|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV Boird Bhainistíochta) | Ar Aghaidh (CUID VI Ilghnéitheach) |
AN tACHT OIDEACHAIS, 1998
[EN] | ||
[EN] |
CUID V An Príomhoide agus na Múinteoirí | |
[EN] |
Feidhmeanna an Phríomhoide agus na múinteoirí. |
22. —(1) Beidh freagracht, de réir an Achta seo, ar Phríomhoide scoile aitheanta agus ar na múinteoirí i scoil aitheanta, faoi stiúradh an Phríomhoide, as an teagasc a chuirfear ar fáil do mhic léinn sa scoil agus cuideoidh siad, i gcoitinne, le hoideachas agus forbairt phearsanta na mac léinn sa scoil sin. |
[EN] | (2) Gan dochar d'fho-alt (1), déanfaidh an Príomhoide agus na múinteoirí— | |
[EN] | (a) an fhoghlaim a spreagadh agus a chothú i mic léinn, | |
[EN] | (b) meastóireacht rialta ar mhic léinn agus tuairisc faoi thorthaí na meastóireachta a thabhairt go tréimhsiúil do na mic léinn agus dá dtuismitheoirí, | |
[EN] | (c) i dteannta a chéile, comhoibriú idir an scoil agus an pobal dá bhfónann sí a chur chun cinn, agus | |
[EN] | (d) faoi réir théarmaí aon chomhaontaithe chomhchoitinn is infheidhme agus faoi réir a gconartha fostaíochta, na dualgais sin a chomhlíonadh— | |
[EN] | (i) i gcás múinteoirí, a shannfaidh an Príomhoide dóibh nó a shannfar dóibh ar threoir ón bPríomhoide, agus | |
[EN] | (ii) i gcás an Phríomhoide, a shannfaidh an bord dó nó di. | |
[EN] |
An Príomhoide. |
23. —(1) Déanfaidh bord, de réir nósanna imeachta a bheidh comhaontaithe ó am go ham idir an tAire, an pátrún, eagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile agus aon cheardchumann aitheanta nó comhlachas foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí, duine a cheapadh chun na scoile i gcáil lánaimseartha le bheith ina Phríomhoide nó ina Príomhoide ar an scoil sin faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais. |
[EN] | (2) I dteannta na bhfeidhmeanna de chuid Príomhoide dá bhforáiltear in alt 22 — | |
[EN] | (a) beidh an Príomhoide freagrach as bainistíocht na scoile ó lá go lá, lena n-áirítear múinteoirí agus foireann eile na scoile a threorú agus a stiúradh, agus beidh sé nó sí cuntasach don bhord as an mbainistíocht sin, | |
[EN] | (b) tabharfaidh an Príomhoide ceannaireacht do mhúinteoirí agus d'fhoireann eile agus do mhic léinn na scoile, | |
[EN] | (c) beidh an Príomhoide freagrach, mar aon leis an mbord, le tuismitheoirí mac léinn agus leis na múinteoirí, as timpeallacht scoile a chruthú a thacaíonn leis an bhfoghlaim i measc na mac léinn agus a chuireann forbairt ghairmiúil na múinteoirí chun cinn, | |
[EN] | (d) déanfaidh an Príomhoide, faoi stiúradh an bhoird agus i gcomhairle leis na múinteoirí, leis na tuismitheoirí agus, a mhéid is cuí dá n-aois agus dá dtaithí, leis na mic léinn, cuspóirí a leagan amach don scoil agus faireachán a dhéanamh ar ghnóthú na gcuspóirí sin, agus | |
[EN] | (e) déanfaidh an Príomhoide tuismitheoirí mac léinn sa scoil a spreagadh le páirt a ghlacadh in oideachas na mac léinn sin agus i ngnóthú chuspóirí na scoile. | |
[EN] | (3) Beidh ag Príomhoide, chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo a chomhall, na cumhachtaí sin go léir is gá nó is fóirsteanach chuige sin, agus déanfaidh an Príomhoide a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhall de réir cibé beartais a chinnfidh an bord ó am go ham agus de réir rialachán arna ndéanamh de réir alt 33 . | |
[EN] | (4) Beidh an Príomhoide i dteideal a bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'aon choiste agus de gach coiste arna cheapadh ag bord. | |
[EN] | (5) Más rud é, ag tosach feidhme an ailt seo, gur duine nó comhlacht daoine seachas bord na scoile fostóir an Phríomhoide in iar-bhunscoil, ansin beidh feidhm ag fo-alt (1) amhail is dá ndéanfaí an duine nó an comhlacht arb é nó í, ag an tosach feidhme sin agus ó am go ham dá éis sin, an fostóir sin a chur in ionad an bhoird mar a thagraítear dó san fho-alt sin. | |
[EN] | (6) Le linn don Phríomhoide a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin alt seo a fheidhmiú, rachaidh sé nó sí, nuair is indéanta é, i gcomhairle le múinteoirí agus foireann eile na scoile. | |
[EN] |
Forálacha a bhaineann leis an bhfoireann. |
24. —(1) Faoi réir an ailt seo, féadfaidh bord cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh mar mhúinteoirí agus mar fhoireann eile scoile a mheasfaidh an bord ó am go ham is gá chun a chumhachtaí agus a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh. |
[EN] | (2) Beidh líon agus cáilíochtaí múinteoirí agus foirne eile scoile, a bheidh le híoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, faoi réir cheadú an Aire le comhthoiliú an Aire Airgeadais. | |
[EN] | (3) Ceapfaidh bord múinteoirí agus foireann eile, a bheidh le híoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, agus féadfaidh sé na múinteoirí agus an fhoireann sin a chur ar fionraí nó a dhífhostú, de réir nósanna imeachta a bheidh comhaontaithe ó am go ham idir an tAire, an pátrún, eagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile agus aon cheardchumann aitheanta agus comhlachas foirne atá ionadaitheach do mhúinteoirí nó d'fhoireann eile, de réir mar is cuí. | |
[EN] | (4) Maidir leis na nósanna imeachta a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, á gcur i bhfeidhm i ndáil le múinteoirí nó foireann eile a cheapadh, a chur ar fionraí agus a dhífhostú, leanfar de bheith á gcur i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme sin go dtí go gcomhaontófar nósanna imeachta dá bhforáiltear i bhfo-alt (3). | |
[EN] | (5) Is é nó is í an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, a chinnfidh téarmaí agus coinníollacha fostaíochta múinteoirí agus foirne eile scoile a gceapfaidh bord iad agus a bheidh le híoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |
[EN] | (6) Más rud é go mbeidh an t-iomlán nó cuid de luach saothair agus d'aoisliúntas múinteoirí agus foirne eile scoile á íoc nó le híoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, is é nó is í an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, a chinnfidh an luach saothair nó an t-aoisliúntas sin ó am go ham. | |
[EN] | (7) Más rud é, ag tosach feidhme an ailt seo, gur duine nó comhlacht daoine seachas bord na scoile fostóir na múinteoirí nó na foirne eile in iar-bhunscoil, ansin beidh feidhm ag fo-ailt (1), (3) agus (5) amhail is dá ndéanfaí an duine nó an comhlacht arb é nó í, ag an tosach feidhme sin agus ó am go ham dá éis sin, an fostóir sin a chur in ionad an bhoird mar a thagraítear dó san fho-alt sin. | |
[EN] | (8) Ach amháin i gcás comhaontaithe dá bhforáiltear i bhfo-alt (3), ní bheidh d'éifeacht le haon ní san Acht seo na téarmaí agus na coinníollacha faoina raibh múinteoirí agus foireann eile scoile fostaithe roimh thosach feidhme an Achta seo a athrú tar éis an tosach feidhme sin. | |
[EN] | (9) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le múinteoirí nó foireann eile scoile a bheidh bunaithe nó faoi chothabháil ag coiste gairmoideachais. |