An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Bord na Seirbhíse)

8 1998

AN tACHT UM SHEIRBHÍS CHÚIRTEANNA, 1998

CUID II

An tSeirbhís Chúirteanna

An lá bunaithe.

3. —Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

An tSeirbhís a bhunú.

4. —(1) Ar an lá bunaithe bunófar comhlacht ar a dtabharfar an tSeirbhís Chúirteanna nó, sa Bhéarla, the Courts Service (dá ngairtear “an tSeirbhís” san Acht seo) chun na feidhmeanna a chomhlíonadh a thugtar dó leis an Acht seo.

(2) Beidh an tSeirbhís ina comhlacht corpraithe le comharbas suthain agus beidh cumhacht agartha aici agus beidh sí inagartha ina hainm corpraithe.

(3) Beidh an tSeirbhís, faoi réir an Achta seo, neamhspleách i gcomhlíonadh a feidhmeanna.

Feidhmeanna na Seirbhíse.

5. —Is iad feidhmeanna na Seirbhíse—

(a) na cúirteanna a bhainistiú,

(b) seirbhísí tacaíochta a sholáthar do na breithiúna,

(c) faisnéis a chur ar fáil don phobal maidir leis an gcóras cúirteanna,

(d) foirgnimh chúirte a sholáthar, a bhainistiú agus a chothabháil, agus

(e) saoráidí a sholáthar d'úsáideoirí na gcúirteanna.

Cumhachtaí na Seirbhíse.

6. —(1) Faoi réir an Achta seo ach d'ainneoin aon achtacháin eile, féadfaidh an tSeirbhís aon ní a dhéanamh is gá nó is fóirsteanach chun a chumasú di a feidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh an tSeirbhís—

(a) talamh nó leas i dtalamh nó cearta thar thalamh nó i leith talún a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt, agus aon mhaoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt,

(b) conarthaí agus socruithe a dhéanamh,

(c) oiliúint agus oideachas foirne a shocrú,

(d) socruithe a chur ar bun chun dul i gcomhairle le húsáideoirí na gcúirteanna,

(e) ar iarraidh ón Aire nó ar a tionscnamh féin, scálaí cuí táillí agus muirear cúirte a mholadh don Aire,

(f) moltaí a dhéanamh don Aire i ndáil le dlínse agus gnó a dháileadh ar na cúirteanna agus le nithe a bhaineann le nós imeachta,

(g) seirbhísí a sholáthar do chomhlachtaí eile faoi réir cibé coinníollacha, lena n-áirítear táillí a íoc, is cuí léi,

(h) sainchomhairleoirí agus comhairleoirí a fhostú, le toiliú an Aire, i dtaca le comhlíonadh a feidhmeanna,

(i) cuntais bhainc phoiblí a oibriú de réir bhrí alt 18 den Exchequer and Audit Departments Act, 1866, agus

(j) láithreacha cúirte a ainmniú.

Pleananna straitéiseacha.

7. —(1) A luaithe is indéanta tar éis an lae bunaithe agus laistigh de shé mhí roimh gach dáta ar cothrom trí bliana an lae bunaithe é, déanfaidh an tSeirbhís plean straitéiseach don tréimhse trí bliana ina dhiaidh sin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú ag an Aire fara leasú nó gan leasú.

(2) Maidir le plean straitéiseach—

(a) beidh ann cuspóirí fíorthábhachtacha na Seirbhíse, a haschuir agus a straitéisí gaolmhara (lena n-áirítear úsáid acmhainní),

(b) ullmhófar é i bhfoirm agus ar mhodh a bheidh de réir aon ordachán arna n-eisiúint ag an Aire ó am go ham,

(c) tabharfar aird ann ar an ngá atá ann a chinntiú go mbainfear an úsáid is tairbhiúla, is éifeachtaí agus is éifeachtúla as acmhainní na Seirbhíse, agus

(d) tabharfar aird ann ar bheartas an Rialtais maidir leis an dátheangachas agus, go háirithe, ar an ngá atá ann a chinntiú go mbeidh inniúlacht sa Ghaeilge ag líon leordhóthanach den fhoireann le go mbeifear in ann seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge agus trí Bhéarla araon.

(3) Cuirfidh an tAire faoi deara, a luaithe is indéanta tar éis an plean straitéiseach a cheadú, cóip den phlean straitéiseach a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil bhliantúil agus faisnéis a chur ar fáil don Aire.

8. —(1) A luaithe is indéanta, ach in aon chás tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dheireadh gach tréimhse 12 mhí dar tosach an lá bunaithe nó dáta chothrom an lae bunaithe, tabharfaidh an tSeirbhís tuarascáil i scríbhinn don Aire ar a gníomhaíochtaí le linn na tréimhse 12 mhí sin, agus leagfaidh an tAire cóip den tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Áireofar i dtuarascáil faoi fho-alt (1) faisnéis maidir le comhlíonadh fheidhmeanna na Seirbhíse le linn na bliana lena mbaineann sí agus cibé faisnéis eile i cibé foirm is cuí leis an tSeirbhís nó a ordóidh an tAire.

(3) Tabharfaidh an tSeirbhís don Aire, má iarrann an tAire amhlaidh, cibé faisnéis a iarrfaidh an tAire—

(a) i ndáil le haon ní a bhaineann le beartas agus gníomhaíochtaí na Seirbhíse i gcoitinne,

(b) i ndáil le haon ní nó cuntas sonrach arna ullmhú aici, nó

(c) i ndáil le haon tuarascáil a shonraítear i bhfo-alt (1),

agus is é an Príomh-Fheidhmeannach, ag gníomhú dó nó di faoi údarás ginearálta an Bhoird, a thabharfaidh an fhaisnéis.

Feidhmiú feidhmeanna breithiúnacha a bheith neamhspleách.

9. —Ní dhéanfar aon fheidhm a thugtar nó aon chumhacht a dhílsítear don tSeirbhís, don Bhord nó don Phríomh-Fheidhmeannach faoin Acht seo a fheidhmiú ar shlí a chuirfeadh isteach ar stiúradh an chuid sin de ghnó na gcúirteanna a cheanglaítear le dlí a dhéanamh ag breitheamh amháin nó níos mó nó os comhair breithimh amháin nó níos mó nó a chuirfeadh i gcoinne —

(a) neamhspleáchas breithimh agus é nó í ag comhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna breithiúnacha, nó

(b) neamhspleáchas duine seachas breitheamh agus é nó í ag comhlíonadh feidhmeanna teoranta de chineál breithiúnach a thugtar don duine sin le dlí.

Séala na Seirbhíse.

10. —(1) Soláthróidh an tSeirbhís séala di féin, a luaithe is indéanta tar éis a bunaithe.

(2) Fíordheimhneofar séala na Seirbhíse ar aon doiciméad—

(a) le síniú chathaoirleach an Bhoird nó comhalta eile den Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord chun doiciméid a shíniú faoi shéala na Seirbhíse, agus

(b) le síniú oifigigh don tSeirbhís a bheidh ainmnithe chun na críche sin ag an mBord.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala na Seirbhíse agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an tSeirbhís agus a bheith séalaithe le séala na Seirbhíse (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir fho-alt (2)), glacfar i bhfianaise é agus measfar gur ionstraim den sórt sin é gan chruthúnas mura suífear a mhalairt.