An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach) Ar Aghaidh (CUID III Feabhsuithe ar Scéimeanna Leasa Shóisialaigh)

6 1998

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1998

CUID II

Méaduithe

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

4. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I go IV (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1997) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar dífhostaíochta, an 28ú lá de Bhealtaine, 1998,

(b) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, sochar sláinte agus sábháilteachta, sochar díobhála, aisce mhíthreorach agus pinsean míthreorach, an 1ú lá de Mheitheamh, 1998,

(c) a mhéid a bhaineann sé le pinsean scoir, pinsean easláine agus íocaíocht iomchuí de bhua alt 18(1)(a) d'Acht 1996, an 4ú lá de Mheitheamh, 1998, agus

(d) a mhéid a bhaineann sé le sochar báis faoi alt 60, 61, 62 nó 63 den Phríomh-Acht, pinsean seanaoise (ranníocach), pinsean baintrí agus baintrí fir (ranníocach) agus liúntas dílleachta (ranníocach), an 5ú lá de Mheitheamh, 1998.

Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua).

5. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal B a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I agus II (a cuireadh isteach le halt 4 d'Acht 1997) den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le cúnamh dífhostaíochta agus liúntas míchumais, an 27ú lá de Bhealtaine, 1998,

(b) a mhéid a bhaineann sé le liúntas leasa forlíontach, an 1ú lá de Mheitheamh, 1998,

(c) a mhéid a bhaineann sé le liúntas réamhscoir, íocaíocht teaghlaigh aontuismitheora (seachas i gcás í a bheith iníoctha i leith baintrí nó baintrí fir), liúntas cúramóra, liúntas gaoil fhorordaithe agus íocaíocht iomchuí de bhua alt 18(1)(b) nó (c) d'Acht 1996, an 4ú lá de Mheitheamh, 1998, agus

(d) a mhéid a bhaineann sé le pinsean seanaoise (neamhranníocach), pinsean dall, pinsean baintrí agus baintrí fir (neamhranníocach), íocaíocht teaghlaigh aontuismitheora is iníoctha i leith baintrí nó baintrí fir agus pinsean dílleachta (neamhranníocach), an 5ú lá de Mheitheamh, 1998.

Sochar linbh (rátaí nua, etc.).

6. —(1) Leasaítear leis seo an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid III (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1997):

“CUID III

Na Méideanna Sochair Linbh

An méid i leith gach linbh den chéad 2 leanbh

An méid i leith gach linbh de bhreis ar 2

(1)

(2)

£31.50

£42.00

”.

(2) Leasaítear leis seo alt 194 den Phríomh-Acht (arna leasú le halt 5 d'Acht 1996)—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) D'ainneoin aon ní sa Chuid seo, is é an sochar míosúil is iníoctha le duine cáilithe i leith linbh cháilithe a saolaíodh—

(a) in ilbhreith bheirt leanbh, a bhfanfaidh beirt díobh cáilithe, 150 faoin gcéad den mhéid mar atá leagtha amach i gCuid III den Cheathrú Sceideal, nó

(b) in ilbhreith triúr leanbh nó níos mó—

(i) a bhfanfaidh triúr ar a laghad díobh cáilithe, 200 faoin gcéad den mhéid mar atá leagtha amach i gCuid III den Cheathrú Sceideal,

(ii) a bhfanfaidh beirt ar a laghad díobh cáilithe, 150 faoin gcéad den mhéid mar atá leagtha amach i gCuid III den Cheathrú Sceideal, agus

(iii) a bhfanfaidh duine amháin díobh cáilithe, suim a bheidh iníoctha de réir an mhéid atá leagtha amach i gCuid III den Cheathrú Sceideal.”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) £500 méid an deontais a bheidh iníoctha de réir fho-alt (3).”,

agus

(c) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (6A) (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1996) agus (7):

“(7) Faoi réir an Achta seo, aon duine a bheidh cáilithe le haghaidh sochair linbh, déanfar deontas £500 i leith ilbhreithe beirt leanbh cháilithe nó níos mó a íoc leis nó léi ar chothrom ceithre bliana agus dhá bhliain déag bhreith an duine is déanaí a rugadh san ilbhreith sin.

(8) Aon deontas a íocfar faoi fho-alt (3) nó faoi fho-alt (7), íocfar é i dteannta aon sochair linbh is iníoctha mar shochar míosúil faoin gCuid seo i leith na leanaí lena mbaineann.”.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1998.

Forlíonadh ar ioncam teaghlaigh (rátaí seachtainiúla nua, etc.).

7. —(1) Leasaítear leis seo alt 197 den Phríomh-Acht tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “ioncam seachtainiúil teaghlaigh” (a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht 1997):

“ciallaíonn ‘ioncam seachtainiúil teaghlaigh’, faoi réir rialachán faoi alt 202, an méid ioncaim a fhaigheann teaghlach in aon seachtain amháin, lúide—

(i) aon ranníoc inlamhála dá dtagraítear i Rialacháin 59 agus 60 (a cuireadh isteach leis na Rialacháin Chánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1972 (I.R. Uimh. 260 de 1972)) de na Rialacháin Chánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1960 (I.R. Uimh. 28 de 1960 ),

(ii) aon cháin ioncaim is iníoctha faoi fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim mar a mhínítear in alt 1 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, is infheidhme maidir le Sceideal E,

(iii) aon ranníocaí is iníoctha faoi alt 10(1)(b) nó rialacháin arna ndéanamh faoi alt 11,

(iv) aon ranníocaí is iníoctha faoi alt 5 den Acht um Ranníocaí Sláinte, 1979 ,

(v) aon ranníocaí is iníoctha faoi alt 16 den Acht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981 , nó

(vi) aon ioncam de chuid duine ar leanbh é i leith an teaghlaigh sin.”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) i ngníomh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1998.

(3) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 198 (a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht 1997):

“Teideal chun forlíonadh.

198.—Faoi réir an Achta seo, beidh liúntas (dá ngairtear ‘forlíonadh ar ioncam teaghlaigh’ san Acht seo) iníoctha as airgead a sholáthróidh an tOireachtas i leith teaghlaigh más lú an t-ioncam seachtainiúil teaghlaigh ná—

(a) i gcás teaghlaigh nach bhfuil ach 1 leanbh ann, £212,

(b) i gcás teaghlaigh a bhfuil 2 leanbh ann, £232,

(c) i gcás teaghlaigh a bhfuil 3 leanbh ann, £252,

(d) i gcás teaghlaigh a bhfuil 4 leanbh ann, £272,

(e) i gcás teaghlaigh a bhfuil 5 leanbh ann, £297,

(f) i gcás teaghlaigh a bhfuil 6 leanbh ann, £317,

(g) i gcás teaghlaigh a bhfuil 7 leanbh ann, £334, nó

(h) i gcás teaghlaigh a bhfuil 8 leanbh nó níos mó ann, £351.”.

(4) Tiocfaidh fo-alt (3) i ngníomh an 4ú lá de Mheitheamh, 1998.

Ranníocaí fostaíochta (méaduithe ar na huasteorainneacha tuillimh, etc.).

8. —(1) Leasaítear leis seo alt 10 den Phríomh-Acht—

(a) trí “£100” a chur in ionad “£80” (a cuireadh isteach le halt 8(1)(a) d'Acht 1996) i bhfo-alt (1)(b),

(b) trí “£24,200” a chur in ionad “£23,200” (a cuireadh isteach le halt 8(1)(b) d'Acht 1997) i bhfo-alt (1)(c),

(c) trí “£270” a chur in ionad “£260” (a cuireadh isteach le halt 8(1)(c) d'Acht 1997) i bhfo-alt (1)(d)(i) agus (ii), agus

(d) trí “£29,000” a chur in ionad “£27,900” (a cuireadh isteach le halt 8(1)(d) d'Acht 1997) i bhfo-alt (1)(e).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1998.

Ranníocaí féinfhostaíochta (méadú ar an uasteorainn ioncaim).

9. —(1) Leasaítear leis seo alt 18(1) den Phríomh-Acht trí “£24,200” a chur in ionad “£23,200” (a cuireadh isteach le halt 9(1) d'Acht 1997) i mír (d).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1998.