33 1995

/images/harp.jpg


Uimhir 33 de 1995


AN tACHT DEOCHANNA MEISCIÚLA, 1995

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Leasú ar alt 2 (tráthanna toirmiscthe i gcoitinne) d'Acht 1927.

3.

Leasú ar alt 3 (trádáil mheasctha) d'Acht 1927.

4.

Leasú ar alt 13 (díolúintí d'óstáin agus do bhialanna) d'Acht 1927.

5.

Leasú ar alt 56 (tráthanna toirmiscthe i gclubanna) d'Acht 1927.

6.

Leasú ar alt 14 (tráthanna toirmiscthe in áitribh a bhfuil ceadúnas bialainne speisialta acu) d'Acht 1988.

7.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Deocha Meisciúla, 1927

1927, Uimh. 15

An tAcht Deocha Meisciúla, 1960

1960, Uimh. 18

An tAcht Deochanna Meisciúla, 1962

1962, Uimh. 21

An tAcht Deochanna Meisciúla, 1988

1988, Uimh. 16

Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1988

/images/harp.jpg


Uimhir 33 de 1995


AN tACHT DEOCHANNA MEISCIÚLA, 1995

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CEADÚNÚCHÁIN, 1833 GO 1994, DO LEASÚ ACHTANNA CLÁRÚ NA gCLUBANNA, 1904 GO 1988, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA. [21 Nollaig, 1995]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1927” an tAcht Deocha Meisciúla, 1927 ;

ciallaíonn “Acht 1988” an tAcht Deochanna Meisciúla, 1988 .

Leasú ar alt 2 (tráthanna toirmiscthe i gcoitinne) d'Acht 1927.

2. —Leasaítear leis seo alt 2 (a cuireadh isteach le halt 25 d'Acht 1988) d'Acht 1927 tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1):

“Ar choinníoll, más rud é aon bhliain áirithe gur Domhnach é an 23ú nó an 24ú lá de Nollaig, ansin, maidir leis na forálacha den fho-alt seo a bhaineann le dálach i rith tréimhse nach tréimhse ama samhraidh, go mbeidh feidhm acu maidir le Domhnach den sórt sin amhail is dá mba dhálach den sórt sin é.”.

Leasú ar alt 3 (trádáil mheasctha) d'Acht 1927.

3. —Leasaítear leis seo alt 3 (arna leasú le halt 8 den Acht Deocha Meisciúla, 1960 , agus le halt 3 den Acht Deochanna Meisciúla, 1962 ) d'Acht 1927, i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (i) agus (ii):

“(i) i gcás áitreabh lena ngabhann ar-cheadúnas, idir leathuair tar éis a seacht a chlog agus leathuair tar éis a deich a chlog maidineacha dálach agus maidin Domhnaigh arb é an 23ú nó an 24ú lá de Nollaig é aon bhliain áirithe, agus

(ii) i gcás áitreabh lena mbaineann eis-cheadúnas, idir a naoi a chlog agus leathuair tar éis a deich a chlog maidineacha dálach agus maidin Domhnaigh arb é an 23ú nó an 24ú lá de Nollaig é aon bhliain áirithe.”.

Leasú ar alt 13 (díolúintí d'óstáin agus do bhialanna) d'Acht 1927.

4. —Leasaítear leis seo alt 13 (a cuireadh isteach le halt 28 d'Acht 1988) d'Acht 1927 tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur isteach san alt sin:

“Ar choinníoll, más rud é aon bhliain áirithe gur Domhnach é an 23ú nó an 24ú lá de Nollaig, ansin, maidir leis na forálacha den alt seo a bhaineann le dálach i rith tréimhse nach tréimhse ama samhraidh, go mbeidh feidhm acu, ach amháin i gcás ceadúnais sé lá, maidir le Domhnach den sórt sin amhail is dá mba dhálach den sórt sin é.”.

Leasú ar alt 56 (tráthanna toirmiscthe i gclubanna) d'Acht 1927.

5. —(1) Leasaítear leis seo alt 56 (a cuireadh isteach le halt 26 d'Acht 1988) d'Acht 1927—

(a) trí “i bhfo-ailt (1A), (2) agus (3)” a chur in ionad “i bhfo-ailt (2) agus (3)” i bhfo-alt (1), agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Más rud é aon bhliain áirithe gur Domhnach é an 23ú nó an 24ú lá de Nollaig, ansin, maidir leis na forálacha d'fho-alt (1) den alt seo a bhaineann le dálach i rith tréimhse nach tréimhse ama samhraidh, beidh feidhm acu maidir le Domhnach den sórt sin amhail is dá mba dhálach den sórt sin é.”,

agus

(c) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2):

“Ar choinníoll, más rud é aon bhliain áirithe gur Domhnach é an 23ú nó an 24ú lá de Nollaig, ansin, maidir leis na forálacha den fho-alt seo a bhaineann le dálach i rith tréimhse nach tréimhse ama samhraidh, go mbeidh feidhm acu maidir le Domhnach den sórt sin amhail is dá mba dhálach den sórt sin é.”.

(2) (a) Chun críocha Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1988, measfar, ar feadh na hidirthréimhse, rialacha club a bheidh cláraithe faoi na hAchtanna sin ar dháta rite an Achta seo a bheith ar comhréir le forálacha alt 56, arna leasú leis an alt seo, d'Acht 1927.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “idirthréimhse” an tréimhse dar tús dáta rite an Achta seo agus dar críoch an tráth a éagfaidh an deimhniú cláraitheachta maidir leis an gclub a bheidh i bhfeidhm dhá mhí tar éis an dáta sin, nó, más túisce a tharlóidh sin, an dáta a chuirfear rialacha an chlub ar comhréir le halt 56, arna leasú leis an alt seo, d'Acht 1927.

Leasú ar alt 14 (tráthanna toirmiscthe in áitribh a bhfuil ceadúnas bialainne speisialta acu) d'Acht 1988.

6. —Leasaítear leis seo alt 14 d'Acht 1988, i bhfo-alt (1)—

(a) trí “,nó aon Domhnach arb é an 23ú nó an 24ú lá de Nollaig é aon bhliain áirithe” a chur isteach i mír (i) i ndiaidh “aon dálach”, agus

(b) trí “seachas Domhnach lena mbaineann mír (i) den fho-alt seo” a chur isteach i mír (ii) i ndiaidh “aon Domhnach”.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

7. —(1) Féadfar an tAcht Deochanna Meisciúla, 1995 , a ghairm den Acht seo.

(2) (a) Féadfar na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1995, a ghairm de na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1994, agus den Acht seo, seachas alt 5 (2), le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

(b) Féadfar Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1995, a ghairm d'Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1988, agus d'alt 5 (2) den Acht seo, le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.