Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Aisghairm)

24 1990

/images/harp.jpg


Uimhir 24 de 1990


AN tACHT CRAOLACHÁIN, 1990


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Tosach feidhme.

3.

Craoltaí fógraíochta ag an Údarás.

4.

Cóid chleachtais a bhaineann le fógraíocht agus cineálacha eile cur chun cinn tráchtála.

5.

Táirgthí neamhspleácha ar sheirbhísí teilifíse an Údaráis.

6.

Conradh seirbhíse clár teilifíse.

7.

Cuntais agus iniúchadh.

8.

Gearáin leis an gCoimisiún um Ghearáin Chraolacháin i dtaobh craoltaí a fhearann ar dhuine aonair.

9.

Toirmeasc ar sheirbhísí a thascradh.

10.

Toirmeasc ar úinéir áitribh mar a dtarlaíonn gníomh nó iompar toirmiscthe.

11.

Pionóis.

12.

Trealamh a fhorghéilleadh.

13.

Dualgas cruthúnais.

14.

Barántais chuardaigh.

15.

Leigheasanna sibhialta.

16.

Forálacha a leathnú.

17.

Leasú ar Acht 1926.

18.

Leasú ar an Acht Craolacháin agus Raidió-Theileagrafaíochta, 1988.

19.

Aisghairm.

20.

Gearrtheideal.

AN SCEIDEAL

Aisghairm


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Údarás Craolacháin, 1960

1960, Uimh. 10

An tAcht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1966

1966, Uimh. 7

An tAcht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976

1976, Uimh. 37

An tAcht Craolacháin agus Raidió-Theileagrafaíochta, 1988

1988, Uimh. 19

Police (Property) Act, 1897

1897, c. 30

An tAcht Raidió agus Teilifíse, 1988

1988, Uimh. 20

An tAcht Radio-Thelegrafaíochta, 1926

1926, Uimh. 45

/images/harp.jpg


Uimhir 24 de 1990


AN tACHT CRAOLACHÁIN, 1990

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE I nDÁIL LE CRAOLACHÁN AGUS RAIDIÓ-THEILEAGRAFAÍOCHT AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO LEASÚ NA nACHT-ANNA UM ÚDARÁS CRAOLACHÁIN, 1960 GO 1979, AN ACHTA RAIDIÓ AGUS TEILIFÍSE, 1988 , AGUS NA nACH-TANNA RAIDIÓ-THEILEAGRAFAÍOCHTA, 1926 GO 1988, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE.

[24 Iúil, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1926” an tAcht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 ;

ciallaíonn “Acht 1966” an tAcht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1966 ;

ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976 ;

ciallaíonn “an tÚdarás” Radio Telefís Éireann;

ciallaíonn “ceadúnaí” sealbhóir ceadúnais arna eisiúint ag an Aire faoi na Rialacháin Raidió-Theileagrafaíochta (Ceadúnas Leaschraolacháin Shreangaithe), 1974 (I.R. Uimh. 67 de 1974) nó ceadúnais arna eisiúint ag an Aire faoi na Rialacháin Raidió-Theileagrafaíochta (Cláir Theilifíse a Atarchur), 1989 (I.R. Uimh. 39 de 1989);

ciallaíonn “an tAire” an tAire Cumarsáide;

tá le “úinéir” an bhrí chéanna atá leis san Acht Craolacháin agus Raidió-Theileagrafaíochta, 1988 ;

tá le “áitreabh” an bhrí chéanna atá leis san Acht Craolacháin agus Raidió-Theileagrafaíochta, 1988 ;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Údarás Craolacháin, 1960 ;

ciallaíonn “soláthraí seirbhíse” soláthraí seirbhíse atá sonraithe in ordú arna dhéanamh faoi alt 16.

(2) Aon tagairt san Acht seo d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo, mura léirítear gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(3) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura léirítear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1990.

Craoltaí fógraíochta ag an Údarás.

3. —(1) Na hamanna iomlána in aghaidh an lae chun fógráin a chraoladh a shocróidh an tÚdarás ní rachaidh siad thar 7.5 faoin gcéad den am iomlán do tharchur clár in aghaidh an lae agus ní rachaidh an tréimhse uasta a shocrófar amhlaidh a thabharfar d'fhógráin in aon uair an chloig amháin thar chúig nóiméad. I gcás na seirbhíse craolacháin fuaime ar a dtugtar “Atlantic 252” a oibríonn ar mhinicíocht fadtoinne agus atá ceadúnaithe faoi alt 16 den Phríomh-Acht ní rachaidh an t-am iomlán in aghaidh an lae chun fógráin a chraoladh thar 20 faoin gcéad den am iomlán do tharchur clár in aghaidh an lae agus is de réir mar a chinnfidh an tÚdarás a bheidh an tréimhse uasta a thabharfar d'fhógráin in aon uair an chloig amháin.

(2) Beidh de dhualgas ar an Údarás a áirithiú, i leith gach bliana airgeadais ag tosú leis an mbliain dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1991, nach rachaidh an t-ioncam iomlán a gheobhaidh sé as fógraíocht, urraíocht nó cineálacha eile cur chun cinn tráchtála i gcraoltaí in aon bhliain thar an méid a íocadh leis an Údarás de bhun alt 8 d'Acht 1976 sa bhliain airgeadais roimhe sin, ach an méid sin a bheith coigeartaithe leis an méadú de réir céatadáin sa treoir-phraghas do thomhaltóirí a bheidh tiomsaithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh don bhliain airgeadais sin roimhe sin.

(3) Beidh de dhualgas ar an Údarás a áirithiú, i leith an chuid den bhliain 1990 ó thosach feidhme an Achta seo go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1990, nach rachaidh an t-ioncam iomlán a gheobhaidh sé as fógraíocht, urraíocht nó cineálacha eile cur chun cinn tráchtála i gcraoltaí thar chéad is fiche faoin gcéad d'iarmhéid an £46.815 mhilliún a bheidh fágtha tar éis an méid a asbhaint a íoctar leis de bhun alt 8 d'Acht 1976 sa chuid den bhliain sin roimh an tosach feidhme sin.

(4) Más rud é, i leith aon bhliana airgeadais nó i leith na tréimhse ó thosach feidhme an Achta seo go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1990, go léiríonn an ráiteas a bheidh le cur ar fáil don Aire faoi alt 7 (2) gur mhó ná an teorainn arna ríomh de réir fho-alt (2) nó (3) den alt seo, de réir mar a bheidh, na fáltais iarbhír a fuair an tÚdarás as fógraíocht, urraíocht nó cineálacha eile cur chun cinn tráchtála i gcraoltaí sa bhliain nó sa tréimhse sin, déanfar na fáltais iomlána is féidir a fháil as na foinsí sin sa bhliain airgeadais ina dhiaidh sin de réir an fho-ailt sin (2) a laghdú de mhéid na breise.

Cóid chleachtais a bhaineann le fógraíocht agus cineálacha eile cur chun cinn tráchtála.

4. —(1) Tarraingeoidh an tAire suas cóid agus féadfaidh sé ó am go ham, de réir mar is cóir leis, iad a leasú, is cóid a rialóidh caighdeáin, cleachtas agus toirmisc i bhfógraíocht, in urraíocht nó i gcineálacha eile cur chun cinn tráchtála i seirbhísí craolacháin agus déanfaidh an tÚdarás, gach conraitheoir craolacháin fuaime agus an conraitheoir seirbhíse clár teilifíse de réir gach cóid den sórt sin i ndáil lena sheirbhísí craolacháin.

(2) I gcód faoi fho-alt (1) a bhaineann leis an Údarás, féadfar a fhoráil a mhéid a dhéileálfar, mar fhógraíocht chun críocha alt 3, le cur chun cinn a ghníomhaíochtaí tráchtála féin ag an Údarás laistigh dá sheirbhísí craolacháin féin agus, i gcód a bhaineann le conraitheoir craolacháin fuaime nó conraitheoir seirbhíse clár teilifíse, féadfar a fhoráil a mhéid a dhéileálfar amhlaidh chun críocha alt 10 (4) den Acht Raidió agus Teilifíse, 1988 , le cur chun cinn a ghníomhaíochtaí tráchtála féin ag an gconraitheoir sin laistigh dá sheirbhísí craolacháin féin.

(3) Rachaidh an tAire i gcomhairle leis an Údarás agus leis an gCoimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách le linn dó cód a tharraingt suas nó a leasú faoi fho-alt (1).

(4) Go dtí go dtarraingeofar suas cód faoi fho-alt (1) leanfaidh an tÚdarás agus an Coimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách d'fheidhmiú na gcód acu atá i bhfeidhm de thuras na huaire a rialaíonn caighdeáin, cleachtas agus toirmisc i bhfógraíocht chraolta.

(5) Cód a tharraingeofar suas faoi fho-alt (1), i ndáil le seirbhísí craolacháin an Údaráis, le conraitheoirí craolacháin fuaime nó leis an gconraitheoir seirbhíse clár teilifíse, glacfaidh sé ionad aon chóid láithrigh faoi alt 18B (1) (e) den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le halt 4 d'Acht 1976) nó faoi alt 10 (2) den Acht Raidió agus Teilifíse 1988, i ndáil leis na seirbhísí sin.

(6) Déanfar na tagairtí d'alt 10 (2) (a bhaineann le cóid chaighdeán) den Acht Raidió agus Teilifíse, 1988 , atá in alt 10 (6) nó alt 11 (4) (a) (iv) den Acht sin, a fhorléiriú mar ní a fholaíonn tagairt do chód faoi fho-alt (1) den alt seo.

Táirgthí neamhspleácha ar sheirbhísí teilifíse an Údaráis.

5. —Sa tréimhse ó thosach feidhme an Achta seo go dtí an 3ú lá de Dheireadh Fómhair, 1991, áiritheoidh an tÚdarás go mbainfidh riar réasúnta den ábhar clár ar a sheirbhísí teilifíse le hábhar clár bunúil a tháirgtear sa Stát nó i mBallstát eile de na Comhphobail Eorpacha ag daoine seachas an tÚdarás, a fhochuideachtaí nó eagraíochtaí craolacháin eile agus, a mhéid is féidir é, nach lú an riar sin ná an riar a chraol an tÚdarás sa bhliain 1989.

Conradh seirbhíse clár teilifíse.

6. —(1) Féadfaidh an Coimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách, mas cuí leis déanamh amhlaidh, de bhreis ar an gconradh a rinneadh faoi alt 4 (2) (b) den Acht Raidió agus Teilifíse, 1988 , conradh breise a dhéanamh leis an gconraitheoir seirbhíse clár teilifíse faoina mbeidh an ceart ag an gconraitheoir seirbhíse clár teilifíse, agus an dualgas air, de bhreis ar na córais tarchuir dá dtagraítear in alt 17 den Acht sin, tarchuradóirí craolacháin teilifíse a bhunú, a chothabháil agus a oibriú chun an tseirbhís clár teilifíse dá dtagraítear in alt 4 den Acht sin 1988 a tharchur.

(2) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (6) d'alt 4 den Acht sin 1988, fara modhnuithe riachtanacha, maidir le soláthar aon saoráidí tarchuir den sórt sin mar atá feidhm acu i ndáil le seirbhísí craolacháin fuaime.

(3) Leasófar alt 18 (1) den Acht sin 1988 tríd an tagairt atá ann d'alt 7 den Acht sin a scriosadh.

Cuntais agus iniúchadh.

7. —(1) Déanfaidh an tÚdarás gach bliain na cuntais go léir a choimeádtar chun críocha na nAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1979, agus an Achta seo, a chur faoi bhráid cibé iniúchóirí cuí-cháilithe a cheapfaidh an tÚdarás le hiniúchadh a dhéanamh orthu.

(2) Cuirfidh an tÚdarás chuig an Aire, díreach tar éis gach iniúchta ar a chuntais—

(a) cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais agus den chlár comhardaithe arna dheimhniú ag na hiniúchóirí,

(b) cóip de thuarascáil na n-iniúchóirí,

(c) ráiteas arna dheimhniú ag na hiniúchóirí maidir leis an ioncam iomlán a fhaigheann an tÚdarás as fógraíocht, urraíocht nó cineálacha eile cur chun cinn tráchtála ina chraoltaí,

(d) cóipeanna de cibé cuntais a chuirtear le haghaidh iniúchadh a gceapfaidh an tAire iad mar chuntais a bhfuil cóipeanna díobh le tabhairt dó.

Gearáin leis an gCoimisiún um Ghearáin Chraolacháin i dtaobh craoltaí a fhearann ar dhuine aonair.

8. —(1) Leasaítear leis seo alt 18B (1) den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le halt 4 d'Acht 1976) tríd an mír seo a leanas a chur leis:

“(g) gearán ó dhuine gur dearbhaíodh ar ócáid shonraithe i gcraoladh fíorais nó faisnéis i ndáil leis an duine sin a bhí míchruinn agus ar ionsaí a bhí iontu ar onóir nó dea-chlú an duine sin.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 18B den Phríomh-Acht trí fho-alt nua a chur isteach mar a leanas:

“(11A) Gan dochar d'fho-alt (11) den alt seo, déanfaidh an tÚdarás, mura gceapann an Coimisiún go mbeadh sé mí-iomchuí, cinneadh an Choimisiúin ar gach gearán ar a ndearna an Coimisiún breithniú agus inar chinn an Coimisiún i bhfabhar an ghearánaí, go hiomlán nó go páirteach, lena n-áirítear aon cheartú ar fhíorais nó faisnéis a bhí míchruinn i ndáil le duine aonair de dhroim aon ghearáin faoi fho-alt (1) (g) den alt seo, a chraoladh ag tráth agus ar mhodh a fhreagróidh don tráth agus don mhodh inar tharla an craoladh goilliúnach.”.

(3) Déanfar tagairt san alt sin 18B do chód a fhorléiriú mar ní a fholaíonn tagairt do chód a bheidh i bhfeidhm faoi alt 4 den Acht seo.

Toirmeasc ar sheirbhísí a thascradh.

9. —(1) Ní dhéanfaidh aon duine, seachas oifigeach cuí-údaraithe don Aire, i ndáil le seirbhís a sholáthróidh ceadúnaí nó soláthraí seirbhíse—

(a) an tseirbhís a thascradh,

(b) ligean d'aon rud tarlú, nó aon rud a cheadú nó a dhéanamh, a chuireann tascradh den sórt sin ar chumas duine ar bith,

(c) aon trealamh a shealbhú, a mhonarú, a chóimeáil, a allmhairiú, a sholáthar nó a thairiscint lena sholáthar ar trealamh é atá deartha nó oiriúnaithe lena úsáid chun tascradh den sórt sin a chur ar chumas duine ar bith, nó

(d) faisnéis a fhoilsiú le hintinn cabhrú le haon duine nó a chur ar a chumas seirbhís den sórt sin a thascradh.

(2) (a) Ní dhéanfaidh aon duine, go feasach, aon trealamh a shuiteáil ná ní fhéachfaidh sé go feasach lena shuiteáil ná lena chothabháil ar trealamh é a d'fhéadfaí a úsáid nó a dearadh nó a oiriúnaíodh lena úsáid chun tascradh den sórt sin a chur ar chumas aon duine, ná

(b) ní dhéanfaidh aon duine damáiste go toiliúil ná ní fhéachfaidh sé le damáiste a dhéanamh go toiliúil do chóras ná do chuid de chóras a oibríonn ceadúnaí nó soláthraí seirbhíse.

(3) Beidh duine a sháróidh aon fhoráil d'fho-alt (1) nó (2) ciontach i gcion.

(4) San alt seo ciallaíonn “tascradh” i ndáil le seirbhís an tseirbhís, nó cuid den tseirbhís, a sholáthraíonn ceadúnaí nó soláthraí seirbhíse a ghlacadh, a bhreathnú, a éisteacht, a thaifeadadh ar aon mhodh nó substaint nó brí na seirbhíse sin nó na coda sin a fháil gan comhaontú an cheadúnaí nó an tsoláthraí seirbhíse.

Toirmeasc ar úinéir áitribh mar a dtarlaíonn gníomh nó iompar toirmiscthe.

10. —(1) Aon duine is úinéir ar aon áitreabh nó a bhfuil aon áitreabh faoina urláimh nó a bhfuil baint aige le bainisteoireacht an chéanna, ní cheadóidh sé ná ní ligfidh sé, go feasach, d'aon ghníomh nó iompar lena mbaineann alt 9 tarlú ar an áitreabh sin.

(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion.

(3) I gcás go gcruthaítear in imeachtaí i leith ciona faoin alt seo go ndearnadh cion in áitreabh áirithe nó ar áitreabh áirithe agus, tráth déanta an chiona líomhnaithe, gurbh é an cosantóir úinéir an áitribh nó go raibh an t-áitreabh faoina urláimh nó go raibh baint aige le bainisteoireacht an chéanna ansin, measfar, mura bhfuil fianaise leordhóthanach eile ann le ceist a tharraingt anuas cé acu a cheadaigh nó nár cheadaigh an cosantóir déanamh an chiona go feasach, gur cheadaigh sé an cion a dhéanamh nó gur lig sé dó tarlú.

Pionóis.

11. —(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 9 nó 10 dlífear:

(a) ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí mhí nó, de rogha na cúirte, fíneáil nach mó ná £1,000, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó, de rogha na cúirte, fíneáil nach mó ná £20,000, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(2) I gcás comhlacht corpraithe do dhéanamh ciona faoi alt 9 nó 10 agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir ar an gcomhlacht corpraithe nó arb é bainisteoir nó rúnaí an chomhlachta é nó ar oifigeach eile den sórt sin don chomhlacht corpraithe é, nó aon duine a d'airbheartaigh bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach sa chion sin agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne dá réir sin.

(3) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre mar gheall ar chion faoi alt 9 nó 10 den Acht seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de dhá bhliain ó thráth déanta an chiona.

Trealamh a fhorghéilleadh.

12. —(1) Ar dhuine a chiontú go hachomair nó ar é a chiontú ar díotáil i leith ciona faoi alt 9 (1) (c) nó 9 (2) (a) féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar aon trealamh a úsáideadh ag déanamh an chiona a fhorghéilleadh don Aire.

(2) Féadfaidh an tAire déileáil le haon ní a fhorghéillfear amhlaidh, nó an ní sin a dhiúscairt, de réir mar is cuí leis.

(3) Déanfar glan-fháltais aon ní a dhíolfaidh an tAire de bhun an ailt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste ar cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Dualgas cruthúnais.

13. —In imeachtaí mar gheall ar chion faoi alt 9 nó 10 ní gá a bhréagnú le fianaise go bhfuil comhaontú le ceadúnaí nó le soláthraí seirbhíse ar marthain agus dá réir sin is faoin gcosantóir a bheidh sé a chruthú go bhfuil comhaontú den sórt sin ar marthain.

Barántais chuardaigh.

14. —(1) Féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúiche, ar fhaisnéis faoi mhionn ó chomhalta den Gharda Síochána go bhfuil foras réasúnach ann lena chreidiúint go bhfuil cion faoi alt 9 nó 10 á dhéanamh nó déanta in áit shonraithe, barántas cuardaigh a dheonú don chomh alta sin den Gharda Síochána a bheidh sainráite agús a oibreoidh chun a údarú don chomhalta den Gharda Síochána dá ndeonaítear é dul isteach, agus sin le forneart más gá, san áit a bheidh ainmnithe san fhaisnéis a dúradh agus trealamh lena mbaineann alt 9 (1) (c) nó 9 (2) (a) a chuardach ansin agus an trealamh sin go léir a gheofar ansin a scrúdú agus an trealamh sin go léir nó aon chuid de a urghabháil agus a thógáil chun siúil.

(2) (a) Oibreoidh barántas cuardaigh a bheidh deonaithe faoin alt seo chun údarás a thabhairt d'aon duine amháin nó níos mó díobh seo a leanas, eadhon, aon chomhalta den Gharda Síochána nó aon duine a bheidh údaraithe ag an gcomhalta den Gharda Síochána dá ndeonaítear an barántas a bheith ina theannta agus cabhrú leis agus é ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó leis an mbarántas sin.

(b) Féadfaidh an comhalta den Gharda Síochána dá ndeonaítear an barántas aon rud a choinneáil a bheidh urghafa faoin alt seo agus a gcreideann sé gur fianaise é ar aon chion nó cion amhrasta faoi alt 9 (1) (c) nó 9 (2) (a) lena úsáid mar fhianaise in imeachtaí i ndáil le haon chion den sórt sin, go ceann cibé tréimhse is réasúnach ó dháta na hurghabhála nó, má thosaítear imeachtaí ina mbeidh an rud a urghabhadh amhlaidh ag teastáil lena úsáid i bhfianaise, go dtí go mbeidh deireadh leis na himeachtaí, agus déanfaidh an comhalta den Gharda Síochána, a luaithe is féidir, aon rud den sórt sin a sheachadadh ar an duine arb é úinéir an ruda sin é ina thuairim agus i gcás go gcinnfidh an comhalta den Gharda Síochána nach féidir leis an duine sin a fhionnadh, ansin, ar agus ó dháta an chinnidh uaidh, beidh feidhm ag an Police (Property) Act, 1897, maidir leis an rud a urghabhadh amhlaidh.

(3) (a) Aon duine a dhéanfaidh, trí ghníomh nó neamhghníomh, bac nó cosc a chur ar chomhalta den Gharda Síochána nó ar aon duine eile agus é ag feidhmiú cumhachta a bheidh tugtha leis an alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

(b) Aon duine a dhéanfaidh, le hintinn bac nó cosc a chur ar chomhalta den Gharda Síochána nó ar aon duine eile agus é ag feidhmiú cumhachta a bheidh tugtha leis an alt seo, aon rud a shuíomh, a thógáil, a shuiteáil, a choimeád nó a chothabháil, beidh sé ciontach i gcion agus más rud é go leanfar den bhac nó den chosc tar éis an chiontaithe, beidh sé ciontach i gcion breise gach lá a leanfar de amhlaidh.

(c) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

Leigheasanna sibhialta.

15. —(1) I gcás go líomhnóidh ceadúnaí nó soláthraí seirbhíse go bhfuil aon ghníomhaíocht nó iompar a thoirmisctear le halt 9 á dhéanamh, déanta nó go bhfuiltear ar tí é a dhéanamh agus dá dhroim sin gur bhain, go mbaineann nó go bhféadfadh go mbainfeadh damáiste dó, beidh sé i dteideal na leigheasanna seo a leanas a éileamh i gcoinne an duine atá freagrach—

(a) ordú ón Ard-Chúirt nó ón gCúirt Chuarda a shrianfaidh an duine ar an ngníomhaíocht nó ar an iompar a bhfuiltear ag gearán faoi a sheoladh, nó ar fhéachaint lena sheoladh;

(b) damáistí nó, de rogha an ghearánaí, cuntas brabús.

(2) Is le foriarratas a dhéanfar iarratas chun na hArd-Chúirte nó chun na Cúirte Cuarda ar ordú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus féadfaidh an chúirt, agus an t-ábhar á bhreithniú aici, cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach (más ann) a dhéanamh a cheapann sí is iomchuí.

(3) Aon iarratas chun na Cúirte Cuarda faoi fho-alt (1) déanfar é chun an bhreithimh den Chuaird mar a líomhnaítear an ghníomhaíocht nó an t-iompar a bheith á dhéanamh nó déanta nó ar tí a dhéanta nó mar a gcónaíonn an duine a líomhnaítear a bheith freagrach.

Forálacha a leathnú.

16. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú, faoi réir cibé eisceachtaí is dóigh leis is cuí, forálacha ailt 9 go 15 a leathnú (faoi réir cibé modhnuithe is dóigh leis is cuí) chuig aon aicme sheirbhíse a tharchuirtear le raidió-theileagrafaíocht ar seirbhís í a mbeartaíonn an soláthraí seirbhíse nach nglacfaidh í ach daoine a íocfaidh táille leis an soláthraí seirbhíse.

(2) Baineann an t-alt seo le haon aicme sheirbhíse, cibé acu a tharchuirtear í ó áit laistigh nó lasmuigh den Stát, a tharchuirtear trí tharchur clár incriptithe.

(3) San alt seo ciallaíonn an téarma “tarchur clár incriptithe” tarchur i bhfoirm trína ndéantar na clos-sainghnéithe nó na hamharcshainghnéithe (nó iad araon) a mhodhnú nó a athrú d'fhonn cosc a chur le glacadh neamhúdaraithe an tarchuir sin ag daoine gan trealamh údaraithe atá deartha chun éifeachtaí an mhodhnaithe nó an athraithe sin a chealú.

(4) Féadfaidh an tAire le hordú aon ordú a dhéanfaidh sé faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(5) I gcás go mbeartaítear ordú a dhéanamh faoin alt seo leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach.

Leasú ar Acht 1926.

17. —(1) D'fhonn amhras a sheachaint, féadfaidh an tAire, má dhealraíonn sé dó gurb iomchuí é ar mhaithe le húsáid éifeachtúil ordúil na raidió-theileagrafaíochta, teorainn a chur leis an líon ceadúnas i leith aon aicme nó aicmí ar leith gairis le haghaidh raidiótheileagrafaíochta a dheonaítear de bhun alt 5 d'Acht 1926.

(2) Leasaítear leis seo Acht 1926 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 6 (2):

“(2A) Má cheapann an tAire é bheith fóirsteanach féadfaidh sé, trí ionstraim i scríbhinn, aitheantas mar cheadúnas bailí a thabhairt do cheadúnas a d'eisigh tír eile i leith aicme nó aicmí gairis le haghaidh raidiótheileagrafaíochta, faoi réir cibé coinníollacha nó srianta maidir le húsáid an ghairis sin is cuí leis an Aire.”.

Leasú ar an Acht Craolacháin agus Raidió-Theileagrafaíochta, 1988.

18. —Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 6 den Acht Craolacháin agus Raidió-Teileagrafaíochta, 1988, trí na focail “nó faoi alt 3 d'Acht 1926 arna leasú le halt 12 den Acht seo” a chur isteach tar éis na bhfocal “alt 3, 4 nó 5 den Acht seo”.

Aisghairm.

19. —Aisghairtear leis seo gach achtachán de na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a mhéid a thaispeántar sa tríú colún den Sceideal sin.

Gearrtheideal.

20. —Féadfar an tAcht Craolacháin, 1990 , a ghairm den Acht seo.