An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII Cosaint d'Fhoghlaimeoirí) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Comhaltas agus Cruinnithe)

26 1999

ACHT NA gCÁILÍOCHTAÍ (OIDEACHAS AGUS OILIÚINT), 1999

CUID VIII

Forálacha Ginearálta

Míniú.

48. —Sa Chuid seo ciallaíonn “comhlacht iomchuí” an tÚdarás Cáilíochtaí, Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, de réir mar a bheidh.

Cathaoirleach.

49. —(1) Beidh, ag gach comhlacht iomchuí, cathaoirleach arna cheapadh nó arna ceapadh ag an Aire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, leis an Aire Talmhaíochta agus Bia agus leis an Aire Turasóireachta, Spóirt agus Áineasa.

(2) Féadfaidh an tAire cathaoirleach comhlachta iomchuí a chur as oifig ar chúiseanna sonraithe.

(3) Beidh ceapachán faoi fho-alt (1) ar bhonn páirtaimseartha agus ní fheidhmeoidh an duine a cheapfar feidhm ar bith i leith rialú agus bainistiú comhlachta iomchuí seachas feidhmeanna chathaoirleach an chomhlachta sin dá bhforáiltear faoin Acht seo.

Príomhfheidhmeannach.

50. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3) agus alt 51 , déanfaidh gach comhlacht iomchuí, faoi réir cheadú an Aire, príomhfheidhmeannach a cheapadh ó am go ham i gcáil lánaimseartha.

(2) Ceapfaidh comhlacht iomchuí príomhfheidhmeannach faoi fho-alt (1), faoi réir cheadú an Aire, faoi cheann trí bliana ó bhunú an chomhlachta iomchuí lena mbaineann.

(3) Ceapfar an príomhfheidhmeannach de réir nósanna imeachta arna gcinneadh ag an gcomhlacht iomchuí lena mbaineann, le toiliú an Aire.

(4) Déanfaidh an príomhfheidhmeannach riarachán agus gnó an chomhlachta iomchuí lena mbaineann a sheoladh agus a bhainistiú agus a rialú i gcoitinne, agus comhlíonfaidh sé nó sí cibé feidhmeanna eile (más ann) a chinnfidh an comhlacht sin.

(5) Chun críocha alt 19 d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993, folóidh “oifigeach cuntasaíochta” príomhfheidhmeannach a cheapfar faoi fho-alt (1).

(6) Beidh feidhm ag an Dara Sceideal maidir leis an bpríomhfheidhmeannach.

Príomhfheidhmeannach eatramhach.

51. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, duine a cheapadh chun bheith mar phríomhfheidhmeannach eatramhach ar chomhlacht iomchuí.

(2) Faoi réir fho-alt (4), beidh an príomhfheidhmeannach eatramhach, más ann, ar chomhlacht iomchuí i seilbh oifige go ceann cibé tréimhse (ar tréimhse í nach rachaidh, in aon chás, thar thrí bliana tar éis bhunú an chomhlachta iomchuí lena mbaineann) agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair, táillí, liúntais agus caiteachais) a chinnfidh an comhlacht sin, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(3) I gcás go scoirfidh príomhfheidhmeannach eatramhach a bheidh ceaptha faoi fho-alt (1) d'oifig a shealbhú ar aon chúis roimh dhul in éag do thréimhse a cheapacháin nó a ceapacháin, féadfaidh an tAire duine a cheapadh ar a dtabharfar an príomhfheidhmeannach eatramhach agus a bheidh i seilbh oifige go ceann cibé tréimhse (ar tréimhse í nach rachaidh, in aon chás, thar a mbeidh fágtha de théarma oifige an duine ba chúis leis an bhfolúntas a gceaptar é nó í lena líonadh) agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair, táillí, liúntais agus caiteachais) a chinnfidh an comhlacht iomchuí lena mbaineann, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(4) Nuair a cheapfar príomhfheidhmeannach faoi alt 50 , scoirfidh príomhfheidhmeannach eatramhach an chomhlachta iomchuí lena mbaineann, más ann, d'oifig a shealbhú.

(5) Go dtí go gceapfar príomhfheidhmeannach ar an gcomhlacht iomchuí lena mbaineann faoi alt 50 , comhlíonfaidh príomhfheidhmeannach eatramhach, más ann, an chomhlachta sin feidhmeanna uile príomhfheidhmeannaigh faoin Acht seo.

(6) Aon tagairtí san Acht seo do phríomhfheidhmeannach, folóidh siad príomhfheidhmeannach eatramhach, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt.

Fostaithe.

52. —(1) Féadfaidh comhlacht iomchuí, ó am go ham, faoi réir thoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis a cheapadh chun bheith ina bhfostaithe de chuid an chomhlachta sin.

(2) Féadfaidh comhlacht iomchuí, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis, aon cheann d'fheidhmeanna an chomhlachta iomchuí a bhaineann le fostaithe de chuid an chomhlachta sin a cheapadh, agus le nósanna imeachta roghnóireachta a chinneadh, a tharmligean chun an phríomhfheidhmeannaigh.

(3) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, déanfar fostaí de chuid comhlachta iomchuí a fhostú ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an comhlacht sin ó am go ham, faoi réir thoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(4) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo agus faoi réir fho-ailt (8) agus (9), íocfaidh comhlacht iomchuí lena fhostaithe cibé luach saothair, táillí, liúntais agus caiteachais a chinnfidh an comhlacht sin ó am go ham, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(5) Cinnfidh comhlacht iomchuí téarmaí agus coinníollacha aon scéime aoisliúntais dá fhostaithe (lena n-áirítear príomhfheidhmeannach) de réir an Tríú Sceideal agus beidh feidhm ag an Sceideal sin maidir le leasú ar scéim láithreach ar an gcaoi chéanna a bhfuil feidhm aige maidir le scéim nua.

(6) Faoi réir fho-alt (7), gach duine a bheidh, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo agus Chaibidil V de Chuid IV, ina fhostaí nó ina fostaí de Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais, tiocfaidh sé nó sí chun bheith, agus beidh sé nó sí, ar an tosach feidhme sin, ina fhostaí nó ina fostaí de Chomhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna.

(7) Faoi réir fho-alt (11), aon duine a bheidh, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo agus Chaibidil V de Chuid IV, ina fhostaí nó ina fostaí de Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais, féadfaidh sé nó sí, le hordú ón Aire, teacht chun bheith, agus a bheith, ina fhostaí nó ina fostaí den Údarás Cáilíochtaí nó de Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna.

(8) Aon duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, ina fhostaí nó ina fostaí den Fhoras, de CERT nó de Theagasc, féadfaidh sé nó sí, faoi réir chomhaontú an duine sin agus chomhaontú an Aire, ar an tosach feidhme sin nó ar cibé dáta is déanaí ná sin a chomhaontófar leis an Aire, teacht chun bheith, agus a bheith, ina fhostaí nó ina fostaí de chomhlacht iomchuí, agus na cearta agus na teidil maidir le seilbh, luach saothair, táillí, liúntais, caiteachais agus aoisliúntas a bheidh á dteachtadh ag an duine sin ar thosach feidhme na Coda seo, ní lú tairbhe iad, de bhua oibriú an Achta seo, ná na cearta agus na teidil sin a bhí á dteachtadh ag an duine sin díreach roimh an tosach feidhme sin.

(9) Chun amhras a sheachaint, na cearta agus na teidil maidir le seilbh, luach saothair, táillí, liúntais, caiteachais agus aoisliúntas a bheidh á dteachtadh, ar thosach feidhme na Coda seo agus Chaibidil V de Chuid IV, ag daoine is fostaithe de chomhlacht iomchuí agus, i gcás aoisliúntais, ag iarfhostaithe de Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais, ní lú tairbhe iad, de bhua oibriú an Achta seo, ná na cearta agus na teidil sin a bhí á dteachtadh ag na daoine sin mar fhostaithe, nó mar iarfhostaithe, de Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais, díreach roimh an tosach feidhme sin.

(10) Faoi réir fho-alt (11), féadfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí, agus déanfaidh sé nuair a ordóidh an tAire dó é, fostaí a thabhairt ar iasacht do Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna nó do Chomhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna, nó don dá cheann acu, de réir mar is cuí.

(11) Sula ndéanfaidh sé nó sí ordú faoi fho-alt (7) nó sula n-eiseoidh sé nó sí ordachán faoi fho-alt (10), cuirfidh an tAire in iúl, le fógra i scríbhinn, don duine nó don fhostaí agus d'aon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann go bhfuil ar intinn aige nó aici ordú den sórt sin a dhéanamh nó ordachán den sórt sin a eisiúint agus déarfar san fhógra go bhféadfaidh an duine nó an fostaí lena mbaineann uiríll a dhéanamh chuig an Aire, i ndáil leis an ordú nó leis an ordachán beartaithe, laistigh de cibé am a bheidh sonraithe san fhógra agus breithneoidh an tAire na huiríll sin (más ann).

(12) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gcomhlacht iomchuí lena mbaineann, oifigeach don Aire a thabhairt ar iasacht don chomhlacht sin mar fhostaí den chomhlacht sin, faoi réir thoiliú an oifigigh.

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa.

53. —(1) Más rud é, maidir le comhalta de chomhlacht iomchuí—

(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun bheith ina ionadaí nó ina hionadaí i bParlaimint na hEorpa,

(c) go measfar, de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun na Parlaiminte sin, nó

(d) go scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den aicme daoine, dá bhforáiltear in alt 6 , 1322, de réir mar a bheidh, lenar bhain sé nó sí an tráth ar tháinig sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin,

scoirfidh sé nó sí air sin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den chomhlacht iomchuí.

(2) Más rud é, maidir le fostaí de chomhlacht iomchuí—

(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun bheith ina ionadaí nó ina hionadaí i bParlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar, de bhun na Coda sin XIII, é nó í a bheith tofa chun na Parlaiminte sin,

beidh sé nó sí air sin ar iasacht ó fhostaíocht ag an gcomhlacht iomchuí agus ní íocfaidh an comhlacht iomchuí leis nó léi, nó ní bheidh sé nó sí i dteideal go bhfaighidh sé nó sí ón gcomhlacht iomchuí, aon luach saothair, táille, liúntais nó caiteachais i leith na tréimhse dar tosach an tráth a n-ainmneofar nó a dtoghfar é nó í amhlaidh, nó an tráth a measfar amhlaidh é nó í a bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh an duine sin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach nó den Pharlaimint sin.

(3) Ní dhéanfar aon tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a áireamh mar sheirbhís leis an gcomhlacht iomchuí lena mbaineann chun críocha aon sochair aoisliúntais.

(4) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas, suí sa Teach sin nó is ionadaí i bParlaimint na hEorpa, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de chomhlacht iomchuí nó chun bheith fostaithe in aon cháil ag comhlacht iomchuí.

Leasanna a nochtadh.

54. —(1) I gcás go mbeidh leas airgid nó leas tairbhiúil eile in aon ní, nó atá ábhartha i leith aon ní, a bheidh le breithniú ag comhlacht iomchuí nó ag coiste arna bhunú faoin Acht seo ag comhalta de chomhlacht iomchuí, ag fostaí de chomhlacht iomchuí, ag comhalta de choiste arna bhunú faoi alt 56 , nó ag sainchomhairleoir, comhairleoir nó duine eile a bheidh ar fostú ag comhlacht iomchuí—

(a) déanfaidh sé nó sí an cineál leasa atá aige nó aici a nochtadh don chomhlacht iomchuí nó don choiste, de réir mar a bheidh, sula ndéanfar aon bhreithniú ar an ní,

(b) ní dhéanfaidh sé nó sí tionchar a imirt, ná ní fhéachfaidh le tionchar a imirt, ar chinneadh i ndáil leis an ní,

(c) ní ghlacfaidh sé nó sí páirt ar bith in aon bhreithniú ar an ní,

(d) más comhalta den chomhlacht iomchuí, fostaí den chomhlacht iomchuí nó comhalta de choiste arna bhunú faoi alt 56 é nó í, tarraingeoidh sé nó sí siar ón gcruinniú fad a bheidh an ní á phlé nó á bhreithniú agus ní vótálfaidh sé nó sí, ná ní ghníomhóidh sé nó sí ar shlí eile mar chomhalta nó mar fhostaí den sórt sin i ndáil leis an ní.

(2) Chun críocha an ailt seo, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), measfar leas tairbhiúil a bheith ag duine más rud é—

(a) gur comhalta de chuideachta nó d'aon chomhlacht eile ag a bhfuil leas tairbhiúil i ní, nó leas tairbhiúil atá ábhartha i leith aon ní, dá dtagraítear san fho-alt sin é nó í nó aon duine dá theaghlach nó dá teaghlach, nó aon ainmnitheach dá chuid nó dá cuid nó de chuid aon duine dá theaghlach nó dá teaghlach,

(b) go bhfuil sé nó sí nó aon duine dá theaghlach nó dá teaghlach i gcomhpháirtíocht le duine nó ar fostú ag duine ag a bhfuil leas tairbhiúil i ní den sórt sin nó leas tairbhiúil atá ábhartha i leith ní den sórt sin,

(c) gur páirtí é nó í nó aon duine dá theaghlach nó dá teaghlach in aon socrú nó comhaontú (cibé acu infhorfheidhmithe nó nach ea) maidir le talamh lena mbaineann ní den sórt sin, nó

(d) go bhfuil leas tairbhiúil i ní den sórt sin, nó leas tairbhiúil atá ábhartha i leith ní den sórt sin, ag aon duine dá theaghlach nó dá teaghlach.

(3) Chun críocha an ailt seo ní mheasfar leas tairbhiúil in aon ní, nó leas atá ábhartha i leith aon ní, a bheith ag duine de bhíthin amháin go bhfuil leas aige nó aici nó ag aon chuideachta nó ag aon chomhlacht eile nó duine eile a luaitear i bhfo-alt (2) ar leas é atá chomh cianda nó chomh neamhthábhachtach sin nach féidir a mheas le réasún gur dóigh dó tionchar a imirt ar dhuine le linn dó nó di breithniú, plé nó vótáil a dhéanamh ar aon cheist maidir leis an ní, nó le linn dó nó di aon fheidhm a chomhlíonadh i ndáil leis an ní sin.

(4) I gcás go n-éireoidh ceist i dtaobh arbh ionann nó nárbh ionann iompar áirithe, dá ndéanfadh duine é, agus mainneachtain aige nó aici ceanglais fho-alt (1) a chomhlíonadh, is é an comhlacht iomchuí lena mbaineann nó coiste arna bhunú faoi alt 56 , de réir mar a bheidh, a chinnfidh an cheist agus déanfar sonraí an chinnidh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann.

(5) I gcás go ndéanfar nochtadh de bhun fho-alt (1) do chomhlacht iomchuí nó do choiste arna bhunú faoi alt 56 , déanfar sonraí an nochta a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann.

(6) I gcás go mainneoidh duine dá dtagraítear san alt seo nochtadh a dhéanamh de réir an ailt seo, cinnfidh an comhlacht iomchuí lena mbaineann nó coiste arna bhunú faoi alt 56 , de réir mar a bheidh, an beart cuí a bheidh le déanamh.

Faisnéis a nochtadh.

55. —(1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le dlí agus le fo-alt (3), ní nochtfaidh duine, gan toiliú an chomhlachta iomchuí lena mbaineann, faisnéis ar bith a gheobhaidh sé nó sí agus é nó í ag comhlíonadh dualgas (nó de thoradh dualgais a bheith comhlíonta aige nó aici)—

(a) mar chomhalta den chomhlacht sin,

(b) mar fhostaí den chomhlacht sin,

(c) mar chomhalta de choiste arna bhunú faoi alt 56 , nó

(d) mar chomhairleoir nó sainchomhairleoir don chomhlacht sin nó mar fhostaí den duine sin le linn dualgais a bhaineann leis an gcomhairle sin nó leis an tsainchomhairle sin a chomhlíonadh.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi.

(3) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) faisnéis i dtuarascáil a thabharfar do chomhlacht iomchuí nó a thabharfaidh comhlacht iomchuí, nó a thabharfar thar ceann comhlachta iomchuí, a nochtadh don Aire.

Coistí.

56. —(1) Féadfaidh comhlacht iomchuí coiste a bhunú arb iad a bheidh air, go hiomlán nó go páirteach, daoine atá ina gcomhaltaí nó ina bhfostaithe den chomhlacht sin—

(a) chun comhairle a thabhairt don chomlacht iomchuí lena mbaineann i dtaobh cibé nithe a chinnfidh an comhlacht sin ó am go ham, nó

(b) chun cibé feidhmeanna de chuid an chomhlachta sin a tharmligfear chun an choiste ó am go ham, lena n-áirítear cibé feidhmeanna a bhainfidh le gníomhaíocht áirithe gnó, oideachais nó oiliúna, a fheidhmiú.

(2) Beidh feidhmiú feidhmeanna ag coiste, ar feidhmeanna iad a bheidh tarmligthe chuige faoi fho-alt (1)(b), faoi réir a dhaingnithe ag an gcomhlacht iomchuí lena mbaineann mura gcinnfidh an comhlacht sin a mhalairt.

(3) Féadfaidh comhlacht iomchuí, aon tráth, coiste a bheidh bunaithe aige faoin alt seo a dhíscaoileadh nó comhalta de choiste a chur as an gcomhaltas sin.

(4) Féadfaidh coiste a bhunófar faoin alt seo a nósanna imeachta agus a ghnó a rialáil, le buanorduithe nó ar shlí eile.

(5) Féadfaidh comhlacht iomchuí duine a cheapadh chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar choiste a bhunófar faoin alt seo.

(6) Déanfar cibé liúntais nó caiteachais, más ann, a chinnfidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, a íoc le cathaoirleach agus comhaltaí coiste (seachas comhalta ex officio is fostaí de chomhlacht iomchuí) as cistí a bheidh faoina réir ag an gcomhlacht iomchuí lena mbaineann.

Cuntais.

57. —(1) Coimeádfaidh comhlacht iomchuí, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, na cuntais agus na taifid go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh an comhlacht iomchuí nó a chaithfidh sé.

(2) Déanfaidh comhlacht iomchuí cuntais a choimeádfar de bhun fho-alt (1) a chur, a mhéid a ordóidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste é, faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach bliain, faoi cibé dáta a chinnfidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ó am go ham, lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfaidh an comhlacht iomchuí cóip de na cuntais, mar aon le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais, a thíolacadh don Aire, agus i gcás Chomhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna agus Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, soláthróidh siad cóipeanna don Údarás Cáilíochtaí freisin.

(3) Cuirfidh comhlacht iomchuí faoi deara cóipeanna de na cuntais a sholáthrófar don Aire faoin alt seo, mar aon le cóipeanna de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais sin, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Pleananna.

58. —(1) Déanfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí, a luaithe is indéanta tar éis a bhunaithe agus cibé tráthanna eile is cuí leis, a cheangal ar phríomhfheidhmeannach an Údaráis Cáilíochtaí plean a ullmhú ina leagfar amach tograí an Údaráis Cáilíochtaí chun a fheidhmeanna a chomhall i rith na tréimhse, ar tréimhse í nach lú ná dhá bhliain, lena mbaineann an plean.

(2) Déanfaidh Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna agus Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, faoi cibé dáta a chinnfidh an tÚdarás Cáilíochtaí ó am go ham, a cheangal ar gach duine dá bpríomhfheidhmeannaigh plean a ullmhú ina leagfar amach tograí gach Comhairle acu sin chun a feidhmeanna a chomhall i rith na tréimhse, ar tréimhse í nach lú ná dhá bhliain, lena mbaineann an plean.

(3) Féadfaidh comhlacht iomchuí, ag féachaint do na hacmhainní a bheidh ar fáil dó, an plean a bheidh ullmhaithe faoi fho-alt (1)(2) a cheadú gan mhodhnú nó, tar éis dul i gcomhairle lena phríomhfheidhmeannach, an plean a cheadú faoi réir cibé modhnuithe is cuí leis.

(4) A luaithe is indéanta tar éis do Chomhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó do Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, de réir mar a bheidh, an plean a cheadú faoi fho-alt (3), soláthróidh an Chomhairle lena mbaineann cóip den phlean don Údarás Cáilíochtaí.

(5) Féadfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí, ag féachaint do na hacmhainní a bheidh ar fáil dó, plean a bheidh soláthraithe dó faoi fho-alt (4) a cheadú gan mhodhnú nó, tar éis dul i gcomhairle le Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó le Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, de réir mar a bheidh, an plean a cheadú faoi réir cibé modhnuithe is cuí leis an Údarás Cáilíochtaí.

(6) Déanfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí cóip den phlean lena mbaineann a sholáthar don Aire a luaithe is indéanta tar éis dó an plean sin a cheadú faoi fho-alt (3)(5).

Tuarascálacha.

59. —(1) Faoi réir fho-alt (2), ullmhóidh príomhfheidhmeannach comhlachta iomchuí, ag féachaint do phlean a bheidh ullmhaithe faoi alt 58 , tuarascáil i dtaobh oibríochtaí agus fheidhmíocht an chomhlachta iomchuí i rith na tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (2).

(2) Ullmhófar tuarascáil faoi fho-alt (1)

(a) i gcás na chéad tuarascála den sórt sin, ag deireadh na tréimhse dhá bhliain tar éis thosach feidhme na Coda seo, agus

(b) ina dhiaidh sin, ag deireadh na tréimhse dhá bhliain tar éis ullmhú na tuarascála roimhe sin.

(3) Foilseoidh comhlacht iomchuí tuarascáil faoi fho-alt (1) i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí leis.

(4) Déanfaidh comhlacht iomchuí cóip de thuarascáil faoi fho-alt (1) a sholáthar don Aire agus, i gcás Chomhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna agus Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, soláthróidh siad cóip don Údarás Cáilíochtaí.

(5) Cuirfidh an comhlacht iomchuí lena mbaineann faoi deara cóip de thuarascáil faoi fho-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is indéanta tar éis í a fhoilsiú.

(6) Faoi réir fho-alt (7), déanfaidh comhlacht iomchuí cibé faisnéis maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna a chinnfidh an tAire nó ceachtar Teach den Oireachtas, de réir mar a bheidh, ó am go ham a sholáthar don Aire nó do cheachtar Teach den Oireachtas.

(7) Déanfaidh Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna agus Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna cibé faisnéis maidir le comhlíonadh a bhfeidhmeanna a chinnfidh an tÚdarás Cáilíochtaí ó am go ham a sholáthar don Údarás Cáilíochtaí.

Bronntanais.

60. —(1) Féadfaidh comhlacht iomchuí glacadh le bronntanais airgid, talún nó maoine eile ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh comhlacht iomchuí le bronntanas más rud é go mbeadh na hiontaobhais nó na coinníollacha a chuir an deontóir ag gabháil leis ar neamhréir le cuspóirí nó le feidhmeanna an chomhlachta iomchuí.

Táillí.

61. —(1) Déanfaidh comhlacht iomchuí táillí a mhuirearú, a ghlacadh agus a ghnóthú, seachas ón Aire, i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna.

(2) Faoi réir fho-alt (3), déanfaidh an tAire, i gcomhairle leis an gcomhlacht iomchuí agus le comhthoiliú an Aire Airgeadais, leibhéal na dtáillí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chinneadh

(3) Féadfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí comhairle a thabhairt don Aire maidir le leibhéal na dtáillí dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

(4) Chun críocha an ailt seo, féadfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí leibhéal na dtáillí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a athbhreithniú ó am go ham.

Leasú ar alt 4 den Acht um Áiseanna Saothair, 1987 .

62. —Leasaítear leis seo alt 4 den Acht um Áiseanna Saothair, 1987 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Faoi réir Acht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint), 1999 , beidh ag an bhForas freisin, agus teachtfaidh sé, na feidhmeanna sin go léir a bhí dílsithe don Chomhairle, don Ghníomhaireacht agus don tSeirbhís Daonchumhachta díreach roimh an lá bunaithe agus nach bhfuil sonraithe i bhfo-alt (1).”.

Fógraí a sheirbheáil.

63. —(1) Faoi réir fho-alt (6), aon fhógra a cheanglaítear a sheirbheáil nó a thabhairt leis an Acht seo nó faoi, déanfar é a dhíriú chuig an duine lena mbaineann agus a sheirbheáil nó a thabhairt ar cheann de na slite seo a leanas—

(a) trína dhíriú chuig an duine faoina ainm nó faoina hainm agus trína sheachadadh air nó uirthi,

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine,

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuig an duine ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi,

(d) más rud é go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheáil fógraí tugtha ag an duine, trína fhágáil ag an seoladh sin nó trína chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha, agus é dírithe chuige nó chuici, chuig an seoladh sin, nó

(e) i gcás nach féidir an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine a fháil amach le fiosrú réasúnach agus go gceanglaítear fógra a sheirbheáil air nó uirthi, nó a thabhairt dó nó di, i leith aon áitribh, trína sheachadadh ar dhuine os cionn 16 bliana d'aois a bhfuil cónaí air nó uirthi san áitreabh nó atá fostaithe ar an áitreabh, nó trína ghreamú in áit fheiceálach ar an áitreabh nó gar dó.

(2) I gcás nach féidir ainm an duine lena mbaineann a fháil amach le fiosrú réasúnach, féadfar fógra faoin Acht seo a dhíriú chuig “an t-áititheoir”, “an t-úinéir” nó “an duine i gceannas”, de réir mar a bheidh.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar gnáthchónaí a bheith ar chuideachta arna clárú faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990, ag a hoifig chláraithe, agus measfar gnáthchónaí a bheith ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe ag a phríomhoifig nó ag a phríomháit ghnó.

(4) Ní dhéanfaidh duine, aon tráth, i rith na tréimhse trí mhí tar éis fógra a ghreamú faoi fho-alt (1) (e), an fógra a thabhairt chun siúil, a dhamáistiú nó a aghlot gan údarás dleathach agus beidh aon duine a sháróidh an fo-alt seo ciontach i gcion.

(5) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (4) dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi.

(6) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le fógra dá dtagraítear in alt 45 46 nó sa Chéad Sceideal.

Forálacha i ndáil le cionta.

64. —(1) I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú, le cúlcheadú nó le ceadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile don chomhlacht corpraithe, nó aon duine eile a bhí ag gníomhú nó a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

(2) D'ainneoin alt 10(4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de 12 mhí ó dháta an chiona.

Gan institiúid teicneolaíochta ná coláiste teicniúil réigiúnach a thabhairt de thuairisc ar sholáthraí.

65. —(1) Ach amháin i ndáil le soláthraí cláir oideachais agus oiliúna a bheidh bunaithe agus arb é sin an tuairisc a bheidh air roimh thosach feidhme na Coda seo (agus sa chás sin féadfar leanúint den tuairisc sin a thabhairt air), ní úsáidfidh duine, gan ceadú an Aire, na focail “institiúid teicneolaíochta” ná “coláiste teicniúil réigiúnach” mar thuairisc ar sholáthraí cláir oideachais agus oiliúna.

(2) Féadfaidh an tAire iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar urghaire chun srian a chur le haon duine úsáid a bhaint as na focail “institiúid teicneolaíochta” nó “coláiste teicniúil réigiúnach” de shárú ar fho-alt (1).

Cothromaíocht inscne.

66. —(1) I gcás gur mó ná duine amháin ach gur lú ná ceathrar an líon iomlán daoine a fhéadfaidh duine nó comhlacht a ainmniú faoi ailt 6, 13 agus 22, ainmneoidh an duine nó an comhlacht duine fireann amháin, ar a laghad, agus duine baineann amháin, ar a laghad.

(2) I gcás gur ceathrar nó níos mó an líon iomlán daoine a fhéadfaidh duine nó comhlacht a ainmniú faoi ailt 6, 13 agus 22, ainmneoidh an duine nó an comhlacht beirt duine fireanna, ar a laghad, agus beirt duine baineanna, ar a laghad.