9 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 9 de 1998


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1998


RIAR NA nALT

Alt

1.

Leasú ar an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1983.

2.

Slánú.

3.

Comhaltaí den Bhord do leanúint in oifig.

4.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956

1956, Uimh. 46

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976

1976, Uimh. 20

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1983

1983, Uimh. 28

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1992

1992, Uimh. 14

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1993

/images/harp.jpg


Uimhir 9 de 1998


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1998

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1963 GO 1993, CHUN SOCRÚ A DHÉANAMH MAIDIR LE NITHE ÁIRITHE A BHAINEANN LEIS AN mBORD PLEANÁLA. [16 Aibreán, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1983 .

1. —Leasaítear leis seo an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1983

(a) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 3:

“3.—(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (4) den alt seo, cathaoirleach agus cúigear comhaltaí eile a bheidh ar an mBord.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú líon na ngnáthchomhaltaí a mhéadú i gcás go mbeidh sé nó sí den tuairim go bhfuil líon na n-achomharc, na dtarchur nó na nithe eile is cúram don Bhord ar leibhéal de shórt gur gá comhalta nó comhaltaí breise den Bhord a cheapadh chun a chumasú don Bhord a dhualgas agus a chuspóir faoi alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1992, a chomhlíonadh.

(3) I gcás go mbeartófar ordú a dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt seo, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh sin.

(4) (a) D'ainneoin fho-alt (2) den alt seo nó fho-alt (2) d'alt 7 den Acht seo, i gcás go mbeidh an tAire den tuairim gur cóir gnáthchomhalta breise amháin nó níos mó a cheapadh go práinneach de bharr líon na n-achomharc, na dtarchur nó na nithe eile is cúram don Bhord, féadfaidh an tAire, go dtí go ndéanfar agus go gceadófar ordú faoi fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, duine amháin nó níos mó ná duine amháin a cheapadh ar bhonn sealadach as líon oifigigh an Aire ar státseirbhíseach bunaithe é nó í chun críocha Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956 , agus as líon fhostaithe an Bhoird.

(b) Ní cheapfar duine mar ghnáthchomhalta faoin bhfo-alt seo ar feadh téarma is faide ná naoi mí.

(5) Beidh éifeacht le hordú a dhéanfar faoi fho-alt (2) den alt seo ar feadh cibé tréimhse, nach faide ná cúig bliana, a shonrófar san ordú.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 7 i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) I gcás go gcinnfidh an tAire ar chomhalta nó comhaltaí breise a cheapadh ar an mBord de bhun ordaithe faoi alt 3(2) den Acht seo (arna chur isteach le halt 1 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1998 ), déanfar an comhalta nó na comhaltaí sin a cheapadh as líon na ndaoine a roghnóidh na heagraíochtaí a bheidh forordaithe de thuras na huaire chun críocha mhíreanna (a), (b), (c) agus (d) d'fho-alt (2) den alt seo: ar choinníoll—

(a) i gcás go ndéanfar líon comhaltaí breise nach mó ná ceathrar a cheapadh de bhun ordaithe faoi alt 3(2) den Acht seo, nach ndéanfar níos mó ná duine amháin a cheapadh as líon na ndaoine a roghnóidh eagraíochtaí a bheidh forordaithe de thuras na huaire chun críocha míre áirithe d'fho-alt (2) den alt seo;

(b) i gcás go ndéanfar líon comhaltaí breise is mó ná ceathrar ach nach mó ná ochtar a cheapadh de bhun ordaithe faoi alt 3(2) den Acht seo, nach ndéanfar níos mó ná beirt a cheapadh as líon na ndaoine a roghnóidh eagraíochtaí a bheidh forordaithe de thuras na huaire chun críocha míre áirithe d'fho-alt (2) den alt seo.”.

Slánú.

2. —I gcás gur deimhin leis an mBord go ndearna comhalta den Bhord, fostaí don Bhord nó duine a soláthraítear a sheirbhísí nó a seirbhísí don Bhord faoi ailt 10(2), 13(1) agus 21(3) den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976, a dhualgais nó a dualgais i ndáil le feidhmeanna an Bhoird a chomhall ar mhodh bona fide, déanfaidh sé an comhalta, an fostaí nó an duine sin a shlánú in aghaidh gach caingne nó éilimh, cibé slí a n-éireoidh, i leith chomhall a dhualgas nó a dualgas aige nó aici.

Comhaltaí den Bhord do leanúint in oifig.

3. —Aon chomhalta den Bhord a bhí in oifig díreach roimh an Acht seo a rith, leanfaidh sé nó sí de bheith in oifig amhail is nár achtaíodh an tAcht seo.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

4. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1998, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1993, agus den Acht seo le chéile.

(3) Déanfar an tAcht seo agus na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1993, a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.