An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Forálacha Ilghnéitheacha) Ar Aghaidh (CUID VIII Leasú ar Acht na bPinsean, 1990)

3 1999

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1999

CUID VII

Leasú ar an Acht um Ranníocaí Sláinte, 1979 , agus ar an Acht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981

Leasú ar an Acht um Ranníocaí Sláinte, 1979 .

33. —(1) Leasaítear leis seo ailt 5(1)(a), 6(1) agus (7) (arna n-athrú leis na Rialacháin um Ranníocaí Sláinte (Ráta), 1987 (I.R. Uimh. 104 de 1987)) den Acht um Ranníocaí Sláinte, 1979 , trí “2 faoin gcéad” a chur in ionad “1.25 faoin gcéad” gach áit a bhfuil sé.

(2) Leasaítear leis seo alt 7A den Acht um Ranníocaí Sláinte, 1979

(a) trí “£217” a chur in ionad “£207” (a cuireadh isteach le halt 26(1)(a) d'Acht 1998) i mír (1)(a),

(b) trí “£11,250” a chur in ionad “£10,750” (a cuireadh isteach le halt 26(1)(b) d'Acht 1998) i mír (1)(b), agus

(c) trí “£11,250” a chur in ionad “£10,750” (a cuireadh isteach le halt 26(1)(c) d'Acht 1998) i bhfo-alt (2).

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1999.

An Tobhach Fostaíochta agus Oiliúna a dhíothú.

34. —(1) Aisghairtear leis seo ailt 15 go 26 den Acht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981 .

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1999.