4 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 4 de 1998


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ), 1998


RIAR NA nALT

Alt

1.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

2.

Míniú.

3.

Leasú ar alt 3 d'Acht 1997.

4.

Leasú ar alt 21 d'Acht 1997.

5.

Leasú ar alt 22 d'Acht 1997.

6.

Leasú ar alt 24 d'Acht 1997.

7.

Alt nua a chur le hAcht 1997.

8.

Leasú ar alt 25 d'Acht 1997.

9.

Leasú ar alt 30 d'Acht 1997.

10.

Leasú ar alt 31 d'Acht 1997.

11.

Leasú ar alt 32 d'Acht 1997.

12.

Leasú ar alt 33 d'Acht 1997.

13.

Leasú ar alt 36 d'Acht 1997.

14.

Leasú ar alt 40 d'Acht 1997.

15.

Leasú ar alt 43 d'Acht 1997.

16.

Leasú ar alt 46 d'Acht 1997.

17.

Leasú ar alt 52 d'Acht 1997.

18.

Forálacha idirthréimhseacha.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Toghcháin, 1997

1997, Uimh. 25

Na hAchtanna Toghcháin, 1992 go 1997

/images/harp.jpg


Uimhir 4 de 1998


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ), 1998

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AN ACHTA TOGHCHÁIN, 1997, I dTAOBH SÍNTIÚIS A NOCHTADH A DHÉANTAR CHUN CRÍOCH POLAITÍOCHTA AGUS I dTAOBH RIALÁLA CAITEACHAIS TRÁTH TOGHCHÁIN AG PÁIRTITHE POLAITÍOCHTA AGUS AG IARRTHÓIRÍ AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[31 Márta, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

1. —(1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú), 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Toghcháin, 1992 go 1998, a ghairm de na hAchtanna Toghcháin, 1992 go 1997, agus den Acht seo le chéile agus déanfar iad a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.

Míniú.

2. —San Acht seo ciallaíonn “Acht 1997” an tAcht Toghcháin, 1997.

Leasú ar alt 3 d'Acht 1997.

3. —Leasaítear leis seo alt 3(1) d'Acht 1997 trí “24(1A) nó (4),” a chur in ionad “24(4),”.

Leasú ar alt 21 d'Acht 1997.

4. —Leasaítear leis seo alt 21(1) d'Acht 1997—

(a) i mír (a), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii):

“(ii) nach dtoghfar amhlaidh ach, ag aon chéim den chomhaireamh vótaí sa toghchán, gur mó an líon uasta vótaí a bheidh creidiúnaithe dó nó di, i gcás olltoghcháin, ná aon cheathrú den chuóta, nó, i gcás corrthoghcháin, ná aon cheathrú den chuóta a bheadh ann sa toghcheantar sin dá mba rud é gur olltoghchán a bhí sa chorrthoghchán.”,

(b) i mír (b)(ii), trí “faoi alt 32(4)” a chur in ionad “faoi alt 32(1)(b)”, agus

(c) i mír (d)(iii), trí “, lena n-áirítear caiteachais (más ann) dá dtagraítear in alt 32(4) i ndáil leis an iarrthóir” a chur isteach i ndiaidh “arna dtabhú ag an iarrthóir”.

Leasú ar alt 22 d'Acht 1997.

5. —Leasaítear leis seo alt 22(2) d'Acht 1997—

(a) i mír (b), tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (iii):

“(iii) sochair—

(I) a fhaightear ó sheirbhís arna tabhairt ag pearsa aonair, lena n-áirítear úsáid mótarfheithicle na pearsan aonair, thar ceann páirtí polaitíochta, comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, ionadaí i bParlaimint na hEorpa nó iarrthóra i dtoghchán Dála, Seanaid, Eorpach nó áitiúil i gcás gur seirbhís in aisce an tseirbhís sin agus nach cuid í d'obair na pearsan aonair sin arna cur i gcrích faoi chonradh fostaíochta, nó i gcás an phearsa aonair a bheith féinfhostaithe, i gcúrsa ghnó na pearsan aonair nó i gcleachtadh ghairm na pearsan aonair, nó

(II) a fhaightear ó sheirbhís arna tabhairt i dtoghchán ag pearsa aonair atá ar fostú ag páirtí polaitíochta, lena n-áirítear úsáid mótarfheithicle na pearsan aonair, cibé acu a íoctar luach saothair na pearsan aonair as acmhainní an pháirtí nó as an gciste poiblí, thar ceann iarrthóra de chuid an pháirtí sin i dtoghchán Dála, Seanaid, Eorpach nó áitiúil i gcás nach bhfuil luaíocht ná sochar comhchineáil ar bith á fáil nó á fháil ag an bpearsa aonair seachas a ghnáthluach saothair nó a gnáthluach saothair i gcomaoin na seirbhíse sin,”,

(b) i mír (b) (v), trí “nó Eorpach,” a chur in ionad “nó Eorpach;”,

(c) i mír (b), tríd an bhfomhír seo a leanas a chur leis:

“(vi) caiteachais toghcháin arna dtabhú ag páirtí polaitíochta de bhun alt 32(1)(b) nó 33(1)(b), de réir mar a bheidh, thar ceann iarrthóra a bheidh fíordheimhnithe ag an bpáirtí polaitíochta i dtoghchán Dála nó Eorpach, seachas síntiús airgid;”,

agus

(d) i mír (c), trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (i) agus (ii):

“(i) é a bheith tugtha do pháirtí polaitíochta má thugtar é don pháirtí, d'aon bhrainse nó d'aon fho-eagraíocht den pháirtí sin, d'aon iarrthóir de chuid an pháirtí i dtoghchán áitiúil, d'aon chomhalta den pháirtí ar comhalta d'údarás áitiúil é nó í, d'aon oifigeach, comhalta nó gníomhaire den pháirtí nó d'aon bhrainse nó d'aon fho-eagraíocht den pháirtí sin, nó, faoi réir fhomhír (ii), d'aon iarrthóir de chuid an pháirtí i dtoghchán Dála, Seanaid nó Eorpach, nó d'aon chomhalta den pháirtí ar comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas é nó í nó ar ionadaí i bParlaimint na hEorpa é nó í nó d'aon ghníomhaire nó d'aon duine eile atá ag gníomhú thar a cheann nó thar a ceann,

(ii) é a bheith tugtha do chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, d'ionadaí i bParlaimint na hEorpa nó d'iarrthóir i dtoghchán Dála, Seanaid nó Eorpach má thugtar é dó nó di nó d'aon ghníomhaire nó d'aon duine eile atá ag gníomhú thar a cheann nó thar a ceann mura rud é go gcuirtear an síntiús ar aghaidh chuig páirtí polaitíochta ar comhalta de é nó í agus go bhfaigheann an comhalta, an t-ionadaí nó an t-iarrthóir, de réir mar a bheidh, admháil i scríbhinn ón bpáirtí polaitíochta i leith an tsíntiúis agus, sa chás sin, measfar gur síntiús don pháirtí polaitíochta sin é,”.

Leasú ar alt 24 d'Acht 1997.

6. —Leasaítear leis seo alt 24 d'Acht 1997—

(a) i bhfo-alt (1), trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) Faoi réir mhír (c), déanfaidh gach páirtí polaitíochta—

(i) tráth nach déanaí ná an 30ú lá d'Aibreán, 1998, i leith na tréimhse dar tosach an 15ú lá de Bhealtaine, 1997, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1997, agus

(ii) tráth nach déanaí ná an 31ú lá de Mhárta gach uile bhliain ina dhiaidh sin,

ráiteas i scríbhinn a thabhairt don Choimisiún um Oifigí Poiblí, i bhfoirm a ordóidh an Coimisiún sin, ar ráiteas é, sa chás atá leagtha amach i bhfomhír (i), i leith na tréimhse dá dtagraítear san fhomhír sin, agus in aon chás eile, i leith na bliana roimhe sin, agus taispeánfar ann—

(iii) an bhfuair an páirtí, i rith na tréimhse sin nó na bliana sin, de réir mar a bheidh, síntiús ar mó a luach ná an méid iomchuí a shonraítear i bhfo-alt (4), agus

(iv) i leith gach síntiúis (más ann), luach an tsíntiúis agus ainm, tuairisc agus seoladh poist an duine a thug an síntiús nó ar tugadh an síntiús thar a cheann nó thar a ceann.

(c) Ní bheidh feidhm ag ní ar bith i mír (b) maidir le síntiús a thabharfaidh duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1A) do dhuine a bhí ina chomhalta nó ina comhalta de pháirtí polaitíochta nuair a tugadh an síntiús.”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) (a) Faoi réir mhír (b), tráth nach déanaí ná an 31ú lá d'Eanáir gach uile bhliain dar tosach 1999, déanfaidh gach duine a thug síntiúis sa bhliain roimhe sin ar mó a luach comhiomlán ná £4,000—

(i) do bheirt duine nó níos mó a bhí, nuair a tugadh na síntiúis, ina gcomhaltaí den pháirtí polaitíochta céanna, nó

(ii) do dhuine amháin nó níos mó agus don pháirtí polaitíochta ar comhalta nó comhaltaí de an duine nó na daoine sin nuair a tugadh na síntiúis dóibh,

ráiteas i scríbhinn a thabhairt don Choimisiún um Oifigí Poiblí, i bhfoirm a ordóidh an Coimisiún sin, i leith na bliana roimhe sin, agus taispeánfar ann—

(iii) luach comhiomlán na síntiús,

(iv) ainm an pháirtí polaitíochta lena mbaineann, agus

(v) ainm, tuairisc agus seoladh poist gach duine dár tugadh na síntiúis,

cibé acu atá nó nach bhfuil na síntiúis faoi réir a n-áirithe i ráiteas síntiús atá le tabhairt ag aon duine de na daoine dár tugadh iad.

(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a)—

(i) maidir le síntiúis a thabharfar roimh thosach feidhme an Achta Toghcháin (Leasú), 1998 , ná

(ii) maidir le síntiúis a thabharfaidh cuideachta, ceardchumann, cumann nó cumann foirgníochta dá dtagraítear in alt 26.

(c) D'ainneoin alt 22(2)(a), measfar gur síntiús chun críocha an fho-ailt seo luach comhlán síntiúis dá dtagraítear i bhfomhír (vi) den alt sin.”,

agus

(c) i bhfo-alt (3), trí “fho-alt (1), (1A) nó (2)” a chur in ionad “fho-alt (1) nó (2)”.

Alt nua a chur le hAcht 1997.

7. —Leasaítear leis seo Acht 1997 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 24:

“Toirmeasc ar ghlacadh le síntiúis in imthosca áirithe.

24A.—(1) Baineann an t-alt seo le duine—

(a) ar iarrthóir de chuid páirtí polaitíochta é nó í i dtoghchán Dála, Seanaid, Eorpach nó áitiúil,

(b) ar comhalta de pháirtí polaitíochta é nó í agus—

(i) ar comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas é nó í,

(ii) ar comhalta d'údarás áitiúil é nó í, nó

(iii) ar ionadaí i bParlaimint na hEorpa é nó í, nó

(c) ar aon oifigeach, comhalta nó gníomhaire eile é nó í de pháirtí polaitíochta nó d'aon bhrainse nó d'aon fho-eagraíocht den pháirtí sin.

(2) Duine lena mbaineann an t-alt seo, ní ghlacfaidh sé nó sí le síntiús más eol dó nó di nó má tá cúis aige nó aici lena chreidiúint i dtaobh an duine a thairgeann an síntiús—

(a) go mbeidh air nó uirthi, de thoradh an tsíntiúis sin agus síntiúis eile, ráiteas i scríbhinn a thabhairt faoi alt 24(1A) ar ráiteas é ina mbeidh luach an tsíntiúis a bheidh á thairiscint san áireamh, agus

(b) nach mbeartaíonn sé nó sí an ceanglas sin a chomhlíonadh.

(3) Más rud é, d'ainneoin fho-alt (2), go dtabharfar síntiús do dhuine a dtoirmisctear air nó uirthi leis an bhfo-alt sin glacadh leis an síntiús, déanfaidh sé nó sí, laistigh de 14 lá tar éis dó nó di an síntiús a fháil—

(a) fógra a thabhairt i scríbhinn don Choimisiún um Oifigí Poiblí i dtaobh an síntiús a fháil agus i dtaobh ainm agus seoladh an tsíntiúsóra, agus

(b) an síntiús nó luach an tsíntiúis a chur chuig an gCoimisiún sin.

(4) Déanfaidh an Coimisiún um Oifigí Poiblí—

(a) a chur faoi deara go ndéanfar cóip de gach aon fhógra a gheofar faoi fho-alt (3) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus

(b) an t-airgead, an mhaoin nó na hearraí go léir a gheofar faoin bhfo-alt sin a dhiúscairt i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.”.

Leasú ar alt 25 d'Acht 1997.

8. —Leasaítear leis seo alt 25 d'Acht 1997 trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Beidh duine a gceanglaítear air nó uirthi le halt 24(1A) ráiteas síntiús a thabhairt, ciontach i gcion más rud é—

(a) go mainneoidh sé nó sí, ar an dáta sonraithe iomchuí nó roimhe, an ráiteas sin a thabhairt agus an dearbhú reachtúil a dhéanamh mar a cheanglaítear le halt 24(3), nó

(b) go ndéanfaidh sé nó sí, go feasach, ráiteas a thabhairt nó dearbhú reachtúil a dhéanamh atá bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha.

(1B) Beidh duine lena mbaineann alt 24A ciontach i gcion más rud é—

(a) go nglacfaidh sé nó sí go feasach le síntiús a thoirmisctear glacadh leis le halt 24A(2),

(b) go mainneoidh sé nó sí fógra a thabhairt don Choimisiún um Oifigí Poiblí de réir alt 24A(3) go bhfuarthas síntiús a thoirmisctear glacadh leis le halt 24A(2), nó

(c) go mainneoidh sé nó sí síntiús den sórt sin nó luach an tsíntiúis sin a chur chuig an gCoimisiún um Oifigí Poiblí de réir alt 24A(3).”.

Leasú ar alt 30 d'Acht 1997.

9. —Leasaítear leis seo alt 30(1)(b) d'Acht 1997 trí “(seachas caiteachais toghcháin a mheasfar faoi alt 32(1)(b)(ii) nó 33(1)(b)(ii) a bheith ina gcaiteachais toghcháin arna dtabhú ag an iarrthóir sin)” a scriosadh.

Leasú ar alt 31 d'Acht 1997.

10. —Leasaítear leis seo alt 31 d'Acht 1997—

(a) i bhfo-alt (1)(a), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad gach ní roimh fhomhír (i):

“Sa Chuid seo, faoi réir mhír (b), ciallaíonn ‘caiteachais toghcháin’ an caiteachas uile chun críoch toghcháin a thabhófar ag soláthar maoine, earraí nó seirbhísí lena húsáid nó lena n-úsáid i dtoghchán i rith na tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (3) d'fhonn na nithe seo a leanas a dhéanamh—”,

(b) i bhfo-alt (1)(b), tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (v):

“(v) aon cheann de na nithe dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) go (v) d'alt 22(2)(b);”,

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Áireofar na nithe seo a leanas chun críocha na Coda seo agus cuirfear san áireamh iad sa ráiteas atá le tabhairt don Choimisiún um Oifigí Poiblí faoi alt 36:

(a) na caiteachais toghcháin uile a thabhóidh páirtí polaitíochta nó iarrthóir nó a thabhófar thar a cheann nó thar a ceann tráth ar bith i rith na tréimhse dar tosach—

(i) i gcás olltoghcháin Dála, dáta lánscor na Dála arb é faoi deara an toghchán a bheith ann,

(ii) i gcás corrthoghcháin Dála, dáta eisiúna an eascaire, agus

(iii) i gcás toghcháin Eorpaigh, dáta an ordaithe lena gceaptar an lá vótaíochta, agus

dar críoch an lá vótaíochta sa toghchán;

(b) faoi réir fho-alt (1)(b)(vi), na caiteachais toghcháin uile a thabhóidh páirtí polaitíochta nó iarrthóir nó a thabhófar thar a cheann nó thar a ceann aon tráth roimh thosach na tréimhse iomchuí dá dtagraítear i mír (a) chun maoin, earraí nó seirbhísí a chur ar fáil lena húsáid nó lena n-úsáid i dtoghchán le linn na tréimhse dá dtagraítear i mír (a);

(c) na híocaíochtaí uile a dhéanfar i leith na gcaiteachas toghcháin dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b).”,

agus

(d) i bhfo-alt (4)(b), trí “(seachas caiteachais toghcháin a mheasfar faoi alt 32(1)(b)(ii) nó 33(1)(b)(ii) a bheith ina gcaiteachais toghcháin arna dtabhú ag an iarrthóir sin)” a scriosadh.

Leasú ar alt 32 d'Acht 1997.

11. —Leasaítear leis seo alt 32 d'Acht 1997—

(a) i bhfo-alt (1)(a), trí “Faoi réir mhír (b), ní bheidh comhiomlán” a chur in ionad “Ní bheidh comhiomlán”,

(b) i bhfo-alt (1)(b)(i), trí “nach mó ná caoga faoin gcéad” a scriosadh,

(c) i bhfo-alt (1)(b)(ii), trí “, agus measfar, chun críocha mhír (a), na caiteachais toghcháin sin a bheith ina gcaiteachais arna dtabhú ag an iarrthóir sin” a scriosadh, agus

(d) trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Maidir le caiteachas ag páirtí polaitíochta i dtoghchán i dtoghcheantar (seachas caiteachas a thabhóidh gníomhaire náisiúnta de chuid an pháirtí sin nó a thabhófar thar a cheann nó thar a ceann) thar ceann iarrthóra a mbeidh a iarrthóireacht nó a hiarrthóireacht fíordheimhnithe ag an bpáirtí, measfar gur caiteachas é arna thabhú ag an iarrthóir agus tabharfaidh gníomhaire toghcháin an iarrthóra cuntas ann dá réir sin.

(4) Maidir le caiteachais toghcháin a thabhóidh páirtí polaitíochta de bhun an ailt seo i dtoghcheantar i ndáil le hiarrthóir i dtoghchán Dála (lena n-áirítear caiteachas a thabhóidh gníomhaire náisiúnta an pháirtí sa toghcheantar nó a thabhófar thar a cheann nó thar a ceann), measfar, chun críocha alt 21, gur caiteachais iad arna dtabhú ag an iarrthóir.”.

Leasú ar alt 33 d'Acht 1997.

12. —Leasaítear leis seo alt 33 d'Acht 1997—

(a) i bhfo-alt (1)(a), trí “Faoi réir mhír (b), ní bheidh comhiomlán” a chur in ionad “Ní bheidh comhiomlán”,

(b) i bhfo-alt (1)(b)(i), trí “nach mó ná caoga faoin gcéad” a scriosadh,

(c) i bhfo-alt (1)(b)(ii), trí “, agus measfar, chun críocha mhír (a), na caiteachais toghcháin sin a bheith ina gcaiteachais arna dtabhú ag an iarrthóir sin” a scriosadh, agus

(d) trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Maidir le caiteachas ag páirtí polaitíochta i dtoghchán i dtoghcheantar (seachas caiteachas a thabhóidh gníomhaire náisiúnta de chuid an pháirtí sin nó a thabhófar thar a cheann nó thar a ceann) thar ceann iarrthóra a mbeidh a iarrthóireacht nó a hiarrthóireacht fíordheimhnithe ag an bpáirtí, measfar gur caiteachas é arna thabhú ag an iarrthóir agus tabharfaidh gníomhaire toghcháin an iarrthóra cuntas ann dá réir sin.

(5) Maidir le caiteachais toghcháin a thabhóidh páirtí polaitíochta de bhun an ailt seo i dtoghcheantar i ndáil le hiarrthóir i dtoghchán Eorpach (lena n-áirítear caiteachas a thabhóidh gníomhaire náisiúnta an pháirtí sa toghcheantar nó a thabhófar thar a cheann nó thar a ceann), measfar, chun críocha rialachán arna ndéanamh faoi alt 21, gur caiteachais iad arna dtabhú ag an iarrthóir.”.

Leasú ar alt 36 d'Acht 1997.

13. —Leasaítear leis seo alt 36(1)(b) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii):

“(ii) ainm gach aon iarrthóra ar fhíordheimhnigh an páirtí a iarrthóireacht nó a hiarrthóireacht sa toghchán sin agus a mbeidh caiteachais toghcháin tabhaithe ag an ngníomhaire sin ina leith, an toghcheantar ina raibh gach aon iarrthóir den sórt sin ina iarrthóir nó ina hiarrthóir sa toghchán agus méid na gcaiteachas toghcháin (más ann) dá dtagraítear in alt 32(4) nó 33(5), de réir mar is cuí, arna dtabhú ag an bpáirtí thar ceann gach aon iarrthóra den sórt sin, agus”.

Leasú ar alt 40 d'Acht 1997.

14. —Leasaítear leis seo alt 40(b) d'Acht 1997 trí “(seachas caiteachais toghcháin a mheasfar faoi alt 32(1)(b)(ii) nó 33(1)(b)(ii) a bheith ina gcaiteachais toghcháin arna dtabhú ag an iarrthóir sin)” a scriosadh.

Leasú ar alt 43 d'Acht 1997.

15. —Leasaítear leis seo alt 43(1)(b) d'Acht 1997 trí “(seachas caiteachais toghcháin a mheasfar faoi alt 32(1)(b)(ii) nó 33(1)(b)(ii) a bheith ina gcaiteachais toghcháin arna dtabhú ag an iarrthóir sin)” a scriosadh.

Leasú ar alt 46 d'Acht 1997.

16. —Leasaítear leis seo alt 46(2)(b) d'Acht 1997—

(a) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (iii):

“(iii) sochair—

(I) a fhaightear ó sheirbhís a thabharfaidh pearsa aonair thar ceann iarrthóra i dtoghchán uachtaráin, lena n-áirítear úsáid mótarfheithicle na pearsan aonair, i gcás gur seirbhís in aisce an tseirbhís sin agus nach cuid í d'obair na pearsan aonair sin a dhéantar faoi chonradh fostaíochta, nó i gcás inar duine féinfhostaithe an phearsa aonair, i gcúrsa ghnó na pearsan aonair nó i gcleachtadh ghairm na pearsan aonair, nó

(II) a fhaightear ó sheirbhís arna tabhairt i dtoghchán uachtaráin ag pearsa aonair atá ar fostú ag páirtí polaitíochta, lena n-áirítear úsáid mótarfheithicle na pearsan aonair, cibé acu a íoctar luach saothair na pearsan aonair as acmhainní an pháirtí nó as an gciste poiblí, thar ceann iarrthóra sa toghchán uachtaráin i gcás nach bhfuil luaíocht ná sochar comhchineáil ar bith seachas a ghnáthluach saothair nó a gnáthluach saothair á fáil nó á fháil ag an bpearsa aonair i gcomaoin na seirbhíse sin,”,

(b) i bhfomhír (v), trí “nó ar theilifís,” a chur in ionad “nó ar theilifís;”, agus

(c) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur leis i ndiaidh fhomhír (v):

“(vi) caiteachais toghcháin arna dtabhú ag páirtí polaitíochta thar ceann iarrthóra i dtoghchán uachtaráin, seachas síntiús airgid;”.

Leasú ar alt 52 d'Acht 1997.

17. —Leasaítear leis seo alt 52 d'Acht 1997—

(a) i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) Sa Chuid seo, faoi réir mhír (b), ciallaíonn ‘caiteachais toghcháin’ an caiteachas uile chun críoch toghcháin a thabhófar ag soláthar maoine, earraí nó seirbhísí lena húsáid nó lena n-úsáid i dtoghchán uachtaráin i rith na tréimhse dar tosach dáta an ordaithe lena gceaptar an lá vótaíochta sa toghchán sin agus dar críoch an lá vótaíochta sa toghchán sin d'fhonn na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(i) toghadh iarrthóra a chur chun cinn, go díreach nó go neamhdhíreach, nó cur i gcoinne toghadh iarrthóra, go díreach nó go neamhdhíreach, nó vótaí a shireadh ar son nó i gcoinne iarrthóra,

(ii) beartais nó beartas áirithe iarrthóra nó tuairimí iarrthóra ar aon ní a bhfuil baint aige leis an toghchán nó tráchtaí iarrthóra ar bheartas nó ar bheartais iarrthóra eile sa toghchán uachtaráin, a chur i láthair, nó

(iii) tionchar a imirt ar thoradh an toghcháin ar shlí eile,

agus measfar go bhfolóidh sé an caiteachas uile a thabhófar ar phobalbhrath nó suirbhé eile dá shamhail a bhaineann leis an toghchán uachtaráin a thógáil, ag an iarrthóir nó thar a cheann nó thar a ceann, laistigh den tréimhse 60 lá roimh an lá vótaíochta.”,

(b) i bhfo-alt (1)(b), tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (iv):

“(iv) aon cheann de na nithe dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) go (v) d'alt 46(2)(b);”,

agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Áireofar na nithe seo a leanas chun críocha na Coda seo agus cuirfear san áireamh iad sa ráiteas atá le tabhairt don Choimisiún um Oifigí Poiblí faoi alt 56:

(a) na caiteachais toghcháin uile a thabhóidh iarrthóir nó a thabhófar thar a cheann nó thar a ceann i dtoghchán uachtaráin aon tráth i rith na tréimhse dar tosach dáta an ordaithe lena gceaptar an lá vótaíochta sa toghchán sin agus dar críoch an lá vótaíochta sa toghchán sin;

(b) na caiteachais toghcháin uile a thabhóidh iarrthóir nó a thabhófar thar a cheann nó thar a ceann i dtoghchán uachtaráin aon tráth roimh thosach na tréimhse iomchuí dá dtagraítear i mír (a), chun maoin, earraí nó seirbhísí a chur ar fáil lena húsáid nó lena n-úsáid sa toghchán i rith na tréimhse sin;

(c) na híocaíochtaí uile a dhéanfar i leith na gcaiteachas toghcháin dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b).”.

Forálacha idirthréimhseacha.

18. —(1) Más rud é go gcomhlíonann aon cheann de na ráitis seo a leanas ceanglais Acht 1997 mar a bhí sé sular leasaíodh é leis an Acht seo nó ceanglais Acht 1997, arna leasú leis an Acht seo, measfar an ráiteas sin a bheith bailí:

(a) ráiteas síntiús a tugadh don Choimisiún um Oifigí Poiblí roimh thosach feidhme an Achta seo agus ar an dáta iomchuí a shonraítear in alt 24 d'Acht 1997, nó roimhe;

(b) ráiteas síntiús nó ráiteas faoi chaiteachais toghcháin a tugadh don Choimisiún um Oifigí Poiblí laistigh den tréimhse a shonraítear chun na críche sin faoi alt 24 nó 36, de réir mar a bheidh, d'Acht 1997 agus a bhaineann le toghchán arna dhéanamh roimh thosach feidhme an Achta seo;

(c) ráiteas sintiús i leith na bliana 1998 arna thabhairt don Choimisiún um Oifigí Poiblí ar an dáta iomchuí a shonraítear in alt 24 d'Acht 1997, nó roimhe, a mhéid a bhaineann an ráiteas le síntiúis a bheidh faighte i rith na tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1998, agus dar críoch díreach roimh thosach feidhme an Achta seo;

(d) ráiteas síntiús maidir le toghchán uachtaráin a tugadh don Choimisiún um Oifigí Poiblí roimh thosach feidhme an Achta seo agus ar an dáta iomchuí a shonraítear in alt 48 d'Acht 1997, nó roimhe.

(2) Más rud é go dtabharfaidh gníomhaire toghcháin iarrthóra ráiteas faoi chaiteachais toghcháin dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b), déanfar caiteachais toghcháin a aisíoc leis an iarrthóir amhail is dá mba rud é go raibh ailt 4 agus 11 den Acht seo i ngníomh an tráth ar tabhaíodh na caiteachais toghcháin.