12 1999

/images/harp.jpg


Uimhir 12 de 1999


AN tACHT UM DHEARBHÚ FAOI AIRTEAGAL 29.7 DEN BHUNREACHT (AM A FHADÚ), 1999

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1.

An tréimhse ama ar laistigh di a fhéadfar dearbhú a dhéanamh faoi Airteagal 29.7 den Bhunreacht.

2.

Gearrtheideal.


/images/harp.jpg


Uimhir 12 de 1999


AN tACHT UM DHEARBHÚ FAOI AIRTEAGAL 29.7 DEN BHUNREACHT (AM A FHADÚ), 1999

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ, DE RÉIR FHO-ALT 5° d'ALT 7 d'AIRTEAGAL 29 DEN BHUNREACHT, MAIDIR LE TRÉIMHSE AMA IS FAIDE NÁ AN TRÉIMHSE A SHONRAÍTEAR SAN FHO-ALT SIN 5° AGUS AR LAISTIGH DI A FHÉADFAIDH AN RIALTAS DEARBHÚ A DHÉANAMH FAOIN ALT SIN 7.

[2 Meitheamh, 1999]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

An tréimhse ama ar laistigh di a fhéadfar dearbhú a dhéanamh faoi Airteagal 29.7 den Bhunreacht.

1. —Déantar leis seo an tréimhse 24 mhí dar tosach an lá a cuireadh alt 7 d'Airteagal 29 den Bhunreacht leis an mBunreacht a shocrú chun críocha fho-alt 5° den alt sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht um Dhearbhú faoi Airteagal 29.7 den Bhunreacht (Am a Fhadú), 1999 , a ghairm den Acht seo.