59B.—(1) Faoi réir fho-alt (2), d'ainneoin aon ní i rialacha scéime, i gcás sochar dá bhforáiltear faoi na rialacha a bheith iníoctha i bhfoirm pinsin bhliantúil agus gur thosaigh an sochar sin, ní dhéanfaidh iontaobhaithe na scéime méid an tsochair is iníoctha leis an duine sin in aon bhliain dá éis a laghdú faoi mhéid an tsochair is iníoctha sa bhliain roimhe.
(2) Féadfaidh iontaobhaithe scéime méid sochair atá á fháil ag duine faoin scéim a laghdú—
(a) (i) i gcás inar cinneadh an sochar gan pinsean is iníoctha leis an duine a chur i gcuntas agus i gcás ina gceadaítear le rialacha na scéime an sochar a laghdú dá éis sin tríd an bpinsean sin a chur i gcuntas ar an dáta a thosaíonn an pinsean a bheith iníoctha leis an duine nó dá éis sin, nó
(ii) i gcás inar cinneadh an sochar sin agus pinsean is iníoctha leis an duine á chur i gcuntas i gcás inar lú an pinsean sin ná an ráta pearsanta iomlán pinsin seanaoise (ranníocach) is iníoctha an tráth sin agus i gcás ina gceadaítear le rialacha na scéime an sochar a laghdú dá éis sin tríd an ráta pearsanta iomlán pinsin seanaoise (ranníocach) nó pinsin scoir a chur i gcuntas ar an dáta a thosaíonn an ráta iomlán pinsin seanaoise (ranníocach) nó pinsin scoir a bheith iníoctha leis an duine nó dá éis sin,
(b) i gcás ina gceadaítear le rialacha na scéime—
(i) cuid den sochar a chomhshó ina suim chaipitiúil,
(ii) pinsean is iníoctha le cleithiúnaí in éiric cuid den sochar a ghéilleadh,
(iii) forghéilleadh nó feidhmiú liain ar an sochar nach bhfuil toirmiscthe le halt 36 den Acht seo,
(iv) an sochar a laghdú de dheasca deireadh a theacht le cleithiúnas,
(v) an sochar a laghdú nó a scor roimh ghnáthaois inphinsin i gcás an comhalta do scor roimh an aois sin de dheasca drochshláinte agus go dtéarnaíonn sé dá éis sin, nó
(vi) an sochar a laghdú de dheasca an comhalta d'fheidhmiú rogha,
nó
(c) i gcás ina gceanglaítear an laghdú a dhéanamh d'fhonn na forálacha eile den Acht seo a chomhlíonadh.
(3) I bhfo-alt (2)—
ciallaíonn ‘pinsean seanaoise (ranníocach)’ pinsean seanaoise (ranníocach) faoi Chuid II den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993;
ciallaíonn ‘pinsean’—
(a) pinsean míthreorach,
(b) sochar báis faoi ailt 60, 61 nó 62,
(c) pinsean seanaoise (ranníocach),
(d) pinsean scoir,
(e) pinsean easláine,
(f) pinsean baintrí (ranníocach), nó
(g) pinsean baintrí fir (ranníocach),
faoi Chuid II den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993;
ciallaíonn ‘pinsean scoir’ pinsean scoir faoi Chuid II den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993.
(4) I gcás inar dóigh leis an Aire go mbeadh sé míréasúnach a cheangal ar scéimeanna sonraithe nó ar earnálacha sonraithe scéimeanna, ag féachaint dá nádúr agus dá gcineál, agus go mbeadh sé in aghaidh leasanna a gcomhaltaí, forálacha sonraithe den alt seo a chomhlíonadh go hiomlán, féadfaidh sé le rialacháin arna ndéanamh le toiliú an Aire Airgeadais a fhoráil go mbeidh feidhm ag na forálacha sin maidir leis na scéimeanna sin nó leis na hearnálacha scéimeanna sin maille le modhnuithe sonraithe, ar modhnuithe iad atá, i dtuairim an Aire, réasúnach agus nach n-athraíonn na forálacha sin go hábhartha.”.
|