An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1993) Ar Aghaidh (CUID II Forfás agus Gníomhaireachtaí)

19 1993

AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1993

CUID I

Réamhráiteach

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1993 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1986 go 1993, a ghairm de na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1986 agus 1991, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo, mura n-éileoidh an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1986” an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1986 ;

ciallaíonn “Acht 1987” an tAcht Eolaíochta agus Teicneolaíochta, 1987 ;

ciallaíonn “Gníomhaireacht” Forbairt nó GFT;

ciallaíonn “Bord” Bord Forfás nó Bord ceachtar Gníomhaireachta;

ciallaíonn “comhlacht díscaoilte” an tÚdarás Forbartha Tionscail nó Eolas;

tá le “lá bunaithe” an bhrí a shanntar dó le halt 5;

ciallaíonn “Forbairt” an Ghníomhaireacht a bhunaítear faoin ainm sin le halt 5;

ciallaíonn “Forfás” an Ghníomhaireacht a bhunaítear faoin ainm sin le halt 5;

ciallaíonn “GFT” an Ghníomhaireacht a bhunaítear le halt 5 faoi ainm na Gníomhaireachta Forbartha Tionscail (Éire);

ciallaíonn “an tAire” an tAire Fiontar agus Fostaíochta.

(2) Aon tagairt san Acht seo d'alt nó do Sceideal is tagairt í d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(3) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil eile atá beartaithe.

(4) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile is tagairt í don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile lena n-áirítear an tAcht seo.

Caiteachais.

3. —Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

4. —Aisghairtear leis seo gach achtachán dá dtagraítear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le héifeacht ón lá bunaithe, a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin.