An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 4 Dleachtanna Stampa) Ar Aghaidh (CUID 6 Ilghnéitheach)

3 1998

AN tACHT AIRGEADAIS, 1998

CUID 5

Cáin Fháltas Caipitiúil

Leasú ar alt 117 (margadhluach measta teaghaisí áirithe a laghdú) den Acht Airgeadais, 1991.

126. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1991, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 117:

“117.—(1) A mhéid is teach nó an chuid iomchuí de theach í oidhreacht—

(a) ar dháta na hoidhreachta, agus

(b) ar an dáta luachála,

agus go nglacann comharba í arb amhlaidh dó nó di, ar dháta na hoidhreachta, gur dírshinsear, dírshliochtach (seachas leanbh, nó leanbh mionaoiseach linbh éagtha), deartháir nó deirfiúr, nó leanbh dearthár nó deirféar, leis an diúscróir é nó í, agus

(i) a chónaigh leis an diúscróir sa teach nó, i gcás an teach sin a bheith curtha go díreach nó go neamhdhíreach in ionad maoine eile, sa teach sin agus sa mhaoin eile sin, ar feadh tréimhsí leanúnacha arbh ionann iad le chéile agus—

(I) sa chás gur deartháir nó deirfiúr leis an diúscróir an comharba agus, ar dháta na hoidhreachta, go bhfuil 55 bliana d'aois slánaithe aige nó aici, na 5 bliana díreach roimh dháta na hoidhreachta, agus

(II) in aon chás eile, na 10 mbliana díreach roimh dháta na hoidhreachta, agus

(ii) nach bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe aige nó aici chuig aon teach eile nó chuig an gcuid iomchuí d'aon teach eile,

déanfar margadhluach measta an tí nó an chuid iomchuí den teach a laghdú, d'ainneoin aon ní dá mhalairt in alt 15 den Phríomh-Acht, de 80 faoin gcéad nó de £150,000, cibé acu is lú:

Ar choinníoll, i gcás gur maoin talmhaíochta de réir bhrí alt 19 (1) den Phríomh-Acht an teach nó an chuid iomchuí den teach atá san oidhreacht, ar an dá dháta sin, agus gur feirmeoir de réir bhrí an ailt sin an comharba ar an dáta luachála agus tar éis an oidhreacht a ghlacadh, nach mbeidh feidhm ag forálacha an ailt seo.

(2) San alt seo—

tá le ‘an chuid iomchuí’, i ndáil le teach, an bhrí a shanntar dó, i ndáil le maoin, le fo-alt (5) d'alt 5 den Phríomh-Acht;

ciallaíonn ‘teach’ foirgneamh, nó cuid d'fhoirgneamh, a úsáideann an diúscróir mar phríomh-theaghais nó mar aonteaghais, maille leis an ngairdín nó na tailte a ghabhann leis ar de chineál ornáideach iad.”.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le hoidhreachtaí arna nglacadh an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis.

Leasú ar alt 117 (ús ar cháin) den Acht Airgeadais, 1993.

127. —(1) Leasaítear leis seo alt 117 den Acht Airgeadais, 1993—

(a) i mír (b), trí “aon faoin gcéad” a chur in ionad “aon agus ceathrú faoin gcéad”, agus

(b) i mír (c), trí “aon faoin gcéad” a chur in ionad “aon agus ceathrú faoin gcéad”.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le cáin phrobháide a bheidh dlite roimh dháta rite an Achta seo, ar an dáta sin nó dá éis i gcás gur ar an dáta sin nó dá éis a thosaíonn an tréimhse a mbeidh ús le muirearú, nó a mbeidh lascaine le tabhairt, ina leith.

Leasú ar alt 134 (luach sócmhainní eiscthe a eisiamh) den Acht Airgeadais, 1994.

128. —Beidh éifeacht le halt 134 den Acht Airgeadais, 1994, agus measfar go raibh éifeacht leis riamh, amhail is dá gcuirfí na fo-ailt seo a leanas in ionad fho-alt (7):

“(7) Más rud é, i ndáil le bronntanas nó le hoidhreacht—

(a) go mbeidh maoin ghnó iomchuí, ar scaireanna i gcuideachta nó urrúis de chuid cuideachta í, ar áireamh sa bhronntanas nó san oidhreacht ar an dáta luachála, agus

(b) ar an dáta sin, go mbeidh maoin, ar gnó nó leas i ngnó í nach dtagann faoi réim alt 127(4) (dá ngairtear ‘maoin ghnó chuideachta’ anseo ina dhiaidh seo san alt seo), ar úinéireacht thairbhiúil ag an gcuideachta sin nó, más rud é gur cuideachta shealbhaíochta de chuid cuideachta amháin nó níos mó atá laistigh den ghrúpa céanna í an chuideachta sin, ag aon chuideachta atá laistigh den ghrúpa sin,

beidh an mhaoin ghnó chuideachta sin, chun críocha fho-alt (1), ina maoin eisiata i ndáil leis na scaireanna nó leis na hurrúis sin, mura mbeadh sí, ar leith ó alt 127(3), ina maoin ghnó iomchuí dá mba rud é—

(i) go raibh sí ina hábhar don bhronntanas nó don oidhreacht sin, agus

(ii) go raibh sí san áireamh sa diúscairt do na tréimhsí a raibh sí ar úinéireacht thairbhiúil ag an gcuideachta chéadluaite sin nó ag aon chomhalta den ghrúpa sin, fad a bhí sí ina comhalta den sórt sin, nó ar áireamh iarbhír sa diúscairt.

(8) Le linn a bheith ag cinneadh an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann maoin ghnó chuideachta míreanna (i) agus (ii) d'fho-alt (7), beidh feidhm ag forálacha alt 129, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir leis an maoin ghnó chuideachta sin mar atá feidhm acu maidir le cás lena mbaineann fo-alt (1) d'alt 129.”.

Coinníollacha sula bhféadfar achomharc a dhéanamh.

129. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 52 den Acht sin:

“52A.—Ní bheidh ábhar achomhairc ann faoi alt 51 nó 52 go dtí cibé tráth a dhéanfaidh an duine arb ábhar éagóra leis an cinneadh nó an mheasúnacht (de réir mar a bheidh) alt 36(2) a chomhlíonadh i leith an bhronntanais nó na hoidhreachta ar i ndáil leis nó léi a dhéantar an cinneadh nó an mheasúnacht, amhail is dá mba rud é nach raibh aon teorainn ama ann chun alt 36(2) a chomhlíonadh agus amhail is dá mba dhuine é an duine sin atá cuntasach go príomha in íoc cánach de bhua alt 35(1) agus a gceanglaíonn na Coimisinéirí trí fhógra i scríbhinn air tuairisceán a sheachadadh.”.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le bronntanais nó le hoidhreachtaí a ghlacfar an 12ú lá d'Fheabhra, 1998, nó dá éis.