|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV Cúnamh Feirme) | Ar Aghaidh (CUID VI Forálacha Ilghnéitheacha) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1999
[EN] | ||||||||||
[EN] |
CUID V Feabhsuithe ar Scéimeanna Leasa Shóisialaigh | |||||||||
[EN] |
Deontas méala. |
19. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an gCaibidil seo a leanas a chur in ionad Chaibidil 19 de Chuid II: | ||||||||
| ||||||||||
[EN] | (2) “nó liúntas dílleachta (ranníocach) nó deontas méala” a chur in ionad “nó liúntas dílleachta (ranníocach)” in alt 18(1)(g). | |||||||||
[EN] | (3) Leasaítear leis seo gach foráil den Phríomh-Acht a luaitear i gcolún (1) de Sceideal E a ghabhann leis an Acht seo sa tslí a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal sin os coinne lua na forála sin i gcolún (1). | |||||||||
[EN] | (4) Déanfar gach tagairt do dheontas báis sa Phríomh-Acht agus in aon achtachán eile a fhorléiriú mar thagairt do dheontas méala. | |||||||||
[EN] | (5) Beidh feidhm ag an leasú a dhéantar leis an alt seo maidir le haon éileamh ar dheontas méala i gcás ina dtarlaíonn an bás an 6ú lá d'Aibréan, 1999, nó dá éis. | |||||||||
[EN] |
Liúntas míchumais — íocaíocht a leathnú. |
20. —Leasaítear leis seo alt 191B den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le halt 13 d'Acht 1996) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (3) agus (3A) (a cuireadh isteach le halt 22 d'Acht 1997): | ||||||||
[EN] | “(3) Faoi réir fho-ailt (3A) agus (3B), ní bheidh duine i dteideal liúntas míchumais a fháil in aghaidh aon tréimhse a mbeidh cónaí ar an duine sin i bhforas lena linn. | |||||||||
[EN] | (3A) Faoi réir na Caibidle seo, féadfar, faoi réir cibé coinníollacha agus i cibé imthosca a fhorordófar, a fhoráil le rialacháin go mbeidh teideal chun liúntais míchumais ag duine a mbeadh an teideal sin aige nó aici murach cónaí a bheith air nó uirthi i bhforas, i gcás ina mbeidh cónaí sealadach ar an duine in áit eile— | |||||||||
[EN] | (i) ar feadh tréimhse nach lú ná dhá lá in aghaidh na seachtaine, nó | |||||||||
[EN] | (ii) ar feadh cibé tréimhse eile a fhorordófar: | |||||||||
[EN] | Ar choinníoll, i gcás duine a bhfuil feidhm ag mír (i) maidir leis nó léi, go mbeidh liúntas míchumais is iníoctha de bhua na míre sin iníoctha de réir ráta is lú ná an ráta sin a shonraítear sa Cheathrú Sceideal. | |||||||||
[EN] | (3B) D'ainneoin fho-ailt (3) agus (3A), i gcás duine ar tairbhí liúntais míchumais é nó í agus, an 1ú lá de Lúnasa, 1999, nó dá éis, a ghlacfar isteach i bhforas ina dhiaidh sin, leanfaidh an duine sin de bheith i dteideal liúntas míchumais a fháil, más rud é go mbeadh sé nó sí, an tráth a ghlacfar é nó í isteach san fhoras, i dteideal ar shlí eile liúntas míchumais a fháil.”. | |||||||||
[EN] |
Pinsin do lucht féinfhostaithe — os cionn aois 56. |
21. —Leasaítear leis seo alt 84 den Phríomh-Acht— | ||||||||
[EN] | (a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh mhír (d): | |||||||||
[EN] | “(e) I gcás duine a tháinig chun bheith ina ranníocóir féinfhostaithe den chéad uair an 6ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, agus nach raibh roimhe sin ina ranníocóir fostaithe faoin Acht seo nó faoi na hAchtanna um Árachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1952, sular tháinig sé nó sí chun bheith árachaithe amhlaidh, agus a raibh 56 bliana d'aois slánaithe aige nó aici an 6ú lá d'Aibreán, 1988, nó roimhe sin ach nach raibh 62 bhliain d'aois slánaithe aige nó aici, forléireofar fo-alt (1)(a) amhail is dá gcuirfí ‘62’ in ionad ‘56’ chun cáiliú i gcomhair pinsin faoi fho-ailt (16) agus (17).”, | |||||||||
[EN] | (b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (15): | |||||||||
[EN] | “(16) Faoi réir fho-alt (17), beidh pinsean iníoctha i gcás duine— | |||||||||
[EN] | (a) a tháinig chun bheith ina ranníocóir féinfhostaithe den chéad uair ar an 6ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, agus a raibh 56 bliana d'aois slánaithe aige nó aici ar an dáta sin nó roimhe agus nach gcomhlíonann na coinníollacha ranníoca ag alt 84(1)(c) nó 84(7), nó | |||||||||
[EN] | (b) a chomhlíonann an coinníoll ranníoca ag alt 84(1)(a) de bhua alt 84(2)(e) agus nach gcomhlíonann, murach alt 84(2)(e), na coinníollacha ranníoca ag alt 84(1) nó 84(7), | |||||||||
[EN] | agus a bhfuil ranníocaí cáilitheacha aige nó aici i leith 260 seachtain ar a laghad ó tháinig sé nó sí chun bheith ina ranníocóir féinfhostaithe. | |||||||||
[EN] | (17) Beidh an ráta pinsin is iníoctha de réir fho-alt (16) iníoctha de réir leath an ráta a shonraítear i gcolún (2) ag tagairt 3 de Chuid I den Dara Sceideal agus beidh aon mhéaduithe is iníoctha faoi alt 87(1) nó (2) iníoctha de réir leath an ráta a shonraítear i gcolúin (3) agus (4) ag tagairt 3 de Chuid I den Dara Sceideal. | |||||||||
[EN] | (18) Déanfar an méid iomlán is iníoctha mar phinsean de réir fho-ailt (16) agus (17) a chothromú suas go dtí an 10p is gaire i gcás gur iolraí de 5p é ach nach iolraí de 10p freisin é agus déanfar é a chothromú go dtí an 10p is gaire i gcás nach iolraí de 5p ná de 10p é.”, | |||||||||
[EN] | agus | |||||||||
[EN] | (c) trí “Faoi réir na Coda seo, déanfar an ráta seachtainiúil” a chur in ionad “Déanfar an ráta seachtainiúil” in alt 87(1) agus (2). | |||||||||
[EN] |
Acmhainn a mheasúnú — iascairí. |
22. —Leasaítear leis seo Cuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht— | ||||||||
[EN] | (a) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (2)(j) (a cuireadh isteach le halt 26(1) d'Acht 1997) i Riail 1: | |||||||||
[EN] | “(j) i gcás a chéile nó a céile a bheith ag gabháil de réir séasúir d'iascaireacht mar shlí bheatha, leath an oiread sin den ioncam sin a gheofar uaithi nach dtéann thar £120 sa bhliain agus an tríú cuid den oiread sin den ioncam a théann thar £120 sa bhliain ach nach dtéann thar £300 sa bhliain, | |||||||||
[EN] | (jj) seachas i gcás liúntais míchumais, agus faoi réir mhír (8), aon ioncam a gheobhaidh iascaire ó aon chineál féinfhostaíochta,”, | |||||||||
[EN] | (b) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (2)(l) (a cuireadh isteach le halt 26(1) d'Acht 1997) i Riail 1: | |||||||||
[EN] | “(ll) seachas i gcás liúntais míchumais, aon chaiteachais a thabhófar de riachtanas le linn aon chineál féinfhostaíochta a sheoladh,”, | |||||||||
[EN] | (c) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (7) (a cuireadh isteach le halt 22 d'Acht 1996) i Riail 1: | |||||||||
[EN] | “(8) i gcás iascaire, an t-ioncam comhiomlán a gheofar ó aon chineál féinfhostaíochta lúide— | |||||||||
[EN] | (a) aon chaiteachais a thabhófar de riachtanas le linn aon chineál féinfhostaíochta a sheoladh, agus | |||||||||
[EN] | (b) i gcás ina bhfuil leanbh cáilithe, a chónaíonn go rialta leis nó léi, ag an iascaire— | |||||||||
[EN] | (i) £100 sa bhliain i leith gach duine den chéad dá leanbh cháilithe, agus | |||||||||
[EN] | (ii) £200 sa bhliain i leith gach linbh cháilithe ina dhiaidh sin, | |||||||||
[EN] | arna ríomh de réir ráta 80 faoin gcéad.”, | |||||||||
[EN] | agus | |||||||||
[EN] | (d) tríd an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 3 (a cuireadh isteach le halt 16 (3) d'Acht 1995): | |||||||||
[EN] | “3. Sa Sceideal seo— | |||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘iascaire’ duine atá ag gabháil d'iascaireacht mhara mar dhuine féinfhostaithe— | |||||||||
[EN] | (a) ar bhád iascaireachta arna thaifeadadh i gClár na mBád Iascaireachta, nó | |||||||||
[EN] | (b) ar bhád iascaireachta agus in áit ar eisíodh ceadúnas iascaireachta (de réir bhrí alt 3 den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 ) d'iascaireacht bradán ar muir ina leith; | |||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘céile’— | |||||||||
[EN] | (a) gach duine de lánúin phósta atá in aontíos, nó | |||||||||
[EN] | (b) fear agus bean nach bhfuil pósta le chéile ach atá ag maireachtáil i bhfochair a chéile mar fhearchéile agus banchéile.”. | |||||||||
[EN] |
Íocaíocht iomchuí — foráil chosanta. |
23. —Leasaítear leis seo alt 18 d'Acht 1996 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4): | ||||||||
[EN] | “(4) D'ainneoin fhorálacha na Coda seo, i gcás inar scoir bean nó ina scoirfidh bean de theideal chun sochair faoi Chaibidil 18 de Chuid II den Phríomh-Acht a bheith aici de bhua nach bhfuil cónaí a thuilleadh ar leanbh cáilithe amháin ar a laghad ina teannta, tiocfaidh sí, ar 40 bliain d'aois a shlánú di, i gcás ina mbeadh teideal chun an tsochair sin aici murach an Chuid seo, chun an teideal sin a bheith aici arís agus leanfaidh sí den teideal sin a bheith aici, ar feadh ré a teidil leanúnaigh chuige sin, de réir fhorálacha an Phríomh-Achta agus rialachán arna ndéanamh faoi. | |||||||||
[EN] | (5) I gcás duine a bhfuil feidhm ag fo-alt (2), (3) nó (4) ina leith agus atá dícháilithe chun íocaíocht iomchuí a fháil de bhua alt 211(1)(a) nó (14) den Phríomh-Acht, más rud é go mbeadh teideal chun na híocaíochta iomchuí sin aici murach an dícháiliú sin, tiocfaidh sí chun teideal a bheith aici arís chun na híocaíochta iomchuí sin ar éag don dícháiliú in aon chás nach mó ná 12 mhí tréimhse an dícháilithe.”. | |||||||||
[EN] |
Oibrithe forbartha deonacha — teideal a leathnú. |
24. —(1) Leasaítear leis seo alt 32 (9) (a cuireadh isteach le halt 12 d'Acht Uimh. (2) de 1993) den Phríomh-Acht trí “chéad dá bhliain sochair ina dhiaidh sin” a chur in ionad “chéad bhliain sochair ina dhiaidh sin”. | ||||||||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 43 (7) (a cuireadh isteach le halt 13 d'Acht Uimh. (2) de 1993) den Phríomh-Acht trí “chéad dá bhliain sochair ina dhiaidh sin” a chur in ionad “chéad bhliain sochair ina dhiaidh sin”. | |||||||||
[EN] | (3) Leasaítear leis seo alt 41B (a cuireadh isteach le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Leas Sóisialach), 1995 (I.R. Uimh. 25 de 1995)) den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4): | |||||||||
[EN] | “(5) Maidir leis an gceanglas atá i bhfo-alt (1)(b) nach mór don éilitheoir tuilleamh seachtainiúil ináirithe forordaithe de bhreis ar mhéid fhorordaithe a bheith aige nó aici sa tréimhse fhorordaithe, ní bheidh feidhm aige i gcás éilimh ar shochar sláinte agus sábháilteachta arna dhéanamh ag duine sa bhliain sochair ar lena linn a fhilleann an duine sin ar an Stát ó thír fhorásach, tar éis dó nó di a bheith ina oibrí nó ina hoibrí forbartha deonach, nó sa chéad dá bhliain sochair ina dhiaidh sin.”. | |||||||||
[EN] |
Tosach feidhme (Cuid V). |
25. —Tiocfaidh an Chuid seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla. |