An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (ORD POIBLÍ), 1994) Ar Aghaidh (CUID II Cionta a Bhaineann le hOrd Poiblí)

2 1994

AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (ORD POIBLÍ), 1994

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí), 1994 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Sruthaireachta, 1824 go 1994, a ghairm de na hAchtanna Sruthaireachta, 1824 agus 1988, agus d'alt 12, le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh mí amháin tar éis é a rith.

Léiriú (ginearálta).

2. —(1) Aon tagairt san Acht seo do Chuid nó d'alt is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'Acht éigin eile atá beartaithe.

(2) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.