An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III An Chigireacht) Ar Aghaidh (CUID V An Príomhoide agus na Múinteoirí)

51 1998

AN tACHT OIDEACHAIS, 1998

CUID IV

Boird Bhainistíochta

Bunú agus comhaltas bord bainistíochta.

14. —(1) Is é dualgas pátrúin, chun a chinntiú go ndéanfar scoil aitheanta a bhainistiú le meon comhpháirtíochta, bord bainistíochta a cheapadh más indéanta é, ar bord é a mbeidh comhaontú ann, maidir lena chomhdhéanamh, idir pátrúin scoileanna, cumainn náisiúnta tuismitheoirí, eagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile, ceardchumainn aitheanta agus comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí agus an tAire.

(2) Déanfaidh bord a bhunófar de réir fho-alt (1) na feidhmeanna a shanntar do scoil leis an Acht seo a chomhlíonadh i leith na scoile sin agus, seachas i gcás scoile a bheidh bunaithe nó faoi chothabháil ag coiste gairmoideachais, beidh gach bord ina chomhlacht corpraithe ag a mbeidh comharbas suthain agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha ina ainm corpraithe.

(3) Go dtí go mbunófar bord mar a fhoráiltear le fo-alt (1), is iad na daoine a bhfuil freagrachtaí orthu faoi na struchtúir agus na córais atá i bhfeidhm i scoil chun an scoil sin a bhainistiú ag tosach feidhme na Coda seo, lena n-áirítear boird ghobharnóirí, a chomhlíonfaidh feidhmeanna boird faoin Acht seo de réir mar is cuí.

(4) Is é nó is í pátrún na scoile a cheapfaidh comhaltaí boird, ach amháin i gcás go bhforáiltear a mhalairt le hairteagail bhainistíochta.

(5) Le linn do phátrún ceapacháin a dhéanamh chuig bord a bhunófar de réir fho-alt (1), déanfaidh sé nó sí de réir ordachán a bheidh tugtha ag an Aire i ndáil le cothromaíocht chuí inscne agus rachaidh an tAire i gcomhairle le pátrúin, le cumainn náisiúnta tuismitheoirí, le heagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile agus le ceardchumainn aitheanta agus comhlachais foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí sula dtabharfaidh sé nó sí aon ordacháin den sórt sin.

(6) Déanfaidh an tAire, le comhaontú an phátrúin, cumann náisiúnta tuismitheoirí, eagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile agus ceardchumann aitheanta agus comhlachas foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí, nithe a fhorordú a bhaineann le ceapadh boird.

(7) Ach amháin mar a fhoráiltear leis an Acht seo, ní beidh aon ábhar caingne ann in aghaidh comhalta boird i leith aon ní a dhéanfaidh an comhalta sin de mheon macánta agus de bhun an Achta seo nó aon rialachán arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo.

(8) I gcás go gcinnfidh pátrún nach bhfuil sé indéanta bord a cheapadh de réir fho-alt (1), cuirfidh an pátrún an méid sin agus na cúiseanna a bhí leis in iúl, tráth an chinnidh sin, do thuismitheoirí mac léinn, do mhúinteoirí agus d'fhoireann eile na scoile agus don Aire agus, dá éis sin, mura gceapfar bord amhlaidh, déanfaidh an pátrún, ó am go ham nó de réir mar a iarrfaidh an tAire, na cúiseanna atá leis sin a chur in iúl do na tuismitheoirí, do na múinteoirí agus don fhoireann eile, agus don Aire.

Feidhmeanna boird.

15. —(1) Is é dualgas boird an scoil a bhainistiú thar ceann an phátrúin agus ar mhaithe leis na mic léinn agus a dtuismitheoirí agus oideachas cuí a sholáthar nó a chur faoi deara é a sholáthar do gach mac léinn ar an scoil a bhfuil freagracht ar an mbord sin ina leith.

(2) Comhlíonfaidh bord na feidhmeanna a thugtar dó agus do scoil leis an Acht seo agus, le linn do bhord a fheidhmeanna a chomhall—

(a) déanfaidh sé amhlaidh de réir na mbeartas a chinnfidh an tAire ó am go ham,

(b) déanfaidh sé spiorad sainiúil na scoile, mar a chinntear é de réir na luachanna agus na dtraidisiún cultúrtha, oideachais, morálta, creidimh, sóisialta, teangeolaíocha agus spioradálta is bun le cuspóirí agus stiúradh na scoile agus is saintréithe den chéanna, a chosaint agus beidh sé cuntasach don phátrún as iad a chosaint amhlaidh, agus gníomhóidh sé i gcónaí de réir aon Achta den Oireachtas nó aon ionstraime arna déanamh faoin gcéanna, agus de réir aon ghníomhais, cairte, airteagal bainistíochta nó aon ionstraime eile den sórt sin a bhaineann le bunú nó le hoibriú na scoile,

(c) rachaidh sé i gcomhairle leis an bpátrún agus coinneoidh sé ar an eolas é nó í maidir le cinntí agus tograí de chuid an bhoird,

(d) foilseoidh sé, i cibé modh is dóigh leis an mbord, le comhaontú an phátrúin, a bheith cuí, beartas na scoile i dtaca le ligean isteach agus rannpháirtíocht sa scoil, lena n-áirítear beartas na scoile i ndáil le mic léinn a dhíbirt agus a chur ar fionraí, agus i ndáil le ligean isteach agus rannpháirtíocht mac léinn atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta eile oideachais acu, agus cinnteoidh sé, i dtaca leis an mbeartas sin, go n-urramófar prionsabail an chomhionannais agus an ceart atá ag tuismitheoirí a leanaí a chur ar scoil is rogha leis na tuismitheoirí agus go gcomhlíonfar cibé ordacháin a dhéanfaidh an tAire ó am go ham, ag féachaint do spiorad sainiúil na scoile agus do chearta bunreachtúla gach duine lena mbaineann,

(e) beidh aird aige ar phrionsabail agus ar riachtanais sochaí daonlathaí agus beidh urraim aige don éagsúlacht luachanna, creideamh, traidisiún, teangacha agus modhanna maireachtála atá sa tsochaí agus cothóidh sé urraim don éagsúlacht sin,

(f) beidh aird aige ar úsáid éifeachtúil acmhainní (agus, go háirithe, ar úsáid éifeachtúil deontas a chuirtear ar fáil faoi alt 12 ), ar leas an phobail i ngnóthaí na scoile agus ar chuntasacht do mhic léinn, dá dtuismitheoirí, don phátrún, don fhoireann agus don phobal dá bhfónann an scoil, agus

(g) úsáidfidh sé na hacmhainní a chuirfear ar fáil don scoil as airgead a sholáthróidh an tOireachtas chun soláthar réasúnach a dhéanamh do mhic léinn atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta eile oideachais acu agus chun cóir réasúnach a chur orthu, lena n-áirítear, i gcás inar gá é, foirgnimh a athrú agus trealamh cuí a sholáthar.

(3) D'fhonn amhras a sheachaint, ní thabharfaidh, ná ní mheasfar go dtabharfaidh, aon ní san Acht seo aon cheart don bhord ar thalamh agus foirgnimh na scoile a bhfuil an bord sin freagrach ina leith, ná aon leas sa chéanna.

Díscaoileadh ag pátrún.

16. —(1) Faoi réir an ailt seo agus thoiliú an Aire, féadfaidh an pátrún—

(a) ar chúiseanna maithe bailí, a shonrófar i scríbhinn do chomhalta de bhord bainistíochta, an comhalta sin a chur as an oifig sin, nó

(b) más deimhin leis nó léi nach bhfuil feidhmeanna boird á gcomhall go héifeachtach, an bord sin a dhíscaoileadh.

(2) Más rud é go mbeartaíonn pátrún comhalta boird a chur as an oifig sin nó bord a dhíscaoileadh, cuirfidh an pátrún in iúl, trí fhógra i scríbhinn, don chomhalta sin nó don bhord sin go bhfuil ar intinn aige nó aici é sin a dhéanamh agus na cúiseanna atá leis.

(3) Más rud é, ag deireadh tréimhse míosa amháin tar éis dháta an fhógra dá bhforáiltear i bhfo-alt (2), go mbeidh an pátrún, tar éis aon uiríll a bheidh déanta chuige nó chuici ag an gcomhalta nó ag an mbord, nó thar ceann ceachtar acu, a bhreithniú, fós den tuairim gur ceart an comhalta a chur as oifig nó gur ceart an bord a dhíscaoileadh, ansin féadfaidh an pátrún, faoi réir cheadú an Aire agus trí fhógra i scríbhinn ina sonrófar tuairim an phátrúin agus na cúiseanna atá léi, an comhalta a chur as oifig nó an bord a dhíscaoileadh, de réir mar is cuí.

(4) Déanfar cóip de gach fógra a eiseofar faoin alt seo agus aon uiríll a dhéanfar chuig an bpátrún a sheachadadh ar an Aire a luaithe is féidir tar éis é a dhéanamh.

(5) Aon uair a dhíscaoilfidh an pátrún bord, féadfaidh an pátrún, faoi réir cheadú an Aire, aon duine nó aon chomhlacht daoine is cuí leis an bpátrún a cheapadh chun feidhmeanna an bhoird a chomhlíonadh.

(6) I gcás ina gcuirfidh pátrún comhalta de bhord as oifig, déanfar an folúntas a bheidh ann dá dhroim sin a líonadh de réir rialachán arna ndéanamh faoi alt 14 (6).

(7) Déanfaidh an pátrún socrú, de réir alt 14 , chun bord a bheidh díscaoilte faoi fho-alt (1) a athbhunú tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an díscaoilte nó cibé tréimhse is faide ná sin is cuí leis an bpátrún, le toiliú an Aire, agus nuair a bheidh an bord nua bunaithe, déanfar feidhmeanna an bhoird dhíscaoilte a athdhílsiú don bhord nua agus scoirfidh na feidhmeanna sin de bheith ina bhfeidhmeanna de chuid an duine nó an chomhlachta daoine, más ann, a ceapadh faoi fho-alt (5).

Díscaoileadh ag pátrún ar iarraidh ón Aire.

17. —(1) Más rud é—

(a) gur deimhin leis an Aire nach bhfuil feidhmeanna boird á gcomhall go héifeachtach, nó

(b) go bhfailleoidh bord go toiliúil aon ordú, ordachán nó rialachán ón Aire arna thabhairt nó arna dhéanamh faoin Acht seo a chomhlíonadh, nó

(c) go mainneoidh bord aon bhreithiúnas nó ordú ó aon chúirt dlínse inniúla a chomhlíonadh,

féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar an bpátrún an bord a dhíscaoileadh ar chúiseanna a shonrófar san fhógra sin agus díscaoilfidh an pátrún an bord dá réir sin a luaithe is féidir tar éis dháta an fhógra sin.

(2) Sula seirbheálfaidh an tAire fógra mar a fhoráiltear i bhfo-alt (1), cuirfidh sé nó sí in iúl don bhord agus don phátrún go bhfuil ar intinn aige nó aici é sin a dhéanamh agus breithneoidh sé nó sí aon uiríll a bheidh déanta chuige nó chuici ag an mbord nó ag an bpátrún, nó thar ceann ceachtar acu, laistigh de mhí amháin ón méid sin a chur in iúl don bhord agus don phátrún.

(3) Aon uair a dhíscaoilfidh an pátrún bord faoin alt seo, beidh feidhm ag fo-ailt (5) agus (7) d'alt 16.

Cuntais agus taifid a choimeád.

18. —(1) Ach amháin i gcás scoile a bheidh bunaithe nó faoi chothabháil ag coiste gairmoideachais, coimeádfaidh bord na cuntais agus na taifid go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh sé nó ar chaiteachas an airgid sin a thabhóidh sé agus cinnteoidh sé go ndéanfar, i ngach bliain, na cuntais sin go léir a iniúchadh nó a dheimhniú go cuí de réir an chleachtais cuntasaíochta is fearr.

(2) Déanfaidh an scoil lena mbaineann cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag an Aire agus ag tuismitheoirí mac léinn sa scoil, a mhéid a bhaineann na cuntais sin le hairgead a sholáthrófar de réir alt 12 .

Tuarascáil maidir le hoibriú an bhoird.

19. —(1) Más rud é go mbeidh an tAire nó an pátrún den tuairim nach bhfuil feidhmeanna boird á gcomhall go héifeachtach, cuirfidh an tAire nó an pátrún, de réir mar a bheidh, an tuairim sin agus na cúiseanna atá léi in iúl don bhord.

(2) Féadfaidh an tAire nó an pátrún, de réir mar a bheidh, tar éis aon uiríll a bheidh déanta ag an mbord a bhreithniú, aon duine nó daoine is cuí leis an Aire nó leis an bpátrún a údarú chun tuarascáil a thabhairt don Aire nó don phátrún, nó don Aire agus don phátrún araon, maidir le haon ní a éireoidh as oibriú an bhoird sin nó a bhaineann leis an oibriú sin.

(3) Aon duine a cheapfar chun tuarascáil a ullmhú faoin alt seo, beidh sé nó sí i dteideal dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh atá ar áitiú ag an scoil lena mbaineann agus tabharfaidh an bord, na múinteoirí agus foireann eile na scoile gach saoráid agus gach comhoibriú dó nó di, lena n-áirítear rochtain ar gach taifead, chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh.

(4) Déanfaidh Príomhoide nó bord cibé faisnéis a bhaineann le comhlíonadh fheidhmeanna an bhoird agus a theastóidh ón bpátrún nó ón Aire, de réir mar a bheidh, ó am go ham, a chur ar fáil don phátrún agus don Aire.

(5) Más rud é go mbeartaíonn an tAire nó pátrún feidhmeanna a fheidhmiú faoin alt seo, ansin—

(a) cuirfidh an tAire in iúl don phátrún, nó

(b) cuirfidh an pátrún in iúl don Aire,

de réir mar is cuí, cén gníomh atá beartaithe.

Tuarascáil agus faisnéis.

20. —Bunóidh bord nósanna imeachta chun nithe a bhaineann le hoibriú agus le feidhmiú scoile a chur in iúl do thuismitheoirí mac léinn sa scoil agus féadfar a áireamh sna nósanna imeachta sin tuarascáil maidir le hoibriú agus le feidhmiú na scoile in aon scoilbhliain, ag tagairt go háirithe do ghnóthú cuspóirí mar atá leagtha amach sa phlean scoile dá bhforáiltear faoi alt 21 , a fhoilsiú agus a scaipeadh ar thuismitheoirí, ar mhúinteoirí agus ar chomhaltaí eile foirne agus ar chomhairle mac léinn i gcás ceann a bheith bunaithe.

An plean scoile.

21. —(1) Déanfaidh bord, a luaithe is féidir tar éis a cheaptha, socruithe chun plean (dá ngairtear an “plean scoile” san alt seo) a ullmhú agus cinnteoidh sé go ndéanfar an plean a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn rialta.

(2) Sonrófar sa phlean scoile cuspóirí na scoile maidir le comhionannas rochtana ar an scoil agus le comhionannas rannpháirtíochta sa scoil agus na bearta a bheartaíonn an scoil a ghlacadh chun na cuspóirí sin a bhaint amach, lena n-áirítear comhionannas rochtana ar an scoil agus comhionannas rannpháirtíochta sa scoil ag mic léinn atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta eile oideachais acu.

(3) Ullmhófar an plean scoile de réir cibé ordachán, lena n-áirítear ordacháin a bhaineann le comhchomhairle le tuismitheoirí, pátrún, foireann agus mic léinn na scoile, a thabharfaidh an tAire ó am go ham i ndáil le pleananna scoile.

(4) Déanfaidh bord socruithe chun cóipeanna den phlean scoile a scaipeadh ar phátrún, tuismitheoirí, múinteoirí agus foireann eile na scoile.