Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL)

16 1992

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 1992


ACHT NA gCOLÁISTÍ TEICNIÚLA RÉIGIÚNACHA, 1992

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1.

Tosach feidhme.

2.

Léiriú.

3.

Na coláistí a bhunú.

4.

Comhaltas na gcoláistí.

5.

Feidhmeanna na gcoláistí.

6.

Comhlachtaí ceannais.

7.

Feidhmeanna na gcomhlachtaí ceannais.

8.

Comhlacht ceannais a dhíscaoileadh.

9.

Stiúrthóir.

10.

Comhairle acadúil.

11.

Forálacha ginearálta i ndáil le foireann.

12.

Forálacha i ndáil le foireann láithreach.

13.

Cláir agus buiséad.

14.

Tuarascáil bhliantúil agus faisnéis.

15.

Deontais.

16.

Cuntais agus iniúchtaí.

17.

Táillí agus muirir.

18.

Maoin agus dliteanais a aistriú.

19.

Conarthaí a choimeád i bhfeidhm agus leanúint d'imeachtaí dlí.

20.

Cigireacht.

21.

Modhnú ar alt 7 (5) den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1944.

22.

Caiteachais.

23.

Rialacháin.

24.

Gearrtheideal.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Na Coláistí

AN DARA SCEIDEAL

An Comhlacht Ceannais

AN TRÍÚ SCEIDEAL

An Stiúrthóir


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977

1977, Uimh. 30

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984

1984, Uimh. 6

Finance Act, 1895

1895 c. 16

An tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1980

1980, Uimh. 8

An tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930

1930, Uimh. 29

An tAcht Gairm-Oideachais (Leasú), 1944

1944, Uimh. 9

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 1992


ACHT NA gCOLÁISTÍ TEICNIÚLA RÉIGIÚNACHA, 1992

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN COLÁISTÍ TEICNIÚLA RÉIGIÚNACHA AGUS COLÁISTÍ EILE A EAGRÚ AGUS A FHORBAIRT, DO SHAINIÚ A bhFEIDHMEANNA, AGUS DO MHODHNÚ FORÁLACHA ALT 7 DEN ACHT GAIRM-OIDEACHAIS (LEASÚ), 1944 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE SIN ROIMHE SEO. [19 Iúil, 1992]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Tosach feidhme.

1. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

tá le “comhairle acadúil” an bhrí a shanntar dó le halt 10 den Acht seo;

ciallaíonn “coláiste” foras oideachais arna bhunú le halt 3 den Acht seo nó faoi mar choláiste teicniúil réigiúnach nó mar choláiste lena mbaineann an tAcht seo agus folaíonn sé, i ndáil leis an gColáiste Teicniúil Réigiúnach, Corcaigh, scoil de chuid an Choláiste sin arna bunú mar scoil den sórt sin faoi alt 3 (1) (b);

ciallaíonn “cúrsa staidéir” cúrsa staidéir, teagaisc nó oiliúna a dtiocfadh dá chionn Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais, ollscoil sa Stát nó cibé údarás deimhniúcháin eile a cheadóidh an tAire ó am go ham do dhámhachtain cáilíochta oideachais;

ciallaíonn “an Stiúrthóir”, i ndáil le coláiste, an duine a cheapfar faoi alt 9 den Acht seo chun bheith ina Stiúrthóir ar an gcoláiste;

tagraíonn “bunú” agus “dáta bunaithe”, i gcás coláiste theicniúil réigiúnaigh arna bhunú le halt 3 (1) den Acht seo, do thosach feidhme an Achta seo agus, i gcás coláiste arna bhunú le hordú faoi alt 3 (2) den Acht seo nó forais oideachais nó chuid d'fhoras den sórt sin ar cuid de choláiste í le hordú faoi alt 3 (3) den Acht seo, do thosach feidhme an ordaithe;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “comhlacht ceannais”, i ndáil le coláiste, comhlacht ceannais an choláiste arna bhunú le halt 6 den Acht seo;

ciallaíonn “céimí” duine a mbeidh cáilíocht oideachais arna bronnadh nó arna dámhachtain air nó arna tabhairt dó as cúrsa staidéir, ar éirigh leis ann, i gcoláiste a chríochnú;

ciallaíonn “údarás áitiúil” comhairle contae, comhairle contaebhuirge nó buirge eile nó comhairle ceantair uirbigh;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Oideachais;

ciallaíonn “an coiste gairmoideachais”, i ndáil le coláiste, an coiste gairmoideachais ar ina limistéar feidhme atá an coláiste.

(2) Aon tagairt san Acht seo d'fheidhmeanna a chomhlíonadh folaíonn sí tagairt do chumhachtaí a fheidhmiú agus do dhualgais a chomhlíonadh.

(3) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt, is tagairt í d'fho-alt den alt ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear a mhalairt in iúl.

Na coláistí a bhunú.

3. —(1) (a) Bunaítear leis seo gach foras oideachais a shonraítear i gcolún (1) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo mar choláiste teicniúil réigiúnach lena mbaineann an tAcht seo agus, faoi réir fho-alt (4), leanfaidh an t-ainm sa Ghaeilge nó sa Bhéarla a ghairtear de sa Sceideal sin de bheith air agus leanfar den ainm sin a thabhairt air.

(b) Bunaítear leis seo Coláiste Ealaíne agus Deartha Crawford (the Crawford College of Art and Design) agus Ceol-Scoil Chorcaí (the Cork School of Music) mar scoileanna den Choláiste Teicniúil Réigiúnach, Corcaigh, arna bhunú le fo-alt (1) (a) agus leanfaidh an t-ainm sa Ghaeilge nó sa Bhéarla a ghairtear di sa mhír seo de bheith ar gach scoil acu agus leanfar den ainm sin a thabhairt uirthi.

(2) Aon uair a mheasfaidh an tAire agus an coiste gairmoideachais gur cheart go mbeadh feidhm ag an Acht seo maidir le haon fhoras oideachais eile, féadfaidh an tAire, le hordú, arna dhéanamh le toiliú an Aire Airgeadais, agus i ndiaidh dul i gcomhairle leis an gcoiste gairmoideachais, an Chéad Sceideal sin a leasú trí ainm an fhorais agus aon sonraí eile a bhaineann leis an Sceideal a chur isteach i gcolún (1) den Sceideal sin agus, ar thosach feidhme an ordaithe, beidh an foras arna bhunú mar choláiste lena mbaineann an tAcht seo agus, faoi réir fho-alt (4), leanfaidh an t-ainm sin de bheith air agus leanfar den ainm sin a thabhairt air.

(3) Aon uair a mheasfaidh an tAire agus an coiste gairmoideachais gur cheart gur chuid de choláiste foras oideachais nó cuid d'fhoras den sórt sin, féadfaidh an tAire, le hordú, arna dhéanamh le toiliú an Aire Airgeadais, agus i ndiaidh dul i gcomhairle leis an gcoiste gairmoideachais agus leis an gcomhlacht ceannais, an Chéad Sceideal sin a leasú trí ainm an fhorais agus i gcás chuid d'fhoras aon sonraí eile a bhaineann le colún (2), a chur isteach i gcolún (2) den Sceideal sin os coinne lua an choláiste i gcolún (1) agus, ar thosach feidhme an ordaithe, tiocfaidh an foras nó an chuid den fhoras chun bheith agus beidh sé no sí mar chuid den choláiste.

(4) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dul i gcomhairle le comhlacht ceannais coláiste, ainm an choláiste sa Chéad Sceideal a athrú agus an Sceideal sin a leasú dá réir sin.

(5) Beidh coláiste ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha ina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.

Comhaltas na gcoláistí.

4. —(1) Is iad comhaltaí coláiste—

(a) comhaltaí an chomhlachta ceannais,

(b) comhaltaí na comhairle acadúla,

(c) comhaltaí na foirne,

(d) mic léinn chláraithe an choláiste,

(e) céimithe an choláiste,

(f) cibé daoine eile a cheapfaidh an comhlacht ceannais chun bheith ina gcomhaltaí.

(2) Leanfaidh comhaltas de choláiste faoi fho-alt (1) (f) go dtí go ndearbhóidh an comhlacht ceannais a mhalairt.

Feidhmeanna na gcoláistí.

5. —(1) Is é príomhfheidhm choláiste, faoi réir fhorálacha an Achta seo, gairmoideachas agus oideachas teicniúil agus gairmoiliúint agus oiliúint theicniúil a sholáthar le haghaidh fhorbairt eacnamaíoch, theicneolaíoch, eolaíoch, thráchtála, thionsclaíoch, shóisialta agus chultúir an Stáit ag tagairt go háirithe don réigiún dá bhfónann an coláiste agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, is iad seo a leanas na feidhmeanna a bheidh ag coláiste—

(a) cibé cúrsaí staidéir a sholáthar is cuí le comhlacht ceannais an choláiste;

(b) comhshocraíochtaí a dhéanamh le Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais, le haon ollscoil sa Stát nó le haon údarás eile arna cheadú ag an Aire ó am go ham chun céimeanna, dioplómaí, teastais nó cáilíochtaí eile oideachais a bhronnadh, a dhámhachtain nó a thabhairt agus cibé comhshocraíochtaí eile a dhéanamh a cheadóidh an tAire ó am go ham chun na críche sin;

(c) faoi réir cibé coinníollacha a chinnfidh an tAire, gabháil d'obair thaighde, shainchomhairle agus fhorbartha agus cibé seirbhísí i ndáil leis na nithe sin a sholáthar is cuí le comhlacht ceannais an choláiste;

(d) comhshocraíochtaí a dhéanamh le forais eile laistigh den Stát nó lasmuigh de d'fhonn comhchúrsaí staidéir a thairiscint agus gabháil i gcomhpháirt do chláir d'obair thaighde, shainchomhairle agus fhorbartha i ndáil le cibé nithe is cuí le comhlacht ceannais an choláiste;

(e) faoi réir cibé coinníollacha a chinnfidh an tAire, comhshocraíochtaí a dhéanamh, lena n-áirítear a bheith páirteach i gcuideachtaí atá teoranta ó thaobh dliteanais, chun aon obair thaighde, shainchomhairle nó fhorbartha a ghabhann coláiste de láimh go leithleach nó i gcomhpháirt a shaothrú;

(f) scoláireachtaí, duaiseanna agus dámhachtainí eile a thionscnamh agus, má cheaptar gur cuí, iad a dhámhachtain;

(g) airgead agus sócmhainní uile an choláiste a chothabháil, a bhainistí, a riaradh agus a infheistiú;

(h) bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh na deontóirí: ar choinníoll nach mbeidh aon ní in aon iontaobhas nó coinníoll den sórt sin contrártha d'fhorálacha an Achta seo;

(i) faoi réir cheadú an Aire, talamh a fháil;

(j) gach gníomh agus ní a dhéanamh is gá chun cuspóirí agus forbairt an choláiste a chur chun cinn.

(2) (a) Beidh cibé feidhmeanna eile ag coláiste a shannfaidh an tAire dó ó am go ham le hordú arna dhéanamh le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(b) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, ordú faoin bhfo-alt seo a chúlghairm nó a leasú le hordú.

(c) Aon uair a bheartaítear ordú a dhéanamh faoin bhfo-alt seo, leagfar dréacht den ordú atá beartaithe faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh sin.

Comhlachtaí ceannais.

6. —(1) Beidh comhlacht ceannais ar choláiste agus comhlíonfaidh an comhlacht ceannais, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, na feidhmeanna a thugtar don choláiste leis an Acht seo.

(2) Is iad a bheidh ar chomhlacht ceannais coláiste—

(a) cathaoirleach agus 17 ngnáthchomhalta, agus

(b) an Stiúrthóir ar an gcoláiste.

(3) Is é an tAire, ar mholadh ón gcoiste gairmoideachais, a cheapfaidh na chéad chomhaltaí (seachas an cathaoirleach agus an Stiúrthóir) de chomhlacht ceannais coláiste agus molfar na gnáthchomhaltaí de réir fhorálacha fho-alt (4) (a), (b), (f) agus (g) in éineacht le cúigear eile a ainmneoidh an tAire chun bheith ina ngnáthchomhaltaí agus beidh siad i seilbh oifige ar feadh tréimhse bliana ó dháta a gceaptha.

(4) Ar théarma oifige na gcéad chomhaltaí a bheith caite, ceapfaidh an tAire gnáthchomhaltaí an chomhlachta ceannais, ar mholadh ón gcoiste gairmoideachais, de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) déanfaidh an coiste gairmoideachais seisear, ar comhaltaí d'údarás áitiúil triúr ar a laghad acu, a ainmniú faoi réir mhír (b);

(b) má áirítear sa réigiún dá bhfónann an coláiste limistéar feidhme iomlán nó cuid de limistéar feidhme coiste gairmoideachais amháin nó níos mó ná coiste gairmoideachais amháin seachas an coiste gairmoideachais arb ina limistéar feidhme atá an coláiste, féadfaidh an tAire a ordú go ndéanfaidh cibé coistí de na coistí eile sin a shonróidh an tAire duine nó níos mó, ach nach ndéanfaidh siad níos mó ná ceathrar ar fad, de na daoine lena mbaineann mír (a) a ainmniú ar an gcoiste gairmoideachais;

(c) déanfaidh foireann acadúil an choláiste beirt, is comhaltaí den fhoireann sin, a thoghadh de réir rialachán arna ndéanamh ag an gcomhlacht ceannais;

(d) déanfaidh foireann (seachas foireann acadúil) an choláiste duine amháin, is comhalta den fhoireann sin, a thoghadh de réir rialachán arna ndéanamh ag an gcomhlacht ceannais;

(e) déanfaidh mic léinn chláraithe an choláiste beirt, ar mic léinn chláraithe de chuid an choláiste iad, a thoghadh de réir rialachán arna ndéanamh ag an gcomhlacht ceannais;

(f) déanfaidh Comhar Ceardchumann na hÉireann duine amháin a ainmniú;

(g) déanfaidh cibé eagraíochtaí a measfaidh an coiste gairmoideachais gur gá ionadaíocht a bheith acu ag féachaint do na cúrsaí áirithe a sholáthraíonn an coláiste, seachas leasanna a bhfuil ionadaíocht acu ar shlí eile ar an gcomhlacht ceannais, cúigear a ainmniú. Beidh na heagraíochtaí sin ionadaíoch do thionsclaíocht, talmhaíocht, tráchtáil, na gairmeacha agus leasanna eile de réir mar is cuí do ghníomhaíochtaí an choláiste.

(5) Le linn ceapacháin a dhéanamh chun comhlachta ceannais de bhun fho-alt (4) den alt seo, beidh aird ag an Aire ar a mhéid a bheidh ionadaíocht ag gach gnéas agus cinnteoidh sé cothromaíocht chuí inscne de réir mar a chinnfidh an tAire ó am go ham.

(6) (a) Má éagann comhalta de chomhlacht ceannais coláiste (seachas an cathaoirleach nó an Stiúrthóir), má éiríonn sé as oifig, má scoireann sé nó má chuirtear as oifig é ar shlí eile de bhun an Achta seo sula n-éagfaidh a théarma oifige, líonfar an folúntas a tharlóidh amhlaidh tríd an Aire do cheapadh chun an chomhlachta ceannais duine a bheidh arna mholadh ag an gcoiste gairmoideachais agus arna ainmniú ar an modh céanna ar ainmníodh an duine ba chúis leis an bhfolúntas.

(b) Duine a cheapfar ina chomhalta de chomhlacht ceannais de bhun mhír (a) den fho-alt seo, beidh sé i seilbh oifige, mura túisce a éagfaidh an duine sin, a éireoidh sé as oifig nó a thiocfaidh sé chun bheith dícháilithe chun oifig a shealbhú, ar feadh a mbeidh fágtha de théarma oifige an chomhalta den chomhlacht ceannais ba chúis leis an bhfolúntas.

(7) Beidh feidhm ag forálacha an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir le comhlacht ceannais.

Feidhmeanna na gcomhlachtaí ceannais.

7. —(1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, déanfaidh comhlacht ceannais coláiste gnóthaí an choláiste agus maoin uile an choláiste a bhainistiú agus a rialú agus comhlíonfaidh sé na feidhmeanna a thugtar don choláiste leis an Acht seo agus beidh aige na cumhachtaí sin go léir is gá nó is fóirsteanach chun críche na bhfeidhmeanna sin faoi réir cibé beartais a chinnfidh an tAire ó am go ham agus faoi réir na gclár agus an bhuiséid a cheadóidh an coiste gairmoideachais agus an tAire in aghaidh na bliana faoi alt 13 den Acht seo.

(2) Féadfaidh an comhlacht ceannais, ó am go ham, cibé coistí agus cibé méid coistí is cuí leis a cheapadh chun cabhrú leis i cibé slí a ordóidh sé agus féadfaidh an comhlacht ceannais cibé dualgais is cuí leis a shannadh d'aon choiste a cheapfar amhlaidh.

(3) Beidh gníomhartha coiste arna bhunú faoin alt seo faoi réir a ndaingnithe ag an gcomhlacht ceannais.

(4) Le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh, beidh aird chuí ag comhlacht ceannais ar chaomhnú, cur chun cinn agus úsáid na Gaeilge agus ar chaomhnú agus forbairt an chultúir náisiúnta.

(5) Le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh, beidh aird ag comhlacht ceannais ar chothromas inscne agus ar chomhionannas deiseanna san oideachas a bhaint amach.

(6) Le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh, beidh aird ag comhlacht ceannais ar fhreagrachtaí reachtúla an choiste gairmoideachais maidir le gairmoideachas agus oideachas teicniúil a sholáthar.

Comhlacht ceannais a dhíscaoileadh.

8. —(1) Más rud é—

(a) gur deimhin leis an Aire nach bhfuil feidhmeanna comhlachta ceannais coláiste á gcomhlíonadh go cuí agus go héifeachtach, nó

(b) go bhfailleoidh comhlacht ceannais go toiliúil déanamh de réir aon ordaithe, treorach nó rialacháin ón Aire a dhéanfar nó a thabharfar de bhun fhorálacha an Achta seo, nó

(c) go mainneoidh comhlacht ceannais déanamh de réir aon bhreithiúnais nó ordaithe ó aon chúirt dlínse inniúla,

féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste gairmoideachais, an comhlacht ceannais a dhíscaoileodh le hordú.

(2) Aon uair a dhéanfaidh an tAire ordú ag díscaoileadh comhlachta ceannais, féadfaidh an tAire aon chomhlacht daoine is cuí leis an Aire a cheapadh chun feidhmeanna an chomhlachta ceannais a chomhlíonadh.

(3) Déanfar luach saothair, más ann, gach duine a cheapfar faoi fho-alt (2) a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas faoi alt 15 den Acht seo.

(4) Déanfaidh an tAire socrú le hordú le haghaidh athbhunú comhlachta ceannais a bheidh arna dhíscaoileadh faoi fho-alt (1) agus le haghaidh ceapadh comhaltaí chuige de reir alt 6 den Acht seo tráth nach déanaí ná bliain tar éis an díscaoilte agus nuair a bheidh an comhlacht ceannais nua ceaptha déanfar feidhmeanna an chomhlachta ceannais dhíscaoilte a athdhílsiú don chomhlacht ceannais nua agus scoirfidh siad de bheith ina bhfeidhmeanna de chuid an chomhlachta daoine arna cheapadh faoi fho-alt (2).

Stiúrthóir.

9. —(1) Déanfaidh gach comhlacht ceannais, le ceadú an Aire, duine a cheapadh ó am go ham i gcáil lánaimseartha chun bheith ina Stiúrthóir ar an gcoláiste agus ina phríomhoifigeach dó.

(2) Is feidhm de chuid an chomhlachta ceannais roghnú an Stiúrthóra de réir na nósanna imeachta, lena n-áireofar comhdhéanamh boird roghnóireachta, a chinnfidh an tAire ó am go ham.

(3) Beidh feidhm ag forálacha an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir leis an Stiúrthóir.

Comhairle acadúil.

10. —(1) Beidh comhairle acadúil ag gach coláiste a bheidh arna cheapadh ag an gcomhlacht ceannais chun cabhrú leis saothar oideachais an choláiste a phleanáil, a chomhordú, a fhorbairt agus a mhaoirseacht agus caighdeáin acadúla na gcúrsaí agus gníomhaíochtaí an choláiste a chosaint, a chothabháil agus a fhorbairt.

(2) (b) Féadfaidh gach comhlacht ceannais le rialacháin a dhéanfar faoin alt seo socrú a dhéanamh maidir le comhaltas agus téarmaí oifige na comhairle acadúla.

(b) Is sealbhóirí ceapachán acadúil laistigh den choláiste tromlach na gcomhaltaí agus is mac léinn cláraithe de chuid an choláiste comhalta amháin ar a laghad.

(c) Na comhaltaí a cheapfar chun na comhairle acadúla beidh siad i seilbh oifige go ceann tréimhse trí bliana agus beidh siad in-athcheaptha.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) beidh na feidhmeanna áirithe seo a leanas ag an gcomhairle acadúil—

(a) cúrsaí staidéir a cheapadh agus a fhorbairt agus cuidiú lena gcur i ngníomh de réir na gclár agus an bhuiséid a cheadófar in aghaidh na bliana faoi alt 13 den Acht seo agus i gcomhréir le feidhmeanna an choláiste;

(b) moltaí a chur faoi bhráid an chomhlachta ceannais chun gréasáin iomchuí a bhunú chun na cúrsaí staidéir dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo a chur i ngníomh;

(c) moltaí a chur faoi bhráid an chomhlachta ceannais maidir le cláir le haghaidh oibre taighde agus forbartha;

(d) moltaí a chur faoi bhráid an chomhlachta ceannais chun mic léinn a roghnú, a ligean isteach, a choimeád agus a choinneáil amach;

(e) a bheith freagrach, faoi réir cheadú an chomhlachta ceannais, i rialacháin acadúla an choláiste a dhéanamh;

(f) foirm na rialachán a bheidh le déanamh ag an gcomhlacht ceannais chun scrúduithe a sheoladh, agus chun dul chun cinn acadúil a mheas, a mholadh don chomhlacht ceannais, faoi réir cheanglais Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais nó aon ollscoile nó údaráis eile lena mbaineann alt 5 (1) (b);

(g) moltaí a chur faoi bhráid an chomhlachta ceannais chun scoláireachtaí, duaiseanna nó dámhachtainí eile a dhámhachtain;

(h) socruithe ginearálta a dhéanamh le haghaidh comhairliú teagaisc nó comhairliú acadúil eile;

(i) aon fheidhmeanna eile a fheidhmiú, i gcomhréir leis an Acht seo, a tharmligfidh an comhlacht ceannais chuige;

(j) cuidiú le haon rialacháin a chur i ngníomh a dhéanfaidh an comhlacht ceannais maidir le haon ábhar de na hábhair a dúradh.

(4) Féadfaidh an chomhairle acadúil, le ceadú an chomhlachta ceannais—

(a) cibé coistí agus cibé méid coistí is cuí leis a bhunú, arb é a bheidh iontu ar fad nó go páirteach daoine nach comhaltaí den choláiste, chun cabhrú leis an gcomhairle acadúil ag comhlíonadh a feidhmeanna di faoin Acht seo, agus

(b) feidhmeanna aon choiste a bhunófar faoi mhír (a) den fho-alt seo a chinneadh, faoi réir fhorálacha an Achta seo.

(5) Beidh gníomhartha coiste a bhunófar faoi fho-alt (4) (a) faoi réir a ndaingnithe ag an gcomhlacht ceannais mura ndéanfaidh an comhlacht ceannais an riachtanas le daingniú den sórt sin a ligean thar ceal.

(6) Faoi réir fhorálacha an Achta seo agus faoi réir threoracha an chomhlachta ceannais, féadfaidh an chomhairle acadúil a nós imeachta féin a rialáil.

Forálacha ginearálta i ndáil le foireann.

11. —(1) (a) Féadfaidh coláiste cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh (i dteannta an Stiúrthóra) agus ina seirbhísigh dó is cuí leis an gcomhlacht ceannais ó am go ham faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(b) Is feidhm de chuid an choláiste roghnú na n-oifigeach agus na seirbhíseach sin de réir na nósanna imeachta a chinnfidh an tAire ó am go ham.

(b) I gcás ceapachán acadúil forálfar leis na nósanna imeachta sin gurb iad a bheidh go formhór ar an mbord roghnóireachta acadúlaithe a bheidh cáilithe go cuí agus go mbeidh an Stiúrthóir ar an gcoláiste nó ainmnitheach de chuid an Stiúrthóra air.

(2) Faoi réir alt 12 den Acht seo, beidh oifigeach (lena n-áirítear an Stiúrthóir) nó seirbhíseach do choláiste i seilbh oifige nó fostaíochta ar cibé tearmaí agus coinníollacha a chinnfidh an coláiste, ó am go ham, faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais. Déanfaidh an coláiste nó an Stiúrthóir, de réir mar is cuí, na téarmaí agus na coinníollacha sin a fheidhmiú nó a fhorchur fad a bheidh an t-oifigeach nó an seirbhíseach sin i seirbhís an choláiste.

(3) Ní dhéanfaidh coláiste aon oifigeach dó (lena n-áirítear an Stiúrthóir) a chur as oifig gan toiliú an Aire.

(4) Féadfaidh coláiste, faoi réir fhorálacha alt 13 den Acht seo, daoine oiriúnacha a cheapadh chun ánrachtaí taighde, cúntóireachtaí taighde agus post tacaíochta eile i ndáil le seirbhísí a thairiscint, ar bhonn sealadach, páirtaimseartha nó conartha, faoi reir cibé coinníollacha a leagfaidh an tAire síos le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(5) Féadfaidh coláiste cibé feidhm dá chuid is cuí leis an gcomhlacht ceannais a chomhlíonadh trí aon duine dá oifigigh nó dá sheirbhísigh.

(6) Íocfaidh coláiste, faoi réir alt 12 den Acht seo, le hoifigigh (lena n-áirítear an Stiúrthóir) agus le seirbhísigh don choláiste cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an coláiste ó am go ham, faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(7) Beidh oifigigh agus seirbhísigh don choláiste faoin alt seo nó faoi alt 9 12 den Acht seo, fad a bheidh siad i bpost údaraithe i gcoláiste, ina gcomhaltaí den choláiste agus gairtear “comhaltaí na foirne” díobh san Acht seo.

(8) Beidh feidhm ag an Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1980 , maidir le coláiste agus a chuid oifigeach agus seirbhíseach (lena n-áirítear an Stiúrthóir) amhail is dá mba choiste gairmoideachais é agus gurbh oifigigh agus seirbhísigh de chuid coiste gairmoideachais iad ach sin faoi réir aon mhodhnuithe (lena n-áirítear modhnuithe ar aon scéim nó rialacháin arna ndéanamh faoi Acht sin 1980) a shonrófar, le toiliú an Aire Comhshaoil, in ordú arna dhéanamh ag an Aire.

(9) Beidh feidhm ag forálacha ailt 105, 106 agus 107 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 , agus ailt 7 agus 8 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1944 , maidir le hoifigigh do choláiste ach tagairtí don choláiste a chur in ionad tagairtí don choiste gairmoideachais.

Forálacha i ndáil le foireann láithreach.

12. —(1) (a) Gach duine atá, díreach roimh an dáta bunaithe, fostaithe ag coiste gairmoideachais i bhforas a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó a shonraítear in alt 3 (1) (b) den Acht seo nó i bhforas oideachais lena mbaineann ordú arna dhéanamh faoi alt 3 (2) nó 3 (3) den Acht seo nó i gcuid d'fhoras den sórt sin mar oifigeach nó mar sheirbhíseach don choiste nó don fhoras nó don chuid d'fhoras sin tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, ar an lá bunaithe, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don choláiste de réir mar is cuí.

(b) Gach duine atá, díreach roimh an dáta bunaithe, fostaithe ag coiste gairmoideachais agus a mbaineann a chuid oibre le haon fhoras nó le haon chuid d'fhoras den sórt sin a riaradh agus atá ainmnithe ag an Aire le haghaidh fostaíochta ag an gcoláiste, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, le héifeacht ón dáta bunaithe, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don choláiste de réir mar is cuí.

(c) Aon duine atá, ar thosach feidhme an Achta seo, fostaithe mar Phríomhoide nó Stiúrthóir ar fhoras a shonraítear in alt 3 (1) (b) den Acht seo, má thoilíonn an duine sin amhlaidh, beidh sé ina Cheann ar cheann de na scoileanna a bhunaítear leis an bhforáil sin.

(d) Ní bhfaighidh duine lena mbaineann fo-alt (1), fad a bheidh sé i seirbhís coláiste, luach saothair is lú, ná ní bheidh sé faoi réir coinníollacha seirbhíse is lú tairbhe, ná an luach saothair a bheidh ceadaithe ag an Aire le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus a raibh teideal ag an duine sin chuige agus na coinníollacha seirbhíse a bheidh ceadaithe ag an Aire agus a raibh an duine sin faoina réir roimh an dáta bunaithe.

(e) Na coinníollacha seirbhíse, na sriantachtaí, na ceanglais agus na hoibleagáidí a raibh aon duine den sórt sin faoina réir díreach roimh an dáta bunaithe, bainfidh siad i gcónaí leis an duine sin mura n-athrófar iad le comhaontú, agus féadfaidh an coláiste nó an Stiúrthóir, de réir mar is cuí, iad a fheidhmiú nó a fhorchur fad a bheidh an duine sin i seirbhís an choláiste.

(2) (a) Féadfaidh an coláiste, tar éis comhairle a ghlacadh le haon chomhlachais foirne aitheanta nó le haon cheardchumainn lena mbaineann, athdháileadh nó athchóiriú a dhéanamh ar na dualgais a bheidh le comhlíonadh ag oifigigh nó seirbhísigh lena mbaineann fo-alt (1) agus beidh de cheangal ar gach oifigeach nó seirbhíseach den sórt sin na dualgais a chuirfear ar an oifigeach nó ar an seirbhíseach sin in aon athdháileadh nó athchóiriú den sórt sin a chomhlíonadh.

(b) Ní mheasfar gur cur as oifig ná díothú oifige chun críche aon scéime nó achtacháin a bhaineann le haoisliúntas nó le cúiteamh i leith cailleadh oifige athdháileadh nó athchóiriú dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo.

Cláir agus buiséad.

13. —(1) Déanfaidh an comhlacht ceannais, an 1ú lá de Mhárta gach bliain nó roimhe sin, cláir oibríochta don dá bhliain acadúla ina dhiaidh sin (dá ngairtear “na cláir” san alt seo) a ullmhú agus a chur faoi bhráid an choiste gairmoideachais i cibé leagan amach a cheadóidh an tAire ó am go ham in éineacht leis an mbuiséad iomchuí arna mholadh ag an gcomhlacht ceannais don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

(2) Beidh an struchtúr foirne a bheidh beartaithe san áireamh sna cláir.

(3) Féadfaidh an coiste gairmoideachais, i leith na gclár agus an bhuiséid a chuirfear faoina bhráid faoin alt seo, na cláir agus an buiséad sin a cheadú gan mhodhnú nó tar éis dul i gcomhairle go cuí leis an gcomhlacht ceannais na cláir agus an buiséad a cheadú fara cibé modhnuithe is cuí leis a dhéanamh.

(4) Déanfaidh an coiste gairmoideachais an 1ú lá de Bhealtaine nó roimhe gach bliain na cláir agus an buiséad a bheidh curtha ag an gcomhlacht ceannais faoina bhráid fara cibé modhnuithe a bheidh déanta ag an gcoiste a chur faoi bhráid an Aire lena gceadú.

(5) Féadfaidh an tAire, i leith na gclár agus an bhuiséid a chuirfear faoina bhráid faoi fho-alt (4), na cláir agus an buiséad sin a cheadú, modhnaithe nó gan mhodhnú, agus faoi réir cibé coinníollacha a shonróidh an tAire.

(6) (a) Ní thiocfaidh na cláir agus an buiséad i bhfeidhm go dtí go mbeidh siad ceadaithe ag an Aire nó go dtí cibé dáta a shonróidh an tAire sa cheadú sin.

(b) I gcás buiséid ní thabharfar ceadú go dtí go mbeidh na Meastacháin i gcomhair Seirbhísí Soláthair don bhliain a bheidh i gceist foilsithe.

(7) Más rud é i gcás aon choláiste nach mbeidh na cláir agus an buiséad, mar a cheanglaítear leis an Acht seo, curtha faoina bhráid faoin dáta sonraithe féadfaidh an tAire, tar éis aon chomhairle is gá a ghlacadh, cláir agus buiséad faoi théarmaí an Achta seo a fhorchur agus tiocfaidh na cláir agus an buiséad i bhfeidhm ar cibé dáta a shonróidh an tAire.

(8) Nuair a bheidh na cláir tagtha i bhfeidhm agus buiséad ceadaithe beidh sé ina fheidhm de chuid an chomhlachta ceannais a d'ullmhaigh na cláir agus an buiséad sin éifeacht a thabhairt dóibh mar a ceadaíodh iad. Beidh feidhm ag forálacha an fho-ailt seo freisin maidir le haon chláir agus buiséid a fhorchuirfidh an tAire faoi fho-alt (7).

(9) Ní tharlóidh aon imeacht ábhartha ó na cláir agus ón mbuiséad mar a cheadóidh nó a fhorchuirfidh an tAire iad faoin alt seo ach amháin le ceadú roimh ré ón gcoiste gairmoideachais agus ón Aire.

(10) Féadfaidh comhlacht ceannais, le toiliú an choiste gairmoideachais agus an Aire agus le ceadú an Aire Airgeadais, airgead a fháil ar iasacht trí rótharraingt bhainc nó ar shlí eile chun críocha an choláiste.

Tuarascáil bhliantúil agus faisnéis.

14. —(1) A luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana acadúla, ullmhóidh comhlacht ceannais coláiste agus cuirfidh sé faoi bhráid an choiste gairmoideachais agus an Aire i cibé foirm a chinnfidh an tAire, tuarascáil ar imeachtaí an chomhlachta i gcaitheamh na bliana sin.

(2) Tabharfaidh an comhlacht ceannais don Aire agus don choiste gairmoideachais cibé faisnéis maidir le comhlíonadh a chuid feidhmeanna a cheanglófar ó am go ham.

Deontais.

15. —Gach bliain, féadfaidh an tAire, faoi réir cheadú an Aire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontas nó deontais ina mbeidh cibé méid nó méideanna is cuí leis an Aire a thabhairt do gach coláiste le caitheamh chun críocha gach coláiste faoi réir théarmaí alt 13 den Acht seo.

Cuntais agus iniúchtaí.

16. —(1) Coimeádfaidh an coláiste, i cibé foirm a bheidh ceadaithe ag an Aire le comhthoiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a fuair sé nó ar an gcaiteachas a thabhaigh sé, agus, go háirithe, coimeádfaidh sé i cibé foirm a shonróidh an tAire cibé cuntais speisialta a ordóidh an tAire nó an coiste gairmoideachais le comhaontú an Aire ó am go ham.

(2) Déanfaidh an coláiste na cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach bliain lena n-iniúchadh, ar dháta nach déanaí ná an 30ú lá d'Aibreán an bhliain tar éis na bliana lena mbaineann na cuntais.

(3) Díreach tar éis an iniúchta déanfaidh an coláiste cóip de na cuntais agus de cibé cuntais eile, más ann, a d'ordaigh an tAire nó an coiste gairmoideachais a choimeád, mar aon le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, a thíolacadh don choiste gairmoideachais agus don Aire.

(4) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na cuntais a bheidh tíolactha faoin alt seo ag an gcoláiste, mar aon le cóipeanna de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Táillí agus muirir.

17. —Féadfaidh an coláiste táillí nó muirir ar chead isteach agus cibé muirir eile ina mbeidh cibé méideanna a chinnfidh a chomhlacht ceannais ó am go ham a mhuirearú, faoi réir cibé coinníollacha a shonróidh an tAire ó am go ham, i leith cúrsaí, léachtaí, scrúduithe, taisealbhaí agus aon ócáidí eile a sheolfaidh an coláiste nó a sheolfar ann agus i leith gníomhaíochtaí eile lena n-áirítear obair thaighde, shainchomhairle agus fhorbartha a bheidh glactha ar láimh ag an gcoláiste.

Maoin agus dliteanais a aistriú.

18. —(1) An talamh go léir a bhí, díreach roimh an dáta bunaithe, dílsithe do choiste gairmoideachais nó don Aire chun críocha coláiste nó chun críocha forais oideachais nó cuid d'fhoras den sórt sin lena mbaineann ordú arna dhéanamh faoi alt 3 (3) den Acht seo, beidh sé arna dhílsiú don choláiste gan aon tíolacadh ná sannadh agus ní dhéanfar aon mhaoin den sórt sin ná cuid di ná eastát ná leas ann ná ceart air a dhiúscairt ach amháin le ceadú an Aire, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste gairmoideachais.

(2) Ar an dáta bunaithe, déanfar agus déantar leis seo na nithe seo a leanas a aistriú chuig an gcoláiste—

(a) an mhaoin (seachas talamh) agus na cearta uile a bhí díreach roimh an dáta bunaithe á sealbhú nó á dteachtadh ag an gcoiste gairmoideachais d'fheidhmeanna an choláiste, nó d'fheidhmeanna forais oideachais nó cuid d'fhoras den sórt sin lena mbaineann ordú arna dhéanamh faoi alt 3 (3) den Acht seo, nó i ndáil leis an gcéanna;

(b) na dliteanais uile a thabhaigh an coiste gairmoideachais roimh an dáta bunaithe chun críocha an choláiste nó chun críocha aon fhorais oideachais den sórt sin nó cuid de, nó i ndáil leis an gcéanna, nach raibh diúscartha roimh an dáta bunaithe,

agus, dá réir sin, gan aon aistriú ná sannadh breise—

(i) dílseoidh an mhaoin sin ar an dáta bunaithe don choláiste ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don mhaoin agus atá inchomhlíonta,

(ii) beidh na cearta sin, amhail ar an agus ón dáta bunaithe, ar teachtadh ag an gcoláiste,

(iii) amhail ar an agus ón dáta bunaithe, is dliteanais de chuid an choláiste na dliteanais sin.

(3) Féadfaidh coláiste cibé airgead a cheadóidh an tAire maidir le dliteanais a éiríonn faoi fho-alt (2) a ghnóthú ón gcoiste gairmoideachais agus cuirfidh an coiste gairmoideachais faoi deara an t-airgead sin a íoc le comhlacht ceannais an choláiste láithreach ar ordú ón Aire.

(4) An t-airgead, na stoic, na scaireanna agus na hurrúis go léir a aistrítear chuig coláiste leis an alt seo agus atá, díreach roimh an dáta bunaithe, in ainm an choiste gairmoideachais, déanfar, ar chomhlacht ceannais an choláiste sin á iarraidh sin, iad a aistriú isteach ina ainm.

(5) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear leis an alt seo chuig coláiste féadfaidh an coláiste, ar an dáta bunaithe nó dá éis, agairt ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú nó féadfar an céanna a dhéanamh i gcoinne an choláiste ina ainm féin agus ní gá don choláiste fógra faoin aistriú a thabhairt d'aon duine a n-aistrítear ceart nó dliteanas dá chuid leis an alt seo.

(6) Maidir le haon tagairt do choláiste i bhfo-ailt (1) agus (2), i ndáil le tráth roimh an dáta bunaithe, forléireofar í mar thagairt do gach foras nó cuid d'fhoras a chuimsigh an coláiste nó a tháinig chun bheith ina chuid den choláiste ón dáta sin.

(7) Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le dílsiú aon mhaoine nó chirt, a aistrítear leis an alt seo, do choiste gairmoideachais nó do choláiste.

(8) Aon uair a éiríonn aon cheist maidir le cibé acu a bhí nó nach raibh talamh arna dhílsiú chun críocha coláiste nó forais nó cuid d'fhoras lena mbaineann ordú arna dhéanamh faoi alt 3 (3) den Acht seo nó aon uair a éiríonn aon cheist maidir le cearta agus dliteanais a aistrítear leis an alt seo cuirfidh an coiste gairmoideachais an cheist sin faoi bhráid an Aire agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Aire uirthi.

Conarthaí a choimeád i bhfeidhm agus leanúint d'imeachtaí dlí.

19. —(1) Gach conradh a rinneadh i ndáil le coláiste nó i ndáil le foras oideachais nó cuid d'fhoras den sórt sin lena mbaineann ordú arna dhéanamh faoi alt 3 (3) den Acht seo agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an dáta bunaithe idir an coiste gairmoideachais agus aon duine leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm ar an dáta bunaithe agus dá éis, ach forléireofar é agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí an coláiste ann in ionad an choiste gairmoideachais agus beidh gach conradh den sórt sin infhorfheidhmithe dá réir sin ag an gcoláiste nó ina choinne.

(2) Más rud é, díreach roimh an dáta bunaithe, go mbeidh aon imeachtaí dlíthiúla, ar páirtí iontu an coiste gairmoideachais, ar feitheamh agus go mbeidh tagairt sna himeachtaí do choláiste nó d'fhoras oideachais nó cuid d'fhoras den sórt sin lena mbaineann an t-ordú sin cuirfear ainm an choláiste sna himeachtaí in ionad ainm an choiste gairmoideachais agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur in ionad sin.

(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon chonradh nó imeachtaí i ndáil le talamh.

(4) Maidir le haon tagairt do choláiste san alt seo, i ndáil le tráth roimh an dáta bunaithe, forléireofar í de réir fho-alt (6) d'alt 18 den Acht seo.

Cigireacht.

20. —Féadfaidh an tAire cigirí agus oifigigh eile de chuid na Roinne Oideachais agus cibé daoine eile is cuí leis an Aire a údarú chun tuairisciú don Aire ar éifeachtúlacht an teagaisc a bheidh á thabhairt i gcoláiste agus ar aon nithe eile a bhaineann le hoibriú coláiste agus beidh na cigirí, na hoifigigh agus na daoine eile sin i dteideal gach tráth réasúnach dul isteach i gcoláiste agus tabharfaidh an coláiste gach saoráid, lena n-áirítear rochtain ar gach taifead, dóibh chun a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh.

Modhnú ar alt 7 (5) den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1944.

21. —(1) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (5) d'alt 7 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1944 , aon uair a fhionrófar oifigeach de chuid coiste gairmoideachais faoi alt 7 den Acht sin féadfaidh an coiste, más cuí leis, le toiliú an Aire íocaíochtaí ex-gratia a dhéanamh leis an oifigeach a bheidh ar fionraí in ionad an luach saothair a bheadh iníoctha, murach an fhionraí sin, leis an oifigeach sin.

(2) Aon suim a íocfar faoi fho-alt (1) den alt seo beidh sí inaisíoctha ag an oifigeach leis an gcoiste gairmoideachais agus féadfar í a bhaint as aon airgead is iníoctha ag an gcoiste leis an oifigeach sin.

(3) Aon suim a íocfar faoi fho-alt (1) ní dhéanfar í a áireamh mar thuarastal ná díolaíocht chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1980 .

(4) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le hoifigigh do choláiste a bheidh ar fionraí faoin Acht seo faoi mar atá feidhm aige maidir le hoifigigh do choiste gairmoideachais ach “féadfaidh an coláiste, más cuí lena chomhlacht ceannais” a chur in ionad “féadfaidh an coiste, más cuí leis” i bhfo-alt (1) agus tagairtí don choláiste a chur in ionad tagairtí don choiste sin i bhfo-alt (2).

Caiteachais.

22. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Rialacháin.

23. —(1) Féadfaidh an tAire cibé rialacháin a dhéanamh is cuí leis an Aire ó am go ham maidir le hoibriú na gcoláistí.

(2) Déanfar gach rialachán arna dhéanamh ag an Aire faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán sin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin nó aon chuid de, beidh an rialachán nó an chuid sin de ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Gearrtheideal.

24. —Féadfar Acht na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha, 1992 , a ghairm den Acht seo.