|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VIII Scrúduithe) | Ar Aghaidh (SCEIDEAL 1 An Chomhairle) |
AN tACHT OIDEACHAIS, 1998
[EN] | ||
[EN] |
CUID IX Comhlachtaí Corpraithe | |
[EN] |
Comhlachtaí a bhunú chun seirbhísí a bhaineann le hoideachas a sholáthar. |
54. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le comhthoiliú an Rialtais, le hordú (dá ngairtear “ordú bunaithe” san Acht seo), comhlacht a bhunú chun feidhmeanna i dtaca le seirbhísí taca a sholáthar, nó i ndáil leis an soláthar sin, a chomhlíonadh faoi réir fho-alt (2). |
[EN] | (2) Beidh comhlíonadh feidhmeanna ag comhlacht a bhunófar faoi fho-alt (1) faoi réir chinneadh an Aire i dtaobh nithe a bhaineann le beartas. | |
[EN] | (3) Maidir le comhlacht a bhunófar faoi fho-alt (1), tabharfar cibé teideal air a shonrófar san ordú bunaithe. | |
[EN] | (4) Beidh comhlacht a bhunófar amhlaidh ina chomhlacht corpraithe ag a mbeidh comharbas suthain agus séala, agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha ina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a shealbhú. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, ordú bunaithe nó ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo a leasú. | |
[EN] | (6) Beidh an duine a cheapfar mar phríomhoifigeach ar chomhlacht a bhunófar faoi fho-alt (1) cuntasach don Aire i gcomhall na bhfeidhmeanna dá dtagraítear san fho-alt sin. | |
[EN] | (7) Sula ndéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo, rachaidh sé nó sí i gcomhairle, de réir mar is cuí leis an Aire, le daoine a ndéanfaidh an t-ordú beartaithe difear dóibh go díreach, nó le ceardchumainn nó comhlachais atá ionadaitheach do na daoine sin. | |
[EN] | (8) D'ainneoin alt 5 , ní dhéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo mura mbeidh curtha faoi deara aige nó aici ar dtús dréacht den ordú beartaithe a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus mura mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag an dá Theach. | |
[EN] |
Comhaltas agus foireann. |
55. —(1) Beidh i ngach ordú bunaithe cibé forálacha is cuí leis an Aire i ndáil leis na nithe seo a leanas— |
[EN] | (a) líon comhaltaí an chomhlachta a bhunófar leis an ordú, modh, téarmaí agus coinníollacha a gceaptha agus a seilbh oifige, agus | |
[EN] | (b) líon, gráid, cáilíochtaí, modh ceaptha (lena n-áirítear iasacht), coinníollacha seirbhíse, seilbh oifige agus luach saothair agus aoisliúntas na ndaoine a bheidh fostaithe sa chomhlacht nó ag an gcomhlacht a bhunófar amhlaidh. | |
[EN] | (2) Aon duine a bheidh ar iasacht nó a aistreofar chuig comhlacht a bhunófar faoi alt 54 , ní bhfaighidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i seirbhís an chomhlachta sin, luach saothair níos lú ná ní bheidh sé nó sí faoi réir coinníollacha seirbhíse is lú tairbhe ná an luach saothair a raibh an duine sin ina theideal agus na coinníollacha seirbhíse a raibh an duine sin faoina réir roimh an iasacht nó an aistriú sin. | |
[EN] |
Feidhmeanna. |
56. —Beidh in ordú bunaithe cibé forálacha is cuí leis an Aire ina míneofar feidhmeanna an chomhlachta a bhunófar leis an ordú agus an modh ina bhféadfaidh, agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh, an comhlacht a bhunófar amhlaidh na feidhmeanna a mhíneofar amhlaidh a chomhlíonadh. |
[EN] |
Riarachán. |
57. —Beidh in ordú bunaithe cibé forálacha is cuí leis an Aire maidir le riaradh ginearálta an chomhlachta a bhunófar leis an ordú, lena n-áirítear forálacha maidir leis na nithe seo a leanas— |
[EN] | (a) cruinnithe an chomhlachta a bhunófar amhlaidh agus an nós imeachta ag cruinnithe den sórt sin, | |
[EN] | (b) úsáid agus fíordheimhniú a shéala, | |
[EN] | (c) rialáil a chuid airgid agus coimeád agus iniúchadh a chuid cuntas, agus | |
[EN] | (d) an comhlacht sin do thabhairt faisnéise i dtaobh chomhlíonadh a fheidhmeanna don Aire ó am go ham agus faisnéis den sórt sin a thabhairt don Aire aon tráth a iarrfaidh sé nó sí í. | |
[EN] |
Deontais. |
58. —I ngach bliain airgeadais, féadfaidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais deontas a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do chomhlacht a cheapfar faoi alt 54 chun críocha caiteachais ag an gcomhlacht sin i gcomhlíonadh a fheidhmeanna. |
[EN] |
Ordú bunaithe a chúlghairm. |
59. —(1) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, ordú bunaithe a chúlghairm. |
[EN] | (2) Beidh in ordú cúlghairme cibé forálacha is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach de dhroim na cúlghairme, agus, go háirithe, féadfar foráil a dhéanamh ann le haghaidh na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (a) díscaoileadh an chomhlachta a bunaíodh leis an ordú bunaithe agus aistriú nó dáileadh mhaoin, chearta agus dhliteanais an chomhlachta sin chuig aon cheann nó aon duine acu seo a leanas— | |
[EN] | (i) an tAire, nó | |
[EN] | (ii) aon chomhlacht amháin eile nó níos mó a bunaíodh le hordú bunaithe, | |
[EN] | (b) conarthaí leanúnacha a rinne an comhlacht díscaoilte a choimeád ar marthain, | |
[EN] | (c) leanúint d'imeachtaí dlí a bheidh ar feitheamh, | |
[EN] | (d) d'ainneoin aon sriain atá in aon Acht eile, sealbhóir aon oifige faoin gcomhlacht díscaoilte a aistriú— | |
[EN] | (i) chuig an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, nó | |
[EN] | (ii) chuig aon chomhlacht eile a bunaíodh le hordú bunaithe. |