An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Slua-Rialú ag Imeachtaí Poiblí) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

2 1994

AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (ORD POIBLÍ), 1994

CUID IV

Ilghnéitheach agus Aisghairm

Fógairt drúthlann agus striapachais a thoirmeasc.

23. —(1) Aon duine a dhéanfaidh fógrán a fhoilsiú nó a chur á fhoilsiú, nó a dháileadh nó a chur á dháileadh, ar fógrán é ina bhfógraítear drúthlann nó seirbhísí striapaí sa Stát nó ina bhfógraítear aon áitreabh nó seirbhís sa Stát i dtéarmaí, in imthosca nó ar mhodh is bun leis an tátal réasúnach gur drúthlann an t-áitreabh nó gur seirbhís striapachais an tseirbhís, beidh sé ciontach i gcion.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1), dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air,

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 a chur air.

(3) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoi fho-alt (1) is cosaint é don chúisí a shuíomh gur duine é arb é a ghnó fógráin a fhoilsiú nó a dháileadh, nó socrú a dhéanamh chun fógráin a fhoilsiú nó a dháileadh, agus go bhfuair sé an fógrán áirithe lena fhoilsiú nó lena dháileadh i ngnáthchúrsa gnó agus nárbh eol dó agus nach raibh aon chúis drochamhrais aige gur bhain an fógrán le drúthlann nó le seirbhísí striapaí.

(4) I gcás cion faoi fho-alt (1) a bheith déanta ag comhlacht corpraithe nó ag duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe nó comhlachta neamhchorpraithe daoine agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le ceadú, nó gurbh inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine ba stiúrthóir nó ba chomhalta de choiste bainistíochta nó d'údarás rialaithe eile an chomhlachta, nó arbh é bainisteoir nó rúnaí an chomhlachta é, nó arbh oifigeach eile don chomhlacht é, nó a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, nuair a rinneadh an cion, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne agus é a phionósú amhail is dá mbeadh an duine sin ciontach sa chion céadluaite.

(5) San alt seo—

folaíonn “fógrán” gach cineál fógraíochta nó cur chun cinn, cibé acu i bhfoilseachán nó trí fhógraí nó póstaeir a chur ar taispeáint nó trí mheán ciorclán, bileog, paimfléad nó cártaí nó doiciméad eile nó ar mhodh raidió, teilifíse, monatóra ríomhaire, teileafóin, tarchuir mhacasamhlaigh, fótagrafaíochta nó cineamatagrafaíochta, nó trí aon mheán eile cumarsáide dá shamhail;

ciallaíonn “dáileadh” dáileadh ar an bpobal nó ar chuid den phobal agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “foilsiú” foilsiú don phobal nó do chuid den phobal agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

Gabháil gan bharántas.

24. —(1) Más rud é go bhfaighidh comhalta den Gharda Síochána aon duine agus cion á dhéanamh aige faoi fhoráil iomchuí, féadfaidh an comhalta an duine sin a ghabháil gan bharántas.

(2) I gcás gurb é tuairim comhalta den Gharda Síochána go ndearnadh cion faoi fhoráil iomchuí, féadfaidh an comhalta—

(a) ainm agus seoladh aon duine a éileamh, ar duine é a bhfuil drochamhras ar an gcomhalta, agus cúis réasúnach aige leis, go ndearna sé cion den sórt sin, nó ar duine é a bhfaighidh an comhalta é agus é ag déanamh cion den sórt sin, agus

(b) aon duine den sórt sin a mhainneoidh nó a dhiúltóidh a ainm agus a sheoladh a thabhairt nuair a éileofar sin, nó a thabharfaidh ainm nó seoladh a mbeidh forais réasúnacha ag an gcomhalta chun a chreidiúint go bhfuil sé bréagach nó míthreorach, a ghabháil gan bharántas.

(3) Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh a ainm agus a sheoladh a thabhairt nuair a éileofar sin de bhua fho-alt (2), nó a thabharfaidh ainm nó seoladh, nuair a éileofar sin amhlaidh, atá bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion.

(4) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (3) dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó téarma príosúnachta nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air.

(5) San alt seo, ciallaíonn “foráil iomchuí” alt 4 , 6, 7, 8, 11, 13, 14, 15, 16, 17, 1819.

Cumhachtaí láithreacha an Gharda Síochána do leanúint i bhfeidhm.

25. —Aon chumhacht a thugtar do chomhalta den Gharda Síochána leis an Acht seo, beidh sí gan dochar d'aon chumhacht eile is infheidhmithe ag comhalta den sórt sin.

Aisghairm.

26. —Déantar leis seo na hAchtanna a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.