|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1998) | Ar Aghaidh (CUID II Méaduithe) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1998
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Réamhráiteach | |
[EN] |
Gearrtheideal agus forléiriú. |
1. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1998 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Déanfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh agus an tAcht seo (seachas Codanna VI agus VII) a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin. | |
[EN] |
Mínithe. |
2. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1994” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1994; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht Uimh. 2 de 1995” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1995; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1996” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1996; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1997” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1997. | |
[EN] |
Ionstraimí a bhuanú. |
3. —Aon ionstraim a rinneadh faoi fhoráil den Phríomh-Acht a leasaítear leis an Acht seo agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an leasaithe, leanfaidh sí de bheith i bhfeidhm amhail is dá mbeadh sí déanta faoin bhforáil arna leasú amhlaidh. |