An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Forálacha a Bhaineann le Comhaltaí den Oireachtas agus le hOifigí Parlaiminte agus Aireachta)

5 1998

AN tACHT UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ) AGUS OIFIGÍ AIREACHTA, PARLAIMINTE, BREITHIÚNACHA AGUS CÚIRTE (LEASÚ), 1998

CUID III

Forálacha a Bhaineann le Breithiúna agus le hOifigigh Chúirte

Modhnú ar fhorálacha pinsin an Phríomh-Achta mar a chuirtear chun feidhme iad maidir le breithiúna áirithe den chúirt Uachtarach agus maidir le breithiúna áirithe den Ard-Chúirt.

24. —I gcás breithimh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt atá ag fónamh sa cháil sin an 19ú lá de Nollaig, 1996, nó dá éis, beidh éifeacht le mír 2 de Chuid 1 den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht amhail is dá gcuirfí na fomhíreanna seo a leanas in ionad fhomhíreanna (2) agus (3) den mhír sin:

“(2) Deonófar do bhreitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt lena mbaineann an mhír seo agus, ar 65 bliana d'aois a bheith slán aige, a scarfaidh lena oifig i ndiaidh 15 bliana seirbhíse nó níos mó, pinsean saoil is ionann agus leath a luach saothair an tráth a scarfaidh sé lena oifig amhlaidh.

(3) Deonófar do bhreitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt lena mbaineann an mhír seo agus, mar gheall ar a aois nó ar éiglíocht bhuan, a scarfaidh lena oifig i ndiaidh 5 bliana seirbhíse nó níos mó, pinsean saoil is ionann agus an t-ochtú cuid dá luach saothair an tráth a scarfaidh sé lena oifig amhlaidh, mar aon le trí ochtódú den luach saothair sin in aghaidh gach bliain iomlán seirbhíse de bhreis ar chúig bliana, faoi réir pinsin uasta is ionann agus leath an luach saothair sin.”.

Modhnú ar fhorálacha pinsin an Phríomh-Achta mar a chuirtear chun feidhme iad maidir le breithiúna áirithe den Chúirt Chuarda.

25. —I gcás breithimh den Chúirt Chuarda atá ag fónamh sa cháil sin an 19ú lá de Nollaig, 1996, nó dá éis, beidh éifeacht le mír 5 de Chuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht amhail is dá gcuirfí na fomhíreanna seo a leanas in ionad fhomhíreanna (2) agus (3) den mhír sin:

“(2) Deonófar do bhreitheamh den Chúirt Chuarda lena mbaineann an mhír seo agus, ar 65 bliana d'aois a bheith slán aige, a scarfaidh lena oifig i ndiaidh 15 bliana seirbhíse nó níos mó, pinsean saoil is ionann agus leath a luach saothair an tráth a scarfaidh sé lena oifig amhlaidh.

(3) Deonófar do bhreitheamh den Chúirt Chuarda lena mbaineann an mhír seo agus, mar gheall ar a aois nó ar éiglíocht bhuan, a scarfaidh lena oifig i ndiaidh cúig bliana seirbhíse nó níos mó, pinsean saoil is ionann agus an t-ochtú cuid dá luach saothair an tráth a scarfaidh sé lena oifig amhlaidh, mar aon le trí ochtódú den luach saothair sin in aghaidh gach bliain iomlán seirbhíse de bhreis ar chúig bliana, faoi réir pinsin uasta is ionann agus leath an luach saothair sin.”.

Modhnú ar fhorálacha pinsin an Phríomh-Achta mar a chuirtear chun feidhme iad maidir le breithiúna áirithe den Chúirt Dúiche.

26. —I gcás breithimh den Chúirt Dúiche atá ag fónamh sa cháil sin an 19ú lá de Nollaig, 1996, nó dá éis—

(a) beidh éifeacht le mír 8 de Chuid III den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht amhail is dá gcuirfí na fomhíreanna seo a leanas in ionad fhomhíreanna (2) agus (3) den mhír sin:

“(2) Deonófar do bhreitheamh den Chúirt Dúiche lena mbaineann an mhír seo agus, ar 65 bliana d'aois a bheith slán aige, a scarfaidh lena oifig i ndiaidh 20 bliain seirbhíse nó níos mó, pinsean saoil is ionann agus leath a luach saothair an tráth a scarfaidh sé lena oifig amhlaidh.

(3) Deonófar do bhreitheamh den Chúirt Dúiche lena mbaineann an mhír seo agus, mar gheall ar a aois nó ar éiglíocht bhuan, a scarfaidh lena oifig i ndiaidh cúig bliana seirbhíse nó níos mó, pinsean saoil is ionann agus an t-ochtú cuid dá luach saothair an tráth a scarfaidh sé lena oifig amhlaidh, mar aon leis an daicheadú cuid den luach saothair sin in aghaidh gach bliain iomlán seirbhíse de bhreis ar chúig bliana, faoi réir pinsin uasta is ionann agus leath an luach saothair sin.”,

agus

(b) beidh éifeacht le mír 10 de Chuid III den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht amhail is dá gcuirfí na focail “pinsin saoil is ionann agus an t-ochtú cuid dá luach saothair an tráth a scarfaidh sé lena oifig amhlaidh mar aon le 3/160ú den luach saothair sin in aghaidh gach bliain iomlán seirbhíse de bhreis ar dheich mbliana, faoi réir pinsin uasta is ionann agus leath an luach saothair sin.” in ionad gach rud i ndiaidh “beidh sé i dteideal”.

Modhnú ar fhorálacha pinsin an Phríomh-Achta mar a chuirtear chun feidhme iad maidir le hoifigigh chúirte áirithe.

27. —I gcás oifigigh cúirte atá ag fónamh sa cháil sin an 19ú lá de Nollaig, 1996, nó dá éis, beidh éifeacht le halt 57 den Phríomh-Acht amhail is dá gcuirfí na míreanna seo a leanas in ionad mhíreanna (i) agus (ii) i bhfo-alt (1) den alt sin:

“(i) má tá fiche bliain nó níos mó de sheirbhís den sórt sin tugtha aige, leath an luach saothair bhliantúil i leith na hoifige a scoirfidh sé dá sealbhú, agus

(ii) mura mbeidh fiche bliain de sheirbhís den sórt sin tugtha aige, an t-ochtú cuid den luach saothair bliantúil i leith na hoifige a scoirfidh sé dá sealbhú, mar aon leis an daicheadú cuid den luach saothair sin in aghaidh gach bliain iomlán seirbhíse (más ann) de bhreis ar chúig bliana.”.

Modhnú ar fhorálacha pinsin Acht 1961 mar a chuirtear chun feidhme iad maidir le breithiúna áirithe agus maidir le hoifigigh chúirte áirithe.

28. —I gcás breithimh nó oifigigh cúirte atá ag fónamh sa cháil sin an 19ú lá de Nollaig, 1996, nó dá éis, beidh éifeacht le halt 2 (i ndáil le breitheamh den sórt sin) agus le halt 4 (i ndáil le hoifigeach cúirte den sórt sin) d'Acht 1961 amhail is—

(a) i bhfo-alt (2) den alt is infheidhme—

(i) dá mba thagairt do thrí oiread mhéid bliantúil an phinsin an tagairt d'oiread go leith mhéid bliantúil an phinsin, agus

(ii) dá scriosfaí na focail “arna laghdú faoi fho-alt (5) den alt seo”,

(b) dá gcuirfí na focail “nó, más mó í, an aisce a bheadh iníoctha leis faoi fho-alt (2) den alt seo dá mba rud é, ar dháta a bháis, go scoirfeadh sé mar gheall ar éiglíocht bhuan” isteach i ndiaidh “tráth a bháis” i bhfo-alt (3) den alt is infheidhme, agus

(c) dá gcuirfí an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (5) den alt is infheidhme:

“(5) Beidh aon aisce is iníoctha faoin alt seo le laghdú faoi threoir aon ranníoca a bheidh dlite de réir théarmaí na Scéime Pinsean do Chéilí agus Leanaí na Breithiúnachta agus Oifigeach Cúirte.”.

Aisce fhorlíontach le haghaidh breithiúna áirithe agus oifigeach cúirte áirithe.

29. —I gcás breithimh nó oifigigh cúirte a scoir d'fhónamh sa cháil sin roimh an 19ú lá de Nollaig, 1996, agus lenar bhain Acht 1961, féadfaidh an tAire Airgeadais, más rud é, tar éis dul i gcomhairle leis an Ard-Aighne, go gceapann sé gur gá déanamh amhlaidh, cibé aisce fhorlíontach, mar aon le cibé ús uirthi is cuí leis, a íoc amhail is dá ndéanfaí, tráth scortha an duine lena mbaineann, na focail “de mhéid nach mó ná aon agus naoi ndeichiú oiread mhéid bliantúil an phinsin” a chur in ionad na bhfocal “de mhéid is comhionann le oiread go leith mhéid bliantúil an phinsin” in alt 2(2) nó 4(2) den Acht sin, de réir mar a bheidh.

Modhnú ar fhorálacha pinsin Acht 1991.

30. —I gcás breithimh nó oifigigh cúirte a scoir d'fhónamh sa cháil sin an 19ú lá de Nollaig, 1996, nó dá éis, beidh éifeacht le hAcht 1991 amhail is—

(a) dá gcuirfí “3/80ú” in ionad “an fichiú cuid” in alt 3(1)(a) den Acht sin,

(b) dá gcuirfí “1/40ú” in ionad “an tríochadú cuid” in alt 3(1)(b) den Acht sin,

(c) dá gcuirfí “3/160ú” in ionad “an daicheadú cuid” in alt 3(1)(c) den Acht sin,

(d) dá gcuirfí “1/40ú” in ionad “an tríochadú cuid” in alt 3(2) den Acht sin, agus

(e) dá gcuirfí “aon leath” in ionad “dhá thrian” in alt 6(4) den Acht sin.

Tosach feidhme forálacha áirithe.

31. —Measfar gur tháinig ailt 24 go 28 agus alt 30 den Acht seo i ngníomh an 19ú lá de Nollaig, 1996.