|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Méaduithe) | Ar Aghaidh (CUID IV Cúnamh Feirme) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1999
[EN] | ||||
[EN] |
CUID III Cúramóirí | |||
[EN] |
Mínithe a leathnú. |
10. —Leasaítear leis seo alt 163 (1) den Phríomh-Acht— | ||
[EN] | (a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “pinsinéir iomchuí” (a cuireadh isteach le halt 12 (1) d'Acht 1995): | |||
[EN] | “ciallaíonn ‘duine iomchuí’ duine (seachas duine atá ag fáil méadú ar phinsean míthreorach faoi alt 57 i leith síorfhreastail) atá chomh héagumasach sin go dteastaíonn cúram agus aire lánaimseartha uaidh nó uaithi, agus— | |||
[EN] | (a) a bhfuil 16 bliana d'aois slánaithe aige nó aici, nó | |||
[EN] | (b) atá faoi bhun 16 bliana d'aois agus ar duine é nó í a n-íoctar liúntas ina leith le haghaidh cúraim baile do leanaí éislinneacha faoi alt 61 den Acht Sláinte, 1970 ;”, | |||
[EN] | agus | |||
[EN] | (b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cúramóir”: | |||
[EN] | “ciallaíonn ‘cúramóir’— | |||
[EN] | (a) duine a chónaíonn i dteannta duine iomchuí agus a thugann cúram agus aire lánaimseartha dó nó di, nó | |||
[EN] | (b) faoi réir cibé coinníollacha agus i cibé imthosca a fhorordófar, duine nach gcónaíonn i dteannta duine iomchuí ach a thugann cúram agus aire lánaimseartha dó nó di.”. | |||
[EN] |
Deontas cúraim faoisimh. |
11. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 168: | ||
| ||||
[EN] |
Acmhainn a mheasúnú — feabhsuithe. |
12. —Leasaítear leis seo Cuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht— | ||
[EN] | (a) trí fhomhír (bb) (a cuireadh isteach le halt 10(2)(b) d'Acht 1998) i Riail 1(4) a scriosadh, | |||
[EN] | (b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (6) de Riail 1: | |||
[EN] | “(7) I gcás liúntais cúramóra, le linn acmhainn sheachtainiúil cúramóra nach duine de lánúin é nó í (seachas acmhainn a gheofar ó íocaíocht slándála sóisialaí is iníoctha faoi reachtaíocht stáit eile) a bheith á ríomh, déanfar neamhshuim de cibé méid a fhorordófar,”, | |||
[EN] | agus | |||
[EN] | (c) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (1A) (a cuireadh isteach le halt 12(2) d'Acht 1995) de Riail 4: | |||
[EN] | “(1A) I gcás liúntais cúramóra, le linn acmhainn sheachtainiúil an duine eile den lánúin a bheith á ríomh chun críocha mhír (1) déanfar neamhshuim de na méideanna seo a leanas— | |||
[EN] | (a) méid d'íocaíocht slándála sóisialaí is iníoctha faoi reachtaíocht stáit eile, ar méid é nach mó ná an méid uasta atá leagtha amach i gcolún (2), tagairt 3 de Chuid I den Dara Sceideal, agus | |||
[EN] | (b) méid d'íocaíocht slándála sóisialaí is iníoctha faoi reachtaíocht stáit eile i leith gach linbh cháilithe dá ndeonaítear méadú faoi alt 165(1) (arna leasú le halt 23 d'Acht 1997), ar méid é nach mó ná leath an méid atá leagtha amach i gcolún (4), tagairt 3 de Chuid I den Dara Sceideal. | |||
[EN] | (1B) I gcás liúntais cúramóra, le linn acmhainn sheachtainiúil na lánúine (seachas acmhainn a gheofar ó íocaíocht slándála sóisialaí is iníoctha faoi reachtaíocht stáit eile) a bheith á ríomh, déanfar neamhshuim de cibé méid a fhorordófar.”. | |||
[EN] |
Leasuithe de dhroim alt 10 . |
13. —Leasaítear leis seo gach foráil den Phríomh-Acht a luaitear i gcolún (1) de Sceideal C a ghabhann leis an Acht seo ar an modh a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal sin os coinne lua na forála sin i gcolún (1). | ||
[EN] |
Tosach feidhme (Cuid III). |
14. —Tiocfaidh an Chuid seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla. |