halt 18 den Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1977 , déanfaidh siad, tar éis an bhunaithe sin, a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh mar oifigigh don Choimisiún agus ní don Chúirt. | |
[EN] | (3) Beidh oifigeach comhionannais neamhspleách agus é ag comhlíonadh a chuid feidhmeanna. | |
[EN] | (4) Scoirfidh alt 6 (1) den Acht sin 1974 d'éifeacht a bheith leis ar bhunú an Choimisiúin ach sin gan dochar d'aon cheapacháin a rinneadh roimhe sin faoin bhfo-alt sin. | |
[EN] | (5) Aon tagairtí san Acht in aghaidh Idirdhealú (Pá), 1974 , agus san Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1977 , d'oifigigh chomhionannais léifear iad mar thagairtí d'oifigigh chomhionannais faoin alt seo. | |
[EN] |
An tAire do tharchur aighnis. |
38. —(1) Más é tuairim an Aire go ndéanann aighneas ceirde, cibé acu iarbhír nó tuartha é, difear do leas an phobail, féadfaidh sé an cheist a tharchur chuig an gCoimisiún nó chuig an gCúirt a dhéanfaidh iarracht an t-aighneas a réiteach. |
[EN] | (2) Más é tuairim an Aire gur aighneas a bhfuil tábhacht speisialta leis aighneas ceirde, féadfaidh sé a iarraidh ar an gCoimisiún nó ar an gCúirt nó ar dhuine nó ar chomhlacht eile, fiosrúchán a sheoladh maidir leis an aighneas agus tuarascáil a thabhairt dó ar na cinntí. | |
[EN] |
Comhchoistí oibreachais a athbhreithniú. |
39. —Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tréimhsiúil d'fhonn a fhionnadh cibé acu ar cheart, i dtuairim an Choimisiúin, comhchoistí oibreachais nua a bhunú nó, maidir le coistí láithreacha, cibé acu ar gá leasú a dhéanamh ar aon ordú bunaithe, nó ar cheart aon choiste a chur ar ceal agus cuirfidh sé cóip den athbhreithniú chuig an gCúirt agus chuig an Aire. |
[EN] |
Aoisliúntas agus aiscí do chathaoirleach, do leaschathaoirligh agus do ghnáthchomhaltaí na Cúirte agus ina leith. |
40. —Leasaítear leis seo alt 5 den Acht Caidrimh Thionscail, 1969 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): |
[EN] | “(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna a dhéanamh chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú, ar scor dá n-oifig nó ar bhás dóibh, don chathaoirleach, do leaschathaoirleach (cibé acu ar ceapadh é faoi alt 4 (1) nó 4 (4) den Acht seo nó faoi alt 8 (3) den Acht Caidrimh Thionscail, 1976 ) a bheidh faoi cheangal ag an Aire a am oibre go léir a chaitheamh le dualgais oifig leaschathaoirligh, agus do ghnáthchomhaltaí na Cúirte nó i leith na ndaoine sin.”. | |
[EN] |
Ranna den Chúirt. |
41. —Féadfaidh an tAire ordú a bheidh déanta aige faoi alt 8 (1) den Acht Caidrimh Thionscail, 1976 , a leasú nó a chúlghairm. |
Cóid Chleachtais | ||
[EN] |
Cóid chleachtais. |
42. —(1) Ullmhóidh an Coimisiún dréachtchóid chleachtais i dtaobh caidrimh thionscail lena gcur faoi bhráid an Aire, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ón Aire. |
[EN] | (2) Sula gcuirfidh sé dréachtchód cleachtais faoi bhráid an Aire lorgóidh an Coimisiún agus breithneoidh sé tuairimí ó eagraíochtaí atá ionadaíoch d'fhostóirí agus ó eagraíochtaí atá ionadaíoch d'oibrithe, agus ó cibé comhlachtaí eile a mheasfaidh an Coimisiún is iomchuí. | |
[EN] | (3) I gcás go bhfaighidh an tAire dréachtchód cleachtais ón gCoimisiún féadfaidh sé a dhearbhú le hordú gur cód cleachtais chun críocha an Achta seo an cód a bheidh sa sceideal a ghabhann leis an ordú. | |
[EN] | (4) In aon imeachtaí os comhair cúirte, na Cúirte Oibreachais, an Choimisiúin, an Bhinse Achomhairc Fostaíochta, coimisinéara um chearta nó oifigigh chomhionannais beidh cód cleachtais inghlactha mar fhianaise agus cuirfear aon fhoráil den chód is dóigh leis an gcúirt, leis an gcomhlacht nó leis an oifigeach áirithe a bheith bainteach le haon cheist a éireoidh sna himeachtaí, san áireamh nuair a bheifear ag cinneadh na ceiste sin. | |
[EN] | (5) Má mhainníonn aon duine aon fhoráil de chód cleachtais a urramú ní chuirfidh sé sin ann féin faoi dhliteanas é maidir le haon imeachtaí. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an tAire ar iarraidh ón gCoimisiún, nó tar éis dó dul i gcomhairle leis, cód cleachtais a chúlghairm nó a leasú le hordú. | |
[EN] | (7) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú. | |
[EN] |
Feidhmeanna na Cúirte Oibreachais maidir le cóid chleachtais. |
43. —(1) Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó pháirtí nó páirtithe lena mbaineann, a tuairim a thabhairt maidir le léiriú ar chód cleachtais ar choinníoll, i gcás iarratais ó pháirtí amháin, gur thug an páirtí sin fógra faoin iarratas don pháirtí eile. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Chúirt imscrúdú a dhéanamh ar ghearán go ndearnadh sárú ar chód cleachtais ar choinníoll gur tarchuireadh an gearán chun na Cúirte ag páirtí a bhí bainteach go díreach leis agus gur bhreithnigh an Coimisiún an gearán ar dtús de réir alt 26. | |
[EN] | (3) I gcás gur imscrúdaigh an Chúirt gearán den sórt sin féadfaidh sí moladh a dhéanamh ag leagan síos a tuairime maidir leis an ábhar agus, más iomchuí, a tuairime maidir leis an mbeart is ceart do pháirtí atá ag sárú an chóid a dhéanamh, nó scor dá dhéanamh, chun a chinntiú go ndéanfar de réir an chóid. | |
Comhchoistí Oibreachais | ||
[EN] |
Comhdhéanamh agus imeachtaí comhchoistí oibreachais. |
44. —Beidh éifeacht le forálacha an Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir le comhdhéanamh agus imeachtaí comhchoistí oibreachais. |
[EN] |
Orduithe bunaithe a dhéanamh. |
45. —(1) An lá chun fiosrúchán dhéanamh i dtaobh iarratais ar ordú bunaithe faoi alt 38 den Acht Caidrimh Thionscail, 1946 , a fhógrófar i bhfógra faoin alt sin, is lá é nach mbeidh níos luaithe ná tríocha lá ó dháta foilsithe an fhógra nó nach déanaí ná seasca lá ó lá faighte an iarratais ag an gCúirt agus beidh alt 38 (b) (ii) den alt arna leasú dá réir sin. |
[EN] | (2) Déanfaidh an Chúirt ordú bunaithe, nó cuirfidh sí a cinneadh i bhfios nach bhfuil sí chun an t-ordú sin a dhéanamh, laistigh de dhá lá is daichead ó chríoch an fhiosrúcháin a rinneadh de réir an ailt sin 38. | |
[EN] |
Eisiamh ó réim comhchoiste oibreachais. |
46. —(1) Féadfaidh an Chúirt le hordú gnóthas lena mbaineann comhaontú fostaíochta cláraithe a eisiamh ó réim feidhmeanna comhchoiste oibreachais ar iarraidh ón bhfostóir agus ón ngrúpa oibrithe nó a n-ionadaithe sa ghnóthas ar choinníoll nach lú fabhar an luach saothair agus na coinníollacha fostaíochta dá bhfhoráiltear sa chomhaontú fostaíochta cláraithe ná iadsin dá bhforáiltear san ordú rialaithe fostaíochta iomchuí. |
[EN] | (2) Scoirfidh ordú faoi fho-alt (1) d'eifeacht a bheith leis— | |
[EN] | (a) má thagann an luach saothair agus na coinníollacha fostaíochta dá bhforáiltear sa chomhaontú fostaíochta cláraithe chun bheith ina gcuid is lú fabhar ná iadsin dá bhforáiltear san ordú rialaithe fostaíochta iomchuí, nó | |
[EN] | (b) má chúlghairtear an comhaontú fostaíochta cláraithe. | |
[EN] |
Tuarascáil chun cuidiú le comhchoiste oibreachais. |
47. —(1) Féadfaidh an Chúirt, ar a tionscnamh féin nó ar iarraidh ó chomhchoiste oibreachais, socrú a dhéanamh chun tuarascáil a sholáthar mar gheall ar an tionscal nó ar an trádáil a thagann faoi réim an choiste agus ar staid a líon saothair, ag féachaint do na haidhmeanna ar lena n-aghaidh a bunaíodh an coiste. |
[EN] | (2) Féadfaidh an coiste iarraidh a dhéanamh ar thuarascáil faoi fho-alt (1) ar iarratas ón gcathaoirleach le ceadú ó thromlach chomhaltaí an choiste. | |
[EN] |
Tograí le haghaidh ordaithe rialaithe fostaíochta. |
48. —(1) I gcás gur fhoirmigh comhchoiste oibreachais tograí le haghaidh ordaithe rialaithe fostaíochta, foilseoidh an coiste fógra ina luafar— |
[EN] | (a) an áit a bhfaighfear cóipeanna de na tograí; | |
[EN] | (b) go bhféadfar uiríll maidir leis na tograí a dhéanamh chuig an gcoiste laistigh den tréimhse lá is fiche tar éis dháta an fhoilsithe sin. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an comhchoiste oibreachais, tar éis aon uiríll a mheas a rinneadh chuige de réir fho-alt (1), cibé tograí is cuí leis a chur faoi bhráid na Cúirte le haghaidh ordaithe rialaithe fostaíochta. | |
[EN] | (3) Nuair a chuirfear tograí le haghaidh ordaithe rialaithe fostaíochta faoi bhráid na Cúirte, cuirfidh cathaoirleach an choiste tuarascáil faoi bhráid na Cúirte maidir leis na himthosca a bhaineann lena nglacadh. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an Chúirt le hordú, mar is cuí léi, éifeacht a thabhairt do na tograí ó cibé dáta (tar éis dháta an ordaithe) a shonróidh an Chúirt san ordú. | |
[EN] | (5) (a) I gcás nach deimhin leis an gCúirt gur cheart di ordú a dhéanamh ag tabhairt éifeachta do na tograí, féadfaidh sí tograí leasaithe a chur faoi bhráid an choiste a mbeidh sí toilteanach glacadh leo. | |
[EN] | (b) Féadfaidh an coiste, más cuí leis, na tograí leasaithe, fara nó d'éagmais modhnuithe, a chur faoi bhráid na Cúirte athuair. | |
[EN] | (c) Féadfaidh an Chúirt, mar is cuí léi, ordú a dhéanamh ag tabhairt éifeachta do na tograí mar a cuireadh faoina bhráid athuair iad amhlaidh ó cibé dáta (tar éis dháta an ordaithe) is cuí leis an gCúirt agus a shonróidh sí san ordú nó féadfaidh sí diúltú ordú a dhéanamh. | |
[EN] |
Ordú rialaithe fostaíochta a fhorfheidhmiú ag cigire le himeachtaí sibhialta. |
49. —(1) Féadfaidh cigire, thar ceann oibrí, imeachtaí sibhialta a thionscnamh chun aon cheart caingne de chuid an oibrí in aghaidh a fhostóra a fhorfheidhmiú maidir le mainneachtain an fhostóra coinníoll fostaíochta d'ordú rialaithe fostaíochta a chomhlíonadh agus in aon imeachtaí den sórt sin féadfar ordú a dhéanamh chun gurb é an cigire agus nach é an t-oibrí a íocfaidh na costais. |
[EN] | (2) An chumhacht a thugtar le fo-alt (1), ní maolú í ar aon cheart de chuid oibrí imeachtaí sibhialta a thionscnamh thar a cheann féin. | |
[EN] |
Leasú ar alt 52 (2) (d) den Acht Caidrimh Thionscail, 1946 . |
50. —Leasaítear leis seo alt 52 (2) (d) den Acht Caidrimh Thionscail, 1946 (a thagraíonn do mhainneachtain nó do dhiúltú aon cheanglas dleathach ó chigire a chomhlíonadh) trí “go toiliúil” i ndiaidh “dhiúltós” a scriosadh. |
Comhaontuithe Fostaíochta Cláraithe | ||
[EN] |
Taifid. |
51. —(1) Coimeádfaidh fostóir aon oibrithe lena mbaineann comhaontú fostaíochta cláraithe cibé taifid is gá chun a thaispeáint go bhfuil an comhaontú fostaíochta cláraithe á chomhlíonadh agus coinneoidh sé na taifid ar feadh trí bliana. |
[EN] | (2) Má mhainníonn fostóir foráil d'fho-alt (1) a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air. | |
[EN] | (3) Más rud é, i gcás aon fhostóra a gceanglaítear air leis an alt seo taifid a choimeád, go gcoimeádfaidh sé aon taifead nó go gcuirfidh sé faoi deara aon taifead a choimeád, nó go dtabharfaidh sé aon taifead ar aird nó go gcuirfidh sé faoi deara, nó go gceadóidh sé go feasach, aon taifead a thabhairt ar aird do chigire, ar taifead é atá bréagach i bponc ábhartha agus a fhios aige é a bheith bréagach, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí mhí, nó iad araon, a chur air. | |
[EN] |
Cumhachtaí íniúchta chun comhaontú fostaíochta cláraithe a fhorfheidhmiú. |
52. —Beidh na cumhachtaí iniúchta a thugtar do chigirí le halt 12 den Acht Caidrimh Thionscail, 1969 , infheidhmithe chun forálacha alt 32 den Acht Caidrimh Thionscail, 1946 , agus alt 51 den Acht seo a fhorfheidhmiú agus forléireofar an t-alt sin 12 agus an t-alt seo mar aon alt amháin. |
[EN] |
Cruthúnas ar chomhaontú fostaíochta cláraithe agus nithe gaolmhara. |
53. —(1) Beidh cóip den Iris Oifigiúil, a n-airbheartaítear ina leith go bhfuil fógra inti a d'fhoilsigh an Chúirt maidir le clárú comhaontaithe fostaíochta, ina fianaise prima facie go ndearnadh an comhaontú sin. |
[EN] | (2) Féadfar fianaise prima facie maidir le comhaontú fostaíochta cláraithe nó maidir le hathrú ar chomhaontú a thabhairt trí dhoiciméad a thabhairt ar aird a n-airbheartaítear ina leith gur cóip den chomhaontú nó den athrú é agus go bhfuil sé foilsithe ag an gCúirt. | |
[EN] | (3) Beidh cóip den Iris Oifigiúil, a n-airbheartaítear ina leith go bhfuil fógra nó liosta inti a d'fhoilsigh an Chúirt faoi alt 31 den Acht Caidrimh Thionscail, 1946 , ina fianaise prima facie ar ábhair an fhógra nó an liosta, lena n-áirítear aon sonraí a foilsíodh leis an gcéanna. | |
[EN] |
Comhaontú fostaíochta cláraithe a fhorfheidhmiú ag cigire le himeachtaí sibhialta. |
54. —(1) Féadfaidh cigire, más dóigh leis go bhfuil suim dlite ó fhostóir d'oibrí lena mbaineann comhaontú fostaíochta cláraithe nó gur mhainnigh an fostóir coinníoll d'aon chomhaontú den sórt sin a chomhlíonadh maidir leis an oibrí, imeachtaí sibhialta a thionscnamh thar ceann an oibrí sin chun an tsuim sin a ghnóthú nó chun an coinníoll sin a fhorfheidhmiú agus in aon imeachtaí den sórt sin féadfar ordú a dhéanamh chun gurb é an cigire agus nach é an t-oibrí a íocfaidh na costais. |
[EN] | (2) An chumhacht a thugtar le fo-alt (1), ní maolú í ar aon cheart de chuid oibrí imeachtaí sibhialta a thionscnamh thar a cheann féin. | |
[EN] |
Leasú ar alt 12 (2) (d) den Acht Caidrimh Thionscail, 1969 . |
55. —Leasaítear leis seo alt 12 (2) (d) den Acht Caidrimh Thionscail, 1969 (a thagraíonn do mhainneachtain nó do dhiúltú ceanglas dleathach ó chigire a chomhlíonadh) trí “go toiliúil” i ndiaidh “fhailleodh” a scriosadh. |
Mainneachtain Bheith i Láthair ag Suí Cúirte | ||
[EN] |
Fianaise ar mhainneachtain bheith i láthair ag suí Cúirte. |
56. —(1) Maidir le doiciméad a n-airbheartaítear ina leith é a bheith séalaithe le séala na Cúirte agus ina luaitear— |
[EN] | (a) go ndearnadh, le toghairm faoi alt 21 den Acht Caidrimh Thionscail, 1946 , an duine a ainmnítear sa doiciméad a thoghairm chun bheith i láthair mar fhinné os comhair na Cúirte ar lá agus ag áit a bheidh sonraithe sa doiciméad, | |
[EN] | (b) go raibh suí den Chúirt ann ar an lá sin agus ag an áit sin. agus | |
[EN] | (c) go ndearna an duine sin mainneachtain bheith i láthair ag an gCúirt de bhun na toghairme, | |
[EN] | glacfar leis, in ionchúiseamh in aghaidh an duine a ainmnítear amhlaidh mar gheall ar an mainneachtain líomhnaithe, mar fhianaise ar na nithe a dúradh amhlaidh gan a thuilleadh cruthúnais. | |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag alt 18 den Acht Caidrimh Thionscail, 1946 , maidir le doiciméad lena mbaineann fo-alt (1). |