An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairm)

24 1998

AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR (LEASÚ), 1998

AN DARA SCEIDEAL

Forálacha a Bhaineann le Fáil Éigeantach

Alt 17.

1. (1) I gcás ina mbeartóidh an chuideachta aon talamh nó aon éasúint, leas i dtalamh nó ceart thairis, nó aon cheart uisce, a fháil go héigeantach faoi alt 17 déanfaidh an chuideachta iarratas chuig an Aire ar ordú faoi mhír 2 á údarú don chuideachta an mhaoin a fháil nó an ceart a fháil nó a úsáid go héigeantach agus beidh ag gabháil leis an iarratas cibé léarscáileanna, pleananna agus leabhair thagartha dá dtagraítear i mír 5.

(2) Déanfaidh an chuideachta fógra i dtaobh an iarratais a fhoilsiú, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear i limistéar na maoine lena mbaineann agus déanfaidh sí cóip den fhógra a sheirbheáil ar gach duine a dhealróidh don chuideachta eastát nó leas a bheith aige nó aici sa mhaoin, a mhéid a bheidh sé indéanta go réasúnach na daoine sin a fhionnadh.

(3) Beidh san fhógra dá dtagraítear i bhfomhír (2) foráil lena gcuirtear in iúl do dhaoine a bhfuil eastát nó leas acu sa mhaoin lena mbaineann go bhfuil ceart acu agóid a thaisceadh leis an Aire, laistigh de mhí amháin ón tráth a dhéanfaidh an chuideachta an t-iarratas, in aghaidh ordú a dhéanamh faoi mhír 2 i ndáil leis an maoin agus sonróidh sé na tráthanna agus na háiteanna a bhféadfar na léarscáileanna, na pleananna agus na leabhair thagartha a thaiscfear de réir mhír 5 a iniúchadh.

(4) Déanfaidh an tAire aon agóid in aghaidh iarratas na cuideachta a thaiscfear leis nó léi laistigh den tréimhse dá dtagraítear i bhfomír (3) a bhreithniú agus a chinneadh agus féadfaidh an tAire, más cuí leis nó léi, comhairleoir a cheapadh chun cabhrú leis nó léi i ndáil leis an gcéanna.

2. I gcás nach dtaiscfear aon agóid in aghaidh iarratas na cuideachta leis an Aire laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1(3) nó go ndiúltóidh sé nó sí d'aon agóid den sórt sin, déanfaidh sé nó sí ordú (dá ngairtear “ordú fála” ina dhiaidh seo sa Sceideal seo) á údarú don chuideachta an mhaoin lena mbaineann a fháil go héigeantach de réir théarmaí a hiarratais nó faoi réir cibé modhnuithe, más ann, a chinnfidh sé nó sí agus a shonróidh sé nó sí san ordú fála.

3. (1) Aon tráth tar éis ordú fála a dhéanamh agus roimh thíolacadh nó fionnadh praghais, féadfaidh an chuideachta, faoi réir na míre seo, dul isteach ar an talamh a bheidh le fáil agus seilbh a ghlacadh air nó an ceart a bheidh le fáil a fheidhmiú.

(2) Maidir leis an gcuideachta—

(a) ní rachaidh sí isteach ar aon talamh nó ní ghlacfaidh sí seilbh air faoin mír seo gan fógra i scríbhinn a thabhairt d'áititheoir na talún, mí amháin ar a laghad roimh ré, á rá go bhfuil sé beartaithe aici déanamh amhlaidh,

(b) ní dhéanfaidh sí aon cheart faoin mír seo a fheidhmiú gan fógra i scríbhinn a thabhairt, mí amháin ar a laghad roimh ré, d'áititheoir na talún ar ina leith a bheidh an ceart le feidhmiú á rá go bhfuil sé beartaithe aici déanamh amhlaidh.

4. (1) Féadfar fógra faoin Sceideal seo a sheirbheáil ar aon duine trína chur leis an bpost cláraithe i gclúdach a bheidh dírithe chuige nó chuici ag a ghnáthsheoladh nó a gnáthsheoladh nó ag an seoladh is deireanaí is eol a bheith aige nó aici.

(2) Más rud é, ar aon chúis, nach bhféadfar an clúdach a dhíriú amhlaidh, féadfar é a sheirbheáil ar an duine dá bhfuil sé beartaithe trína chur leis an bpost cláraithe i gclúdach a bheidh dírithe chuig “an t-áititheoir” gan a ainm nó a hainm a lua, ag an talamh lena mbaineann an fógra.

5. (1) Cuirfidh an chuideachta faoi deara léarscáileanna, pleananna agus leabhair thagartha a thaisceadh de réir na míre seo.

(2) Beidh na léarscáileanna agus na pleananna dóthanach ó thaobh cainníochta agus gné chun go dtaispeánfaidh siad ar leorscálaí an talamh nó an ceart a bheartaítear a fháil.

(3) Tabharfaidh na leabhair thagartha ainmneacha úinéirí nó úinéirí ainme, léasaithe nó léasaithe ainme agus áititheoirí na talún a bheartaítear a fháil nó ar ina leith a bheartaítear an ceart a fheidhmiú.

(4) Taiscfear na léarscáileanna, na pleananna agus na leabhair thagartha i cibé áit nó áiteanna is dóigh leis an gcuideachta, le toiliú an Aire, a bheith oiriúnach agus coimeádfar i dtaisce iad amhlaidh ar feadh mí amháin ar a laghad agus fad a bheidh siad i dtaisce amhlaidh, beidh siad ar oscailt lena n-iniúchadh ag aon duine, saor in aisce, idir a deich a chlog ar maidin agus a ceathair a chlog tráthnóna gach lá ach amháin an Satharn, an Domhnach agus laethanta saoire poiblí.

6. (1) Cheal comhaontaithe, socrófar faoi réim agus de réir Acht 1919, méid an phraghais a bheidh le híoc ag an gcuideachta ar aon talamh a gheofar de bhun ordaithe fála leis na daoine, uile agus faoi seach, a bheidh ina theideal nó ag a bhfuil eastáit nó leasanna ann, nó a bheidh le híoc ar aon cheart a gheofar de bhun ordaithe fála leis na daoine, uile agus faoi seach, a bhfuil teideal acu chun na talún nó ag a bhfuil eastáit nó leasanna acu sa talamh ar ina leith a bheidh an ceart á fheidhmiú.

(2) Beidh feidhm ag ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, maidir leis an bpraghas sin agus, faoi réir mhíreanna 7 agus 8, maidir leis an talamh nó leis an gceart a gheofar a thíolacadh don chuideachta agus measfar, chun na forálacha sin a fheidhmiú, gurb í an chuideachta tionscnóirí an ghnímh.

7. (1) I gcás ina mbeidh an chuideachta tar éis dul isteach, agus seilbh a ghlacadh, ar thalamh de réir mhír 3 agus gur deimhin leis an Aire—

(a) nach ndearnadh na leasanna leithleacha sa talamh a thíolacadh don chuideachta nó a aistriú chuici,

(b) go bhfuil géarghá ann, i dtaca leis na críocha dá bhfuil an chuideachta údaraithe an talamh a fháil go héigeantach, gur ceart fáil na talún a thabhairt chun críche, agus

(c) go bhfuil tairiscint chuí déanta i scríbhinn ag an gcuideachta do gach duine ag a bhfuil leas sa talamh agus a mbeidh sonraí dóthanacha tugtha i dtaobh a leasa aige nó aici chun a chumasú don chuideachta tairiscint chuí a dhéanamh i leith an leasa sin,

ansin féadfaidh an tAire ordú a dhéanamh (dá ngairtear “ordú dílseacháin” ina dhiaidh seo sa Sceideal seo) lena ndílseofar an talamh don chuideachta.

(2) Más rud é, roimh an ordú dílseacháin a dhéanamh, go dtiocfaidh an tAire nó an chuideachta ar an eolas go bhfuil an talamh a bheidh le fáil leis an ordú faoi réir (cibé acu go haonarach nó i dteannta talún eile) aon bhlianachta nó íocaíochta eile le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, nó faoi réir aon mhuirir i leith dleachta eastáit, dleachta comharbais nó cánach oidhreachta is iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim ar bhás aon duine, cuirfidh an tAire nó an chuideachta, de réir mar a bheidh, in iúl láithreach do Choimisiún Talún na hÉireann, do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó do na Coimisinéirí Ioncaim, de réir mar a bheidh, go mbeartaíonn sé nó sí an t-ordú a dhéanamh.

(3) Nuair a bheidh ordú dílseacháin déanta, déanfaidh an chuideachta, laistigh de 7 lá tar éis fógra a fháil ón Aire i dtaobh an t-ordú a dhéanamh—

(a) fógra a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear i limistéar na talún lena mbaineann an t-ordú, á rá go bhfuil an t-ordú déanta, ag tuairisciú na talún sin agus ag ainmniú áite ina bhféadfar cóip den ordú a fheiceáil gach tráth réasúnach, agus

(b) fógra, á rá go bhfuil an t-ordú sin déanta agus cén éifeacht atá leis an ordú, a sheirbheáil ar gach duine a dhealróidh di leas a bheith aige nó aici sa talamh lena mbaineann an t-ordú.

8. (1) Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh ordú dílseacháin agus beidh i gceangal leis léarscáil den talamh lena mbaineann sé agus beidh sé sainráite, agus oibreoidh sé, chun an talamh sin a dhílsiú don chuideachta i bhfeo simplí saor ó eirí agus ó gach eastát, ceart, teideal agus leas de gach uile chineál (seachas aon cheart slí poiblí) ar dháta sonraithe nach luaithe ná 21 lá tar éis an t-ordú dílseacháin a dhéanamh.

(2) D'ainneoin aon ní i bhfomhír (1), i gcás ina mbeidh cuideachta tar éis talamh a fháil, le hordú dílseacháin, is talamh atá, go haonarach nó i dteannta talún eile, faoi réir blianachta ceannaigh, íocaíochta in ionad cíosa nó suime bliantúla eile (nach cíos faoi chonradh tionóntachta) is iníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, tiocfaidh an chuideachta chun bheith agus beidh sí faoi dhliteanas, amhail ón dáta ar a ndílseofar an talamh di leis an ordú dílseacháin, chun an tsuim bhliantúil nó an chuid sin di a chionroinnfidh Coimisiún Talún na hÉireann nó Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, de réir mar a bheidh, a íoc le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, de réir mar a bheidh, ar an talamh ionann is dá ndéanfadh úinéir na talún an talamh a aistriú chun na cuideachta ar an dáta sin.

(3) I gcás ina ndéanfaidh an tAire ordú dílseacháin i ndáil le haon talamh, cuirfidh sé nó sí faoi deara an t-ordú a chur chuig an údarás clárúcháin faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 , agus air sin cuirfidh an t-údarás clárúcháin faoi deara an chuideachta a chlárú mar úinéir na talún de réir an ordaithe.