An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Sonraí Seirbhíse Poiblí a Riaradh) Ar Aghaidh (CUID VI Leasú ar an Acht um Ranníocaí Sláinte, 1979, agus ar an Acht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981)

6 1998

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1998

CUID V

Forálacha Ilghnéitheacha

Suimeanna a íoc isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh agus amach as.

16. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) d'alt 7:

“(4) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sonrach—

(a) déanfar suimeanna is iníoctha isteach sa Chiste a íoc isteach i gcuntas reatha an Chiste nó i gcuntas infheistíochta an Chiste, agus

(b) déanfar suimeanna is iníoctha amach as an gCiste a íoc amach as cuntas reatha an Chiste.”.

Athbhreithniú achtúireach.

17. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 7:

“Athbhreithniú achtúireach.

7A.—(1) Cuirfidh an tAire faoi deara—

(a) go ndéanfaidh cibé daoine a shocróidh an tAire athbhreithnithe achtúireacha i dtaobh staid airgeadais an Chiste d'fhonn a chinneadh cá mhéid a mbeifear ag súil leis, go fadtéarmach, go bhfreastalóidh an Ciste do na héilimh i leith íocaíochtaí sochar agus íocaíochtaí eile, ag féachaint go háirithe do leordhóthanacht nó neamh-leordhóthanacht na ranníocaí faoi chomhair sochar agus íocaíochtaí eile agus cibé nithe eile is dóigh leis an Aire a bheith iomchuí sa mhéid go ndéanann siad difear do staid airgeadais reatha agus thodhchaí an Chiste,

(b) tuarascáil a thabhairt don Aire an tráth a chríochnófar aon athbhreithniú den sórt sin, agus

(c) cóip de gach tuarascáil faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas laistigh de 6 mhí ón tráth a chríochnófar an t-athbhreithniú.

(2) Is é dáta críochnaithe an chéad athbhreithnithe achtúirigh faoin alt seo dáta nach déanaí ná an 31ú lá de Nollaig, 2002, agus is é dáta críochnaithe gach athbhreithnithe ina dhiaidh sin dáta nach déanaí ná 5 bliana tar éis dháta críochnaithe an athbhreithnithe díreach roimhe sin.”.

Liúntas réamhscoir — forálacha a chomhdhlúthú.

18. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an gCaibidil seo a leanas a chur in ionad Chaibidil 3 de Chuid III:

“CAIBIDIL 3

Liúntas Réamhscoir

Teideal chun liúntais.

127.—(1) Faoi réir an Achta seo, beidh liúntas (dá ngairtear ‘liúntas réamhscoir’ sa Chaibidil seo) iníoctha i leith aon tréimhse scoir le duine—

(a) a mbeidh an aois a shonraítear le rialacháin, ach nach mbeidh aois inphinsin, slánaithe aige nó aici,

(b) nach mó a acmhainn nó a hacmhainn sheachtainiúil, faoi réir fho-alt (4), ná méid an liúntais réamhscoir (lena n-áirítear aon mhéaduithe air) a bheadh iníoctha leis an duine faoin gCaibidil seo mura mbeadh acmhainn ar bith ag an duine sin, agus

(c)   (i) a raibh sochar dífhostaíochta nó cúnamh dífhostaíochta á fháil aige nó aici i leith 390 lá dífhostaíochta ar a laghad in aon tréimhse leanúnach dífhostaíochta sa tréimhse díreach roimhe sin mar a fhorléirítear de réir alt 120(3),

(ii) is céile idirscartha nach raibh fruilithe le fostaíocht chúititheach nó le féinfhostaíocht am ar bith sa tréimhse sin roimhe sin de réir mar a fhorordófar, nó

(iii) a bhí, díreach roimh an tseachtain ar ina leith atá liúntas réamhscoir á éileamh—

(A) ag fáil íocaíochta teaghlaigh aontuismitheora, ach atá scortha de bheith i dteideal na híocaíochta sin de bhua nach meastar a thuilleadh gur tuismitheoir cáilithe de réir bhrí alt 157(1) é nó í, nó

(B) ag fáil liúntais cúramóra, ach atá scortha de bheith i dteideal an liúntais sin de bhua nach meastar a thuilleadh gur cúramóir de réir bhrí alt 163(1) é no í.

(2) (a) Chun críocha fho-alt (1)(c)(ii) agus faoi réir alt 3(12), duine a bheidh idirscartha óna chéile nó óna céile, leanfar dá mheas nó dá meas mar chéile idirscartha i gcás an pósadh a bheith scaoilte, ar scaoileadh é atá aitheanta mar scaoileadh atá bailí sa Stát.

(b) Faoi réir na Caibidle seo, leanfaidh liúntas réamhscoir de bheith iníoctha le duine a bhfuil feidhm ag fo-alt (1)(c)(ii) ina leith, mura n-athphósann an duine sin nó mura gcomhchónaíonn sé nó sí mar fhearchéile agus banchéile, agus sa chás sin scoirfidh an liúntas.

(3) Sa Chaibidil seo, is í an ‘acmhainn sheachtainiúil’, faoi réir Riail 1(6A), an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar 52; déanfar acmhainn a ríomh de réir na Rialacha atá i gCuid I den Tríú Sceideal.

(4) Más rud é, maidir le céile éilitheora ar liúntas réamhscoir, nach aosach cáilithe an éilitheora é nó í, nó gur céile é nó í a bhfuil méadú iníoctha ina leith de bhua rialachán arna ndéanamh faoi alt 245A, glacfar leis gurb í leath na hacmhainne acmhainn an éilitheora.

Rátaí liúntais (lena n-áirítear méaduithe d'aosach cáilithe agus do leanaí cáilithe).

128.—(1) Faoi réir an ailt seo agus alt 122, is é an ráta liúntais réamhscoir (dá ngairtear ‘an ráta sceidealta’ sa Chaibidil seo) an ráta seachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal, arna mhéadú—

(a) den mhéid atá leagtha amach i gcolún (3) den Chuid sin in aghaidh aon tréimhse ar lena linn a bheidh aosach cáilithe ag an éilitheoir nó ag an tairbhí, faoi réir an tsriain nach mbeidh an t-éilitheoir nó an tairbhí i dteideal méadú a fháil faoin mír seo i leith níos mó ná duine amháin, agus

(b) den mhéid cuí atá leagtha amach i gcolún (4) den Chuid sin i leith gach linbh cháilithe a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi leis an éilitheoir nó leis an tairbhí.

(2) Beidh liúntas réamhscoir iníoctha—

(a) i gcás nach mó ná £2 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an tairbhí, de réir an ráta sceidealta, agus

(b) i gcás gur mó ná £2 an acmhainn sheachtainiúil sin, de réir an ráta sceidealta arna laghdú de £2 i leith gach suim £2 (más ann) ar mó an acmhainn sheachtainiúil sin ná £2, agus aon chodán de £2 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £2:

Ar choinníoll, maidir leis an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir a bheadh an liúntas réamhscoir iníoctha murach an coinníoll seo—

(i) más ionann é agus 10p nó níos mó ach gur lú é ná £1, go mbeidh an liúntas iníoctha de réir an ráta sheachtainiúil £1, agus

(ii) más lú é ná 10p, nach mbeidh an liúntas iníoctha.

(3) Aon mhéadú ar liúntas réamhscoir is iníoctha de bhun mhír (b) d'fho-alt (1) i leith linbh cháilithe a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi leis an éilitheoir nó leis an tairbhí agus le céile an éilitheora nó an tairbhí, beidh sé iníoctha de réir ráta ar leath é den mhéid cuí in aon chás nach aosach cáilithe é nó í céile an éilitheora nó an tairbhí agus forléireofar mír (b) d'fho-alt (1) agus beidh éifeacht léi dá réir sin.

Rialacháin.

129.—Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Chaibidil seo agus féadfaidh na rialacháin sin, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo—

(a) an aois chun críocha alt 127(1)(a) a shonrú,

(b) na tréimhsí a mheasfar mar thréimhsí scoir chun críocha na Caibidle seo a shonrú,

(c) na himthosca a shonrú ina mbeidh duine le meas mar chéile idirscartha chun críocha alt 127(1)(c)(ii), agus

(d) an ráta seachtainiúil liúntais réamhscoir faoi alt 128 a athrú, ach ní dhéanfaidh aon athrú den sórt sin laghdú ar na rátaí seachtainiúla ab infheidhme díreach roimh thosach feidhme na rialachán sin.

An scéim liúntais do bhean shingil a chomhtháthú leis an scéim liúntais réamhscoir.

130.—(1) D'ainneoin na Caibidle seo agus rialachán arna ndéanamh fúithi, más rud é, díreach roimh an 5ú lá de Shamhain, 1992 (dá ngairtear ‘an lá ceaptha’ sa Chaibidil seo), go raibh bean, nach raibh aois inphinsin slánaithe aici, ag fáil liúntais do bhean shingil, beidh liúntas réamhscoir iníoctha léi ón lá ceaptha de réir an ráta chéanna a raibh an liúntas sin do bhean shingil iníoctha léi díreach roimh an lá sin:

Ar choinníoll go leanfaidh sí de na coinníollacha maidir le hacmhainní de réir alt 127(3) a chomhlíonadh.

(2) Chun críocha fho-alt (1), measfar, maidir le bean a bhí ag fáil liúntais do bhean shingil díreach roimh an lá ceaptha—

(a) go bhfuil sí scortha de réir bhrí rialachán arna ndéanamh chun críocha alt 129(b), agus

(b) go bhfuil an ceanglas atá in alt 127(1)(b) comhlíonta aici.

(3) Aon chinneadh a rinne oifigeach breithiúnachta nó oifigeach achomhairc i ndáil le liúntas do bhean shingil a dhámhachtain do bhean roimh an lá ceaptha, measfar gur cinneadh é chun liúntas réamhscoir a dhámhachtain don duine sin ar an agus ón lá sin.

(4) Sa Chaibidil seo, aon tagairt do ‘liúntas do bhean shingil’, ciallaíonn sí liúntas do bhean shingil a bhí iníoctha de bhua alt 198 (a aisghaireadh le halt 37 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1992) den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 , agus de bhua rialachán a rinneadh faoi.”.

Pinsean dall.

19. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 141:

“141.—(1) Faoi réir an Achta seo—

(a) faoi réir mhír (b), beidh gach dall a bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige nó aici i dteideal cibé pinsean (dá ngairtear ‘pinsean dall’ san Acht seo) a fháil, agus leanúint dá fháil, a bheadh sé nó sí i dteideal a fháil faoi Chaibidil 4 den Chuid seo dá mbeadh aois inphinsin slánaithe aige nó aici, faoi réir an mhodhnaithe—

(i) gurb é an ráta pinsin dall a bheidh iníoctha an ráta seachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2), tagairt 5 i gCuid I den Cheathrú Sceideal, agus

(ii) go mbeidh an méadú is iníoctha de bhua alt 137(a), i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an tairbhí, amhail mar atá leagtha amach i gCuid II den Cheathrú Sceideal agus i ngach cás eile go mbeidh sé amhail mar atá leagtha amach i gCuid IIA den Cheathrú Sceideal,

agus

(b) go mbeidh feidhm ag forálacha na Caibidle sin 4 ar gach slí i gcás an duine sin, faoi réir na modhnuithe go gcuirfear na coinníollacha seo a leanas in ionad na gcoinníollacha reachtúla atá in alt 134 (a), eadhon, nach mór don duine—

(i) 18 mbliana d'aois a bheith slánaithe aige nó aici, agus

(ii) bheith chomh dall sin nach féidir leis no léi aon obair a dhéanamh a bhfuil radharc na súl riachtanach di nó nach féidir leis nó léi leanúint den ghnáthshlí bheatha atá aige nó aici.”.

Fiacha a ghnóthú.

20. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 279A (a cuireadh isteach le halt 31 d'Acht 1997):

“Fiacha a ghnóthú.

279B.—I gcás ina mbeidh airgead faighte ag duine ón Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh nach raibh sé nó sí i dteideal a fháil, dlífidh an duine sin suim nach mó ná méid an airgid sin a fuarthas a aisíoc ar éileamh—

(a) i gcás sochair, leis an gCiste Árachais Shóisialaigh,

(b) i gcás cúnaimh (seachas liúntas leasa forlíontach), sochair linbh, forlíonadh ar ioncam teaghlaigh nó íocaíochta leantaí i leith leanaí cáilithe, leis an Aire,

(c) i gcás liúntais leasa fhorlíontaigh, leis an mbord sláinte.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 281 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (6) agus (7):

“(6) Aon sochar, cúnamh, forlíonadh ar ioncam teaghlaigh nó íocaíocht leantach i leith leanaí cáilithe is inaisíoctha de réir alt 278, 279, 279A nó 279B, féadfar, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, é nó í a ghnóthú trí asbhaint as aon sochar, cúnamh (ach amháin liúntas leasa forlíontach) nó forlíonadh ar ioncam teaghlaigh a bhfuil an duine sin an tráth sin, nó a dtiocfaidh sé nó sí chun bheith, ina theideal.

(7) Aon sochar linbh is inaisíoctha de réir alt 278, 279, 279A nó 279B, féadfar, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, é a ghnóthú trí asbhaint as aon íocaíocht nó íocaíochtaí ar cuntas sochair linbh a bhfuil an duine sin an tráth sin, nó a dtiocfaidh sé nó sí chun bheith, ina teideal nó ina dteideal.”.

Sochar míthreorach — éilimh a dhéantar lasmuigh den am forordaithe.

21. —Leasaítear leis seo alt 205 den Phríomh-Acht (arna leasú le halt 32 d'Acht 1997)—

(a) trí “(seachas sochar míthreorach faoi alt 54, méadú ar shochar míthreorach faoi ailt 56 agus 57 nó sochar báis ar mhodh pinsin faoi ailt 60, 61 agus 62)” a chur isteach i bhfo-alt (2)(c) i ndiaidh “sochair díobhálacha ceirde”, agus

(b) trí na míreanna agus an coinníoll seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2)(d), (e) agus an choinníll:

“(d) i gcás sochair míchumais, liúntais breoiteachta nó liúntais míchumais, i leith aon tréimhse is faide ná 7 lá roimh an dáta a ndéanfar an t-éileamh,

(e) i gcás sochair máithreachais—

(i) i gcás ina ndéanfar an t-éileamh roimh dheireadh na seachtaine luí seoil, íocaíocht i leith aon tréimhse roimh thosach na seachtaine ina ndéanfar an t-éileamh,

(ii) i gcás ina ndéanfar an t-éileamh tar éis dheireadh na seachtaine luí seoil, íocaíocht i leith aon tréimhse roimh thosach an seachtú seachtain roimh an tseachtain ina ndéanfar an t-éileamh nach dáta é is luaithe ná tosach na seachtaine luí seoil, agus

(f) i gcás sochair míthreorach faoi alt 54, méadaithe ar shochar míthreorach faoi alt 56 nó alt 57 nó sochair báis ar mhodh pinsin faoi ailt 60, 61 nó 62, i leith aon tréimhse is faide ná 3 mhí roimh an dáta a ndéanfar an t-éileamh:

Ar choinníoll, i gcás sochair lena mbaineann míreanna (c), (d), (e) nó (f), más rud é go gcruthóidh éilitheoir chun sástachta oifigigh breithiúnachta nó oifigigh achomhairc—

(I) go raibh sé nó sí, ar dháta ba luaithe ná an dáta a ndearnadh a éileamh nó a héileamh ar shochar (lena n-áirítear aon mhéadú air), i dteideal an tsochair sin, ar leith ón gcoinníoll a chomhlíonadh ó thaobh éileamh a dhéanamh, agus

(II) go raibh cúis mhaith, i gcaitheamh na tréimhse idir an dáta ba luaithe agus an dáta a ndearnadh a éileamh nó a héileamh, leis an moill a bhain le héileamh a dhéanamh, nach mbeidh sé nó sí dícháilithe chun íocaíocht a fháil i leith aon tréimhse den sórt sin dá dtagraítear i bhfomhír (I) nach faide ná 6 mhí roimh an dáta a ndéantar an t-éileamh.”, agus

(c) trí “oifigeach breithiúnachta nó oifigeach achomhairc, de réir mar a bheidh,” a chur in ionad “oifigeach don Aire arna cheapadh ag an Aire chun na críche sin” i bhfo-alt (2D).”.

Cionta — gan faisnéis a nochtadh.

22. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 221:

“Faisnéis a éilíonn an tAire.

221.—(1) D'fhonn rialú agus imscrúdú a dhéanamh ar theideal chun aon sochair, faoin Acht seo nó faoi scéimeanna atá á riaradh ag an Aire nó thar ceann an Aire, féadfaidh an tAire a cheangal ar cibé daoine a fhorordófar cibé faisnéis i ndáil le cibé daoine nó cibé aicmí daoine a fhorordófar a thabhairt dó nó di.

(2) Aon duine a mhainneoidh ceanglas a chuirfear air nó uirthi faoi fho-alt (1) nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi.”.

Oifigigh a cheapadh.

23. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 212:

“Cigirí leasa shóisialaigh.

212.—(1) Féadfaidh an tAire, nó oifigeach a bheidh údaraithe chuige sin le hordacháin speisialta nó ghinearálta ón Aire, cibé oifigigh agus cibé líon oifigeach a cheapadh de réir mar is cuí chun bheith ina gcigirí leasa shóisialaigh chun críocha cibé forálacha de Chodanna II, III, IV, V, VA, IX agus den Chuid seo a chinnfidh sé nó sí i gcás na gceapachán sin.”.

(2) Leanfaidh cigire leasa shóisialaigh a ceapadh faoi alt 212(1) den Phríomh-Acht agus a bhí i seilbh oifige díreach roimh thosach feidhme an ailt seo de bheith in oifig amhail is dá mba rud é gur ceapadh é nó í faoi fho-alt (1) (arna chur isteach leis an alt seo) d'alt 212.

Gaol faoi dhliteanas.

24. —(1) Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4) (a cuireadh isteach le halt 38 d'Acht 1996):

“(5) Faoi réir Chuid IX den Acht seo ciallaíonn ‘gaol faoi dhliteanas’, i ndáil le haon duine—

(a) fear atá faoi dhliteanas—

(i) a bhanchéile a chothabháil,

(ii) a iar-bhanchéile a chothabháil i gcás an pósadh a bheith scaoilte, ar scaoileadh é atá aitheanta mar scaoileadh atá bailí sa Stát,

le linn di a bheith ag fáil liúntais nó sochair, agus

(iii) aon leanbh cáilithe dá chuid, a bhfuil méadú ar liúntas nó ar shochar iníoctha leis an máthair ina leith, a chothabháil, nó

(b) bean atá faoi dhliteanas—

(i) a fearchéile a chothabháil,

(ii) a hiar-fhearchéile a chothabháil i gcás an pósadh a bheith scaoilte, ar scaoileadh é atá aitheanta mar scaoileadh atá bailí sa Stát,

le linn dó a bheith ag fáil liúntais, agus

(iii) aon leanbh cáilithe dá cuid, a bhfuil méadú ar liúntas iníoctha leis an athair ina leith, a chothabháil.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 247 den Phríomh-Acht (arna leasú le halt 29 d'Acht 1997) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (dd) (a cuireadh isteach le halt 7(3) d'Acht 1996) agus (e) i bhfo-alt (2):

“(e) faoi Chuid VA (íocaíocht leantach i leith leanaí cáilithe);

(f) faoi Chuid VI (forálacha ginearálta maidir le hárachas sóisialach, cúnamh sóisialach agus inárachaitheacht), agus

(g) faoi Chuid IX (dliteanas an teaghlach a chothabháil).”.

(3) Cúlghairtear leis seo alt 29(1)(b) d'Acht 1997.

(4) Leasaítear leis seo alt 284(1) den Phríomh-Acht tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “liúntas”—

“ciallaíonn ‘liúntas’ íocaíocht teaghlaigh aontuismitheora, liúntas leasa forlíontach nó íocaíocht iomchuí de bhua alt 18(1)(a) nó (b) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1996,”.

(5) Leasaítear leis seo alt 286 (arna leasú le halt 29 d'Acht 1997) den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) I gcás inar deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche gur mhainnigh nó gur fhailligh an gaol faoi dhliteanas, tráth éisteachta iarratais ag an údarás inniúil faoi fho-alt (2), an ranníoc a dhéanamh a cheanglaítear faoin alt seo agus go raibh sé nó sí in ann ranníoc a dhéanamh i leith an liúntais a deonaíodh, ordóidh an breitheamh go n-íocfar an ranníoc sin leis an údarás inniúil i cibé slí is cuí leis nó léi.”.

Tosach feidhme (Cuid V).

25. —Tiocfaidh an Chuid seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.