An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII Ilghnéitheach) Ar Aghaidh (SCEIDEAL 1 Oifigigh Aistrithe)

8 1998

AN tACHT UM SHEIRBHÍS CHÚIRTEANNA, 1998

CUID VIII

Idirthréimhseach

An Bord Idirthréimhseach a bhunú.

37. —(1) Bunaítear leis seo ar an Acht seo a rith comhlacht corpraithe ar a dtabharfar an Bord Idirthréimhseach um Sheirbhís Chúirteanna.

(2) Beidh an Bord Idirthréimhseach ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus séala oifigiúil agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha ina ainm corpraithe.

Comhaltas, etc., den Bhord Idirthréimhseach.

38. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), beidh an Bord Idirthréimhseach comhdhéanta ar an tslí chéanna a fhoráiltear don Bhord i gCuid III agus beidh feidhm ag an gCuid sin (seachas alt 13 ), fara aon mhodhnuithe is gá, maidir leis an mBord Idirthréimhseach agus a chuid comhaltaí, agus i ndáil leo, ionann is dá mba é an Bord é faoin gCuid sin agus ionann is dá mba thagairtí don dáta a dtiocfaidh an Chuid seo i ngníomh na tagairtí sa Chuid sin don lá bunaithe.

(2) Déanfaidh an tAire, a luaithe is indéanta tar éis an tAcht seo a rith, tar éis dul i gcomhairle leis na comhlachais foirne agus leis na ceardchumainn aitheanta iomchuí lena mbaineann, duine dá dtagraítear i Sceideal 1 a cheapadh mar chomhalta den Bhord Idirthréimhseach.

(3) Ar é nó í a cheapadh faoi alt 40 (1), beidh an Príomh-Fheidhmeannach Ainmnithe ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord Idirthréimhseach.

Feidhmeanna agus cumhachtaí an Bhoird Idirthréimhsigh.

39. —(1) Is iad feidhmeanna an Bhoird Idirthréimhsigh—

(a) ullmhú faoi chomhair an tSeirbhís do ghabháil na bhfeidhmeanna uirthi féin atá le dílsiú don tSeirbhís faoin Acht seo ar an lá bunaithe, agus

(b) Príomh-Fheidhmeannach Ainmnithe a cheapadh.

(2) Ní bheidh de chumhachtaí ag an mBord Idirthréimhseach ach na cumhachtaí sin is gá chun a chumasú dó a chuid feidhmeanna a chomhall.

(3) Cinnfidh an Bord Idirthréimhseach a chuid nósanna imeachta féin.

Príomh-Fheidhmeannach

40. —(1) Ceapfaidh an Bord Idirthréimhseach duine chun bheith ina Phríomh-Fheidhmeannach nó ina Príomh-Fheidhmeannach Ainmnithe.

(2) Beidh an Príomh-Fheidhmeannach Ainmnithe i seilbh oifige faoi chonradh scríofa seirbhíse, a fhéadfar a athnuachan, ar feadh cibé tréimhse a bheidh sonraithe sa chonradh, agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair agus le fostaíocht a fhionraí agus a fhoirceannadh) a chinnfidh an Bord Idirthréimhseach agus a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) I bhfo-alt (2), folaíonn “luach saothair” liúntais i leith caiteachas, sochair chomhchineáil agus aoisliúntas.

(4) Ní bheidh feidhm ag Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , maidir le ceapadh duine mar Phríomh-Fheidhmeannach Ainmnithe.

(5) Cabhróidh an Príomh-Fheidhmeannach Ainmnithe leis an mBord Idirthréimhseach a chuid feidhmeanna faoi alt 39 a chomhall.

Ní dhéanfaidh feidhmeanna eatramhacha difear do neamhspleáchas breithiúnach.

41. —Ní dhéanfar aon fheidhm a thugtar ná aon chumhacht a dhílsítear don Bhord Idirthréimhseach nó don Phríomh-Fheidhmeannach Ainmnithe faoin Acht seo a fheidhmiú ar shlí a chuirfeadh isteach ar stiúradh an chuid sin de ghnó na gcúirteanna a cheanglaítear le dlí a dhéanamh ag breitheamh amháin nó níos mó nó os comhair breithimh amháin nó níos mó nó a chuirfeadh i gcoinne—

(a) neamhspleáchas breithimh agus é nó í ag comhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna breithiúnacha, nó

(b) neamhspleáchas duine seachas breitheamh agus é nó í ag comhlíonadh feidhmeanna teoranta de chineál breithiúnach a thugtar don duine sin le dlí.

Caiteachais a thabhóidh an Bord Idirthréimhseach.

42. —Beidh caiteachais a thabhóidh an Bord Idirthréimhseach ina gcuid de chaiteachais an Aire ag riaradh an Achta seo dó nó di.

An Bord Idirthréimhseach a dhíscaoileadh.

43. —Ar an lá bunaithe beidh an Bord Idirthréimhseach arna dhíscaoileadh agus, ar an lá sin agus dá éis measfar, maidir leis na sócmhainní, na dliteanais, na hoibleagáidí agus na nithe uile arna dteachtadh, arna ndéanamh nó arna bhforghníomhú ag an mBord Idirthréimhseach, gur sócmhainní, dliteanais, oibleagáidí agus nithe de chuid an Bhoird iad ionann is dá mba rud é go raibh sé ar marthain an tráth iomchuí, agus forléireofar gach doiciméad dá réir sin.