An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Leasú ar an Acht um Ranníocaí Sláinte, 1979, agus ar an Acht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981) Ar Aghaidh (SCEIDEAL A)

6 1998

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1998

CUID VII

Leasú ar alt 54 d'Acht na bPinsean, 1990

Leasú ar alt 54 d'Acht na bPinsean, 1990 .

28. —Leasaítear leis seo alt 54 (arna leasú le halt 20 d'Acht na bPinsean (Leasú), 1996) d'Acht na bPinsean, 1990

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1), (2) agus (3):

“(1) Déanfaidh iontaobhaithe scéime cibé faisnéis a thabhairt do cibé daoine i cibé imthosca agus laistigh de cibé teorainneacha ama a fhorordófar i ndáil leis na nithe seo a leanas, is é sin le rá—

(a) comhdhéanamh na scéime,

(b) riaradh agus airgeadas na scéime,

(c) na cearta agus na hoibleagáidí atá nó a fhéadfaidh a bheith ann faoin scéim, agus

(d) cibé nithe eile a fhorordófar agus is dóigh leis an Aire is iomchuí maidir le scéimeanna i gcoitinne nó le scéimeanna de thuairisc áirithe lena mbaineann an scéim.”,

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (4) i ndiaidh mhír (b):

“(c) féadfaidh an Bord le fógra i scríbhinn a iarraidh ar fhostóir lena mbaineann scéim nó ar iontaobhaithe scéime cibé faisnéis a thabhairt don Bhord laistigh de cibé teorainneacha ama a shonróidh an Bord i ndáil leis na nithe a thuairiscítear i bhfo-alt (1) agus déanfaidh an fostóir nó na hiontaobhaithe de réir aon iarrata den sórt sin.”,

agus

(c) trí “nó rialacháin faoi fho-alt (3)” a scriosadh i bhfo-alt (5).