An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Rochtain ar Thaifid) Ar Aghaidh (CUID IV An Coimisinéir Faisnéise)

13 1997

AN tACHT UM SHAORÁIL FAISNÉISE, 1997

CUID III

Taifid Dhíolmhaithe

Cruinnithe den Rialtas.

19. —(1) Féadfaidh ceann diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é, maidir leis an taifead lena mbaineann—

(a) gur chuir Aire den Rialtas nó an tArd-Aighne faoi bhráid an Rialtais é, nó go mbeartaíonn sé nó sí é a chur faoi bhráid an Rialtais, chun breithniú a dhéanamh air agus gur chun na críche sin a cruthaíodh é,

(b) gur taifead de chuid an Rialtais é seachas taifead trína bhfoilsíonn an Rialtas breith de chuid an Rialtais don phobal i gcoitinne nó trína bhfoilsítear breith den sórt sin thar a cheann, nó

(c) go bhfuil faisnéis (lena n-áirítear comhairle) ann do chomhalta den Rialtas, don Ard-Aighne, d'Aire Stáit, do Rúnaí an Rialtais nó do Rúnaí Cúnta an Rialtais lena húsáid aige nó aici d'aon toisc chun aon ghnó de chuid an Rialtais a dhéanamh ag cruinniú den Rialtas.

(2) Diúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é, maidir leis an taifead lena mbaineann—

(a) go bhfuil ráiteas iomlán, nó cuid de ráiteas, ann a rinneadh ag cruinniú den Rialtas nó go bhfuil faisnéis ann a léiríonn éirim ráitis den sórt sin go huile nó cuid de, nó óna bhféadfaí éirim ráitis den sórt sin a thuiscint, agus

(b) nach taifead é—

(i) dá dtagraítear i mír (a)(c) d'fho-alt (1), nó

(ii) trína bhfoilsíonn an Rialtas breith de chuid an Rialtais don phobal i gcoitinne nó trína bhfoilsítear breith den sórt sin thar a cheann.

(3) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, níl feidhm ag fo-alt (1) maidir le taifead dá dtagraítear san fho-alt sin—

(a) más rud é go bhfuil, agus a mhéid atá, faisnéis fhíorasach ann a bhaineann le breith de chuid an Rialtais a foilsíodh don phobal i gcoitinne, nó

(b) más rud é go mbaineann an taifead le breith de chuid an Rialtais a tugadh breis agus 5 bliana sula bhfuair an ceann lena mbaineann an iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann.

(4) Ní thabharfar breith géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 i leith taifid lena mbaineann mír (a)(b) d'fho-alt (1) mura mbeidh an ceann lena mbaineann, a mhéid is indéanta déanamh amhlaidh, tar éis dul i gcomhairle, roimh an mbreith a thabhairt, leis na daoine seo a leanas i ndáil leis an iarraidh—

(a) treoraí gach páirtí polaitíochta ar chomhalta de aon chomhalta den Rialtas a thug aon bhreith lena mbaineann an taifead, agus

(b) aon chomhalta den Rialtas réamhráite nár chomhalta de pháirtí polaitíochta é nó í.

(5) I gcás go mbaineann iarraidh faoi alt 7 le taifead a bhfuil feidhm ag fo-alt (1) maidir leis, nó a mbeadh feidhm ag an alt sin maidir leis dá mba ann don taifead, agus gur deimhin leis an gceann lena mbaineann go mbeadh sé contrártha do leas an phobail a nochtadh gurb ann nó nach ann don taifead, diúltóidh sé nó sí géilleadh don iarraidh agus ní nochtfaidh sé nó sí don iarrthóir lena mbaineann an ann nó nach ann don taifead.

(6) San alt seo—

folaíonn “breith de chuid an Rialtais” an Rialtas do nótáil nó do cheadú taifid a cuireadh faoina mbráid;

folaíonn “taifead” réamhdhréacht nó dréacht eile den ábhar go léir nó de chuid den ábhar atá sa taifead;

folaíonn “Rialtas” coiste den Rialtas, is é sin le rá, coiste arna cheapadh ag an Rialtas arb iad seo a leanas a chomhaltaí—

(a) comhaltaí den Rialtas, nó

(b) comhalta amháin nó níos mó den Rialtas mar aon le ceachtar díobh seo a leanas nó leo araon:

(i) Aire Stáit amháin nó níos mó,

(ii) an tArd-Aighne.

Pléití comhlachtaí poiblí.

20. —(1) Féadfaidh ceann diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7

(a) más rud é go bhfuil ábhar sa taifead áirithe a bhaineann le próisis phléite an chomhlachta phoiblí lena mbaineann (lena n-áirítear tuairimí, comhairle, moltaí, agus torthaí comhchomhairle, arna mbreithniú ag an gcomhlacht, ag ceann an chomhlachta nó ag comhalta den chomhlacht nó d'fhoireann an chomhlachta chun críche na bpróiseas sin), agus

(b) go mbeadh sé contrártha do leas an phobail, i dtuairim an chinn, géilleadh don iarraidh,

agus, gan dochar do ghinearáltacht mhír (b), breithneoidh an ceann, le linn dó nó di cinneadh a dhéanamh géilleadh don iarraidh nó diúltú géilleadh di, an mbeadh sé contrártha do leas an phobail géilleadh di de bhíthin go gcuirfí, dá chionn sin, breith shuntasach a bheartaíonn an comhlacht a dhéanamh ar a iúl nó ar a hiúl don iarrthóir lena mbaineann.

(2) Níl feidhm ag fo-alt (1) maidir le taifead más rud é go bhfuil, agus a mhéid atá, aon cheann de na nithe seo a leanas ann—

(a) ábhar a úsáideann comhlacht poiblí, nó a bheartaíonn sé a úsáid, chun breitheanna, cinntí nó moltaí dá dtagraítear in alt 16 a thabhairt nó a dhéanamh,

(b) faisnéis fhíorasach (lena n-áirítear faisnéis staidrimh) agus anailísí ar an bhfaisnéis sin,

(c) na cúiseanna atá ag comhlacht poiblí le breith a thabhairt,

(d) tuarascáil ar imscrúdú nó anailís ar fheidhmíocht, ar éifeachtúlacht nó ar éifeachtacht comhlachta phoiblí i ndáil le feidhmeanna an chomhlachta i gcoitinne nó le feidhm áirithe dá chuid,

(e) tuarascáil, staidéar nó anailís de chuid saineolaí eolaíochta nó theicniúil a bhaineann le hábhar an tsaineolais atá aige nó aici nó tuarascáil ina bhfuil tuairimí nó comhairle saineolaí den sórt sin agus nach tuarascáil í a úsáideadh nó a coimisiúnaíodh chun críocha breithe de chuid comhlachta phoiblí arna déanamh de bhun aon achtacháin nó scéime.

Feidhmeanna agus caibidlí comhlachtaí poiblí.

21. —(1) Féadfaidh ceann diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é, i dtuairim an chinn, go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá dtabharfaí rochtain ar an taifead lena mbaineann—

(a) go ndéanfaí dochar d'éifeachtacht tástálacha, scrúduithe, imscrúduithe, fiosrúchán nó iniúchtaí arna seoladh ag an gcomhlacht poiblí lena mbaineann nó thar a cheann nó do na nósanna imeachta nó na modhanna a úsáidtear chun iad a sheoladh,

(b) go mbeadh droch-éifeacht shuntasach aici ar chomhlíonadh aon cheann dá fheidhmeanna a bhaineann le bainistiú (lena n-áirítear caidreamh tionscail agus bainistiú a fhoirne) ag an gcomhlacht, nó

(c) go nochtfaí seasaimh a glacadh, nó a bheadh le glacadh, nó pleananna, nósanna imeachta, critéir nó treoracha a úsáideadh nó a leanadh nó a bheadh le húsáid nó le leanúint, chun críche aon chaibidlí a bhí nó atá, nó atá le bheith, á seoladh ag an Rialtas nó ag comhlacht poiblí, nó thar a cheann.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le cás inarb é tuairim an chinn lena mbaineann gurbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh don iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann ná trí dhiúltú géilleadh di.

Cúrsaí parlaiminte agus cúirte agus nithe áirithe eile.

22. —(1) Diúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é, maidir leis an taifead lena mbaineann—

(a) go mbeadh sé díolmhaithe óna thabhairt ar aird in imeachtaí i gcúirt ar fhoras pribhléide gairmiúla dlíthiúla,

(b) gur taifead é de chineál gur dhíspeagadh cúirte é a nochtadh, nó

(c) gurb é atá ann—

(i) páipéir phríobháideacha ionadaí i bParlaimint na hEorpa nó comhalta d'údarás áitiúil nó de bhord sláinte, nó

(ii) tuairimí, comhairle, moltaí, nó torthaí comhchomhairle, arna mbreithniú—

(I) ag ceachtar Teach den Oireachtas nó ag Cathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach ceachtar Tí acu sin nó ag aon chomhalta eile de cheachtar Teach acu sin nó ag comhalta d'fhoireann Oifig Thithe an Oireachtais chun críocha na n-imeachtaí ag suí de cheachtar Teach acu sin, nó

(II) ag coiste arna cheapadh ag ceachtar Teach acu sin nó ag an dá Theach acu sin i gcomhpháirt agus ar a mbeidh comhaltaí de cheachtar Teach acu sin nó díobh araon nó ag comhalta de choiste den sórt sin nó ag comhalta d'fhoireann Oifig Thithe an Oireachtais chun críocha na n-imeachtaí ag cruinniú de choiste den sórt sin.

(2) I gcás go mbaineann iarraidh faoi alt 7 le taifead a bhfuil feidhm ag fo-alt (1) maidir leis, nó a mbeadh feidhm ag an alt sin maidir leis dá mba ann don taifead, agus gur deimhin leis an gceann lena mbaineann go mbeadh sé contrártha do leas an phobail a nochtadh gurb ann nó nach ann don taifead, diúltóidh sé nó sí géilleadh don iarraidh agus ní nochtfaidh sé nó sí don iarrthóir lena mbaineann an ann nó nach ann don taifead.

Forfheidhmiú an dlí agus sábháilteacht an phobail.

23. —(1) Féadfaidh ceann diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá dtabharfaí rochtain ar an taifead—

(a) go ndéanfaí dochar nó díobháil do na nithe seo a leanas—

(i) cosc, brath nó imscrúdú cionta, gabháil nó ionchúiseamh ciontóirí nó éifeachtacht modhanna, córas, pleananna nó nósanna imeachta dleathacha a úsáidtear chun críocha na nithe réamhráite,

(ii) forfheidhmiú, comhlíonadh nó riaradh aon dlí,

(iii) modhanna, córais, pleananna nó nósanna imeachta dleathacha chun sábháilteacht an phobail agus sábháilteacht nó slándáil daoine agus maoine a chinntiú,

(iv) cothroime imeachtaí coiriúla i gcúirt nó imeachtaí sibhialta i gcúirt nó i mbinse eile,

(v) slándáil forais pionóis,

(vi) slándáil an Phríomh-Ospidéil Meabhair-Ghalar,

(vii) slándáil foirgnimh nó déanmhais eile nó feithicle, loinge, báid nó aerárthaigh,

(viii) slándáil aon chórais cumarsáidí, cibé acu inmheánach nó seachtrach, de chuid an Gharda Síochána, Óglaigh na hÉireann, na gCoimisinéirí Ioncaim nó forais pionóis,

(b) go léireofaí, nó go dtiocfadh de go léireofaí, céannacht duine a thug faisnéis do chomhlacht poiblí i modh rúin i ndáil le forfheidhmiú nó riaradh an dlí shibhialta nó aon fhoinse eile faisnéise den sórt sin a tugadh i modh rúin, nó

(c) go n-éascófaí cion a dhéanamh.

(2) I gcás go mbaineann iarraidh faoi alt 7 le taifead a bhfuil feidhm ag fo-alt (1) maidir leis, nó a mbeadh feidhm ag an alt sin maidir leis dá mba ann don taifead, agus gur deimhin leis an gceann lena mbaineann, dá nochtfaí gurb ann nó nach ann don taifead, go mbeadh éifeacht leis sin a shonraítear i mír (a), (b)(c) den fho-alt sin, diúltóidh sé nó sí géilleadh don iarraidh agus ní nochtfaidh sé nó sí don iarrthóir lena mbaineann an ann nó nach ann don taifead.

(3) Níl feidhm ag fo-alt (1) maidir le taifead—

(a) más rud é—

(i) go nochtar leis, maidir le himscrúdú chun aon dlí a fhorfheidhmiú, nó maidir le haon ní a dhéantar i gcúrsa imscrúdú den sórt sin nó chun cionta a chosc nó a bhrath nó chun ciontóirí a ghabháil nó a ionchúiseamh, nach bhfuil sé údaraithe le dlí nó go sáraíonn sé aon dlí, nó

(ii) go bhfuil faisnéis ann—

(I) maidir le comhlíonadh feidhmeanna comhlachta phoiblí a n-áirítear ar a fheidhmeanna feidhmeanna a bhaineann le forfheidhmiú an dlí nó le sábháilteacht an phobail a chinntiú (lena n-áirítear éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chomhlíonta sin), nó

(II) maidir le tuillteanas nó a mhalairt, nó le rathúlacht nó a mhalairt, aon chláir, scéime nó beartais de chuid comhlachta phoiblí chun sáruithe ar an dlí a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, nó maidir le héifeachtacht nó le héifeachtúlacht chur i ngníomh aon chláir, scéime nó beartais den sórt sin ag comhlacht poiblí,

agus

(b) más é tuairim an chinn lena mbaineann gurbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh don iarraidh lena mbaineann ná trí dhiúltú géilleadh di.

(4) I bhfo-alt (1) ciallaíonn “foras pionóis”—

(a) áit a bhfuil feidhm ag Achtanna na bPríosún, 1826 go 1980, maidir léi,

(b) príosún míleata nó beairic coinneála de réir bhrí an Achta Cosanta, 1954 , i ngach cás acu,

(c) Foras Naomh Pádraig, nó

(d) foras arna bhunú faoin Children Act, 1908, ina gcoinnítear ciontóirí óga.

Slándáil, cosaint agus caidreamh idirnáisiúnta.

24. —(1) Féadfaidh ceann diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 i ndáil le taifead (agus, go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht an fho-ailt seo thairis sin, i ndáil le taifead a bhfuil feidhm ag fo-alt (2) maidir leis) más rud é, i dtuairim an chinn, go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá dtabharfaí rochtain ar an taifead, go ndéanfaí dochar—

(a) do shlándáil an Stáit,

(b) do chosaint an Stáit,

(c) do chaidreamh idirnáisiúnta an Stáit, nó

(d) do nithe a bhaineann le Tuaisceart Éireann.

(2) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le taifead—

(a) ina bhfuil faisnéis—

(i) a fuarthas nó a ullmhaíodh chun críche eolais i leith shlándáil nó chosaint an Stáit, nó

(ii) a bhaineann—

(I) le hoirbheartaíocht, straitéis nó oibríochtaí Óglaigh na hÉireann laistigh nó lasmuigh den Stát, nó

(II) le brath, cosc, nó díchur gníomhaíochtaí dá dtiocfadh nó a thabharfadh an t-ord poiblí nó údarás an Stáit a bhonnbhriseadh (abairt a bhfuil an bhrí chéanna léi atá le “dá dtiocfadh nó do bhéarfadh an t-ord puiblí nó údarás an Stáit do bhonnbhriseadh” in alt 2 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 ),

(b) ina bhfuil cumarsáid idir Aire den Rialtas agus misean taidhleoireachta nó post consalachta sa Stát nó cumarsáid idir an Rialtas nó duine atá ag gníomhú thar ceann an Rialtais agus rialtas eile nó duine atá ag feidhmiú thar ceann rialtais eile,

(c) ina bhfuil cumarsáid idir Aire den Rialtas agus misean taidhleoireachta nó post consalachta de chuid an Stáit,

(d) ina bhfuil faisnéis a bheidh curtha i bhfios i modh rúin d'aon duine laistigh nó lasmuigh den Stát ó aon duine laistigh nó lasmuigh den Stát, ar faisnéis í a bhaineann le ní dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó le cosaint chearta an duine agus a mbeidh sé ráite ina leith ag an duine is déanaí sin gur faisnéis faoi rún í nó go bhfuil sí le cur i bhfios i modh rúin,

(e) ina bhfuil faisnéis a bheidh curtha i bhfios i modh rúin ó eagraíocht idirnáisiúnta stát nó fo-organ de chuid eagraíochta den sórt sin nó ó institiúid nó comhlacht den Aontas Eorpach nó chuici nó chuige nó laistigh di nó laistigh de nó a bhaineann le caibidlí idir an Stát agus eagraíocht, organ, institiúid nó comhlacht den sórt sin nó laistigh d'eagraíocht, d'organ, d'institiúid nó de chomhlacht den sórt sin, nó i ndáil léi nó leis, nó

(f) ar taifead é de chuid eagraíochta, orgain, institiúide nó comhlachta dá dtagraítear i mír (e) ina bhfuil faisnéis a dtoirmisceann an eagraíocht, an t-organ, an institiúid nó an comhlacht í a nochtadh.

(3) I gcás go mbaineann iarraidh faoi alt 7 le taifead a bhfuil feidhm ag fo-alt (1) maidir leis, nó lena mbeadh feidhm ag an bhfo-alt sin maidir leis dá mba ann don taifead, agus gur deimhin leis an gceann lena mbaineann, dá nochtfaí gurb ann nó nach ann don taifead, go ndéanfaí dochar do ní dá dtagraítear san fho-alt sin, diúltóidh sé nó sí géilleadh don iarraidh agus ní nochtfaidh sé nó sí don iarrthóir lena mbaineann an ann nó nach ann don taifead.

Breitheanna áirithe de bhun ailt 23 agus 24 a bheith dochloíte.

25. —(1) (a) Más rud é, faoi réir mhír (b)

(i) maidir le hAire den Rialtas nó ceann comhlachta phoiblí (seachas Roinn Stáit nó Oifig an Tánaiste) a bhfuil feidhmeanna tugtha don Aire sin den Rialtas i ndáil leis —

(I) go ndiúltóidh sé nó sí, de bhun alt 8 , géilleadh d'iarraidh chuige nó chuici faoi alt 7 , nó

(II) go seasfaidh sé nó sí le breith, nó go dtabharfaidh sé nó sí breith, de bhun alt 14 , diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 ,

toisc gur deimhin leis nó léi gur taifead díolmhaithe de bhua alt 23 24 an taifead lena mbaineann, agus

(ii) gur deimhin leis an Aire den Rialtas go bhfuil an taifead sách íogair nó sách tromaí chun gur chóir dó nó di déanamh amhlaidh,

féadfaidh an tAire den Rialtas a dhearbhú, i ndeimhniú a eiseoidh sé nó sí (“deimhniú”), gur taifead díolmhaithe de bhua alt 23 24 an taifead.

(b) Ní eiseoidh Aire den Rialtas deimhniú i leith taifid is ábhar do bhreith dá dtagraítear i gclásal (I)(II) de mhír (a) (i) ó cheann comhlachta phoiblí (seachas Roinn Stáit nó Oifig an Tánaiste) mura mbeidh an ceann tar éis a iarraidh air nó uirthi, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, déanamh amhlaidh.

(2) I gcás go ndéanfar iarratas chuig ceann chun athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 14 ar bhreith diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 , ní eiseofar deimhniú i leith an taifid lena mbaineann tráth is déanaí ná 3 sheachtain tar éis an dáta a bhfaighidh an ceann sin an t-iarratas.

(3) Fad a bheidh deimhniú i bhfeidhm—

(a) measfar go dochloíte, faoi réir fhorálacha an Achta seo, gur taifead díolmhaithe an taifead lena mbaineann sé, agus

(b) ní bheidh aon ábhar iarratais ann chun athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 14 34, de réir mar is cuí, ar an mbreith lena mbaineann faoi alt 8 14 i ndáil leis an taifead.

(4) Aon doiciméad a airbheartóidh gur deimhniú é agus go bhfuil sé sínithe ag Aire den Rialtas measfar, mura gcruthófar a mhalairt, gur deimhniú é ón Aire sin den Rialtas agus go bhfuil sé i bhfeidhm agus glacfar é in aon imeachtaí i gcúirt nó faoi alt 14 34 gan a thuilleadh cruthúnais.

(5) Sonrófar na nithe seo a leanas i ndeimhniú—

(a) an iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann,

(b) na forálacha d'alt 2324, de réir mar is cuí, ar faoina dtreoir is taifead díolmhaithe an taifead lena mbaineann sé,

(c) an dáta a síníonn an tAire den Rialtas lena mbaineann an deimhniú agus an dáta a rachaidh sé in éag, agus

(d) ainm an iarrthóra,

agus déanfaidh an tAire den Rialtas a eisíonn é an deimhniú a shíniú.

(6) Ar dheimhniú a eisiúint, cuirfidh an tAire den Rialtas lena mbaineann faoi deara—

(a) cóip den deimhniú a thabhairt láithreach don iarrthóir lena mbaineann, agus

(b) cóip den deimhniú agus ráiteas i scríbhinn a thabhairt láithreach don Taoiseach agus do cibé Airí eile den Rialtas a fhorordófar ar ráiteas é maidir leis na cúiseanna ar taifead díolmhaithe an taifead lena mbaineann sé agus maidir leis an ní ar faoina threoir is deimhin leis an Aire den Rialtas go bhfuil feidhm ag fo-alt (1) (a) (ii) maidir leis an taifead.

(7) (a) Faoi réir mhír (b), déanfaidh an Taoiseach, i gcomhar le haon Airí eile den Rialtas a bheidh arna bhforordú faoi fho-alt (6), a luaithe is féidir tar éis dheireadh gach tréimhse 6 mhí (nó cibé tréimhse eile nach faide ná 12 mhí a bheidh forordaithe) dar tosach an tréimhse ó thosach feidhme an Achta seo, oibriú fho-alt (1) le linn na tréimhse sin a athbhreithniú.

(b) Ní ghlacfaidh Aire den Rialtas páirt in athbhreithniú faoin bhfo-alt seo a mhéid a bhaineann sé le deimhniú arna eisiúint aige nó aici ach féadfaidh sé nó sí aighneachtaí a dhéanamh chuig na hAirí eile den Rialtas lena mbaineann i ndáil leis an gcuid d'athbhreithniú den sórt sin a bhfuil cosc mar a dúradh air nó uirthi páirt a ghlacadh ann.

(c) Más rud é, tar éis athbhreithniú faoin bhfo-alt seo, nach deimhin leis na hAirí den Rialtas lena mbaineann—

(i) gur taifead díolmhaithe taifead lena mbaineann an deimhniú áirithe, nó

(ii) go bhfuil aon chuid den fhaisnéis atá sa taifead sách íogair nó sách tromaí chun gur chóir go leanfadh an deimhniú de bheith i bhfeidhm,

iarrfaidh siad ar an Aire den Rialtas lena mbaineann an deimhniú a chúlghairm.

(d) Féadfaidh Aire den Rialtas, chun críocha athbhreithniú ag an Aire sin den Rialtas faoin bhfo-alt seo, scrúdú a dhéanamh ar na taifid iomchuí go léir a bheidh á sealbhú ag ceann eile nó thar ceann nó faoi rialú cinn eile.

(8) (a) Féadfaidh an Taoiseach, tráth ar bith, oibriú fho-alt (1) a mhéid a bhaineann sé le haon Aire eile den Rialtas, nó le heisiúint deimhnithe áirithe ag Aire eile den Rialtas, a athbhreithniú.

(b) Beidh éifeacht le míreanna (c) agus (d) d'fho-alt (7) i ndáil le hathbhreithniú faoin bhfo-alt seo fairis na modhnuithe is gá.

(9) Féadfaidh Aire den Rialtas, agus déanfaidh sé nó sí, má iarrtar air nó uirthi de bhun fho-alt (7) (c) déanamh amhlaidh, le hionstraim arna síniú aige nó aici, deimhniú arna eisiúint ag an Aire sin den Rialtas a chúlghairm agus, má dhéanann sé nó sí amhlaidh, cuirfidh sé nó sí faoi deara cóip den ionstraim a thabhairt láithreach don iarrthóir lena mbaineann.

(10) Má dhéanann an Ard-Chúirt deimhniú, nó an bhreith lena mbaineann faoi alt 8 14 i ndáil le taifead lena mbaineann deimhniú, a neamhniú faoi alt 42 , rachaidh an deimhniú in éag air sin.

(11) Cuirfidh Aire den Rialtas faoi deara, gach bliain tar éis na bliana a dtiocfaidh an t-alt seo i ngníomh, tuarascáil i scríbhinn a ullmhú agus a thabhairt don Choimisinéir ina sonrófar líon na ndeimhnithe a d'eisigh sé nó sí sa bhliain roimhe sin agus na forálacha d'alt 2324, de réir mar is cuí, ar dá mbua a diúltaíodh, de bhun alt 8 , géilleadh don iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann, nó a tugadh breith, de bhun alt 14 , seasamh le breith diúltú géilleadh don iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann.

(12) I gcás go gcúlghairfear deimhniú nó ina mbeidh sé tar éis dul in éag agus nach mbeidh deimhniú eile i bhfeidhm i ndáil leis an taifead lena mbaineann nó ina neamhnófar an deimhniú faoi alt 42 , féadfaidh an t-iarrthóir lena mbaineann, tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis dháta na cúlghairme, an éaga nó an neamhnithe, de réir mar a bheidh, iarratas a dhéanamh go ndéanfar athbhreithniú faoi alt 14 34, de réir mar is cuí, ar an mbreith lena mbaineann faoi alt 8 14.

(13) Faoi réir fho-ailt (9) agus (10), leanfaidh deimhniú de bheith i bhfeidhm go ceann tréimhse 2 bhliain ón dáta a síníonn an tAire den Rialtas lena mbaineann é agus rachaidh sé in éag ansin, ach féadfaidh Aire den Rialtas, tráth ar bith, deimhniú a eisiúint faoin alt seo i leith taifid ar eisíodh deimhniú i ndáil leis roimhe sin mura rud é—

(a) de bhun breithe (nár freaschuireadh) tar éis athbhreithniú faoi alt 14 34, nó

(b) de bhun breithe faoi alt 42 ar achomharc chun na hArd-Chúirte,

nach taifead díolmhaithe an taifead.

Faisnéis a fhaightear i modh rúin.

26. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, diúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é—

(a) go bhfuil faisnéis sa taifead lena mbaineann ar faisnéis í a tugadh don chomhlacht poiblí lena mbaineann i modh rúin agus ar an mbonn tuisceana go ndéileálfadh sé léi mar fhaisnéis faoi rún (lena n-áirítear faisnéis den sórt sin a dúradh ar ceanglaíodh ar dhuine le dlí, nó a bhféadfadh an comhlacht, de bhun dlí, a cheangal air nó uirthi í a thabhairt don chomhlacht) agus gurb é tuairim an chinn gur dóigh, dá nochtfaí í, go ndéanfaí dochar do thabhairt faisnéise eile dá shamhail don chomhlacht ag an duine céanna nó ag daoine eile agus go bhfuil sé tábhachtach don chomhlacht go leanfaí d'fhaisnéis eile dá shamhail den sórt sin a thabhairt don chomhlacht, nó

(b) gurbh ionann nochtadh na faisnéise lena mbaineann agus sárú dualgais rúndachta dá bhforáiltear le foráil de chomhaontú nó d'achtachán (seachas foráil a shonraítear i gcolún (3) den Tríú Sceideal d'achtachán a shonraítear sa Sceideal sin) nó thairis sin le dlí.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le taifead arna ullmhú ag ceann nó ag aon duine eile (is stiúrthóir ar chomhlacht poiblí nó comhalta d'fhoireann comhlachta phoiblí nó is duine atá ag soláthar seirbhíse do chomhlacht poiblí faoi chonradh le haghaidh seirbhísí) le linn dó nó di a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh murarbh ionann nochtadh na faisnéise lena mbaineann agus sárú dualgais rúndachta dá bhforáiltear le comhaontú nó le reacht nó thairis sin le dlí agus a bheidh ag dul do dhuine seachas comhlacht poiblí nó ceann, nó comhalta d'fhoireann, comhlachta phoiblí nó stiúrthóir air nó duine atá ag soláthar seirbhíse, nó a sholáthair seirbhís, do chomhlacht poiblí faoi chonradh le haghaidh seirbhísí.

(3) Faoi réir alt 29 , ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) (a) i ndáil le cás inarb é tuairim an chinn lena mbaineann gurbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh don iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann ná trí dhiúltú géilleadh di.

Faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de.

27. —(1) Faoi réir fho-alt (2), diúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é go bhfuil sa taifead lena mbaineann—

(a) rúin trádála de chuid duine seachas an t-iarrthóir lena mbaineann,

(b) faisnéis airgeadais, tráchtála, eolaíochta nó theicniúil, nó faisnéis eile a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go mbeadh de thoradh ar í a nochtadh caillteanas nó gnóchan airgeadais ábhartha don duine lena mbaineann an fhaisnéis, nó a bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do staid iomaíochta an duine sin i seoladh na gairme nó an ghnó atá aige nó aici nó thairis sin ina shlí bheatha nó ina slí bheatha, nó

(c) faisnéis a bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do sheoladh nó do thoradh caibidlí conarthacha nó caibidlí eile ag an duine lena mbaineann an fhaisnéis.

(2) Géillfidh ceann d'iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann fo-alt (1) más rud é—

(a) go dtoileoidh an duine lena mbaineann an taifead áirithe, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, le rochtain ar an taifead a thabhairt don iarrthóir lena mbaineann,

(b) go bhfuil faisnéis den chineál céanna leis an bhfaisnéis atá sa taifead i leith daoine i gcoitinne, nó i leith aicme daoine atá, ag féachaint do na himthosca go léir, sách líonmhar, ar fáil don phobal i gcoitinne,

(c) nach mbaineann an taifead ach amháin leis an iarrthóir,

(d) gurb é nó gurb í an duine lena mbaineann an taifead a thug faisnéis atá sa taifead don chomhlacht poiblí lena mbaineann agus gur cuireadh in iúl don duine thar ceann an chomhlachta, sular tugadh í amhlaidh, go mbaineann an fhaisnéis le haicme faisnéise a chuirfí ar fáil nó a d'fhéadfaí a chur ar fáil don phobal i gcoitinne, nó

(e) gur gá an fhaisnéis lena mbaineann a nochtadh chun garchontúirt mhór do bheatha nó do shláinte duine aonair nó don timpeallacht a sheachaint.

(3) Faoi réir alt 29 , níl feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le cás inarb é tuairim an chinn lena mbaineann gurbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh don iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann ná trí dhiúltú géilleadh di.

Faisnéis phearsanta.

28. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, diúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más é tuairim an chinn go nochtfaí faisnéis phearsanta (lena n-áirítear faisnéis phearsanta a bhaineann le duine aonair éagtha) dá dtabharfaí rochtain ar an taifead áirithe.

(2) Níl feidhm ag fo-alt (1) más rud é—

(a) gur leis an iarrthóir áirithe a bhaineann an fhaisnéis áirithe, ach sin faoi réir fho-alt (3),

(b) go dtoileoidh aon duine aonair lena mbaineann an fhaisnéis, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, leis an bhfaisnéis sin a nochtadh don iarrthóir,

(c) go bhfuil faisnéis den chineál céanna leis an bhfaisnéis atá sa taifead i leith daoine aonair i gcoitinne, nó i leith aicme daoine aonair atá, ag féachaint do na himthosca go léir, sách líonmhar, ar fáil don phobal i gcoitinne,

(d) gurb é nó gurb í an duine aonair lena mbaineann an fhaisnéis a thug í don chomhlacht poiblí lena mbaineann agus gur cuireadh in iúl don duine aonair thar ceann an chomhlachta, sular tugadh í amhlaidh, go mbaineann an fhaisnéis le haicme faisnéise a chuirfí ar fáil nó a d'fhéadfaí a chur ar fáil don phobal i gcoitinne, nó

(e) gur gá an fhaisnéis a nochtadh chun garchontúirt mhór do bheatha nó do shláinte duine aonair a sheachaint,

ach, i gcás a thagann faoi réim mhír (a)(b), cinnteoidh an ceann lena mbaineann go ndéanfar, sula ngéillfear don iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann, céannacht an iarrthóra nó, de réir mar a bheidh, toiliú an duine aonair, a shuíomh chun sástacht an chinn.

(3) I gcás go mbaineann iarraidh faoi alt 7

(a) le taifead de chineál liachta nó síciatrachta a bhaineann leis an iarrthóir áirithe, nó

(b) le taifead atá á choimeád chun críocha oibre sóisialaí i ndáil leis an iarrthóir, nó a fuarthas le linn obair den sórt sin a chur i gcrích,

agus, i dtuairim an chinn lena mbaineann, go bhféadfaí dochar a dhéanamh do shláinte coirp nó meabhrach, do dhea-bhail nó do riocht mothúchánach an iarrthóra dá ndéanfaí an fhaisnéis lena mbaineann a nochtadh dó nó di, féadfaidh an ceann breith a thabhairt diúltú géilleadh don iarraidh.

(4) I gcás go ndiúltóidh ceann, de bhun fho-alt (3), géilleadh d'iarraidh faoi alt 7

(a) áireofar san fhógra faoi alt 8 (1) i ndáil leis an ní ráiteas á rá go ndéanfaidh an ceann, má iarrann an t-iarrthóir air nó uirthi déanamh amhlaidh, rochtain ar an taifead lena mbaineann a thairiscint do cibé gairmí sláinte, a mbeidh saineolas aige nó aici i ndáil le hábhar an taifid, a shonróidh an t-iarrthóir, agus an taifead a choimeád ar fáil chun na críche sin, de réir alt 8 (3), agus

(b) má iarrann an t-iarrthóir ar an gceann amhlaidh, déanfaidh sé nó sí rochtain ar an taifead a thairiscint don ghairmí sláinte sin a dúradh, agus é a choimeád ar fáil chun na críche sin, de réir alt 8 (3).

(5) I gcás gurb é tuairim an chinn lena mbaineann, maidir le hiarraidh faoi alt 7 a ndiúltófaí géilleadh di faoi fho-alt (1) murach an fo-alt seo—

(a) gur tábhachtaí, tríd is tríd, leas an phobail go ngéillfí don iarraidh ná leas an phobail go gcosnófaí ceart chun príobháideachta an duine aonair lena mbaineann an fhaisnéis, nó

(b) go rachadh sé chun tairbhe don duine aonair réamhráite, tríd is tríd, dá ngéillfí don iarraidh,

féadfaidh an ceann, faoi réir alt 29 , géilleadh don iarraidh.

(6) D'ainneoin fho-alt (1), féadfaidh an tAire a fhoráil le rialacháin maidir le géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é—

(a) gur duine d'aicme a shonraítear sna rialacháin an duine aonair lena mbaineann agus gur tuismitheoir nó caomhnóir an duine aonair an t-iarrthóir lena mbaineann, nó

(b) go bhfuil an duine aonair lena mbaineann an taifead áirithe marbh agus gur duine d'aicme a shonraítear sna rialacháin an t-iarrthóir lena mbaineann.

(7) San alt seo ciallaíonn “gairmí sláinte” lia-chleachtóir, de réir bhrí Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978 , fiaclóir cláraithe, de réir bhrí Acht na bhFiaclóirí, 1985 , nó duine d'aon aicme eile oibrithe sláinte nó oibrithe sóisialacha a bheidh forordaithe, tar éis dul i gcomhairle le cibé Airí eile (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire.

Nós imeachta i ndáil le hiarrataí áirithe faoi alt 7 a bhfuil feidhm ag alt 26 , 2728 maidir leo.

29. —(1) San alt seo ciallaíonn “iarraidh a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi” iarraidh faoi alt 7 a bhfuil feidhm ag alt 26 (3)27 (3) maidir léi nó a bhfuil feidhm ag alt 28 (5) maidir léi agus a ngéillfí di ar leith ón alt seo.

(2) Faoi réir fho-alt (5), déanfaidh ceann, roimh bhreith a thabhairt i dtaobh an ngéillfidh sé nó sí d'iarraidh a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi agus tráth nach déanaí ná 2 sheachtain tar éis an iarraidh a fháil—

(a) más iarraidh í an iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 26 (3) maidir léi, a chur faoi deara, maidir leis an duine a thug an fhaisnéis lena mbaineann don chomhlacht poiblí lena mbaineann agus, más rud é gur cuí leis an gceann é, maidir leis an duine lena mbaineann an fhaisnéis, nó

(b) más iarraidh í an iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 27 (3)28 (5) maidir léi, a chur faoi deara, maidir leis an duine lena mbaineann an fhaisnéis,

fógra, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, a thabhairt dó nó di—

(i) maidir leis an iarraidh agus á rá go ngéillfear di ar mhaithe le leas an phobail, ar leith ón alt seo,

(ii) á rá go bhféadfaidh an duine, tráth nach déanaí ná 3 sheachtain tar éis an fógra a fháil, aighneachtaí a dhéanamh chuig an gceann i ndáil leis an iarraidh, agus

(iii) á rá go mbreithneoidh an ceann aon aighneachtaí den sórt sin roimh bhreith a thabhairt i dtaobh cibé acu a ghéillfidh sé nó sí, nó a dhiúltóidh sé nó sí géilleadh, don iarraidh.

(3) Aon duine a gheobhaidh fógra faoi fho-alt (2) féadfaidh sé nó sí, tráth nach déanaí ná 3 sheachtain tar éis dó nó di an fógra a fháil, aighneachtaí a dhéanamh chuig an gceann lena mbaineann i ndáil leis an iarraidh a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi agus dá dtagraítear san fhógra agus déanfaidh an ceann—

(a) aon aighneachtaí den sórt sin a dhéanfar amhlaidh a bhreithniú roimh bhreith a thabhairt i dtaobh an ngéillfidh sé nó sí don iarraidh,

(b) a chur faoi deara fógra, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, a thabhairt don duine maidir leis an mbreith, agus

(c) más breith í géilleadh don iarraidh, a chur faoi deara go mbeidh sonraí san fhógra faoin gceart go ndéanfaí an bhreith a athbhreithniú faoi alt 34 , faoin nós imeachta lena rialaítear feidhmiú an chirt sin agus faoin teorainn ama lena rialaítear an feidhmiú sin.

(4) Faoi réir fho-alt (5), tabharfaidh ceann breith i dtaobh an ngéillfidh sé nó sí d'iarraidh a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi, agus comhlíonfaidh sé nó sí fo-alt (3) i ndáil leis an gcéanna, tráth nach déanaí ná 2 sheachtain—

(a) tar éis an t-am a shonraítear i bhfo-alt (3) a bheith caite, nó

(b) tar éis aighneachtaí a fháil faoin bhfo-alt sin i ndáil leis an iarraidh ó na daoine lena mbaineann,

cibé acu is luaithe, agus forléireofar alt 8 (1), agus beidh éifeacht leis, dá réir sin.

(5) Más rud é, i ndáil le hiarraidh a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi, nach mbeidh an ceann lena mbaineann in ann fo-alt (2) a chomhlíonadh, tar éis gach beart réasúnach a ghlacadh chun déanamh amhlaidh, déanfaidh an ceann, má thoilíonn an Coimisinéir leis an neamhchomhlíonadh, breith a thabhairt i dtaobh cibé acu a ghéillfidh nó a dhiúltóidh sé nó sí don iarraidh tráth nach déanaí ná 7 seachtain tar éis an iarraidh a fháil agus i gcás den sórt sin forléireofar alt 8 (1), agus beidh éifeacht leis, dá réir sin.

(6) Más rud é, i ndáil le hiarraidh a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi, nach dtoileoidh an Coimisinéir, de bhun fho-alt (5), le neamhchomhlíonadh fho-alt (2), ordóidh sé nó sí don cheann lena mbaineann bearta sonraithe a ghlacadh laistigh de thréimhse shonraithe chun fo-alt (2) a chomhlíonadh agus más rud é, tar éis na bearta sin a ghlacadh laistigh den tréimhse sin nó cibé tréimhse bhreise a shonróidh an Coimisinéir, nach mbeidh an ceann in ann an fo-alt sin a chomhlíonadh, tabharfaidh sé nó sí breith, a luaithe is féidir, i dtaobh cibé acu a ghéillfidh nó a dhiúltóidh sé nó sí don iarraidh.

Taighde agus acmhainní nádúrtha.

30. —(1) Féadfaidh ceann diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más é tuairim an chinn—

(a) go bhfuil faisnéis sa taifead lena mbaineann i ndáil le taighde atá á dhéanamh nó le déanamh ag comhlacht poiblí nó thar a cheann agus gur dhóigh, dá ndéanfaí an fhaisnéis a nochtadh nó dá ndéanfaí í a nochtadh roimh chríochnú an taighde, go bhféadfaí an comhlacht, aon duine atá nó a bheidh ag déanamh an taighde thar ceann an chomhlachta nó ábhar an taighde a chur faoi mhíbhuntáiste tromaí, nó

(b) go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go ndéanfaí dochar, dá ndéanfaí faisnéis atá sa taifead a nochtadh, do dhea-bhail acmhainne cultúir, oidhreachta nó nádúrtha nó do speiceas, nó do ghnáthóg speicis, flora nó fauna.

(2) Níl feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le cás inarb é tuairim an chinn lena mbaineann gurbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh don iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann ná trí dhiúltú géilleadh di.

Leasanna airgeadais agus eacnamaíochta an Stáit agus comhlachtaí poiblí.

31. —(1) Féadfaidh ceann diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 i ndáil le taifead (agus, go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht an fho-ailt seo thairis sin, i ndáil le taifead a bhfuil feidhm ag fo-alt (2) maidir leis) más é tuairim an chinn—

(a) go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá dtabharfaí rochtain ar an taifead, go mbeadh droch-éifeacht thromaí aige ar leasanna airgeadais an Stáit nó ar chumas an Rialtais an geilleagar náisiúnta a bhainistiú,

(b) go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá ndéanfaí faisnéis atá sa taifead a nochtadh go ró-luath, go mbeadh de thoradh air go gcuirfí isteach go míchuí ar ghnáthchúrsa gnó i gcoitinne, nó ar aon aicme áirithe gnó, sa Stát agus, dá dtabharfaí rochtain ar an taifead, go mbeadh, sna himthosca go léir, an fhaisnéis á nochtadh go ró-luath, nó

(c) go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá dtabharfaí rochtain ar an taifead, gurb é an toradh a bheadh air tairbhe nó caillteanas do dhuine nó d'aicme daoine nach mbeadh ag dul dóibh.

(2) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le taifead a bhaineann le haon cheann de na nithe seo a leanas—

(a) rátaí malairte nó airgeadra an Stáit,

(b) cánacha, dleachtanna ioncaim nó bunaidh eile ioncaim don Stát, d'údarás áitiúil nó d'aon chomhlacht poiblí eile,

(c) rátaí úis,

(d) iasachtaí a fhaigheann an Stát nó comhlacht poiblí nó a fhaightear thar a gceann,

(e) rialáil nó maoirsiú ag an Stát nó thar a cheann, nó ag comhlacht poiblí nó thar a cheann, ar ghnó baincéireachta nó árachais nó ar iasachtú airgid nó gnó eile airgeadais nó ar fhorais nó ar dhaoine eile a bhfuil aon cheann de na gnóthaí réamhráite á gcur i gcrích acu,

(f) déileálacha in urrúis nó in airgeadra coigríche,

(g) rialáil nó rialú ag an Stát nó thar a cheann, nó ag comhlacht poiblí nó thar a cheann, ar phá, ar thuarastail nó ar phraghsanna,

(h) tograí i ndáil le caiteachas ag an Stát nó thar a cheann, nó ag comhlacht poiblí nó thar a cheann, lena n-áirítear rialú, srian nó toirmeasc ar aon chaiteachas den sórt sin,

(i) maoin atá ina sheilbh ag an Stát nó thar a cheann, nó ag comhlacht poiblí nó thar a cheann, agus idirbhearta, nó idirbhearta molta nó beartaithe, a bhfuil maoin den sórt sin i gceist iontu,

(j) infheistíocht choigríche i bhfiontair sa Stát,

(k) forbairt tionscail sa Stát,

(l) trádáil idir daoine sa Stát agus daoine lasmuigh den Stát,

(m) rúin trádála nó faisnéis airgeadais, tráchtála, tionscail, eolaíochta nó theicniúil is leis an Stát nó le comhlacht poiblí agus a bhfuil, nó ar dóigh le réasún go mbeadh, luach substaintiúil leo nó léi,

(n) faisnéis a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá nochtfaí í, go ndéanfaí dochar do staid iomaíochta comhlachta phoiblí i ndáil le gníomhaíochtaí a bhíonn á seoladh aige ar bhonn tráchtála, nó

(o) dálaí eacnamaíochta nó airgeadais comhlachta phoiblí.

(3) Níl feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le cás inarb é tuairim an chinn lena mbaineann gurbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh don iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann ná trí dhiúltú géilleadh di.

Achtacháin a bhaineann le neamhnochtadh taifead.

32. —(1) Diúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é—

(a) go dtoirmisctear le haon achtachán (seachas foráil a shonraítear i gcolún (3) den Tríú Sceideal d'achtachán a shonraítear sa Sceideal sin) an taifead lena mbaineann a nochtadh, nó

(b) go bhfuil neamhnochtadh an taifid údaraithe in imthosca áirithe le haon achtachán den sórt sin agus gur cás é ina ndiúltódh an ceann, de bhun an achtacháin, an taifead a nochtadh.

(2) Déanfaidh comhchoiste de dhá Theach an Oireachtais, má bhíonn sé údaraithe chuige sin ag an dá Theach sin (agus gairtear “an coiste” ina dhiaidh seo san alt seo de choiste den sórt sin a bheidh údaraithe amhlaidh)—

(a) oibriú aon fhorálacha d'aon achtachán lena n-údaraítear nó lena gceanglaítear neamhnochtadh taifid (seachas foráil a shonraítear sa cholún (3) sin) a athbhreithniú ó am go ham chun a fhionnadh an cóir, ag féachaint d'fhorálacha, do chríocha agus do mheon an Achta seo—

(i) aon cheann de na forálacha sin a leasú nó a aisghairm, nó

(ii) tagairt d'aon cheann acu a chur isteach sa cholún (3) sin,

agus

(b) tuarascáil i scríbhinn ar thorthaí an athbhreithnithe réamhráite a ullmhú agus a thabhairt do gach Teach acu sin agus, más cuí leis déanamh amhlaidh, moltaí i ndáil le leasú, le haisghairm nó le leanúint i bhfeidhm aon cheann de na forálacha sin, nó i ndáil le tagairt d'aon cheann acu a chur isteach sa cholún (3) sin, a áireamh sa tuarascáil.

(3) Déanfaidh Aire den Rialtas, de réir fho-alt (6), tuarascálacha i scríbhinn a ullmhú agus a thabhairt don choiste—

(a) ina sonrófar, maidir le haon achtacháin lena dtugtar feidhmeanna don Aire sin den Rialtas, nó do chomhlacht poiblí a bhfuil feidhmeanna i ndáil leis dílsithe don Aire sin den Rialtas, aon fhorálacha de na hachtacháin sin lena n-údaraítear nó lena gceanglaítear neamhnochtadh taifid, agus

(b) ina sonrófar an amhlaidh, i dtuairim an Aire sin den Rialtas agus (i gcás gur cuí sin) aon chomhlachta phoiblí den sórt sin, ar tuairim í ar thángthas uirthi ag féachaint d'fhorálacha, do chríocha agus do mheon an Achta seo—

(i) gur cóir aon cheann de na forálacha dá dtagraítear i mír (a) a leasú nó a aisghairm nó ligean dó leanúint i bhfeidhm, nó

(ii) gur cóir tagairt d'aon cheann acu a chur isteach sa cholún (3) sin,

agus ina leagfar amach na cúiseanna atá leis an tuairim.

(4) Cuirfidh Aire den Rialtas faoi deara cóip de thuarascáil arna hullmhú aige nó aici faoi fho-alt (3) a thabhairt don Choimisinéir agus a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(5) Féadfaidh an Coimisinéir, agus déanfaidh sé nó sí, má iarrann an coiste air nó uirthi déanamh amhlaidh, a thuairim nó a tuairim, agus a thátail nó a tátail, i ndáil le tuarascáil faoi fho-alt (3) nó le haon ní atá i dtuarascáil den sórt sin nó a éiríonn aisti, nó le haon ní a bhaineann le hoibriú an ailt seo nó a éiríonn as, a thabhairt don choiste.

(6) Déanfaidh Aire den Rialtas an chéad tuarascáil uaidh nó uaithi faoi fho-alt (3) a thabhairt de réir an fho-ailt sin tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis thosach feidhme an Achta seo agus déanfar tuarascálacha den sórt sin dá éis sin ón Aire sin den Rialtas a thabhairt amhlaidh tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis chothrom cúig bliana an lae ar tugadh an tuarascáil is déanaí den sórt sin roimhe sin uaidh nó uaithi.