11 1994

/images/harp.jpg


Uimhir 11 de 1994


AN tACHT SLÁINTE (LEASÚ), 1994

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1.

Seirbhísí déadsláinte saor in aisce do leanaí áirithe.

2.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Sláinte, 1970

1970, Uimh. 1

Na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1991

/images/harp.jpg


Uimhir 11 de 1994


AN tACHT SLÁINTE (LEASÚ), 1994

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DÁ CHUMASÚ SEIRBHÍSÍ DÉADSLÁINTE A CHUR AR FÁIL GAN MHUIREAR DO LEANAÍ ÁIRITHE A D'FHREASTAIL AR SCOILEANNA NÁISIÚNTA NÓ AR SCOILEANNA ÁIRITHE EILE. [16 Bealtaine, 1994]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Seirbhísí déadsláinte saor in aisce do leanaí áirithe.

1. —(1) Cuirfidh bord sláinte ar fáil gan mhuirear, do leanaí a d'fhreastail ar scoil náisiúnta nó ar scoil a bheidh sonraithe in ordú faoi alt 66 (3) den Acht Sláinte, 1970 , agus a bhfuil cibé aois acu nó atá faoi bhun cibé aois a shonróidh an tAire le rialacháin, cibé seirbhísí déadsláinte a shonrófar amhlaidh.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

2. —(1) Féadfar an tAcht Sláinte (Leasú), 1994 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1994, a ghairm de na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1991, agus den Acht seo, le chéile.

(3) Forléireofar na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1991, agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin.