An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN TRÍÚ SCIEDEAL Éarlaisí) Ar Aghaidh (AN CÚIGIÚ SCEIDEAL Comhdhéanamh agus Imeachtaí Comhchoistí Oibreachais)

19 1990

AN tACHT CAIDRIMH THIONSCAIL, 1990

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

An Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais

Alt 24.

1. Beidh an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain agus séala oifigiúil aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe.

2. Is é an tAire a cheapfaidh an cathaoirleach tar éis dul i gcomhairle le cibé eagraíochtaí a mheasfaidh an tAire a bheidh ionadaíoch d'oibrithe agus d'fhostóirí agus ceapfar é ar feadh cibé tréimhse agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire.

3. Ar ghnáthchomhaltaí an Choimisiúin—

(a) beidh beirt ina gcomhaltaí oibrithe;

(b) beidh beirt ina gcomhaltaí fostóirí; agus

(c) ainmneoidh an tAire beirt díobh.

4. Is iad na comhaltaí oibrithe na daoine a bheidh ainmnithe lena gceapadh ag an Aire ag cibé eagraíocht nó eagraíochtaí a chinnfidh an tAire a bheith ionadaíoch do cheardchumainn oibrithe.

5. Is iad na comhaltaí fostóirí na daoine a bheidh ainmnithe lena gceapadh ag an Aire ag cibé eagraíocht nó eagraíochtaí a chinnfidh an tAire a bheith ionadaíoch d'fhostóirí.

6. Beidh gach gnáthchomhalta ina chomhalta páirtaimseartha den Choimisiún agus ceapfar é ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire.

7. Féadfar cibé liúntais le haghaidh caiteachas a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an gcathaoirleach agus le gach gnáthchomhalta as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

8. Féadfaidh an cathaoirleach nó gnáthchomhalta éirí as a oifig trí litir a bheidh dírithe chun an Aire.

9. Féadfaidh an tAire an cathaoirleach nó gnáthchomhalta a chur as oifig ar chúiseanna sonraithe.

10. (1) I gcás go ndéanfar an cathaoirleach nó gnáthchomhalta den Choimisiún a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Parlaimint na hEorpa scoirfidh sé air sin de bheith i seilbh oifige.

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó ar comhalta é de Pharlaimint na hEorpa beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chathaoirleach nó ina ghnáthchomhalta den Choimisiún.

11. Fíordheimhneofar séala an Choimisiúin le síniú an chathaoirligh nó gnáthchomhalta a bheidh údaraithe ag an gCoimisiún chun gníomhú chuige sin agus le síniú oifigeach don Choimisiún a bheidh údaraithe ag an gCoimisiún chun gníomhú chuige sin.

12. Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Choimisiúin agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Coimisiún agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir mhír 11) an Choimisiúin agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas mura suífear a mhalairt.