An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VIII Forálacha Ginearálta) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL An Príomhfheidhmeannach)

26 1999

ACHT NA gCÁILÍOCHTAÍ (OIDEACHAS AGUS OILIÚINT), 1999

AN CHÉAD SCEIDEAL

Comhaltas agus Cruinnithe

Ailt 6, 13 agus 22 .

1. Sa Sceideal seo, ciallaíonn “comhlacht iomchuí” an tÚdarás Cáilíochtaí, Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, de réir mar a bheidh.

2. (1) A luaithe is indéanta tar éis a bhunaithe, soláthróidh comhlacht iomchuí séala dó féin agus coimeádfaidh sé ina sheilbh é.

(2) Déanfar séala comhlachta iomchuí a fhíordheimhniú le síniú chathaoirleach an chomhlachta iomchuí nó síniú comhalta den chomhlacht iomchuí, agus le síniú fostaí den chomhlacht sin, a bheidh údaraithe ag an gcomhlacht chun gníomhú chuige sin.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala comhlachta iomchuí agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartaíonn a bheith ina ionstraim a rinne comhlacht iomchuí agus a bheith séalaithe le séala comhlachta iomchuí (a airbheartaíonn a bheith fíordheimhnithe de réir fhomhír (2)) agus measfar gur ionstraim den sórt sin é gan chruthúnas, mura suífear a mhalairt.

3. (1) Féadfar comhalta de chomhlacht iomchuí (seachas an cathaoirleach nó comhalta ex officio) a chur as oifig, ar chúiseanna sonraithe, le rún ón gcomhlacht iomchuí.

(2) Féadfaidh comhalta de chomhlacht iomchuí (seachas an cathaoirleach nó comhalta ex officio), aon tráth, éirí as oifig mar chomhalta trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chathaoirleach agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an dáta a bhfaighidh an cathaoirleach an fógra.

(3) Aon chomhalta de chomhlacht iomchuí (seachas comhalta ex officio), lena n-áirítear an cathaoirleach, a bheidh as láthair ó gach cruinniú den chomhlacht iomchuí ar feadh tréimhse sé mhí as a chéile, mura rud é gur breoiteacht faoi deara é nó í a bheith as láthair nó gur cheadaigh an comhlacht sin dó nó di é, scoirfidh sé nó sí ag deireadh na tréimhse sin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den chomhlacht.

(4) Aon chomhalta de chomhlacht iomchuí (lena n-áirítear an cathaoirleach) a rachaidh a théarma nó a téarma oifige in éag trí imeacht aimsire, beidh sé nó sí in-athcheaptha ar an gcomhlacht iomchuí.

4. (1) Faoi réir an Sceidil seo, is é téarma oifige comhalta de chomhlacht iomchuí (seachas comhalta ex officio), lena n-áirítear an cathaoirleach, cúig bliana ó dháta a cheaptha nó a ceaptha.

(2) Faoi réir fhomhír (3), ní fhónfaidh comhalta de chomhlacht iomchuí (seachas comhalta ex officio) níos mó ná dhá théarma oifige ar an gcomhlacht sin.

(3) Ní dhéanfar aon téarma oifige mar chathaoirleach ar an gcomhlacht iomchuí a áireamh sna téarmaí oifige dá dtagraítear i bhfomhír (2).

5. (1) I gcás comhalta de chomhlacht iomchuí, seachas an cathaoirleach, d'fháil bháis, d'éirí as, a chur as oifig nó do scor d'oifig a shealbhú ar aon chúis eile, déanfaidh an comhlacht iomchuí socrú chun an corrfholúntas a tharla amhlaidh a líonadh a luaithe is indéanta.

(2) Aon duine a thiocfaidh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de chomhlacht iomchuí de bhun na míre seo, beidh sé nó sí, faoi réir an Sceidil seo, i seilbh oifige ar feadh a mbeidh fágtha de théarma oifige an chomhalta ar tharla an corrfholúntas de bharr é nó í d'fháil bháis, d'éirí as, a chur as oifig nó do scor d'oifig a shealbhú ar chúiseanna eile agus beidh sé nó sí, faoi réir mhír 3(4), inathcheaptha mar chomhalta den chomhlacht ar dhul in éag don tréimhse sin.

6. (1) Beidh cathaoirleach ag gach comhlacht iomchuí, mar a fhoráiltear in alt 49 .

(2) Féadfaidh an cathaoirleach, aon tráth, éirí as oifig mar chathaoirleach trí fhógra i scríbhinn, a gcuirfear cóip de chuig an gcomhlacht iomchuí, a thabhairt don Aire, agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an dáta a bhfaighidh an tAire an fógra.

7. I gcás go scoirfidh duine d'oifig an chathaoirligh a shealbhú, scoirfidh sé nó sí, an tráth céanna, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den chomhlacht iomchuí lena mbaineann.

8. Ní shealbhóidh cathaoirleach comhlachta iomchuí oifig chathaoirleach an chomhlachta sin ar feadh níos mó ná dhá théarma oifige.

9. (1) Déanfaidh gach comhlacht iomchuí, ó am go ham de réir mar is gá sa chás, comhalta (seachas an príomhfheidhmeannach) a cheapadh as measc a chomhaltaí chun bheith ina leaschathaoirleach air.

(2) Beidh an leaschathaoirleach i seilbh oifige go dtí go scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de chomhlacht iomchuí, mura túisce a éireoidh sé nó sí as mar leaschathaoirleach.

10. Déanfar cibé liúntais nó caiteachais, más ann, a chinnfidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, a íoc le cathaoirleach agus le comhaltaí comhlachta iomchuí (seachas comhalta ex officio is fostaí den chomhlacht iomchuí) as cistí a bheidh faoina réir ag an gcomhlacht sin.

11. (1) Tionólfaidh gach comhlacht iomchuí ceithre chruinniú, ar a laghad, in aon tréimhse 12 mhí, agus cibé cruinnithe eile agus cibé méid cruinnithe eile, agus sin ag cibé tráthanna, a chinnfidh an cathaoirleach.

(2) Comórfaidh cathaoirleach comhlachta iomchuí cruinniú den chomhlacht iomchuí aon uair a iarrfaidh líon comhaltaí, nach lú ná an líon is córam, air nó uirthi déanamh amhlaidh.

(3) Is é is córam do chruinniú de chomhlacht iomchuí trian de líon iomlán na gcomhaltaí, arna chothromú suas go dtí an chéad slánuimhir eile, móide a haon.

12. Ag cruinniú de chomhlacht iomchuí—

(a) beidh an cathaoirleach, má bhíonn sé nó sí i láthair, ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, nó

(b) mura mbeidh agus fad nach mbeidh an cathaoirleach i láthair nó má bhíonn agus fad a bheidh oifig an chathaoirligh folamh, beidh an leaschathaoirleach, má bhíonn sé nó sí i láthair, ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, nó

(c) mura mbeidh agus fad nach mbeidh an cathaoirleach i láthair nó má bhíonn agus fad a bheidh oifig an chathaoirligh folamh, agus mura mbeidh agus fad nach mbeidh an leaschathaoirleach i láthair nó má bhíonn agus fad a bheidh oifig an leaschathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí den chomhlacht iomchuí a bheidh i láthair duine dá líon a roghnú chun bheith i gceannas ag an gcruinniú.

13. Déanfar gach ceist ag cruinniú de chomhlacht iomchuí a chinneadh le comhthoil, ach i gcás gurb é tuairim an chathaoirligh nó an duine eile a bheidh i gceannas nach féidir teacht ar chomhthoil, cinnfear an cheist le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair, lena n-áirítear an cathaoirleach, agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás na vótaí a bheith roinnte go cothrom, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag an gcathaoirleach nó ag an duine eile a bheidh i gceannas.

14. Faoi réir mhír 11(3), féadfaidh comhlacht iomchuí gníomhú d'ainneoin folúntais nó folúntas i measc a chomhaltaí nó d'ainneoin aon easnaimh maidir le ceapadh comhalta a aimseofar ina dhiaidh sin.

15. Faoi réir an Achta seo, féadfaidh comhlacht iomchuí, ó am go ham, cibé rialacha a dhéanamh is cuí leis le haghaidh nósanna imeachta agus ghnó an chomhlachta iomchuí.