37 1990

/images/harp.jpg


Uimhir 37 de 1990


AN tACHT UM IONTAOBHAIS AONAD, 1990


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Neamhfheidhm an Achta seo maidir le gnóthais áirithe.

3.

Clár de scéimeanna iontaobhais aonad údaraithe.

4.

Scéimeanna iontaobhais aonad a údarú.

5.

Cumhachtaí an Bhainc.

6.

Diúltú údarú a thabhairt.

7.

Athrú ar ghníomhas iontaobhais, nó athrú ar ainm, scéime iontaobhais aonad údaraithe.

8.

Ionadú ar chuideachta bhainisteoireachta nó iontaobhaí.

9.

Toirmeasc ar dhíol nó ar cheannach aonad de chuid scéimeanna iontaobhais aonad neamhúdaraithe agus scéimeanna áirithe dá samhail.

10.

Toirmeasc ar fhógraíocht áirithe i ndáil le scéimeanna iontaobhais aonad neamhúdaraithe agus scéimeanna áirithe dá samhail.

11.

Sócmhainní scéimeanna iontaobhais aonad.

12.

É a bheith d'oibleagáid ar chuideachtaí bainisteoireachta faoi scéimeanna iontaobhais aonad aonaid a cheannach.

13.

Toirmeasc ar chuideachtaí bainisteoireachta faoi scéimeanna iontaobhais aonad agus ar dhaoine áirithe eile do dhéanamh idirbheart áirithe agus brabús áirithe.

14.

Dliteanas iontaobhaithe faoi scéimeanna iontaobhais aonad údaraithe.

15.

Forálacha áirithe de Rialacháin UCITS a oiriúnú.

16.

Cionta i ndáil le comhlachtaí áirithe.

17.

Cionta faoi fhorálacha an Achta seo agus faoi Rialacháin UCITS.

18.

Pionóis.

19.

Caiteachais an Aire.

20.

Aisghairm an Achta um Iontaobhais Aonad, 1972, agus forálacha iarmhartacha.

21.

Gearrtheideal.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 93

An tAcht Cáirde Tionnscail, 1933

1933, Uimh. 25

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Acht an Bhainc Ceannais, 1971

1971, Uimh. 24

An tAcht um Iontaobhais Aonad, 1972

1972, Uimh. 17

Acht na gComhphobal Eorpach, 1972

1972, Uimh. 27

Acht an Bhainc Ceannais, 1989

1989, Uimh. 16

An tAcht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989

1989, Uimh. 21

/images/harp.jpg


Uimhir 37 de 1990


AN tACHT UM IONTAOBHAIS AONAD, 1990

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ NUA, AR MHAITHE LE LEAS AN PHOBAIL AGUS LE SEALBHÓIRÍ AR AONAID DE CHUID SCÉIMEANNA IONTAOBHAIS AONAD, CHUN NA SCÉIMEANNA SIN A RIALÚ AGUS A RIAL-ÁIL, DÁ THOIRMEASC IN IMTHOSCA ÁIRITHE NA SCÉIMEANNA SIN, NÓ SCÉIMEANNA COMHCHIN-EÁLACHA, A FHÓGAIRT AGUS AONAID DÁ gCUID A DHÍOL NÓ A CHEANNACH, D'AISGHAIRM AN ACHTA UM IONTAOBHAIS AONAD, 1972 , AGUS DO DHÉAN-AMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [26 Nollaig, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1972” an tAcht um Iontaobhais Aonad, 1972 ;

ciallaíonn “scéim iontaobhais aonad údaraithe” scéim iontaobhais aonad atá údaraithe ag an mBanc faoi alt 4 agus déanfar “údarú”, i ndáil le scéim iontaobhais aonad, a fhorléiriú dá réir sin;

ciallaíonn “an Banc” Banc Ceannais na hÉireann;

ciallaíonn “cuideachta” cuideachta de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 , nó cuideachta a corpraíodh sa Stát le reacht nó le cairt;

folaíonn “sárú”, i ndáil le haon fhoráil, mainneachtain déanamh de réir na forála sin, agus déanfar “sáraigh” a fhorléiriú dá réir sin;

ciallaíonn “bintiúir” aon bhintiúir, stoc bintiúir nó bannaí de chuid aon chomhlachta chorpraithe, atá corpraithe sa Stát nó lasmuigh den Stát, cibé acu atá siad ina muirear ar shócmhainní an chomhlachta nó nach bhfuil;

tá le “na Comhphobail Eorpacha” an bhrí chéanna atá leis in alt 1 d'Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 ;

tá le “cuideachta shealbhaíochta” an bhrí chéanna atá leis in Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn “an clár” an clár arna bhunú agus arna chothabháil faoi alt 3;

ciallaíonn “urrúis”—

(a) scaireanna nó bintiúir, nó cearta nó leasanna (cibé acu is mar aonaid nó ar shlí eile a thuairiscítear iad) in aon scaireanna nó bintiúir, nó

(b) urrúis de chuid an Rialtais nó de chuid rialtas aon tíre nó críche lasmuigh den Stát, nó

(c) cearta (iarbhír nó teagmhasach) i leith airgead a tugadh ar iasacht d'aon sealbhóir ceadúnais faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 , d'aon chumann tionscail agus coigiltis, d'aon chara-chumann, d'aon chumann foirgníochta, do Chorparáid an Chairde Talmhaíochta cuideachta phoiblí theoranta, don chuideachta a foirmíodh agus a cláraíodh de bhua alt 2 den Acht Cáirde Tionnscail, 1933 , do Bhanc Taisce an Phoist nó d'aon bhanc taisce iontaobhais (de réir bhrí an Achta um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989 ) nó a taisceadh le haon cheann acu sin;

ciallaíonn “scaireanna” scaireanna i scairchaipiteal comhlachta chorpraithe nó i stoc comhlachta chorpraithe;

tá le “fochuideachta” an bhrí chéanna atá leis in Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

ciallaíonn “gníomhas iontaobhais” an gníomhas ina sainítear an t-iontaobhas nó na hiontaobhais a cruthaíodh de bhun scéime iontaobhais aonad agus déanfar tagairtí do ghníomhas iontaobhais scéime iontaobhais aonad a fhorléiriú dá réir sin;

ciallaíonn “Rialacháin UCITS” Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnóthais le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe), 1989 (I.R. Uimh. 78 de 1989);

ciallaíonn “sealbhóir aonad” an sealbhóir ar aonad amháin nó níos mó de scéim iontaobhais aonad agus déanfar tagairtí do shealbhóir aonad i scéim den sórt sin a fhorléiriú dá réir sin;

ciallaíonn “aonaid”, i ndáil le scéim iontaobhais aonad, aon aonaid (cibé acu is mar aonaid nó ar shlí eile a thuairiscítear iad) a bhfuil na leasanna tairbhiúla sna sócmhainní roinnte iontu faoi réir aon iontaobhais a cruthaíodh faoin scéim;

ciallaíonn “scéim iontaobhais aonad” aon chomhshocraíocht a dhéantar chun saoráidí a sholáthar, nó arb é is éifeacht di saoráidí a sholáthar, le go mbeadh an pobal páirteach, mar thairbhithe faoi iontaobhas, i mbrabúis nó in ioncam as urrúis nó as maoin ar bith eile a fháil, a shealbhú, a bhainistiú nó a dhiúscairt.

(2) Déanfar aon tagairt san Acht seo do chuideachta bhainisteoireachta faoi scéim iontaobhais aonad nó d'iontaobhaí faoi scéim den sórt sin a fhorléiriú mar thagairt don duine a ndílsítear dó na cumhachtaí bainisteoireachta i ndáil le maoin atá, de thuras na huaire, faoi réir aon iontaobhais a cruthaíodh de bhun na scéime nó, de réir mar a bheidh, don duine a ndílsítear an mhaoin sin dó nó ar féidir í a dhílsiú dó de réir théarmaí an iontaobhais.

(3) Aon tagairt san Acht seo d'údarú, i ndáil le scéim iontaobhais aonad, arna chúlghairm faoin Acht seo forléireofar í mar thagairt d'údarú arna chúlghairm faoi Rialachán 102 (arna oiriúnú le halt 15) de Rialacháin UCITS.

(4) Chun críocha forálacha áirithe de Rialacháin UCITS a chur in oiriúint, le halt 15, do scéimeanna iontaobhais aonad, forléireofar na forálacha sin mar aon ní amháin leis an Acht seo.

(5) San Acht seo—

(a) aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo agus aon tagairt d'fho-alt is tagairt í don fho-alt den alt ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe;

(b) déanfar tagairt d'aon achtachán eile a fhorléiriú, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

Neamhfheidhm an Achta seo maidir le gnóthais áirithe.

2. —Ní bheidh feidhm ag forálacha an Achta seo maidir le gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (de réir bhrí Rialacháin UCITS) atá údaraithe faoi na Rialacháin sin nó ag údarás inniúil i mballstát eile de chuid na gComhphobal Eorpach de réir Threoir 85/611/CEE ón gComhairle dar dháta 20 Nollaig, 19851 (arna leasú le Treoir 88/220/CEE ón gComhairle dar dháta 22 Márta, 19882 ).

Clár de scéimeanna iontaobhais aonad údaraithe.

3. —(1) Bunóidh an Banc agus cothabhálfaidh sé clár de scéimeanna iontaobhais aonad údaraithe.

(2) Beidh an clár ar fáil lena iniúchadh d'aon chomhalta den phobal ar é d'íoc cibé táille a shonróidh an Banc.

(3) Beidh an clár a bunaíodh agus a chothabháiltear faoi alt 2 d'Acht 1972 (a aisghairtear leis an Acht seo) ina chuid den chlár.

(4) Déanfaidh an Banc, laistigh de 21 lá tar éis an dáta a n-údaróidh sé scéim iontaobhais aonad faoi alt 4, fógra chuige sin a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

(5) Foilseoidh an Banc ó am go ham, ach uair sa bhliain ar a laghad, i cibé caoi is cuí leis, ainmneacha na scéimeanna iontaobhais aonad go léir atá údaraithe aige faoi alt 4 agus nach bhfuil a n-údarú cúlghairthe faoin Acht seo.

(6) Beidh ar áireamh i dtuarascáil an Bhainc faoi alt 20 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1989 , tuairisc ar fheidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo.

Scéimeanna iontaobhais aonad a údarú.

4. —(1) Ar iarratas a bheith déanta chun an Bhainc de réir an ailt seo ag an gcuideachta bhainisteoireachta agus ag an iontaobhaí faoi scéim iontaobhais aonad, údaróidh an Banc an scéim más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin—

(a) go mbeidh an Banc sásta go bhfuil inniúlacht na cuideachta bainisteoireachta agus an iontaobhaí i leith nithe den sórt a mbeadh plé acu leo i ndáil le scéim iontaobhais aonad, agus a n-ionracas, de chineál a thabharfadh go mbeidís oiriúnach chun gníomhú mar chuideachta bhainisteoireachta agus mar iontaobhaí, faoi seach, faoin scéim,

(b) gurb é is cuideachta bhainisteoireachta faoin scéim comhlacht corpraithe atá corpraithe faoi dhlí an Stáit nó aon bhallstáit eile de chuid na gComhphobal Eorpach, gur leor, i dtuairim an Bhainc, na hacmhainní airgeadais atá ar fáil dó chun a chumasú dó a chuid gnó a sheoladh go héifeachtach agus freastal dá dhliteanais, agus go mbeidh sé in ann aon choinníollacha a fhorchuirfidh an Banc faoi alt 5 a chomhlíonadh,

(c) gurb é is iontaobhaí faoin scéim comhlacht corpraithe atá corpraithe faoi dhlí an Stáit nó aon bhallstáit eile de chuid na gComhphobal Eorpach agus—

(i) gur leor, i dtuairim an Bhainc, na hacmhainní airgeadais atá ar fáil dó chun a chumasú dó a chuid gnó a sheoladh go héifeachtach agus freastal dá dhliteanais,

(ii) go mbeidh sé in ann aon choinníollacha a fhorchuirfidh an Banc faoi alt 5 a chomhlíonadh, agus

(iii) gur dheimhnigh sé don Bhanc go bhfuil an saineolas agus an taithí iomchuí aige chun a fheidhmeanna a chomhall faoin Acht seo,

(d) go mbeidh an Banc sásta gur scéim í de chineál a thabharfadh go ndéanfar rialú éifeachtach ar ghnóthaí na cuideachta bainisteoireachta agus ar ghnóthaí an iontaobhaí faoin scéim a fheidhmiú go neamhspleách ar a chéile,

(e) go mbeidh an Banc sásta gur scéim í de chineál a áiritheoidh go ndéanfar gach iontaobhas a chruthófar de bhun na scéime a shainiú i ngníomhas a chomhlíonann forálacha an Achta seo agus go mbeidh cúnant sa ghníomhas á fhoráil go seolfar an scéim i gcomhlíonadh fhorálacha an Achta seo,

(f) go ndéanfar cóip den ghníomhas réamhráite a thaisceadh leis an mBanc, agus,

(g) nach ainm míchuibhiúil, i dtuairim an Bhainc, ainm na scéime.

(2) Féadfaidh an tAire a ordú don Bhanc aon údarú a thabharfaidh sé faoin alt seo a chur faoi réir coinníollacha nó ceanglas d'fhorchur aige mar a bheidh sonraithe ag an Aire san ordachán uaidh (ar coinníollacha nó ceanglais iad a bhaineann le cibé nithe, ar deimhin leis an Aire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus leis an mBanc, nach gcuireann siad srian le maoirseacht stuama scéime ag an mBanc) agus, dá réir sin, cuirfidh an Banc an t-údarú sin faoi réir gach coinníll nó ceanglais a bheidh sonraithe amhlaidh.

(3) Féadfaidh ordachán faoi fho-alt (2) baint a bheith aige le scéimeanna iontaobhais aonad i gcoitinne, le scéimeanna d'aicme áirithe nó le scéim áirithe.

(4) Comhlíonfaidh an chuideachta bhainisteoireachta agus an t-iontaobhaí faoi scéim iontaobhais aonad údaraithe aon choinníollacha nó ceanglais a fhorchuirfidh an Banc faoi fho-alt (2) agus is infheidhme i leith na scéime sin.

(5) Is i scríbhinn a dhéanfar aon iarratas go n-údarófaí scéim iontaobhais aonad agus beidh cibé faisnéis ann a shonróidh an Banc d'fhonn an t-iarratas a chinneadh (lena n-áirítear cibé faisnéis bhreise a shonróidh an Banc i gcúrsa an t-iarratas a chinneadh).

(6) Má údaraíonn an Banc scéim iontaobhais aonad ní bheidh an t-údarú sin ann féin ina bharánta ar thaobh an Bhainc maidir le feidhmiú na scéime agus ní bheidh an Banc faoi dhliteanas maidir le feidhmiú nó mainneachtain na scéime.

Cumhachtaí an Bhainc.

5. —(1) D'ainneoin aon chumhachtaí eile a bheidh ar fáil ag an mBanc faoi aon achtachán eile, féadfaidh an Banc cibé coinníollacha a fhorchur le haghaidh údarú scéime iontaobhais aonad faoi alt 4 is dóigh leis is iomchuí agus is stuama chun críocha rialáil ordúil chuí a dhéanamh ar ghnó scéimeanna iontaobhais aonad.

(2) Maidir leis an gcumhacht chun coinníollacha a fhorchur dá dtagraítear i bhfo-alt (1), áireofar uirthi an chumhacht chun cibé coinníollacha a fhorchur ó am go ham, maidir leis an gcaoi ina n-oibreofar gnó aon scéime iontaobhais aonad a údarófar faoi alt 4, de réir mar is dóigh leis an mBanc is iomchuí agus is stuama chun na gcríoch dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

(3) Féadfar coinníollacha a fhorchuirfear faoin alt seo a fhorchur go ginearálta nó ar scéim iontaobhais aonad áirithe, nó faoi threoir aicmí áirithe scéime, nó faoi threoir aon ní eile is dóigh leis an mBanc is iomchuí agus is stuama chun na gcríoch dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1), (2) agus (3), féadfar foráil a dhéanamh, i gcoinníollacha a fhorchuirfidh an Banc ar scéim iontaobhais aonad, le haghaidh aon ní nó gach ní díobh seo a leanas—

(a) riachtanais stuama bheartais infheistíochta na scéime,

(b) beartais na scéime maidir le hairgead a fháil ar iasacht,

(c) réamheolairí agus faisnéis eile a scaiptear i ndáil leis an scéim,

(d) cibé ceanglais agus coinníollacha eile, ó thaobh maoirsiú agus tuairisciú de, a bhaineann lena gnó.

(5) Féadfaidh an Banc aon choinníoll a bheidh forchurtha aige faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(6) Comhlíonfaidh an chuideachta bhainisteoireachta agus an t-iontaobhaí faoi scéim iontaobhais aonad údaraithe aon choinníollacha a fhorchuirfidh an Banc faoin alt seo agus is infheidhme i leith na scéime sin.

Diúltú údarú a thabhairt.

6. —(1) I gcás ina gcinnfidh an Banc ar dhiúltú údarú a thabhairt do scéim iontaobhais aonad faoi alt 4, cuirfidh sé a chinneadh, agus na fáthanna a bhí leis, in iúl don chuideachta bhainisteoireachta agus don iontaobhaí faoin scéim. Féadfaidh an chuideachta bhainisteoireachta nó an t-iontaobhaí iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte de réir Rialachán 105 (arna oiriúnú le halt 15) de Rialacháin UCITS.

(2) Beidh an ceart céanna ag an gcuideachta bhainisteoireachta nó ag an iontaobhaí iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte atá acu i bhfo-alt (1) mura mbeidh cinneadh i dtaobh údarú faoi alt 4 déanta ag an mBanc laistigh de 6 mhí tar éis iarratas ar údarú a bheith curtha faoina bhráid, ar iarratas é ina bhfuil an fhaisnéis, seachas aon fhaisnéis bhreise, a bheidh sonraithe ag an mBanc faoi fho-alt (5) den alt sin.

Athrú ar ghníomhas iontaobhais, nó athrú ar ainm, scéime iontaobhais aonad údaraithe.

7. —(1) Ní dhéanfar aon athrú ar ghníomhas iontaobhais scéime iontaobhais aonad údaraithe, ná ní athrófar ainm scéime den sórt sin, gan ceadú ón mBanc agus beidh aon duine a dhéanfaidh athrú mar a dúradh, gan an ceadú sin a fháil, ciontach i gcion.

(2) Laistigh de 21 lá tar éis athrú a dhéanamh ar ghníomhas iontaobhais scéime iontaobhais aonad údaraithe nó tar éis ainm scéime den sórt sin a athrú, déanfaidh an chuideachta bhainisteoireachta faoin scéim cóip den ghníomhas arna athrú amhlaidh, nó ina mbeidh na hathruithe nó (de réir mar a bheidh) sonraí an athraithe ar an ainm, a thaisceadh leis an mBanc.

(3) I gcás ina mainneoidh an chuideachta bhainisteoireachta faoi scéim iontaobhais aonad údaraithe déanamh de réir fho-alt (2), beidh sí ciontach i gcion.

Ionadú ar chuideachta bhainisteoireachta nó iontaobhaí.

8. —(1) Ní chuirfear cuideachta bhainisteoireachta eile ná iontaobhaí eile (de réir mar a bheidh) in ionad na cuideachta bainisteoireachta nó an iontaobhaí faoi scéim iontaobhais aonad údaraithe gan ceadú an Bhainc.

(2) Sonrófar i ngníomhas iontaobhais scéime iontaobhais aonad údaraithe na coinníollacha faoinar féidir, agus an nós imeachta a leanfar maidir le, cuideachta bhainisteoireachta nó iontaobhaí eile a chur in ionad na cuideachta bainisteoireachta nó an iontaobhaí faoin scéim (lena n-áirítear ionadú den sórt sin ag an mBanc faoi fho-alt (3)) agus beidh forálacha ann chun a áirithiú go gcosnófar sealbhóirí aonad i gcás ionadú ar bith den sórt sin.

(3) Féadfaidh an Banc más dealraitheach dó gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh ar mhaithe le leasanna sealbhóirí aonad nó sealbhóirí aonad ionchasacha i scéim iontaobhais aonad údaraithe, cuideachta bhainisteoireachta nó iontaobhaí eile a chur in ionad na cuideachta bainisteoireachta nó an iontaobhaí faoin scéim.

(4) I gcás ina mbeartóidh an Banc cuideachta bhainisteoireachta nó iontaobhaí a ionadú faoi fho-alt (3), tabharfaidh sé fógra á rá go bhfuil beartaithe aige é sin a dhéanamh don chuideachta bhainisteoireachta nó don iontaobhaí, de réir mar a bheidh, agus beidh ráiteas san fhógra sin i dtaobh na gcúiseanna go mbeartaíonn an Banc gníomhú agus i dtaobh cheart na cuideachta bainisteoireachta nó an iontaobhaí (de réir mar a bheidh) faoi fho-alt (5) uiríll a dhéanamh.

(5) Aon chuideachta bhainisteoireachta nó iontaobhaí dá dtabharfar fógra faoi fho-alt (4) féadfaidh sé, laistigh de 30 lá ón dáta ar a dtabharfar an fógra, uiríll a dhéanamh i scríbhinn chun an Bhainc.

(6) Beidh aird ag an mBanc ar aon uiríll a bheidh déanta chuige de réir fho-alt (5) le linn dó bheith ag cinneadh ar chóir an chuideachta bhainisteoireachta nó an t-iontaobhaí a ionadú.

(7) Féadfaidh an chuideachta bhainisteoireachta nó an t-iontaobhaí (de réir mar a bheidh) iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte de réir Rialachán 105 (arna oiriúnú le halt 15) de Rialacháin UCITS i gcás ina n-ionadóidh an Banc an chuideachta bhainisteoireachta nó an t-iontaobhaí faoin alt seo.

(8) An tráth a dhéanfaidh an Banc ionadú faoin alt seo ar chuideachta bhainisteoireachta nó ar iontaobhaí faoi scéim iontaobhais aonad údaraithe, scoirfidh an chuideachta bhainisteoireachta sin nó an t-iontaobhaí sin (de réir mar a bheidh) d'oifig a shealbhú mar chuideachta bhainisteoireachta nó mar iontaobhaí faoin scéim agus, i gceachtar cás, is é an chuideachta bhainisteoireachta nua nó an t-iontaobhaí nua (de réir mar a bheidh) a fheidhmeoidh agus a chomhallfaidh a chuid cumhachtaí agus dualgas faoin scéim.

Toirmeasc ar dhíol nó ar cheannach aonad de chuid scéimeanna iontaobhais aonad neamhúdaraithe agus scéimeanna áirithe dá samhail.

9. —(1) Ní dhéanfaidh an chuideachta bhainisteoireachta ná an t-iontaobhaí (más ann) faoi—

(a) scéim iontaobhais aonad (seachas scéim lena mbaineann fo-alt (2)) nach scéim iontaobhais aonad údaraithe, nó

(b) scéim ar comhshocraíocht í de chineál (nach comhshocraíocht lena mbaineann fo-alt (2)) a dhéantar go hiomlán nó go formhór chun saoráidí a sholáthar, nó arb é is éifeacht di go hiomlán nó go formhór saoráidí a sholáthar, le go mbeadh an pobal páirteach mar thairbhithe (seachas faoi iontaobhas nó trí chomhaltas de chuideachta, de chumann foirgníochta, de chara-chumann nó de chumann tionscail agus coigiltis) i mbrabúis nó in ioncam a thig as urrúis nó as aon mhaoin ar bith eile a fháil, a shealbhú, a bhainistiú nó a dhiúscairt,

ná aon duine a mbeidh plé aige le bainisteoireacht nó maoirsiú aon scéime acu sin, aonaid den scéim a dhíol ná a cheannach, ná sireadh a dhéanamh i ndáil le díol nó ceannach den sórt sin, gan ceadú an Bhainc (ar ceadú é a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an mBanc a fhorchur).

(2) Baineann an fo-alt seo le scéim iontaobhais aonad nó le comhshocraíocht a dhéantar go hiomlán nó go formhór chun saoráidí a sholáthar, nó arb é is éifeacht di go hiomlán nó go formhór saoráidí a sholáthar, le go mbeadh an pobal páirteach, mar thairbhithe faoi iontaobhas, nó (i gcás comhshocraíochta) seachas faoi iontaobhas, i mbrabúis nó in ioncam a thig as urrúis nó as aon mhaoin ar bith eile a fháil, a shealbhú, a bhainistiú nó a dhiúscairt agus atá á riaradh ag sealbhóir ar údarú faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil). 1984 (I.R. Uimh. 57 de 1984) agus ar gá, d'fhonn bheith páirteach ann, polasaí árachais ar shaol duine a bhaint amach.

(3) Ní bhaineann an toirmeasc i bhfo-alt (1) le haonaid de scéim iontaobhais aonad, a bhfuil a húdarú faoin Acht seo cúlghairthe, a cheannach ó shealbhóir aonad.

(4) Aon duine a dhíolfaidh nó a cheannóidh aonaid, nó a dhéanfaidh sireadh i ndáil le díol nó ceannach den sórt sin, de shárú ar fho-alt (1) (cibé acu toisc nach bhfuarthas ceadú an Bhainc faoin bhfo-alt sin ina leith nó toisc nár comhlíonadh aon choinníoll a bhfuil an ceadú faoina réir), beidh sé ciontach i gcion.

Toirmeasc ar fhógraíocht áirithe i ndáil le scéimeanna iontaobhais aonad neamhúdaraithe agus scéimeanna áirithe dá samhail.

10. —(1) Ní dhéanfar, gan ceadú an Bhainc (ar ceadú é a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an mBanc a fhorchur) fógráin i ndáil le scéim, nó fógráin a thagraíonn do scéim, lena mbaineann mír (a) nó (b) d'alt 9 (1), a fhoilsiú ná a chur in iúl.

(2) (a) Aon uair a shuífear chun sástacht an Bhainc, maidir le nuachtán nó iris a chlóitear lasmuigh den Stát nach léitear, i dtuairim an Bhainc, go fairsing sa Stát, gur ghá chun an t-alt seo a chomhlíonadh eagrán speisialta den nuachtán nó den iris a tháirgeadh le haghaidh cúrsaíocht sa Stát agus go gcuirfeadh costas an táirgthe sin ualach ar úinéir an nuachtáin nó na hirise a bheadh trom thar cuimse sna himthosca go léir, féadfaidh an Banc fógráin a fhoilsítear sa nuachtán nó san iris a dhíolmhú ó fheidhm an ailt seo.

(b) Beidh díolúine faoin bhfo-alt seo faoi réir cibé coinníollacha, más aon choinníollacha iad, a fhorchuirfidh an Banc agus a shonróidh sé sa díolúine agus mairfidh a ré gan teorainn maidir le ham nó go ceann cibé tréimhse a shonróidh an Banc sa díolúine.

(c) Féadfaidh an Banc díolúine faoin bhfo-alt seo a chúlghairm, coinníollacha a fhorchur a mbeidh díolúine den sórt sin a tugadh cheana faoina réir, aon choinníollacha a sonraíodh i ndíolúine den sórt sin a leasú, sonrú a dhéanamh, maidir le díolúine den sórt sin nach bhfuil teorainn ama lena ré, ar an tráth a rachaidh sé in éag nó an tréimhse a mhairfidh díolúine den sórt sin a athrú.

(d) Aon uair a fheidhmeoidh an Banc cumhacht faoin bhfo-alt seo, foilseofar san Iris Oifigiúil fógra faoin bhfeidhmiú sin agus faoina chineál agus ainm an nuachtáin nó na hirise lena mbaineann sé.

(3) I gcás go bhfoilseofar nó go gcuirfear in iúl fógrán de shárú ar fho-alt (1) (cibé acu toisc nach bhfuarthas ceadú an Bhainc faoi fho-alt (1), nó díolúine uaidh faoi fho-alt (2), ina leith nó toisc nár comhlíonadh aon choinníoll a bhfuil an ceadú nó an díolúine faoina réir), beidh an duine a fhoilsíonn nó a chuireann in iúl an fógrán agus aon duine a thugann an foilsiú nó an cur in iúl sin chun críche ciontach araon i gcion.

(4) San alt seo folaíonn “fógrán” aon ní lena mbaineann an t-alt seo a mholadh ar gach slí, lena n-áirítear go háirithe aon ní den sórt sin a thaispeáint nó a fhoilsiú trí bhileoigín, fógra, ciorclán, paimfléad, bróisiúr, fótagraf, scannán, fístaifead, fuaimchraoladh, teilifís, cumarsáid leictreonach nó canbhasáil phearsanta.

Sócmhainní scéimeanna iontaobhais aonad.

11. —(1) Is sócmhainní de scéim iontaobhais aonad na fáltais as aon aonaid den scéim a dhíol ag an gcuideachta bhainisteoireachta faoin scéim agus aon ioncam i leith sócmhainní na scéime nach bhfuil dáilte ar na sealbhóirí aonad sa scéim agus beidh na sócmhainní sin faoina réir ag an gcuideachta bhainisteoireachta, agus déileálfaidh sí leo, de réir na n-iontaobhas a cruthaíodh faoin scéim.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) le díol a dhéanfaidh cuideachta bhainisteoireachta ar aonaid de scéim iontaobhais aonad a bheidh ceannaithe aici ar a cuntas féin, a mhéid a shonróidh an Banc i gcoinníoll a fhorchuirfidh an Banc faoi alt 5.

(3) Beidh cuideachta bhainisteoireachta a sháróidh forálacha fho-alt (1) ciontach i gcion.

É a bheith d'oibleagáid ar chuideachtaí bainisteoireachta faoi scéimeanna iontaobhais aonad aonaid a cheannach.

12. —(1) Faoi réir Rialachán 63 (arna oiriúnú le halt 15) de Rialacháin UCITS agus fho-alt (2), aon uair a iarrfaidh an sealbhóir aonad i scéim iontaobhais aonad údaraithe, nó i scéim ar cúlghaireadh a húdarú faoin Acht seo, amhlaidh, déanfaidh an chuideachta bhainisteoireachta faoin scéim, a luaithe is féidir, cibé líon de na haonaid den scéim a bheidh á sealbhú ag an sealbhóir aonaid a shonróidh an duine sin a cheannach ar an bpraghas ar a gceannaíonn an chuideachta bhainisteoireachta aonaid den scéim de thuras na huaire.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) a mhéid a shonróidh an Banc i gcoinníoll a fhorchuirfidh sé faoi alt 5.

(3) Beidh cuideachta bhainisteoireachta a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion.

Toirmeasc ar chuideachtaí bainisteoireachta faoi scéimeanna iontaobhais aonad agus ar dhaoine áirithe eile do dhéanamh idirbheart áirithe agus brabús áirithe.

13. —(1) Ní dhéanfaidh cuideachta bhainisteoireachta faoi scéim iontaobhais aonad ná, más comhlacht corpraithe an chuideachta bhainisteoireachta, ní dhéanfaidh fochuideachta ná cuideachta shealbhaíochta de chuid an chomhlachta sin ná fochuideachta de chuid chuideachta shealbhaíochta an chomhlachta sin, ná stiúrthóir ná duine atá ag gabháil do bhainisteoireacht comhlachta nó cuideachta den sórt sin, idirbhearta a sheoladh dó féin nó di féin, ná brabús a dhéanamh dó féin nó di féin as idirbhearta, in aon sócmhainní a shealbhaítear faoin scéim.

(2) Ní dhéanfaidh cuideachta bhainisteoireachta nó iontaobhaí faoi scéim iontaobhais aonad (nach scéim iontaobhais aonad lena mbaineann alt 9 (2)) nó, más comhlacht corpraithe an chuideachta bhainisteoireachta nó an t-iontaobhaí, ní dhéanfaidh fochuideachta ná cuideachta shealbhaíochta an chomhlachta sin, ná fochuideachta de chuid chuideachta shealbhaíochta an chomhlachta sin—

(a) airgead a fháil ar iasacht thar ceann na scéime chun urrúis nó maoin eile a fháil don scéim, ná

(b) airgead atá faoi réir iontaobhais na scéime a thabhairt ar iasacht do dhuine le go bhféadfaidh sé aonaid den scéim a cheannach, ná

(c) aon urrúis nó aon mhaoin eile atá faoi réir iontaobhais na scéime a chur faoi mhorgáiste ná faoi mhuirear ná aon eire eile a chur orthu.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) nó (2) a mhéid a shonróidh an Banc i gcoinníoll a fhorchuirfidh sé faoi alt 5.

(4) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (2) maidir le hiontaobhaí faoi scéim iontaobhais aonad lena mbaineann an fo-alt sin nó, más comhlacht corpraithe, an t-iontaobhaí sin le fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta de chuid an chomhlachta sin, nó le fochuideachta de chuid chuideachta shealbhaíochta an chomhlachta sin, go dtí an lá atá 3 mhí tar éis dháta rite an Achta seo.

(5) Beidh duine a sháróidh an t-alt seo ciontach i gcion.

Dliteanas iontaobhaithe faoi scéimeanna íontaobhais aonad údaraithe.

14. —(1) Aon fhoráil i ngníomhas iontaobhais scéime iontaobhais aonad údaraithe beidh sí ar neamhní sa mhéid go mbeadh d'éifeacht léi an t-iontaobhaí faoin scéim a dhíolmhú ó dhliteanas, nó a shlánú in aghaidh dliteanais, i leith sárú iontaoibhe más rud é, ag féachaint d'fhorálacha an ghníomhais iontaobhais lena dtugtar dó aon chumh achtaí, údaráis nó discréidí, nach dtaispeánann sé an méid cúraim agus dúthrachta ba ghá dó mar iontaobhaí.

(2) Ní dhéanfaidh fo-alt (1) den alt seo neamhbhailí—

(a) aon scaoileadh a thugtar thairis sin go bailí i leith aon ní a rinne iontaobhaí nó a mhainnigh sé a dhéanamh sular tugadh an scaoileadh; ná

(b) aon fhoráil lena gcumasaítear scaoileadh den sórt sin a thabhairt—

(i) ar aontú leis sin ag tromlach de na sealbhóirí aonad a shealbhaíonn méid nach lú ná 75 faoin gcéad de réir luacha de na haonaid, arna n-éisiúint, den scéim iontaobhais aonad iomchuí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh i bpearsa nó, i gcás ina gceadaítear seachvótáil, trí sheachvótáil ag cruinniú a thionólfar chun na críche sin, agus

(ii) maidir le sainghníomhartha nó sainmhainneachtainí nó maidir leis an iontaobhaí d'fháil bháis nó do scor de ghníomhú.

(3) Ní oibreoidh fo-alt (1)—

(a) chun aon fhoráil a bheidh i bhfeidhm ar an 15ú lá de Mheitheamh, 1973, a dhéanamh neamhbhailí fad a fhanfaidh aon duine ina iontaobhaí ar an ngníomhas a bheidh i gceist is duine a mbeidh teideal aige an tráth sin chun sochar na forála sin nó a dtabharfar a sochar dó dá éis sin faoi fho-alt (4); nó

(b) chun go mbainfear d'aon duine aon díolúine nó aon cheart slánaithe i leith aon rud a rinne sé nó aon rud a mhainnigh sé a dhéanamh le linn aon fhoráil den sórt sin a bheith i bhfeidhm.

(4) Fad a fhanfaidh aon iontaobhaí gníomhais iontaobhais i dteideal sochar forála a eisctear le fo-alt (3), féadfar sochar na forála sin a thabhairt—

(a) do na hiontaobhaithe go léir ar an ngníomhas, faoi láthair agus san am le teacht; nó

(b) d'aon iontaobhaí, nó d'aon iontaobhaithe beartaithe, ar an ngníomhas sin, a ainmneofar;

le rún arna rith ag tromlach de na sealbhóirí aonad a shealbhaíonn méid nach lú ná 75 faoin gcéad de réir luacha de na haonaid, arna n-éisiúint, den scéim iontaobhais aonad áirithe a bheidh i láthair agus a vótálfaidh i bpearsa nó, i gcás ina gceadaítear seachvótáil, trí sheachvótáil ag cruinniú a thionólfar chun na críche sin de réir fhorálacha an ghníomhais nó, mura mbeidh foráil sa ghníomhas chun cruinnithe a thionól, ag cruinniú arna thionól chun na críche sin ar aon mhodh a bheidh ceadaithe ag an Ard-Chúirt.

Forálacha áirithe de Rialacháin UCITS a oiriúnú.

15. —(1) Beidh feidhm ag Rialacháin 63, 75 go 83 agus 99 go 105 de Rialacháin UCITS maidir le scéim iontaobhais aonad údaraithe mar atá feidhm acu maidir leis na comhlachtaí lena mbaineann na Rialacháin sin faoi réir na modhnuithe seo a leanas agus aon mhodhnuithe eile is gá—

(a) déanfar tagairt sna Rialacháin sin do théarma nó d'abairt a shonraítear sa dara colún den Tábla a ghabhann leis an alt seo ag aon uimhir thagartha a fhorléiriú, más féidir é sa chomhthéacs, mar thagairt don téarma nó don abairt a shonraítear sa tríú colún den Tábla sin ag an uimhir thagartha sin, agus

(b) déanfar tagairtí do théarmaí nó d'abairtí gaolmhara sna Rialacháin sin a fhorléiriú dá réir sin;

(c) tabharfar neamhaird ar thagairtí—

(i) do “na hairteagail” agus “an Treoir” sna Rialacháin sin, agus

(ii) do na focail “agus an fhaisnéis eile dá bhforáiltear in Iarscríbhinn B a ghabhann leis na Rialacháin seo” i Rialachán 77 agus don chéad abairt de Rialachán 78 de na Rialacháin sin,

agus beidh éifeacht leis an Rialachán 78 sin ionann is dá gcuirfí “sa tuarascáil leathbhliantúil” isteach i ndiaidh na bhfocal “na figiúirí”; agus

(d) beidh éifeacht le Rialachán 105 de na Rialacháin sin ionann is dá gcuirfí “nó go n-ionadóidh sé cuideachta bhainisteoireachta nó iontaobhaí faoi scéim iontaobhais aonad” i ndiaidh na bhfocal “go gcúlghairfidh sé údarú nó go ndiúltóidh sé údarú a chúlghairm”.

(2) I bhfo-alt (1) folaíonn “scéim iontaobhais aonad údaraithe” scéim a mbeidh a húdarú cúlghairthe faoi Rialachán 102 (arna oiriúnú leis an alt seo) de Rialacháin UCITS.

AN TÁBLA

Uimh. Thag.

Téarma nó abairt dá dtagraítear i Rialacháin UCITS

Forléiriú téarma nó abairte chun críocha an ailt seo

(1)

(2)

(3)

1.

“Rialachán 14”

“alt 6 den Acht um Iontaobhais Aonad, 1990 .”

2.

“Rialachán 59”

“alt 12 den Acht um Iontaobhais Aonad, 1990 .”

3.

“na Rialacháin seo”

“an tAcht um Iontaobhais Aonad, 1990 ,”

4.

“athcheannach”

“ceannach”

5.

“UCITS”

“scéim iontaobhais aonad”

Cionta i ndáil le comhlachtaí áirithe.

16. —I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le ceadú, nó gur urasaíodh é le haon fhaillí thoiliúil ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí, comhalta d'aon choiste bainisteoireachta nó d'údarás rialaithe eile de chuid an chomhlachta sin nó is oifigeach don chomhlacht sin, beidh an duine sin freisin ciontach i gcion.

Cionta faoi fhorálacha an Achta seo agus faoi Rialacháin UCITS.

17. —Aon duine a sháróidh aon fhoráil den Acht seo nó de Rialacháin UCITS (arna n-oiriúnú le halt 15) is sárú nach gcruthaítear aon chion ina leith faoi aon fhoráil eile den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

Pionóis.

18. —(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air,

agus má leantar, tar éis an chiontaithe, den sárú ar ina leith a ciontaíodh i gcion faoin Acht seo é, beidh sé ciontach i gcion eile ar gach lá a leanfar den sárú agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £250 nó, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nac h mó ná £1,000, a chur air in aghaidh gach ciona den sórt sin.

(2) Féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó an Banc imeachtaí achoimre i ndáil le cion faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(3) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de 3 bliana tar éis dháta an chiona.

Caiteachais an Aire.

19. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm an Achta um Iontaobhais Aonad, 1972 , agus forálacha iarmhartacha.

20. —(1) Aisghairtear leis seo Acht 1972.

(2) Aon scéim iontaobhais aonad a bhí, díreach roimh an Acht seo a rith, ina scéim iontaobhais aonad chláraithe faoi Acht 1972, measfar gur scéim iontaobhais aonad údaraithe í agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha an Achta seo, faoi réir fho-alt (3), maidir leis an scéim sin.

(3) Ní bheidh éifeacht le halt 8 (2) maidir le scéim iontaobhais aonad dá dtagraítear i bhfo-alt (2) go dtí an lá atá 3 mhí tar éis dháta rite an Achta seo.

(4) Déanfaidh an tAire agus cláraitheoir na gcuideachtaí, ar an Acht seo a rith, a mhéid a cheanglóidh an Banc é, na doiciméid agus na taifid go léir a bhaineann le scéimeanna iontaobhais aonad a cláraíodh faoi Acht 1972, agus atá ina seilbh, a aistriú chuig an mBanc.

Gearrtheideal.

21. —Féadfar an tAcht um Iontaobhais Aonad, 1990 , a ghairm den Acht seo.

1 I.O. Uimh. L375, 31.12.85, 1. 3.

2 I.O. Uimh. L100, 19.4.88, 1. 31.