An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Talamh, etc. a aistriú chuig an tSeirbhís) Ar Aghaidh (CUID VIII Idirthréimhseach)

8 1998

AN tACHT UM SHEIRBHÍS CHÚIRTEANNA, 1998

CUID VII

Ilghnéitheach

Beidh an Príomh-Fheidhmeannach

30. —(1) Faoi réir fho-alt (2), beidh an Príomh-Fheidhmeannach de thuras na huaire ina chomhalta nó ina comhalta de Choiste Rialacha na nUaschúirteanna (a bunaíodh faoi alt 67 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 ), de Choiste Rialacha na Cúirte Cuarda (a bunaíodh faoi alt 69 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 ), agus de Choiste Rialacha na Cúirte Dúiche (a bunaíodh faoi alt 71 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 ).

(2) Féadfaidh an Príomh-Fheidhmeannach de thuras na huaire a chomhaltas nó a comhaltas d'aon cheann de na Coistí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a tharmligean i scríbhinn ó am go ham chuig comhalta d'fhoireann na Seirbhíse agus féadfaidh an Príomh-Fheidhmeannach aon tarmligean den sórt sin a chúlghairm tráth ar bith.

Cláraitheoirí Contae agus an tSeirbhís.

31. —Faoi réir alt 9 , aistreofar gach Cláraitheoir Contae, ar an lá bunaithe, chuig an tSeirbhís maidir leis na feidhmeanna sin de chuid Cláraitheoirí Contae a bhaineann le feidhm de chuid na Seirbhíse.

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa.

32. —(1) D'ainneoin alt 12 , más rud é, i gcás comhalta den Bhord nó d'fhoireann na Seirbhíse—

(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó do Pharlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar, de bhun alt 19 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh,

air sin—

(i) i gcás comhalta den Bhord — scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord, agus

(ii) i gcás comhalta d'fhoireann na Seirbhíse — beidh sé nó sí ar iasacht óna fhostaíocht nó óna fostaíocht leis an tSeirbhís agus ní íocfaidh an tSeirbhís leis nó léi, ná ní bheidh sé nó sí i dteideal go bhfaighidh sé nó sí ón tSeirbhís, aon luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach an tráth a ainmneofar nó a thoghfar amhlaidh é nó í nó an tráth a measfar amhlaidh é nó í a bheith tofa (de réir mar a bheidh) agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach acu sin nó den Pharlaimint sin.

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Pharlaimint na hEorpa beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt a thoirmisceann, i measc nithe eile, tréimhse a luaitear i bhfomhír (ii) den fho-alt sin a ríomh mar sheirbhís leis an tSeirbhís chun críocha aon sochar aoisliúntais.

Measfar gur údarás Stáit an tSeirbhís chun críoch pleanála agus forbartha.

33. —Measfar gur údarás Stáit an tSeirbhís chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1993, agus déanfar tagairt in aon rialachán arna dhéanamh faoi alt 2(1)(a) den Acht sin don Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don tSeirbhís.

(2) (a) D'ainneoin alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1993, nó aon rialachán arna ndéanamh faoin alt sin lena ndéantar foráil maidir le fógra a thabhairt i ndáil le forbairt arb é atá inti tithe cúirte sealadacha a chur ar fáil, ní gá forbairt den sórt sin a fhógairt ach aon uair amháin.

(b) I mír (a) ciallaíonn “tithe cúirte” foirgnimh, nó áitreabh nó suiteálacha eile, nó déanmhais nó saoráidí eile, cibé acu a chuirtear ar fáil iad ar bhonn sealadach nó ar bhonn buan, a úsáidtear chun aon ghnó a dhéanamh a bhaineann le cúirt, binse, fiosrúchán nó ionchoisne arna bhunú le reacht, nó a úsáidtear i dtaca le gnó den sórt sin.

Rialacháin.

34. —Féadfaidh an tAire cibé rialacháin a dhéanamh is gá chun éifeacht a thabhairt don Acht seo.

Rialacháin agus orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

35. —Déanfar gach ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (2)(3) d' alt 29 nó gach rialachán arna dhéanamh faoi alt 34 a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is indéanta tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá ina dhiaidh sin a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi.

Caiteachais.

36. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.