An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV An Coimisinéir Faisnéise) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL)

13 1997

AN tACHT UM SHAORÁIL FAISNÉISE, 1997

CUID V

Ilghnéitheach

Breitheanna a mheasfar a bheith tugtha i gcásanna áirithe.

41. —(1) I gcás nach ndéanfar fógra maidir le breith faoi alt 8 17 a thabhairt don iarrthóir lena mbaineann nó don duine a rinne an t-iarratas lena mbaineann faoi alt 17 roimh dhul in éag don tréimhse a shonraítear chun na críche sin in alt 8 17, de réir mar a bheidh, measfar, chun críocha an Achta seo, gur tugadh breith ag diúltú géilleadh don iarraidh faoi alt 7 , nó don iarratas faoi alt 17 , ar an dul in éag sin agus gur duine a raibh na feidhmeanna iomchuí tarmligthe chuige nó chuici faoi alt 4 a thug í.

(2) I gcás nach ndéanfar fógra maidir le breith faoi alt 14 a thabhairt don duine a rinne an t-iarratas lena mbaineann faoin alt sin roimh dhul in éag don tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (4) den chéanna, measfar, chun críocha an Achta seo, gur tugadh breith ag daingniú na breithe lena mbaineann an t-iarratas ar an dul in éag sin.

(3) I gcás nach ndéanfar ráiteas faoi fho-alt (1), nó fógra maidir le breith faoi fho-alt (4), d'alt 18 a thabhairt don duine a rinne an t-iarratas faoin bhfo-alt (1) sin lena mbaineann roimh dhul in éag don tréimhse a shonraítear chun na críche sin san fho-alt (1)(4) sin, de réir mar a bheidh, measfar, chun críocha an Achta seo, gur tugadh breith ag diúltú géilleadh don iarratas ar an dul in éag sin agus gur duine a raibh na feidhmeanna iomchuí tarmligthe chuige nó chuici faoi alt 4 a thug í.

Achomharc chun na hArd-Chúirte.

42. —(1) Féadfaidh páirtí in athbhreithniú faoi alt 34 nó aon duine eile a ndéanann breith an Choimisinéara tar éis athbhreithniú den sórt sin difear dó nó di achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí i gcoinne na breithe.

(2) Féadfaidh an t-iarrthóir lena mbaineann nó aon duine eile a ndéanann—

(a) eisiúint deimhnithe faoi alt 25 ,

(b) breith, de bhun alt 8 , diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 i ndáil le taifead is ábhar don deimhniú sin, nó

(c) breith, de bhun alt 14 , diúltú géilleadh d'iarraidh den sórt sin, nó seasamh le breith diúltú géilleadh d'iarraidh den sórt sin,

difear dó nó di, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí i gcoinne na heisiúna sin nó i gcoinne na breithe sin.

(3) Féadfaidh duine achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte—

(a) i gcoinne breithe faoi alt 14 , nó

(b) i gcoinne breithe a shonraítear i mír (a), (b), (c), (d), (e), (f)(g) d'fho-alt (1) den alt sin (seachas breith den sórt sin arna tabhairt ag duine a raibh an fheidhm tarmligthe chuige nó chuici faoi alt 4 tráth na breithe a thabhairt),

arna tabhairt ag an gCoimisinéir i leith taifid a bheidh i seilbh Oifig an Choimisinéara nó (i gcás go mbeidh an duine céanna i seilbh oifig an Ombudsman agus oifig an Choimisinéara) arna tabhairt ag an Ombudsman i leith taifid a bheidh i seilbh Oifig an Ombudsman.

(4) Déanfar achomharc faoi fho-alt (1), (2)(3) a thionscnamh tráth nach déanaí ná 4 sheachtain tar éis fógra maidir leis an mbreith lena mbaineann a thabhairt don duine a bheidh ag tionscnamh an achomhairc.

(5) Féadfaidh an Coimisinéir aon cheist dlí a éireoidh in athbhreithniú faoi alt 34 a tharchur chuig an Ard-Chúirt lena cinneadh, agus féadfaidh an Coimisinéir déanamh breithe tar éis an athbhreithnithe a chur siar go dtí cibé tráth is cuí leis nó léi tar éis chinneadh na hArd-Chúirte.

(6) (a) I gcás go ndéanfaidh an Ard-Chúirt achomharc faoin alt seo ó dhuine, seachas ó cheann, a dhíbhe, féadfaidh an Chúirt sin, má mheasann sí gur ghabh tábhacht phoiblí eisceachtúil leis an bponc dlí lena mbaineann, a ordú go ndéanfaidh an comhlacht poiblí lena mbaineann cuid de chostais an duine i ndáil leis an achomharc, nó iad go léir, a íoc.

(b) Féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú go ndéanfaidh an comhlacht poiblí lena mbaineann cuid de chostais duine (seachas ceann) i ndáil le tarchur faoin alt seo, nó iad go léir, a íoc.

(7) Maidir le breith ón Ard-Chúirt tar éis achomhairc faoi fho-alt (1), (2)(3), sonrófar inti, i gcás gur cuí sin, an tréimhse ar laistigh di a thabharfar éifeacht don bhreith.

(8) Is breith chríochnaitheach dhochloíte breith na hArd-Chúirte ar achomharc nó ar tharchur faoin alt seo.

Réamhchúraimí ag an Ard-Chúirt agus ag an gCoimisinéir in aghaidh faisnéis áirithe a nochtadh.

43. —(1) In imeachtaí san Ard-Chúirt faoin Acht seo nó i ndáil leis an Acht seo, glacfaidh an Chúirt sin gach réamhchúram réasúnach chun cosc a chur leis na nithe seo a leanas a nochtadh don phobal nó, más cuí, do pháirtí (seachas ceann) sna himeachtaí—

(a) faisnéis atá i dtaifead díolmhaithe, nó

(b) faisnéis i dtaobh taifead a bheith ann nó gan a bheith ann i gcás go gceanglaítear leis an Acht seo ar an gceann lena mbaineann gan a nochtadh an ann nó nach ann don taifead.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh sna réamhchúraimí faoin bhfo-alt sin—

(a) iomlán aon imeachtaí den sórt sin mar a dúradh, nó cuid díobh, a éisteacht ar shlí seachas go poiblí,

(b) toirmeasc a chur le foilsiú aon fhaisnéise den sórt sin i ndáil le haon imeachtaí a chinnfidh sí, lena n-áirítear faisnéis i ndáil leis na páirtithe sna himeachtaí agus faisnéis i ndáil lena bhfuil in orduithe arna ndéanamh ag an Ard-Chúirt sna himeachtaí, agus

(c) scrúdú a dhéanamh ar thaifead nó ar chóip de thaifead gan rochtain ar an gcéanna nó faisnéis maidir leis an gcéanna a thabhairt do pháirtí (seachas ceann) sna himeachtaí.

(3) Déanfaidh an Coimisinéir, le linn dó nó di a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh, gach réamhchúram réasúnach a ghlacadh (lena n-áirítear an t-iomlán nó cuid d'athbhreithniú faoi alt 34 nó d'imscrúdú faoi alt 36 a sheoladh ar shlí seachas go poiblí) chun cosc a chur le faisnéis a shonraítear i mír (a)(b) d'fho-alt (1) a nochtadh don phobal nó, i gcás athbhreithniú den sórt sin, do pháirtí (seachas ceann) sna himeachtaí lena mbaineann.

Bac ar bhreitheanna áirithe.

44. —(1) Tá feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le breith géilleadh d'iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi, agus

(b) maidir le breith faoi alt 34 .

(2) Ní thabharfar éifeacht do bhreith a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi—

(a) roimh dhul in éag don tréimhse ama—

(i) chun iarratas a dhéanamh go ndéanfar athbhreithniú ar an mbreith faoi alt 34 , nó

(ii) chun achomharc chun na hArd-Chúirte a thionscnamh i gcoinne na breithe,

de réir mar is cuí,

(b) más rud é go ndéanfar iarratas nó go dtionscnófar achomharc den sórt sin, roimh an gcéanna a chinneadh nó a tharraingt siar,

cibé acu is déanaí.

Díolúine ó imeachtaí dlíthiúla.

45. —(1) Tá feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le gníomh arb éard é géilleadh nó géilleadh go páirteach faoi alt 8 nó de bhua alt 14 34, d'iarraidh faoi alt 7 ,

(b) maidir le gníomh arb éard é ráiteas a shonraítear in alt 18 a thabhairt do dhuine faoin alt sin, nó

(c) maidir le gníomh arb éard é doiciméad a shonraítear in alt 15 16 a fhoilsiú faoin alt sin,

ar gníomh é a ceanglaíodh nó a údaraíodh leis an Acht seo agus a chomhlíon forálacha an Achta seo nó ar chreid an ceann lena mbaineann le réasún gur ceanglaíodh nó gur údaraíodh amhlaidh é agus gur chomhlíon sé forálacha an Achta seo.

(2) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, ní bheidh aon ábhar imeachtaí sibhialta nó coiriúla ann in aon chúirt—

(a) ina gcoinne seo a leanas—

(i) an Stát,

(ii) comhlacht poiblí,

(iii) ceann,

(iv) stiúrthóir ar chomhlacht poiblí nó comhalta d'fhoireann comhlachta phoiblí, nó

(v) duine a sholáthraíonn seirbhís do chomhlacht poiblí faoi chonradh le haghaidh seirbhísí leis an gcomhlacht,

i leith gnímh a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis nó i leith iarmhairtí aon ghnímh den sórt sin, nó

(b) i gcoinne údair taifid lena mbaineann gníomh a shonraítear i bhfo-alt (1) (a) nó i gcoinne aon duine eile i leith aon fhoilsiú a ghabhann leis an ngníomh sin nó a éiríonn as an ngníomh sin de bhrí gur sholáthair an t-údar sin nó an duine eile sin an taifead don chomhlacht poiblí.

(3) Níl feidhm ag fo-alt (2) i ndáil le himeachtaí maidir le sárú dualgais a fhorchuirtear le halt 16.

(4) Ní bheidh aon ábhar imeachtaí sibhialta nó coiriúla ann in aon chúirt i gcoinne an Choimisinéara nó comhalta d'fhoireann an Choimisinéara i leith aon ní a deir nó a dhéanann an Coimisinéir nó an comhalta de mheon macánta i gcúrsa comhlíonadh nó comhlíonadh airbheartaithe feidhme de chuid an Choimisinéara nó de chuid an chomhalta.

(5) Má ghéilltear d'iarraidh faoi alt 7 , ní ghlacfar leis sin mar ní is ionann agus údarú nó ceadú—

(a) chun críocha an dlí a bhaineann le clúmhilleadh nó le sárú rúndachta, go ndéanfadh an t-iarrthóir lena mbaineann nó aon duine eile an taifead lena mbaineann nó aon fhaisnéis atá sa taifead sin a fhoilsiú,

(b) chun críocha dhlí an chóipchirt, go ndéanfadh an t-iarrthóir lena mbaineann aon ghníomh a chuimsítear sa chóipcheart—

(i) in aon saothar litríochta, saothar drámaíochta, saothar ceoil nó saothar ealaíne,

(ii) in aon fhuaimthaifeadadh, scannán cineamatagrafach, craoladh teilifíse nó fuaimchraoladh, nó

(iii) in eagrán foilsithe de shaothar litríochta, de shaothar drámaíochta, de shaothar ceoil nó de shaothar ealaíne, atá sa taifead lena mbaineann, nó

(c) chun críocha an Achta um Chosaint Taibheoirí, 1968 , go ndéanfadh an t-iarrthóir lena mbaineann, i ndáil le haon taifead nó scannán cineamatagrafach (de réir bhrí, i ngach cás, an Achta sin) atá sa taifead lena mbaineann, aon ghníomh a thoirmisctear leis an Acht sin.

(6) Aon fhocail nó abairtí a úsáidtear i bhfomhír (i), (ii)(iii) d'fho-alt (5) (b) agus a úsáidtear freisin san Acht Cóipchirt, 1963 , tá na bríonna céanna leo sna fomhíreanna sin atá leo san Acht sin.

Srian leis an Acht.

46. —(1) Níl feidhm ag an Acht seo—

(a) maidir le taifead atá ina seilbh acu seo a leanas:

(i) na cúirteanna,

(ii) binse a gcuirtear an Tribunals of Inquiry (Evidence) Act, 1921, chun feidhme ina leith, nó

(iii) binse seirbhíse de réir bhrí alt 161 den Acht Cosanta, 1954 ,

agus a bhaineann le cúirt nó le binse den sórt sin nó le himeachtaí i gcúirt nó i mbinse den sórt sin, seachas—

(I) taifead a bhaineann le himeachtaí i gcúirt nó i mbinse den sórt sin arna seoladh go poiblí ach nach ndearna an chúirt nó an binse é a chruthú agus nach bhfuil a nochtadh don phobal i gcoitinne toirmiscthe ag an gcúirt nó ag an mbinse, nó

(II) taifead a bhaineann le riarachán ginearálta na gcúirteanna nó oifigí na gcúirteanna nó le riarachán ginearálta binse den sórt sin nó aon oifigí de chuid binse den sórt sin,

(b) maidir le taifead a shealbhaíonn nó a chruthaigh an tArd-Aighne nó an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó Oifig an Ard-Aighne nó an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí (seachas taifead a bhaineann le riarachán ginearálta ceachtar de na hOifigí sin),

(c) maidir le taifead a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(i) athbhreithniú faoi alt 34 nó imscrúdú faoi alt 36 ,

(ii) iniúchadh, cigireacht nó scrúdú arna dhéanamh nó arna déanamh ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi Achtanna an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, 1923 agus 1993, agus faoi na Exchequer and Audit Department Acts, 1866 and 1921, nó faoi aon achtachán eile, nó

(iii) imscrúdú nó scrúdú arna dhéanamh ag an Ombudsman faoin Acht Ombudsman, 1980 ,

seachas—

(I) taifead den sórt sin a cruthaíodh roimh thosach an athbhreithnithe, an imscrúdaithe, an iniúchta, na cigireachta nó an scrúdaithe réamhráite, nó

(II) taifead a bhaineann le riarachán ginearálta Oifig an Choimisinéara, Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nó Oifig an Ombudsman,

(d) maidir le taifead a bhaineann leis an Uachtarán,

(e) maidir le taifead a bhaineann le haon cheann de pháipéir phríobháideacha (de réir bhrí Airteagal 15.10 den Bhunreacht) chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó le doiciméad oifigiúil de chuid ceachtar Teach den Oireachtas nó den dá Theach acu sin a gceanglaítear déileáil leis i modh rúin le rialacha nó le buan-orduithe ceachtar Teach acu sin nó an dá Theach sin, nó

(f) maidir le taifead a bhaineann le faisnéis a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá nochtfaí í, go léireofaí, nó go dtiocfadh de go léireofaí—

(i) céannacht duine a chuir faisnéis ar fáil do chomhlacht poiblí i modh rúin i ndáil le forfheidhmiú an dlí choiriúil, nó

(ii) aon fhoinse eile faisnéise den sórt sin a cuireadh ar fáil i modh rúin do chomhlacht poiblí.

(2) Faoi réir fho-alt (3), níl feidhm ag an Acht seo—

(a) maidir le taifead atá ar fáil lena iniúchadh ag daoine den phobal cibé acu ar tháille a íoc nó saor in aisce, nó

(b) maidir le taifead a bhfuil cóip de ar fáil lena ceannach nó lena tabhairt chun siúil saor in aisce ag daoine den phobal,

de bhua achtacháin (seachas an tAcht seo) nó ar shlí eile.

(3) Ní bheidh taifead faoi réim fho-alt (2) de bhíthin amháin go bhfuil faisnéis ann arb éard í sonraí pearsanta a bhfuil feidhm ag an Acht um Chosaint Sonraí, 1988 , maidir leo.

Táillí.

47. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, déanfaidh an comhlacht poiblí lena mbaineann táille de cibé méid is cuí ag féachaint d'fhorálacha an ailt seo a ghearradh agus déanfaidh an t-iarrthóir lena mbaineann í a íoc leis an gcomhlacht i leith géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 .

(2) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, beidh méid táille faoin alt seo—

(a) comhionann leis an gcostas measta a ghabhann leis an taifead lena mbaineann a chuardach agus a aisghabháil, agus

(b) comhionann le costas measta aon chóip den taifead arna déanamh ag an gcomhlacht poiblí lena mbaineann don iarrthóir lena mbaineann,

de réir mar a chinnfidh an ceann lena mbaineann.

(3) Chun críocha fho-alt (2)

(a) déanfar méid an chostais a ghabhann le taifead a chuardach agus a aisghabháil a ríomh de réir ráta cibé méid san uair an chloig a bheidh forordaithe de thuras na huaire i leith an ama a bheidh caite, nó ba chóir, i dtuairim an chinn lena mbaineann, a bheith caite, ag gach duine lena mbaineann le linn dó nó di an cuardach agus an aisghabháil a dhéanamh go héifeachtúil, agus

(b) ní mó méid an chostais a shonraítear i bhfo-alt (2) (b) ná cibé méid (más ann) a bheidh forordaithe de thuras na huaire agus beidh cinneadh an méid sin de réir aon fhorálacha a bheidh forordaithe de thuras na huaire i ndáil leis an gcinneadh sin.

(4) Más rud é nach mbeidh sa taifead nó sna taifid lena mbaineann ach faisnéis phearsanta i ndáil leis an iarrthóir lena mbaineann, ansin, le linn méid na táille faoi fho-alt (1) a ríomh—

(a) tabharfar neamhaird ar mhír (a) d'fho-alt (2) mura rud é go mbaineann an géilleadh lena mbaineann le líon suntasach taifead, agus

(b) tabharfar neamhaird ar mhír (b) den fho-alt sin más rud é, i dtuairim an chinn lena mbaineann, nach mbeadh sé réasúnach, ag féachaint d'acmhainn an iarrthóra agus do chineál an taifid lena mbaineann, an costas a shonraítear sa mhír sin a áireamh sa ríomh.

(5) Féadfaidh ceann méid na táille nó na héarlaise faoi fho-alt (1)(7) a laghdú nó a tharscaoileadh más dóigh leis nó léi go mbeadh cuid den fhaisnéis nó an fhaisnéis go léir atá sa taifead lena mbaineann ina cúnamh ar leith chun saincheist a bhfuil tábhacht náisiúnta léi a thuiscint.

(6) Ní ghearrfar táille faoi fho-alt (1) más rud é, i dtuairim an chinn lena mbaineann, go mbeadh an costas a ghabhann leis an táille a bhailiú agus le cuntas a thabhairt ina leith, mar aon le haon chostais riaracháin eile a thabhóidh an comhlacht poiblí lena mbaineann i ndáil leis an táille, níos mó ná méid na táille.

(7) Más rud é, i dtuairim an chinn lena mbaineann, gur dócha go mbeadh an costas measta, de réir mar a chinnfidh an ceann, a ghabhann le taifead is ábhar d'iarraidh faoi alt 7 a chuardach agus a aisghabháil níos mó ná £40 nó cibé méid eile a bheidh cinnte de thuras na huaire—

(a) déanfaidh an comhlacht poiblí lena mbaineann éarlais de cibé méid a chinnfidh an ceann (ar méid é nach lú ná 20 faoin gcéad den chostas sin) a ghearradh agus déanfaidh an t-iarrthóir lena mbaineann í a íoc leis an gcomhlacht,

(b) ní thosóidh an comhlacht an próiseas chun taifead a chuardach agus a aisghabháil go dtí go mbeidh an éarlais íoctha, agus

(c) déanfaidh an ceann, tráth nach déanaí ná 2 sheachtain tar éis an iarraidh réamhráite a fháil, a chur faoi deara iarraidh i scríbhinn ar íoc na héarlaise a thabhairt don iarrthóir agus beidh sa doiciméad meastachán ar an bhfad ama a thógfaidh an próiseas chun an taifead a chuardach agus a aisghabháil agus ráiteas á rá nach gcuirfear tús leis an bpróiseas go dtí go mbeidh an éarlais íoctha agus go ndéanfar an dáta a dtabharfar breith i ndáil leis an iarraidh a chinneadh faoi threoir dháta na híocaíochta sin.

(8) I gcás a bhfuil feidhm ag fo-alt (7) maidir leis, déanfaidh an ceann lena mbaineann, má iarrann an t-iarrthóir lena mbaineann amhlaidh air nó uirthi—

(a) a shonrú dó nó di na leasuithe (más ann) ar an iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann a mbeadh d'éifeacht leo, dá ndéanfaí iad, an éarlais is iníoctha faoin bhfo-alt sin a laghdú nó a chealú, agus

(b) i gcás go sonrófar leasuithe faoi mhír (a), cibé leasuithe acu (más ann) a chinnfidh an t-iarrthóir a dhéanamh ar an iarraidh.

(9) Más rud é go n-íocfar éarlais faoi fho-alt (7), déanfar méid na táille faoi fho-alt (1) is iníoctha i leith géilleadh don iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann a laghdú de mhéid na héarlaise.

(10) Más rud é go n-íocfar éarlais faoi fho-alt (7) agus, ina dhiaidh sin, go ndiúltófar géilleadh don iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann nó nach ngéillfear di ach amháin i ndáil le cuid den taifead lena mbaineann, déanfar méid na héarlaise nó, más rud é go mbeidh táille faoin alt seo iníoctha i leith géilleadh di, an oiread sin (más ann) den mhéid sin ar mó é ná méid na táille, a aisíoc leis an iarrthóir lena mbaineann.

(11) Más rud é go n-íocfar táille nó éarlais faoin alt seo agus, ina dhiaidh sin, go ndéanfar an táille nó an éarlais a neamhniú nó a athrú faoi alt 14 , 3442, déanfar méid na táille nó na héarlaise arna neamhniú amhlaidh nó, de réir mar a bheidh, aon mhéid den chéanna is mó ná méid an chéanna arna athrú amhlaidh, a aisíoc leis an iarrthóir lena mbaineann.

(12) Forléireofar alt 8 (1) agus beidh éifeacht leis—

(a) i ndáil le cás ina mbeidh éarlais iníoctha faoi fho-alt (7), amhail is dá mba é a bhí sa tagairt do 4 sheachtain tagairt do thréimhse arb éard í 4 sheachtain mar aon leis an tréimhse ón iarraidh faoi fho-alt (7) lena mbaineann a thabhairt don iarrthóir lena mbaineann go dtí an dáta a bhfaighfear an éarlais,

(b) i ndáil le cás ina ndéanfar éarlais den sórt sin a neamhniú tar éis athbhreithniú faoi alt 14 34 nó tar éis achomhairc faoi alt 42 , amhail is dá mba é a bhí sa tagairt do 4 sheachtain tagairt do thréimhse arb éard í 4 sheachtain mar aon leis an tréimhse ón iarraidh faoi fho-alt (7) lena mbaineann a thabhairt don iarrthóir lena mbaineann go dtí dáta na breithe faoi alt 42 nó, de réir mar a bheidh, go dtí an dáta a dtabharfar fógra faoi alt 14 34 maidir leis an mbreith don iarrthóir lena mbaineann, agus

(c) i ndáil le cás ina mbeidh d'éifeacht le leasú de bhun fho-alt (8) éarlais den sórt sin a chealú, amhail is dá mba thagairt don leasú a dhéanamh an tagairt d'iarraidh a fháil faoin alt sin.

(13) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le táillí faoin alt seo.

Leasú ar an Acht um Rúin Oifigiúla, 1963 .

48. —(1) Aon duine a bheidh údaraithe, nó a chreidfidh le réasún go bhfuil sé nó sí údaraithe, leis an Acht seo chun faisnéis oifigiúil a chur i bhfios do dhuine eile, measfar, chun críocha alt 4 den Acht um Rúin Oifigiúla, 1963 , go bhfuil sé nó sí údaraithe go cuí chun an fhaisnéis sin a chur i bhfios.

(2) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoi alt 5 nó 9 den Acht sin, is cosaint é a chruthú, maidir leis an ngníomh lena mbaineann an cúiseamh sa chion, go bhfuil sé údaraithe, nó go gcreideann an duine a chúiseofar, le réasún, go bhfuil sé údaraithe, leis an Acht seo.