An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VIII Idirthréimhseach) Ar Aghaidh (SCEIDEAL 2 Feidhmeanna de chuid an Aire a thiocfaidh chun bheith ina bhfeidhmeanna de chuid na Seirbhíse)

8 1998

AN tACHT UM SHEIRBHÍS CHÚIRTEANNA, 1998

SCEIDEAL 1

Oifigigh Aistrithe

Alt 24(1).

Gach príomhoifigeach de réir bhrí Chuid I den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 , seachas Máistir na hArd-Chúirte agus na Máistrí Fómhais.

Gach Cléireach Cúirte Dúiche.

Gach comhalta den fhoireann ghinearálta atá ar fostú sna hoifigí leithleacha a luaitear i mír 2 den Ochtú Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Ilghnéitheacha), 1961.

Gach comhalta den fhoireann ghinearálta atá ar fostú in Oifigí Cúirte Cuarda faoi alt 42 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 .

Gach comhalta den fhoireann atá ag gabháil leis an gCúirt Chuarda agus le breithiúna den Chúirt Chuarda faoi alt 43 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 .

Gach seirbhíseach atá ag gabháil le breitheamh den Ard-Chúirt faoi alt 43 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 .

Gach oifigeach nó seirbhíseach eile a bheidh, díreach roimh an lá bunaithe, ag gabháil le cúirt arna bunú de bhun an Bhunreachta nó le pearsa breithimh a bheidh, an tráth sin, i seilbh oifige nó ar fostú in oifig chúirte agus a bheidh ag comhlíonadh dualgas i ndáil le haon chúirt nó breitheamh nó a bheidh ar fostú in aon oifig chúirte.