An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CEATHRÚ SCEIDEAL An Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais)

19 1990

AN tACHT CAIDRIMH THIONSCAIL, 1990

AN CÚIGIÚ SCEIDEAL

Comhdhéanamh agus Imeachtaí Comhchoistí Oibreachais

Alt 44.

1. Sa Sceideal seo—

ciallaíonn “coiste” comhchoiste oibreachais;

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 go 1990.

2. (1) Faoi réir mhír 3, is iad a bheidh ar choiste—

(a) comhalta amháin (dá ngairtear an comhalta neamhspleách sa Sceideal seo) a cheapfaidh an tAire agus a roghnófar mar dhuine a bheidh neamhspleách, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcoiste, agus

(b) comhaltaí (dá ngairtear comhaltaí ionadaíocha sa Sceideal seo) a cheapfaidh an Chúirt arb é a bheidh iontu—

(i) cibé líon daoine is cuí leis an gCúirt (dá ngairtear sa Sceideal seo comhaltaí (fostóirí) ionadaíocha) a fheidhmíonn, i dtuairim na Cúirte, ar son fostóirí a mbeidh an coiste le gníomhú i ndáil leo, agus

(ii) comhlíon daoine (dá ngairtear sa Sceideal seo comhaltaí (oibrithe) ionadaíocha) a fheidhmíonn, i dtuairim na Cúirte, ar son oibrithe a mbeidh an coiste le gníomhú i ndáil leo.

(2) Sula gceapfaidh an Chúirt comhalta ionadaíoch de choiste rachaidh sí i gcomhairle le haon eagraíocht fostóirí nó, de réir mar a bheidh, le haon eagraíocht oibrithe, lena mbaineann, a mhéid is féidir go réasúnach.

(3) Ceapfaidh an tAire duine neamhspleách a ghníomhóidh mar chomhalta neamhspleách agus mar chathaoirleach d'uireasa an chathaoirligh agus folóidh tagairtí sna hAchtanna do chomhalta neamhspleách nó don chathaoirleach tagairtí do dhuine a ghníomhóidh amhlaidh.

(4) Beidh an comhalta neamhspleách de choiste i seilbh oifige fad is toil leis an Aire.

(5) I gcás go scoirfidh comhalta ionadaíoch de choiste, i dtuairim na Cúirte, de bheith ionadaíoch do na fostóirí nó, de réir mar a bheidh, do na hoibrithe ar ceapadh é le feidhmiú ar a son, foirceannfaidh an Chúirt a chomhaltas.

(6) Féadfaidh an Chúirt, dá rogha féin, comhaltas aon chomhalta ionadaíoch de choiste a fhoirceannadh.

(7) I gcás go bhfoirceannfar comhaltas aon chomhalta ionadaíoch de choiste scoirfidh an comhalta sin de bheith ina chomhalta den choiste.

3. I gcás an chomhchoiste oibreachais d'oibrithe talmhaíochta a bunaíodh faoi alt 4 den Acht Caidrimh Thionscail, 1976

(a) ceapfaidh an tAire le toiliú an Aire Talmhaíochta agus Bia an comhalta neamhspleách;

(b) ceapfaidh an Chúirt na comhaltaí (fostóirí) ionadaíocha den choiste ó rolla a bheidh ullmhaithe agus tíolactha don Chúirt ag an Aire tar éis dó dul i gcomhairle le cibé eagraíocht nó eagraíochtaí a bheidh ionadaíoch d'fhostóirí talmhaíochtá is cuí leis an Aire le toiliú an Aire Talmhaíochta agus Bia;

(c) ceapfaidh an Chúirt na comhaltaí (oibrithe) ionadaíocha den choiste (suas go dtí líon ar cóimhéid le líon na gcomhaltaí (fostóirí) ionadaíocha) ó rolla a bheidh ullmhaithe agus tíolactha don Chúirt ag an Aire tar éis dó dul i gcomhairle le cibé eagraíocht nó eagraíochtaí a bheidh ionadaíoch d'oibrithe talmhaíochta is cuí leis an Aire le toiliú an Aire Talmhaíochta agus Bia;

(d) ní bheidh feidhm ag mír 2 (2).

4. Ní chuirfear imeachtaí coiste ó bhail mar gheall ar aon fholúntas ann ná aon locht ar cheapadh comhalta.

5. D'fhonn cruinniú coiste a bheith ann ní mór don chomhalta neamhspleách agus don tríú cuid ar a laghad de líon iomlán na gcomhaltaí ionadaíocha a bheith i láthair.

6. (1) Faoi réir fhorálacha na míre seo, beidh vóta amháin ag gach comhalta de choiste.

(2) Más rud é ag aon chruinniú coiste nach ionann líon an ghrúpa comhaltaí (fostóirí) ionadaíocha a bheidh i láthair agus líon an ghrúpa comhaltaí (oibrithe) ionadaíocha a bheidh i láthair—

(a) féadfaidh cibé grúpa de na grúpaí a dúradh a mbeidh tromlach acu a shocrú go staonfaidh aon duine amháin nó níos mó dá líon ó vótáil chun comhionannas a choimeád,

(b) mura ndéanfar aon socrú den sórt sin, féadfaidh cathaoirleach an choiste an vótáil ar aon cheist a chur ar atráth go dtí cruinniú eile den choiste.

7. (1) Tiocfaidh coiste le chéile ag cibé áiteanna agus tráthanna a chinnfidh sé ó am go ham a bheith oiriúnach chun a fheidhmeanna a chomhall agus féadfaidh sé aon cheann dá chruinnithe a chur ar athló.

(2) Glacfaidh coiste, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis na hAchtanna, le cibé nós imeachta ag a chruinnithe agus in aon chás eile, a chinnfidh sé a bheith oiriúnach chun a fheidhmeanna a chomhall.

8. (1) Féadfaidh coiste, le toiliú na Cúirte, fochoistí a cheapadh chun cuidiú leis.

(2) Féadfaidh comhaltaí den choiste, agus cibé daoine eile a cheapfaidh an coiste le comhthoiliú na Cúirte, a bheith ar fhochoiste de choiste.

(3) Measfar gur fochoiste a cheap an coiste faoi fhomhír (1) den mhír seo coiste trádála ceantair, arna bhunú faoin Trade Boards Acts, 1909 and 1918, a bhunaigh coiste nuair ba bhord trádála é.

9. Féadfar cibé luach saothair agus liúntais (lena n-áirítear cúiteamh i gcailliúint ama) a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le comhaltaí coiste nó fochoiste.

10. I gcás gach comhchoiste oibreachais atá ar marthain ar dháta rite an Achta seo beidh na comhaltaí neamhspleácha i dteideal fanacht in oifig go dtí go gceapfar comhalta neamhspleách an choiste sin faoi mhír 2 (1) (a) nó 3, de réir mar a éileoidh an cás.