Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

48 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 48 de 1998


AN tACHT LEITHREASA, 1998


RIAR NA nALT

Deontais a Leithreasú

Alt

1.

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon, £13,217,471,000, a leithreasú.

Ilghnéitheach.

2.

Rúin Airgeadais a rith Dáil Éireann an 2ú lá de Nollaig, 1998.

3.

Gearrtheideal.

AN SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965

1965, Uimh. 26

An tAcht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927

1927, Uimh. 7

Public Accounts and Charges Act, 1891

1891, c. 24

/images/harp.jpg


Uimhir 48 de 1998


AN tACHT LEITHREASA, 1998

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEITHREASÚ SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965 , CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA gCRÍOCH CUÍ, AGUS DO DHÉANAMH FORÁLACHA ÁIRITHE I nDÁIL LEIS NA RÚIN AIRGEADAIS, A RITH DÁIL ÉIREANN AN 2ú LÁ DE NOLLAIG, 1998. [18 Nollaig, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Deontais a Leithreasú

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon, £13,217,471,000, a leithreasú.

1. —(1) Na suimeanna a deonaíodh as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim trí mhíle dhéag dhá chéad agus a seacht déag milliún, ceithre chéad seachtó a haon mhíle punt le haghaidh sheirbhís na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1998, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na gcríoch a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

(2) I dteannta na suimeanna a deonaíodh as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt sin roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach i gcolún (4) den Sceideal a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim míle dhá chéad ochtó milliún, dhá chéad fiche seacht míle punt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na gcríoch a shonraítear sa Sceideal sin.

Ilghnéitheach

Rúin Airgeadais a rith Dáil Éireann an 2ú lá de Nollaig, 1998.

2. —(1) Féadfar an reachtaíocht is gá chun éifeacht a thabhairt do na rúin airgeadais a rith Dáil Éireann an 2ú lá de Nollaig, 1998, agus dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, faoi réir na tréimhse ama a shonraítear in alt 4 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 , a achtú sa bhliain 1999.

(2) Is iad seo a leanas na Rúin Airgeadais dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo:

(a) Rún Airgeadais Uimh. 1 (a bhaineann le cáin bhreisluacha);

(b) Rún Airgeadais Uimh. 2 (a bhaineann le mál ar tháirgí tobac);

(c) Rún Airgeadais Uimh. 3 (a bhaineann le mál ar hidreacarbóin);

(d) Rún Airgeadais Uimh. 4 (a bhaineann le cáin cláraithe feithiclí).

Gearrtheideal.

3. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1998 , a ghairm den Acht seo.