|
|||||
|
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||
Uimhir 22 de 1990 | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1990 | |||||||||||||||||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||
Uimhir 22 de 1990 | ||||||||||||||||||||||||||||||
AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1990 | ||||||||||||||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||||||||||||||||||||
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA FORBARTHA MÓNA, 1946 GO 1983. [21 Iúil, 1990] | ||||||||||||||||||||||||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Mínithe. |
1. —(1) San Acht seo— | ||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1953” an tAcht Forbartha Móna, 1953 ; | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Forbartha Móna, 1946 . | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán nó faoi aon achtachán dá éis sin. | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Bunú agus fáil cuideachtaí, agus leasanna i gcuideachtaí, ag an mBord. |
2. —(1) San alt seo ciallaíonn “cuideachta”— | ||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) cuideachta de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 , | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | nó | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) comhlacht a fhoirmítear nó a bhunaítear faoi dhlíthe stáit seachas an Stát agus a fhreagraíonn do chomhlacht dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo. | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Féadfaidh an Bord foirmiú nó bunú cuideachta a chur ar aghaidh agus páirt a ghlacadh san fhoirmiú nó sa bhunú sin. | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Féadfaidh an Bord scaireanna nó leasanna eile i gcuideachta a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus féadfaidh sé a bheith ina chomhalta de chuideachta. | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Féadfaidh an Bord rialú iomlán nó páirteach a fheidhmiú ar chomhdhéanamh boird stiúrthóirí cuideachta, nó údaráis eile, faoi cibé ainm, a rialaíonn nó a bhainistíonn cuideachta. | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Féadfaidh an Bord— | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh sé airgead a thabhairt ar iasacht do chuideachta, agus | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) a ráthú, i cibé foirm agus dóigh agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, go n-aisíocfaidh cuideachta go cuí príomhshuim aon airgid (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a gheobhaidh an chuideachta ar iasacht nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús agus féadfaidh ráthaíocht a bheith ar áireamh in aon ráthaíocht den sórt sin go n-íocfar costais theagmhasacha i ndáil leis an airgead ar iasacht sin agus féadfaidh gur ráthaíocht é go n-íocfar nóta gealltanais a dhéanfaidh cuideachta nó bille malairte a bheidh arna tharraingt nó arna ghlacadh ag cuideachta. | |||||||||||||||||||||||||||||
(6) Aon chumhacht a thugtar leis an alt seo agus a fheidhmíonn an Bord beidh sí faoi réir thoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais a thabharfar tar éis dul i gcomhairle le haon Aire eile den Rialtas ar chóir, i dtuairim an Aire, ag féachaint d'fheidhmeanna an Aire sin den Rialtas, dul i gcomhairle leis. | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Fo-bhoird. |
3. —(1) Féadfaidh an Bord, faoi réir thoiliú an Aire, fo-bhord amháin nó níos mó a bhunú ó am go ham agus féadfaidh sé cibé feidhmeanna dá chuid a d'fhéadfaí, i dtuairim an Bhoird, a fheidhmiú nó a chomhlíonadh ar bhealach níos fearr nó níos caothúla ag an bhfo-bhord nó ag na fo-bhoird sin, a tharmligean chuig an bhfo-bhord nó chuig na fo-bhoird sin. | ||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Is é a bheidh in aon fho-bhord a bhunófar faoin alt seo stiúrthóir bainisteoireachta agus cibé líon (nach lú ná triúr nó nach mó ná seisear) de chomhaltaí eile an Bhoird a chinnfidh an Bord, faoi réir fho-alt (3), ó am go ham. Is duine a bheidh tofa ar an mBord faoi théarmaí na nAchtanna um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 go 1988, a bheidh i gcomhalta amháin ar a laghad de gach fobhord. | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Comhalta den Bhord (seachas an stiúrthóir bainisteoireachta), a bheidh ceaptha ar fho-bhord a bhunófar faoin alt seo, beidh sé i seilbh oifige ar feadh trí bliana mura túisce a éireoidh sé as mar chomhalta den fho-bhord, a éagfaidh sé, a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Bhord de bhíthin deireadh a bheith lena théarma oifige, a éireoidh sé as a bheith ina chomhalta den Bhord, a dhícháileofar é nó a chuirfear as oifig é mar chomhalta den Bhord. | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Is de réir mar a chinnfear le rialacháin a dhéanfaidh an Bord a bheidh córam, nós imeachta agus áit chruinnithe aon fho-bhoird a bhunófar faoin alt seo. | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Féadfaidh an Bord tráth ar bith fo-bhord a bhunófar faoin alt seo a dhíscaoileadh. | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) Gach comhalta d'fho-bhord a bhunófar faoin alt seo íocfar leis as cistí a bheidh faoina réir ag an mBord cibé liúntais i leith costas a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais. | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Cumhachtaí an Bhoird lasmuigh den Stát. |
4. —(1) Féadfaidh an Bord dul i mbun gnó lasmuigh den Stát— | ||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) chun móin agus táirgí móna a mhargú, | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) chun móin agus táirgí móna a tháirgeadh, | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) chun táirgeadh agus úsáid móna agus táirgí móna a chothú, | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) chun portaigh agus tailte eile a fháil, | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) chun bainisteoireacht agus forbairt a dhéanamh ar phortaigh agus ar thailte eile agus chun iad a oibriú, agus | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (f) chun na nithe eile sin go léir a dhéanamh go ginearálta a thig as na cumhachtaí, nó a leanann as na cumhachtaí, a luaitear sna míreanna sin roimhe seo den alt seo. | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Beidh feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar don Bhord le míreanna (b) go (f) d'fho-alt (1) den alt seo faoi réir thoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais. | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Gníomhaíochtaí tráchtála. |
5. —Féadfaidh an Bord, laistigh den Stát nó lasmuigh dé, dul i mbun na ngníomhaíochtaí tráchtála sin go léir, cibé acu i ndáil le táirgeadh no margú móna nó ar shlí eile, a thig, i dtuairim an Bhoird, as aon fheidhm den Bhord, agus a fhéadfar, ar mhodh buntáisteach, a sheoladh i dtaca le haon fheidhm den Bhord. | ||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 17 den Phríomh-Acht. |
6. —Leasaítear leis seo alt 17 (1) den Phríomh-Acht trí “laistigh den Stát” a chur isteach i ndiaidh “ar an mBord” sa chéad áit ina bhfuil an abairt sin. | ||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 18 den Phríomh-Acht. |
7. —Leasaítear leis seo alt 18 (3) den Phríomh-Acht trí “de chuntas sochair” a chur in ionad “de chuntas caipitil, cuntas ioncaim, cuntas sochair”. | ||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 20 den Phríomh-Acht. |
8. —Leasaítear leis seo alt 20 den Phríomh-Acht— | ||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(1) Féadfaidh an Bord, i bhfeidhmiú agus i gcomhlíonadh a fheidhmeanna sa Stát nó lasmuigh de, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:— | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) aon ghléasra, inneall, gaireas nó fearas a mhonarú, | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) foirgnimh a thógáil, | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) scéimeanna fruilcheannaigh a ghabháil de láimh, | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) conarthaí a dhéanamh, | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) siopaí agus seomraí taispeántais a bhunú agus a oibriú, | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (f) taispeántais, taisealbhaí agus léirithe a chur ar aghaidh nó cuidiú lena gcur ar aghaidh, | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (g) cibé acu ina aonar nó i gcomhar le haon duine, cathaoireacha agus léachtóireachtaí a bhunú agus a dhearlacadh in aon ollscoil nó coláiste chun taighde a sheoladh agus é d'aidhm leis táirgeadh nó úsáid móna nó táirgí móna agus a bhfo-tháirgí a fheabhsú nó a leathnú agus chun oideachas agus eolas a bhaineann leis an táirgeadh nó leis an úsáid sin a chothú, | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (h) comhaontú a dhéanamh le haon duine, agus é a chur i gcrích, chun aon fheidhm de chuid an Bhoird a chomhlíonadh i gcomhpháirt, | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) sócmhainní agus gnó duine ar bith a fháil trína gceannach nó ar shlí eile agus iad a oibriú i gcás go rachadh an fháil agus an oibríocht sin, i dtuairim an Bhoird, chun cabhrach don Bhord i gcomhlíonadh agus i bhfeidhmiú aon cheann d'fheidhmeanna an Bhoird, | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (j) forbairt ar mhodh tráchtála nó ar mhodh eile a dhéanamh ar aon phortach a bheidh dílsithe don Bhord agus nach féidir, nó ar tharla nó a dtarlaíonn nach féidir, é a shaothrú ar mhodh tráchtála chun móin nó táirgí móna a tháirgeadh, | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (k) oibreacha innealtóireachta agus tógála de chineál ar bith agus taighde de chineál ar bith (seachas an taighde a shonraítear in alt 19) a cheapann an Bord dá rogha féin a bheith inmhianaithe, a dhéanamh, | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (l) ina aonar nó i dteannta aon duine eile— | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) seirbhísí comhchomhairleacha agus seirbhísí comhairleacha, agus | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) oiliúint daoine, | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | a chur ar fáil ar luaíocht, agus beidh gach cumhacht den sórt sin aige is gá chun na seirbhísí agus an oiliúint sin a chur ar fáil, | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (m) a áirithiú go seolfar a ghníomhaíochtaí go léir i cibé slí a thabharfaidh cosaint iomchuí don timpeallacht go háitiúil agus go náisiúnta.”, agus | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach tar éis fho-alt (2): | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(3) Aon fheidhmiú a dhéanfaidh an Bord lasmuigh den Stát ar aon chumhachtaí a thugtar le míreanna (a), (b), (g), (h), (i), (j), (k) nó (l) d'fho-alt (1) den alt seo agus aon fheidhmiú a dhéanfaidh an Bord sa Stát ar aon chumhachtaí a thugtar leis na míreanna sin (h), (i), (j) nó (k) beidh sé faoi réir réamhthoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais. | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Aon chumhacht a thugtar don Bhord le fo-alt (1) (j) den alt seo i ndáil le lagphortach ní fheidhmeofar í ach amháin de réir cibé treoracha ginearálta a leagfaidh an tAire síos ó am go ham. | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) San alt seo ciallaíonn ‘lagphortach’ portach a mbeidh an mhóin go léir ann geall leis bainte.”. | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 59 den Phríomh-Acht. |
9. —Leasaítear leis seo alt 59 den Phríomh-Acht trí na focail “cuntas caipitil, cuntas ioncaim,” agus “den chuntas caipitil, den chuntas ioncaim,” a scriosadh i bhfo-ailt (1) agus (4), faoi seach. | ||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Luach saothair oifigeach agus seirbhíseach. |
10. —Tráth a bheidh an Bord ag cinneadh an luach saothair nó na liúntais le haghaidh costas a íocfar lena chuid oifigeach nó seirbhíseach, nó na téarmaí nó na coinníollacha ar dá réir a shealbhaíonn nó a shealbhóidh na hoifigigh nó na seirbhísigh sin a gcuid fostaíochta, beidh aird ag an mBord ar threoirlínte Rialtais, nó ar threoirlínte ar ar comhaontaíodh ar bhonn náisiúnta agus a bheidh i réim de thuras na huaire, nó ar bheartas Rialtais maidir le luach saothair agus coinníollacha fostaíochta a bheidh i réim amhlaidh, agus, i dteannta an méid sin roimhe seo, déanfaidh an Bord de réir aon treoracha maidir le luach saothair, liúntais, téarmaí nó coinníollacha den sórt sin a thabharfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, don Bhord ó am go ham. | ||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar ailt 5 agus 6 d'Acht 1953. |
11. —(1) (a) An tagairt i bhfo-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1953 do shochair aoisliúntais a íoc le comhaltaí lánaimseartha den Bhord, ar scor dóibh, forléireofar í, agus measfar go raibh sí á forléiriú riamh, mar thagairt do phinsin, d'aiscí agus do liúntais eile a íoc le comhaltaí lánaimseartha den Bhord nó i leith na gcomhaltaí sin, ar scor nó ar bhás dóibh. | ||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) An tagairt i bhfo-alt (2) den alt sin 5 do shochar, forléireofar í, agus measfar go raibh sí á forléiriú riamh, mar thagairt do phinsin, d'aiscí agus do liúntais eile a íoc le daoine, nó i leith daoine, ar buanfhostaíocht ag an mBord ar scor nó ar bhás dóibh. | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) (a) An tagairt i bhfo-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1953 do shochair aoisliúntais a íoc le daoine ar buanfhostaíocht ag an mBord, ar scor dóibh, forléireofar í agus measfar go raibh sí á forléiriú riamh, mar thagairt do phinsin, d'aiscí agus do liúntais eile a íoc le daoine, nó i leith daoine, ar buanfhostaíocht ag an mBord, ar scor nó ar bhás dóibh. | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) An tagairt i bhfo-alt (2) den alt sin 6 do shochair aoisliúntais forléireofar í agus measfar go raibh sí á forléiriú riamh, mar thagairt do phinsin, d'aiscí agus do liúntais eile a íoc le daoine, nó i leith daoine, ar buanfhostaíocht ag an mBord, ar scor nó ar bhás dóibh. | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) An tagairt i bhfo-alt (3) den alt sin 6 do dhaoine a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo ar scor dóibh, forléireofar í agus measfar go raibh sí á forléiriú riamh, mar thagairt do dhaoine arb iníoctha leo nó ina leith pinsin, aiscí agus liúntais eile, ar scor nó ar bhás dóibh. | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Aon scéim faoi alt 5 nó 6 d'Acht 1953 a bhfuil sé sainráite éifeacht chúlghabhálach a bheith aici beidh an éifeacht chúlghabhálach sin aici de réir na scéime. | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Leasaítear leis seo alt 6 (2) (b) d'Acht 1953 trí “ar a laghad” a chur isteach i ndiaidh “is ionann” agus tá an mhír sin arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | |||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Costais. |
12. —Déanfar na costais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | ||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
13. —(1) Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1990 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1990, a ghairm de na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1983, agus den Acht seo le chéile. | |||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Déanfar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1983, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin. |