An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil V Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais a dhíscaoileadh, etc.) Ar Aghaidh (CUID VI Ollscoileanna)

26 1999

ACHT NA gCÁILÍOCHTAÍ (OIDEACHAS AGUS OILIÚINT), 1999

CUID V

Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

Ról na hInstitiúide.

38. —(1) Sa Chuid seo ciallaíonn “an Institiúid” Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath a bunaíodh faoi alt 3 den Acht um Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, 1992.

(2) Déanfaidh an Institiúid—

(a) a éascú don Údarás Cáilíochtaí agus cabhrú leis a fheidhmeanna a chomhall;

(b) nósanna imeachta le haghaidh rochtana, aistriú agus forchéimniú arna gcinneadh ag an Údarás Cáilíochtaí faoi alt 8 (2)(d) a chur i ngníomh a mhéid atá feidhm ag na nósanna imeachta sin maidir leis an Institiúid, agus

(c) cibé faisnéis a éileoidh an tÚdarás Cáilíochtaí ó am go ham d'fhonn feidhmeanna an Údaráis Cáilíochtaí a chomhlíonadh, lena n-áirítear faisnéis maidir le rátaí críochnúcháin, a sholáthar.

(3) Féadfaidh an Institiúid iarratas a dhéanamh chuig Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna nó chuig Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna go ndéanfadh ceachtar de na Comhairlí sin, de réir mar is cuí, cláir oideachais agus oiliúna a sholáthraíonn sí, a eagraíonn sí nó a thugann sí i gcrích a bhailíochtú.

Dearbhú cáilíochta.

39. —(1) Déanfaidh an Institiúid, a luaithe is indéanta tar éis thosach feidhme na Coda seo, ag féachaint do nósanna imeachta láithreacha, más ann, nósanna imeachta a bhunú le haghaidh dearbhú cáilíochta chun cáilíocht an oideachais agus na hoiliúna a sholáthraíonn an Institiúid a fheabhsú tuilleadh agus a chothabháil agus comhaontóidh sí na nósanna imeachta sin leis an Údarás Cáilíochtaí.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), áireofar ar na nósanna imeachta a bhunófar faoin bhfo-alt sin—

(a) meastóireacht a dhéanamh go tráthrialta, agus de réir mar a ordóidh an tÚdarás Cáilíochtaí ó am go ham, ar na cláir oideachais agus oiliúna a sholáthraíonn an Institiúid, lena n-áirítear meastóireachtaí ag daoine atá inniúil ar chomparáidí náisiúnta agus idirnáisiúnta a dhéanamh ina leith sin,

(b) foghlaimeoirí do dhéanamh meastóireachta ar chláir oideachais agus oiliúna a sholáthraíonn an Institiúid, agus

(c) meastóireacht a dhéanamh ar sheirbhísí a bhaineann leis na cláir oideachais agus oiliúna a sholáthraíonn an Institiúid,

agus déanfar foráil leo maidir le fionnachtana a éireoidh as cur chun feidhme na nósanna imeachta sin a fhoilsiú i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí leis an Údarás Cáilíochtaí.

(3) Breithneoidh an tÚdarás Cáilíochtaí na fionnachtana a éireoidh as na nósanna imeachta a bhunófar faoi fho-alt (1) a chur chun feidhme agus féadfaidh sé moltaí a chur faoi bhráid na hInstitiúide agus cuirfidh an Institiúid na moltaí sin i ngníomh.

(4) Déanfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí, laistigh de chúig bliana ó thosach feidhme na Coda seo, agus ó am go ham dá éis sin de réir mar a chinnfidh sé ach in aon chás uair amháin ar a mhéad gach trí bliana agus uair amháin ar a laghad gach seacht mbliana, athbhreithniú, i gcomhairle leis an Institiúid, ar éifeachtacht na nósanna imeachta a bhunófar faoi fho-alt (1) agus ar chur i ngníomh, ag an Institiúid, na bhfionnachtana a éireoidh as na nósanna imeachta sin a chur chun feidhme.

(5) Déanfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí torthaí aon athbhreithnithe faoi fho-alt (4) a fhoilsiú, i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí leis, agus cuirfidh sé tuairimí, más ann, ón Institiúid san áireamh san fhoilseachán.