An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Méaduithe) Ar Aghaidh (CUID IV Sonraí Seirbhíse Poiblí a Riaradh)

6 1998

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1998

CUID III

Feabhsuithe ar Scéimeanna Leasa Shóisialaigh

Acmhainn a mheasúnú — feabhsuithe.

10. —(1) Leasaítear leis seo Riail 1 de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (p) i mír (2) (a cuireadh isteach le halt 26(1)(a) d'Acht 1997):

“(p) seachas i gcás liúntais míchumais agus faoi réir mhír (6) agus (6A), aon airgead a thuillfidh sé nó a chéile ó fhostaíocht inárachaithe de chineál séasúrach.”,

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (6) (a cuireadh isteach le halt 11(1)(b) d'Acht Uimh. 2 de 1995):

“(6A) seachas i gcás liúntais míchumais, luach an airgid go léir a gheobhaidh a chéile nó a céile ó fhostaíocht inárachaithe de chineál séasúrach, arna fhionnadh sa tslí fhorordaithe, le linn na tréimhse ina mbeidh a chéile nó a céile ag gabháil don fhostaíocht sin, agus measfar gurb é an luach arna ríomh amhlaidh acmhainn sheachtainiúil an duine sin ón bhfostaíocht sin.”,

agus

(c) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (r) i mír (2):

“(r) seachas i gcás liúntais míchumais, méid £2,000 mar aon le leath d'aon mhéid de bhreis ar £2,000 a gheofar faoi na scéimeanna seo a leanas:

(i) an Scéim um Chosaint na Timpeallachta Tuaithe a riarann an tAire Talmhaíochta agus Bia, agus

(ii) an Scéim um Limistéir Chaomhantais Speisialta a riarann an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán,”.

(2) Leasaítear leis seo Riail 1(4) (a cuireadh isteach le halt 26(1)(c) d'Acht 1997) de Chuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (b):

“(bb) i gcás liúntais cúramóra, méid nach mó ná an méid uasta atá leagtha amach ag colún (2), tagairt 3 de Chuid I den Dara Sceideal, d'íocaíocht a fhreagraíonn do phinsean easláine faoi Chaibidil 15 de Chuid II, ó Bhallstát eile nó faoi reachtaíocht aon Stáit eile a bhfuil socrú cómhalartach déanta ag an Aire leis faoi fhorálacha alt 238,”,

(b) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (q):

“(q) i gcás pinsin seanaoise (neamhranníocach), méid £2,000 mar aon le leath d'aon mhéid de bhreis ar £2,000 a gheofar faoi na scéimeanna seo a leanas:

(i) an Scéim um Chosaint na Timpeallachta Tuaithe a riarann an tAire Talmhaíochta agus Bia, agus

(ii) an Scéim um Limistéir Chaomhantais Speisialta a riarann an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán,”,

agus

(c) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (t):

“(t) chun críocha pinsin seanaoise (neamhranníocach) agus pinsin baintrí agus baintrí fir (neamhranníocach), aon airgead a gheofar i leith cíosa ó dhuine a chónaíonn leis an éilitheoir nó leis an tairbhí agus, murach cónaí an duine sin, go mbeadh cónaí ar an éilitheoir nó ar an tairbhí ina aonar nó ina haonar,”.

(3) Leasaítear leis seo alt 4(4)(a) (arna leasú le halt 26(2) d'Acht 1997) den Phríomh-Acht trí “, 1(6) agus 1(6A)” a chur in ionad “agus 1(6)”.

(4) Leasaítear leis seo alt 119 (arna leasú le halt 11(3) d'Acht Uimh. 2 de 1995) den Phríomh-Acht trí “Faoi réir Riail 1(6) nó Riail 1(6A), de réir mar a bheidh,” a chur in ionad “Faoi réir Riail 1(6),” sa mhíniú ar “acmhainn sheachtainiúil”.

Íocaíocht i leith cumhacht ceannaigh a chailleadh.

11. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 206:

“Íocaíocht i leith cumhacht ceannaigh a chailleadh.

206A.—(1) I gcás ina ndéanfaidh duine éileamh ar aon sochar de réir alt 205 agus go gcuirtear moill le híoc an éilimh sin ar feadh tréimhse is faide ná 12 mhí agus gur imthosca atá faoi rialú na Roinne Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh is aonchúis nó is príomhchúis leis an moill agus nach bhfuil baint ag an duine leis an moill sin, féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar íocaíocht i leith na cumhachta ceannaigh a cailleadh, faoi réir cibé coinníollacha agus i cibé imthosca a fhorordófar.

(2) I gcás duine lena mbaineann fo-alt (1), féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun go ndéanfar foráil maidir le méid costas a íoc, faoi réir cibé teorainneacha íosta agus uasta a fhorordófar, a bheidh tabhaithe iarbhír agus de riachtanas ag an duine sin.”.

Liúntas cúramóra — íocaíocht tar éis bháis.

12. —Leasaítear leis seo alt 210(2) (arna leasú le halt 26 d'Acht 1994) den Phríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):

“(dd) i gcás ina mbeidh liúntas cúramóra á fháil ag duine agus go bhfaighidh an pinsinéir iomchuí, ar ina leith atá an cúramóir ag cur cúram agus aire lánaimseartha ar fáil, bás, agus gurb é an cúramóir céile an phinsinéara sin, in aon chás nach mbeidh an cúramóir sin i dteideal íocaíochta faoi fhorálacha mhír (a), leanfar de liúntas cúramóra a íoc, i leith an phinsinéara iomchuí, ar feadh tréimhse 6 seachtaine tar éis bhás an phinsinéara iomchuí, agus”,

agus

(b) trí “(a), (c) nó (dd)” a chur in ionad “(a) nó (c)” gach áit a bhfuil sé i mír (f).

Leasuithe ar alt 2 den Phríomh-Acht — mínithe.

13. —Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an tAire” i bhfo-alt (1):

“ciallaíonn ‘an tAire’ an tAire Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh;”,

(b) trí “i rialacháin, nó” a chur in ionad “i rialacháin.” i bhfo-alt (3)(b)(II), agus

(c) tríd an gclásal seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (3)(b) i ndiaidh chlásal (II):

“(III) atá 18 mbliana d'aois nó os a chionn agus a mheastar a bheith ag freastal ar chúrsa staidéir de réir bhrí alt 126 (3)(a).”.