223.—(1) San alt seo agus in ailt 223A, 223B agus 223C—
ciallaíonn ‘uimhir chuntais phríomha’, i ndáil le cárta seirbhíse poiblí nó le cárta arna eisiúint faoi alt 223B, uimhir arb é atá inti—
(a) uimhir eisitheora, arna heisiúint faoi cheadúnas ó Eagraíocht na gCaighdeán Idirnáisiúnta,
(b) uimhir phearsanta seirbhíse poiblí, agus
(c) uimhir chárta arna leithroinnt, i gcás cárta seirbhíse poiblí, ag an Aire nó, in aon chás eile, ag an duine a d'eisigh an cárta;
ciallaíonn ‘comhlacht sonraithe’—
(a) Aire den Rialtas,
(b) údarás áitiúil (chun críocha an
Achta Rialtais Áitiúil, 1941
),
(c) bord sláinte,
(d) na Coimisinéirí Ioncaim,
(e) An Foras Áiseanna Saothair,
(f) An Post,
(g) An tArd-Chláraitheoir,
(h) an Bord um Chúnamh Dlíthiúil,
(i) an Garda Síochána agus Óglaigh na hÉireann i leith a gcomhaltaí féin, nó
(j) cibé duine eile a fhorordófar;
ciallaíonn ‘céile’—
(a) gach duine de lánúin phósta, nó
(b) fear agus bean nach bhfuil pósta lena chéile ach atá ag maireachtáil i bhfochair a chéile mar fhearchéile agus banchéile;
ciallaíonn ‘idirbheart’—
(a) iarratas,
(b) éileamh,
(c) cumarsáid,
(d) íocaíocht, nó
(e) soláthar seirbhíse,
i ndáil le cistí poiblí chuig comhlacht sonraithe nó dó nó uaidh agus a bhaineann le duine nádúrtha.
(2) Féadfaidh an tAire uimhir (dá ngairtear ‘uimhir phearsanta seirbhíse poiblí’ san Acht seo) a leithroinnt agus a eisiúint chuig gach duine is ábhar d'aon idirbheart le comhlacht sonraithe.
(3) Aon duine a dhéanann aon idirbheart le comhlacht sonraithe tabharfaidh sé nó sí don Aire cibé faisnéis, de réir mar a fhorordófar, is gá chun go ndéanfar uimhir phearsanta seirbhíse poiblí a leithroinnt agus a eisiúint.
(4) Déanfaidh duine a uimhir nó a huimhir phearsanta seirbhíse poiblí agus uimhreacha pearsanta seirbhíse poiblí a chéile nó a céile agus a leanaí, más iomchuí, a thabhairt do chomhlacht sonraithe de réir mar a cheanglóidh an comhlacht sin chun críocha idirbheart an duine.
(5) San alt seo déanfar tagairt d'uimhir phearsanta seirbhíse poiblí a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'uimhir ar a dtugtar uimhir ioncaim agus árachais shóisialaigh.
(6) Aon duine, seachas—
(i) an duine lena mbaineann an uimhir phearsanta seirbhíse poiblí,
(ii) comhlacht sonraithe,
(iii) duine a dhéanann idirbheart le comhlacht sonraithe i gcás ina mbaineann an uimhir leis an idirbheart idir an duine sin agus an comhlacht sonraithe, nó
(iv) duine a gceanglaítear air nó uirthi forálacha ailt 221, 222 nó rialachán arna ndéanamh faoi na hailt sin a chomhlíonadh,
a úsáidfidh uimhir phearsanta seirbhíse poiblí nó a dhéanfaidh iarracht a chur faoi deara uimhir phearsanta seirbhíse poiblí a nochtadh dó nó di, beidh sé nó sí ciontach i gcion.
|