An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA gCÁILÍOCHTAÍ (OIDEACHAS AGUS OILIÚINT), 1999) Ar Aghaidh (CUID II Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann)

26 1999

ACHT NA gCÁILÍOCHTAÍ (OIDEACHAS AGUS OILIÚINT), 1999

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, tosach feidhme, comhlua agus forléiriú.

1. —(1) Féadfar Acht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint), 1999 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.

(3) (a) Déanfar Caibidil IV de Chuid IV agus, a mhéid a bhaineann siad leis an gCaibidil sin, an t-alt seo agus alt 2 a fhorléiriú i dteannta Achtanna na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha, 1992 go 1999, mar aon ní amháin, agus folófar iad sa chomhlua “Achtanna na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha, 1992 go 1999”.

(b) Féadfar na hAchtanna um Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, 1992 go 1999, a ghairm de na hAchtanna um Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, 1992 agus 1994, de Chuid V agus, a mhéid a bhaineann siad leis an gCuid sin, den alt seo agus d'alt 2, le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

(c) Féadfar Achtanna na nOllscoileanna, 1997 agus 1999, a ghairm d'Acht na nOllscoileanna, 1997, de Chuid VI agus, a mhéid a bhaineann siad leis an gCuid sin, den alt seo agus d'alt 2, le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

(d) Féadfar na hAchtanna um Áiseanna Saothair, 1987 agus 1999, a ghairm den Acht um Áiseanna Saothair, 1987 , d'alt 62 agus, a mhéid a bhaineann siad leis an alt sin, den alt seo agus d'alt 2, le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “rochtain” an próiseas trína bhféadfaidh foghlaimeoirí clár oideachais agus oiliúna a thosú tar éis dóibh aitheantas a fháil d'eolas, do scil nó d'inniúlacht a bheidh bainte amach;

ciallaíonn “Acht 1992” Acht na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha, 1992 ;

ciallaíonn “Acht 1997” Acht na nOllscoileanna, 1997;

ciallaíonn “dámhachtain” dámhachtain a bhronnann, a dheonaíonn nó a thugann comhlacht dámhachtana agus lena dtaifeadtar go bhfuil caighdeán eolais, scile nó inniúlachta bainte amach ag foghlaimeoir, agus folóidh tagairtí san Acht seo do “dámhachtain” tagairtí do “dámhachtain bhreisoideachais agus oiliúna” nó do “dámhachtain ardoideachais agus oiliúna”;

ciallaíonn “comhlacht dámhachtana” comhlacht a dhéanann damhachtainí;

ciallaíonn “CERT” an chuideachta dar teideal “CERT, an Ghníomhaireacht Oiliúna Turasóireachta Stáit”, a corpraíodh ar an 7ú lá de Shamhain, 1963;

ciallaíonn “cairt” cairt de chuid forais aitheanta dá dtagraítear in alt 31 ;

ciallaíonn “príomhfheidhmeannach” príomhfheidhmeannach Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann, príomhfheidhmeannach Chomhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó príomhfheidhmeannach Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, de réir mar a bheidh, a cheapfar faoi alt 50 , agus folaíonn sé duine a bheidh ag gníomhú san oifig sin nó ag comhlíonadh dualgas príomhfheidhmeannaigh i gcás go mbeidh sé nó sí údaraithe go cuí déanamh amhlaidh;

ciallaíonn “ráta críochnúcháin” an líon foghlaimeoirí a chríochnaíonn clár oideachais agus oiliúna arna shloinneadh mar chéatadán den líon foghlaimeoirí a thosaigh an clár lena mbaineann;

ciallaíonn “fostaí”, i ndáil le hÚdarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann, Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, de réir mar a bheidh, duine a bheidh fostaithe ag aon cheann acu in aon cháil, agus folaíonn sé oifigeach d'aon cheann acu;

ciallaíonn “an Foras” an Foras Áiseanna Saothair;

tá le “creat cáilíochtaí” an bhrí a shanntar dó le halt 7;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairt do chomhlíonadh feidhmeanna, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairt d'fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhall na ndualgas;

ciallaíonn “breisoideachas agus oiliúint” oideachas agus oiliúint, seachas bunoideachas nó iar-bhunoideachas nó ardoideachas agus oiliúint, a gcinneann Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann faoi alt 10 gur breisoideachas agus oiliúint é;

ciallaíonn “Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna” an comhlacht a bhunaítear faoi alt 12 ;

ciallaíonn “ardoideachas agus oiliúint” oideachas agus oiliúint, seachas bunoideachas nó iar-bhunoideachas nó breisoideachas agus oiliúint, a gcinneann Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann faoi alt 10 gur ardoideachas agus oiliúint é;

ciallaíonn “Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna” an comhlacht a bhunaítear faoi alt 21 ;

ciallaíonn “príomhfheidhmeannach eatramhach” duine a cheapfaidh an tAire chun bheith ina phríomhfheidhmeannach eatramhach nó ina príomhfheidhmeannach eatramhach ar chomhlacht iomchuí faoi alt 51 ;

ciallaíonn “foghlaimeoir” duine a bhfuil eolas, scil nó inniúlacht á bhaint amach nó á baint amach nó bainte amach aige nó aici;

ciallaíonn “Aire” an tAire Oideachais agus Eolaíochta;

ciallaíonn “Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Gairmoideachais” an comhlacht ad hoc faoin ainm sin arna bhunú ag an Aire;

ciallaíonn “Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann” an comhlacht a bhunaítear faoi alt 5 ;

ciallaíonn “an Bord Náisiúnta Deimhniúcháin Turasóireachta” an comhlacht arna bhunú ag CERT agus ag an Aire chun dámhachtainí a dhéanamh maidir le cláir oideachais agus oiliúna a bhaineann le turasóireacht;

folaíonn “oifigeach”, i ndáil le hÚdarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann, Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, de réir mar a bheidh—

(a) an príomhfheidhmeannach,

(b) duine is oifigeach do Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais díreach roimh thosach feidhme Chaibidil V de Chuid IV, agus

(c) cibé fostaithe eile a chinnfidh Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann, Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, de réir mar a bheidh, ó am go ham;

ciallaíonn “clár oideachais agus oiliúna” aon phróiseas trína bhféadfaidh foghlaimeoirí eolas, scil nó inniúlacht a bhaint amach agus folaíonn sé cúrsaí staidéir nó teagaisc, printíseachtaí, oiliúint agus fostaíocht agus forléireofar tagairtí do “clár” dá réir sin;

ciallaíonn “forchéimniú” an próiseas trína bhféadfaidh foghlaimeoirí aistriú ó chlár oideachais agus oiliúna amháin go dtí clár eile nuair atá gach clár ar chaighdeán níos airde ná an clár roimhe;

ciallaíonn “soláthraí cláir oideachais agus oiliúna” duine nó comhlacht a dhéanann clár oideachais agus oiliúna a sholáthar, a eagrú nó a thabhairt i gcrích agus forléireofar tagairtí do “soláthraí” dá réir sin;

ciallaíonn “forais aitheanta” na forais a shonraítear in alt 24 ;

ciallaíonn “riachtanais speisialta oideachais agus oiliúna” riachtanais oideachais agus oiliúna foghlaimeoirí atá faoi mhíchumas;

ciallaíonn “Teagasc” Teagasc—an tÚdarás Forbartha Talmhaíochta agus Bia;

ciallaíonn “aistriú” an próiseas trína bhféadfaidh foghlaimeoirí aistriú ó chlár oideachais agus oiliúna amháin go dtí clár eile tar éis dóibh aitheantas a fháil d'eolas, do scil nó d'inniúlacht a bheidh bainte amach;

ciallaíonn “an tÚdarás” an tÚdarás um Ard-Oideachas;

ciallaíonn “ollscoil” ollscoil a shonraítear i míreanna (a) go (d) d'alt 4(1) d'Acht na nOllscoileanna, 1997;

ciallaíonn “bailíochtú” an próiseas trína ndeimhneoidh comhlacht dámhachtana dó féin go bhféadfaidh foghlaimeoir eolas, scil nó inniúlacht a bhaint amach chun críche dámhachtana arna déanamh ag an gcomhlacht dámhachtana agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “coiste gairmoideachais” coiste arna bhunú faoi alt 7 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 .

(2) San Acht seo—

(a) aon tagairt d'alt, do Chaibidil nó do Chuid, is tagairt í d'alt, do Chaibidil nó do Chuid den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír, is tagairt í d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe,

(c) aon tagairt do Sceideal, is tagairt í do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus

(d) ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar aon tagairt d'aon achtachán eile a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

Caiteachais.

3. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Cuspóirí an Achta.

4. —(1) Is iad seo a leanas cuspóirí an Achta seo:

(a) caighdeáin eolais, scile nó inniúlachta a bhunú agus a fhorbairt;

(b) cáilíocht an bhreisoideachais agus na hoiliúna agus an ardoideachais agus na hoiliúna a chur chun cinn;

(c) córas a sholáthar chun dámhachtainí oideachais agus oiliúna a chomheagrú agus a chur i gcomparáid;

(d) nósanna imeachta le haghaidh aistriú agus forchéimniú a chur chun cinn agus a chothabháil;

(e) foghlaim ar feadh an tsaoil a éascú trí rochtain agus deiseanna a chur chun cinn do gach foghlaimeoir, lena n-áirítear foghlaimeoirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais agus oiliúna acu;

(f) aitheantas d'eolas, do scil nó d'inniúlacht a bheidh bainte amach trí thaighde, trí oideachas aosach agus leanúnach agus trí oiliúint agus fostaíocht, a chur chun cinn;

(g) cuidiú le réadú beartas náisiúnta agus cuspóirí náisiúnta oideachais agus oiliúna agus, go háirithe, le freastal do na riachtanais oideachais agus oiliúna atá ag an earnáil tionscail, lena n-áirítear talmhaíocht, gnó, turasóireacht, trádáil, na gairmeacha agus an tseirbhís phoiblí;

(h) comhoibriú a chur chun cinn idir soláthraithe clár oideachais agus oiliúna agus an earnáil tionscail, lena n-áirítear talmhaíocht, gnó, turasóireacht, trádáil, na gairmeacha agus an tseirbhís phoiblí;

(i) aitheantas lasmuigh den Stát do dhámhachtainí arna ndéanamh ag comhlachtaí sa Stát, agus aitheantas sa Stát do dhámhachtainí arna ndéanamh ag comhlachtaí lasmuigh den Stát, a chur chun cinn;

(j) ag féachaint do thraidisiúin soláthraithe oideachais agus oiliúna, éagsúlacht in oideachas agus in oiliúint a chur chun cinn idir breisoideachas agus oiliúint agus ardoideachas agus oiliúint agus laistigh de gach aon cheann acu sin; agus

(k) cuidiú le réadú beartas agus cuspóirí náisiúnta i ndáil le leathadh an dátheangachais i sochaí na hÉireann agus, go háirithe, go mbainfí úsáid níos mó as an nGaeilge, agus cuidiú le cultúir shainiúla na hÉireann a chur chun cinn.

(2) Déanfaidh gach comhlacht agus duine a mbeidh baint aige nó aici leis an Acht seo a chur i ngníomh, le linn dóibh a bhfeidhmeanna faoin Acht seo a fheidhmiú, aird a thabhairt ar na cuspóirí a shonraítear i bhfo-alt (1).