23 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 23 de 1998


ACHT NA mBÓITHRE (LEASÚ), 1998


RIAR NA nALT

Alt

1.

Míniú.

2.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

3.

Leasú ar alt 43 den Phríomh-Acht.

4.

Leasú ar alt 47 den Phríomh-Acht.

5.

Leasú ar alt 52 den Phríomh-Acht.

6.

Athbhreithniú breithiúnach.

7.

Leasú ar an Acht Iompair (Iarnród Éadrom Bhaile Átha Cliath), 1996.

8.

Scéimeanna mótarbhealaigh arna ndéanamh faoin Acht Rialtais Áitiúil (Bóithre agus Mótarbhealaí), 1974.

9.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na dTithe, 1966

1966, Uimh. 21

An tAcht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960

1960, Uimh. 40

An tAcht Rialtais Áitiúil (Bóithre agus Mótarbhealaí), 1974

1974, Uimh. 6

Acht na mBóithre, 1993

1993, Uimh. 14

An tAcht Iompair (Iarnród Éadrom Bhaile Átha Cliath), 1996

1996, Uimh. 24


/images/harp.jpg


Uimhir 23 de 1998


ACHT NA mBÓITHRE (LEASÚ), 1998

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHT NA mBÓITHRE, 1993, AGUS AN ACHTA IOMPAIR (IARNRÓD ÉADROM BHAILE ÁTHA CLIATH), 1996, CHUN SOCRÚ A DHÉANAMH, INTER ALIA, MAIDIR LE FÁIL ÉIGEANTACH FO-STRATAM TALÚN CHUN CRÍOCHA NA nACHTANNA SIN, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LENA DHEARBHÚ GUR MÓTARBHEALAÍ IAD BÓITHRE POIBLÍ BEARTAITHE ÁIRITHE, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA. [1 Iúil, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na mBóithre, 1993.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an tAire”:

“ciallaíonn ‘an tAire’ an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil;”,

(b) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “ród”:

“folaíonn ‘cearta’, i ndáil le scéim, cearta atá ar marthain nó a bheartaítear a chruthú sa scéim;

tá le ‘scéim’ an bhrí a shanntar dó le halt 47(1);

ciallaíonn ‘fo-stratam talún’ aon fho-ithir nó aon ní faoi dhromchla talún atá ag teastáil—

(a) chun críocha tolláin nó tollánú nó aon ní a bhaineann leis sin, nó

(b) chun aon chríche eile a bhaineann le scéim;”.

Leasú ar alt 43 den Phríomh-Acht.

3. —Leasaítear leis seo alt 43 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) D'ainneoin fho-alt (2) agus alt 46(4), féadfaidh an tÚdarás rochtain dhíreach ó aon talamh thadhlach go dtí mótarbhealach nó ón mótarbhealach go dtí talamh den sórt sin a dheonú do Chóras Iompair Éireann i leith iarnróid éadroim—

(a) a bheidh údaraithe le hordú um iarnród éadrom faoi alt 9 den Acht Iompair (Iarnród Éadrom Bhaile Átha Cliath), 1996, nó

(b) is ábhar d'iarratas ar ordú um iarnród éadrom faoi alt 3 den Acht sin,

agus, dá réir sin, ní sárú ar fho-alt (2) ná ar alt 46(4) aon rochtain den sórt sin.”.

Leasú ar alt 47 den Phríomh-Acht.

4. —Leasaítear leis seo alt 47 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (2)(a)(ii), trí “nó aon fho-stratam talún” a chur isteach i ndiaidh “talamh”, agus

(b) i bhfo-alt (2)(c)—

(i) trí “nó an fo-stratam talún” a chur isteach i ndiaidh “Áireoidh an talamh”, agus

(ii) trí “, na fo-strataim talún go léir” a chur isteach i ndiaidh “an talamh go léir” sa dá áit ina bhfuil sé.

Leasú ar alt 52 den Phríomh-Acht.

5. —Leasaítear leis seo alt 52 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) trí “nó aon fho-stratam talún” a chur isteach i ndiaidh “aon talamh”, agus

(ii) trí “nó an fho-strataim talún sin” a chur isteach i ndiaidh “i leith na talún sin”,

agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) Chun críocha fho-alt (1), folóidh aon tagairt do thalamh in alt 10(1) (a cuireadh isteach le halt 86 d'Acht na dTithe, 1966 ) den Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960 , nó in Acht na dTithe, 1966 , tagairt d'fho-stratam talún.

(8) Chun críocha fho-alt (1), déanfar an tagairt d'alt 78 d'Acht na dTithe, 1966 , in alt 10(4)(a) (a cuireadh isteach le halt 86 d'Acht na dTithe, 1966 ) den Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960 , a fhorléiriú, maidir le scéim arna ceadú faoi alt 49, mar thagairt d'fho-ailt (1) agus (5) den alt sin 78.

(9) Tiocfaidh scéim arna ceadú faoi alt 49 i ngníomh—

(a) i gcás nach mbeidh iarratas ar chead chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach a bhaineann leis sin déanta—

(i) ag deireadh na tréimhse dhá mhí ón dáta a céadfhoilsíodh fógra faoin gcinneadh faoi alt 49(3), nó

(ii) ag deireadh na tréimhse sin arna fadú ag an Ard-Chúirt nó ag an gCúirt Uachtarach faoi alt 55A,

(b) i gcás iarratas den sórt sin a bheith déanta, agus nach mbeidh sé tarraingthe siar, a mhéid nach mbeidh dearbhú tugtha ina leith gur iarratas neamhbhailí é nó nach mbeidh sé neamhnithe de bhun an athbhreithnithe sin, ar chinneadh críochnaitheach na n-imeachtaí lena mbaineann nó cibé dáta eile a chinnfear sna himeachtaí sin, agus

(c) i gcás iarratas den sórt sin a bheith déanta agus a bheith tarraingthe siar, an dáta a tharraingítear siar é.”.

Athbhreithniú breithiúnach.

6. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 55:

“55A.(1) Ní dhéanfaidh duine—

(a) bailíocht ordaithe ón Aire faoi alt 49(3), nó

(b) bailíocht ordaithe ón Aire faoi alt 51(6),

a cheistiú ar shlí seachas ar mhodh iarratais ar athbhreithniú breithiúnach faoi Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna (I.R. Uimh. 15 de 1986 ) (dá ngairtear ‘an tOrdú’ anseo ina dhiaidh seo san alt seo).

(2) Maidir le hiarratas ar chead chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach faoin Ordú i leith ceachtar de na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1), déanfar é—

(a) laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach an dáta a céadfhoilsíodh fógra faoin gcinneadh faoi alt 49(3) nó 51(6), de réir mar a bheidh, mura rud é go measfaidh an Ard-Chúirt go bhfuil cúis mhaith dhóthanach ann chun an tréimhse, ar laistigh di a dhéanfar an t-iarratas, a fhadú, agus

(b) trí fhoriarratas iar bhfógra (a bheidh forasaithe sa tslí a shonraítear san Ordú i leith foriarratais ex parte ar chead) chuig an Aire agus chuig an údarás bóithre lena mbaineann,

agus ní dheonófar an cead sin mura deimhin leis an Ard-Chúirt go bhfuil forais shubstaintiúla ann chun a mhaíomh go bhfuil an t-ordú neamhbhailí nó gur cheart é a neamhniú.

(3) Féadfaidh an Ard-Chúirt, roimh iarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a éisteacht, a ordú go ndéanfar fógra faoin iarratas a sheirbheáil freisin ar cibé daoine (lena n-áirítear aon duine a mbeidh agóid nó aighneacht déanta chun an Aire aige nó aici de réir alt 48 nó 51) a shonróidh an Chúirt.

(4) (a) Cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh na hArd-Chúirte maidir le hiarratas ar chead chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach mar a dúradh nó maidir le hiarratas ar athbhreithniú breithiúnach den sórt sin agus ní fhéadfar aon achomharc a dhéanamh chuig an gCúirt Uachtarach i gcoinne chinneadh na hArd-Chúirte i gceachtar cás ach amháin le cead ón Ard-Chúirt agus ní dheonófar an cead sin ach amháin i gcás ina ndeimhneoidh an Ard-Chúirt go bhfuil ponc dlí a ngabhann tábhacht phoiblí eisceachtúil leis i gceist ina cinneadh agus gurb inmhianaithe ar mhaithe le leas an phobail achomharc a dhéanamh chuig an gCúirt Uachtarach.

(b) Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le cinneadh de chuid na hArd-Chúirte a mhéid a bhaineann sé le ceist i dtaobh bhailíocht aon dlí ag féachaint d'fhorálacha an Bhunreachta.

(5) I gcás nach ndéanfar iarratas ar athbhreithniú breithiúnach ach i leith cuid d'ordú de chuid an Aire faoi alt 49(3) nó 51(6), féadfaidh an Ard-Chúirt, más cuí léi déanamh amhlaidh, a dhearbhú go bhfuil an chuid nó aon fhoráil di neamhbhailí nó féadfaidh sí an chuid nó aon fhoráil di a neamhniú gan a dhearbhú go bhfuil an chuid eile den ordú nó den chuid neamhbhailí nó gan an chuid eile den ordú nó den chuid a neamhniú, de réir mar a bheidh, agus má dhéanann an Chúirt amhlaidh, féadfaidh sí aon leasuithe iarmhartacha a dhéanamh ar an gcuid eile den ordú nó den chuid, de réir mar a bheidh.

(6) Déanfar tagairtí san alt seo don Ordú a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don Ordú arna leasú nó arna athachtú (modhnaithe nó gan mhodhnú) le rialacha cúirte.

(7) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le himeachtaí a tionscnaíodh roimh Acht na mBóithre (Leasú), 1998 , a rith.”.

Leasú ar an Acht Iompair (Iarnród Éadrom Bhaile Átha Cliath), 1996.

7. —Leasaítear leis seo an tAcht Iompair (Iarnród Éadrom Bhaile Átha Cliath), 1996—

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an tAire” in alt 1:

“ciallaíonn ‘an tAire’ an tAire Fiontar Poiblí;”,

(b) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach in alt 1 i ndiaidh an mhínithe ar “bóthar poiblí”:

“folaíonn ‘cearta’, i ndáil le hordú um iarnród éadrom, cearta atá ar marthain nó a bheartaítear a chruthú san ordú;

ciallaíonn ‘fo-stratam talún’ aon fho-ithir nó aon ní faoi dhromchla talún atá ag teastáil—

(a) chun críocha tolláin nó tollánú nó aon ní a bhaineann leis sin, nó

(b) chun aon chríche eile a bhaineann le hordú um iarnród éadrom;”,

(c) trí “nó aon fho-stratam talún” a chur isteach i ndiaidh “talamh” in alt 10(2)(a),

(d) trí “nó aon fho-stratam talún” a chur isteach i ndiaidh “aon talamh” i bhfo-alt (1) d'alt 13,

(e) i bhfo-alt (2) d'alt 13—

(i) trí “talamh nó aon fho-stratam talún a fháil” a chur in ionad “talamh a fháil”, agus

(ii) trí “nó fo-stratam talún breise tadhlach” a chur isteach i ndiaidh “talamh bhreise thadhlach”, trí “nó san fho-stratam talún tadhlach” a chur isteach i ndiaidh “sa talamh thadhlach” agus trí “nó an fostratam talún tadhlach” a chur isteach i ndiaidh “an talamh thadhlach”,

agus

(f) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2) d'alt 13:

“(3) Chun críocha an ailt seo, folóidh aon tagairt do thalamh in alt 10(1) (a cuireadh isteach le halt 86 d'Acht na dTithe, 1966 ) den Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960 , nó in Acht na dTithe, 1966 , tagairt d'fho-stratam talún.”.

Scéimeanna mótarbhealaigh arna ndéanamh faoin Acht Rialtais Áitiúil (Bóithre agus Mótarbhealaí), 1974 .

8. —Más rud é go mbeidh scéim mótarbhealaigh déanta de bhun alt 4 den Acht Rialtais Áitiúil (Bóithre agus Mótarbhealaí), 1974 , agus nach ndearnadh aon ordú de bhun alt 2(2) den Acht sin i leith an bhóthair phoiblí bheartaithe is ábhar don scéim sin, féadfaidh an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil, i gcás an scéim a bheith ceadaithe de bhun alt 4 den Acht sin nó alt 49 den Phríomh-Acht, a dhearbhú le hordú gur mótarbhealach an bóthar poiblí beartaithe sin agus beidh an éifeacht chéanna le hordú den sórt sin atá le hordú lena mbaineann alt 5(1)(b) den Phríomh-Acht.

Gearrtheideal agus comhlua.

9. —(1) Féadfar Acht na mBóithre (Leasú), 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na mBóithre, 1993 agus 1998, a ghairm d'Acht na mBóithre, 1993, agus den Acht seo (ar leith ó alt 7 den Acht seo), le chéile.

(3) Féadfar na hAchtanna Iompair (Iarnród Éadrom Bhaile Átha Cliath), 1996 agus 1998, a ghairm den Acht Iompair (Iarnród Éadrom Bhaile Átha Cliath), 1996, agus d' alt 7 den Acht seo, le chéile.