|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Údarás a Tharmligean) | Ar Aghaidh (Caibidil II Údarás a Tharmligean) |
ACHT NA gCÁILÍOCHTAÍ (OIDEACHAS AGUS OILIÚINT), 1999
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna | |
[EN] |
Caibidil I An Chomhairle: Forálacha Ginearálta | |
[EN] |
Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna a bhunú. |
21. —(1) Beidh comhlacht arna bhunú ar a dtabharfar Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna nó, sa Bhéarla, the Higher Education and Training Awards Council (dá ngairtear “an Chomhairle” sa Chuid seo) chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo nó faoi a chomhlíonadh. |
[EN] | (2) Beidh an Chomhairle ina comhlacht corpraithe le comharbas suthain agus séala oifigiúil agus beidh cumhacht agartha aici agus féadfar í a agairt ina hainm corpraithe agus, le toiliú an Aire, beidh cumhacht aici talamh nó leas i dtalamh a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus aon mhaoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt. | |
[EN] | (3) Measfar gur dámhachtain a rinne an Chomhairle aon dámhachtain ardoideachais agus oiliúna ó Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais, ó Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Gairmoideachais, ón bhForas, ón mBord Náisiúnta Deimhniúcháin Turasóireachta nó ó Theagasc a rinneadh roimh thosach feidhme na Coda seo. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an Chomhairle, go ceann tréimhse cúig bliana ó thosach feidhme na Coda seo, dámhachtainí breisoideachais agus oiliúna a dhéanamh nó a aithint i gcás gur deimhin léi— | |
[EN] | (a) go raibh, roimh thosach feidhme na Coda seo, nó | |
[EN] | (b) go mbeadh, murach tosach feidhme na Coda seo, | |
[EN] | an clár oideachais agus oiliúna lena mbaineann bailíochtaithe ag Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais, ag Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Gairmoideachais, ag an bhForas, ag an mBord Náisiúnta Deimhniúcháin Turasóireachta nó ag Teagasc chun dámhachtainí ardoideachais agus oiliúna a dhéanamh nó a aithint. | |
[EN] |
Comhaltas na Comhairle. |
22. —(1) 15 chomhalta a bheidh ar an gComhairle. |
[EN] | (2) Is iad seo a leanas comhaltaí na Comhairle— | |
[EN] | (a) cathaoirleach na Comhairle, | |
[EN] | (b) príomhfheidhmeannach na Comhairle, | |
[EN] | (c) príomhfheidhmeannach Chomhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, | |
[EN] | (d) beirt a bheidh ainmnithe ag an Aire, ar duine atá, i dtuairim an Aire, ionadaitheach do sholáthraithe oideachais agus oiliúna, seachas forais aitheanta, duine amháin acu, | |
[EN] | (e) duine amháin a bheidh ainmnithe ag an Aire Fiontar, Tradála agus Fostaíochta, | |
[EN] | (f) triúr a bheidh ainmnithe ag forais aitheanta, | |
[EN] | (g) duine amháin atá, i dtuairim an Aire, ionadaitheach d'fhoghlaimeoirí i bhforais aitheanta, | |
[EN] | (h) duine amháin atá, i dtuairim an Aire, ionadaitheach d'fhostaithe de chuid foras aitheanta, | |
[EN] | (i) duine amháin a bheidh ainmnithe ag Cónaidhm Ghnó agus Fostóirí na hÉireann, | |
[EN] | (j) duine amháin a bheidh ainmnithe ag Comhar Ceardchumann na hÉireann, agus | |
[EN] | (k) beirt a ainmneofar de réir fho-alt (3). | |
[EN] | (3) Faoi réir fho-alt (1), déanfaidh an Chomhairle beirt ag a bhfuil eolas agus taithí speisialta a bhaineann le feidhmeanna na Comhairle a ainmniú ina gcomhaltaí, agus is duine ag a bhfuil taithí idirnáisiúnta iomchuí a bhaineann leis na feidhmeanna sin a bheidh i nduine amháin ar a laghad acu sin. | |
[EN] | (4) Beidh feidhm ag an gCéad Sceideal maidir leis an gComhairle. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha ainmniúchán a bheidh le déanamh faoi fho-alt (2) nó (3). | |
[EN] | (6) I gcás go ndéanfar ainmniúchán faoi fho-alt (2) nó (3), tabharfar aird ar a inmhianaithe atá sé cothromaíocht chuí inscne a bheith ann agus i gcás níos mó ná ainmniúchán amháin a bheith ag duine nó ag comhlacht faoin alt seo, ainmneoidh an duine nó an comhlacht duine fireann amháin, ar a laghad, agus duine baineann amháin, ar a laghad. | |
[EN] |
Feidhmeanna na Comhairle. |
23. —(1) Is iad seo a leanas feidhmeanna na Comhairle: |
[EN] | (a) beartais agus critéir a bhunú agus a fhoilsiú, i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí léi— | |
[EN] | (i) maidir le dámhachtainí ardoideachais agus oiliúna a dhéanamh, agus | |
[EN] | (ii) maidir le cláir ardoideachais agus oiliúna a bhailíochtú, | |
[EN] | agus na beartais agus na critéir sin a athbhreithniú uair amháin ar a laghad gach cúig bliana; | |
[EN] | (b) caighdeáin eolais, scile nó inniúlachta a chinneadh, ar caighdeáin iad a bheidh le baint amach ag foghlaimeoirí— | |
[EN] | (i) sula bhféadfaidh an Chomhairle, nó foras aitheanta a bhfuil údarás chun dámhachtainí a dhéanamh tarmligthe chuige faoi alt 29 , dámhachtain ardoideachais agus oiliúna a dhéanamh, nó | |
[EN] | (ii) a iarrfaidh ar an gComhairle aitheantas a thabhairt do dhámhachtain a bheidh déanta ag comhlacht seachas an Chomhairle nó foras aitheanta a bhfuil údarás chun dámhachtainí a dhéanamh tarmligthe chuige faoi alt 29 ; | |
[EN] | (c) dámhachtainí ardoideachais agus oiliúna a dhéanamh nó a aithint, ar dámhachtainí iad a bheidh tugtha nó le tabhairt do dhaoine a dhéanfaidh iarratas ar na dámhachtainí sin agus a mbeidh, i dtuairim na Comhairle, an caighdeán arna chinneadh ag an gComhairle faoi mhír (b) bainte amach acu; | |
[EN] | (d) faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht clár oideachais agus oiliúna a ndéantar nó a n-aithnítear dámhachtainí ina leith faoi mhír (c); | |
[EN] | (e) a chinntiú go ndéanfaidh— | |
[EN] | (i) soláthraithe clár oideachais agus oiliúna a ndéantar a gcláir a bhailíochtú faoi alt 25 , agus | |
[EN] | (ii) forais aitheanta a bhfuil údarás chun dámhachtainí a dhéanamh tarmligthe chucu faoi alt 29 , | |
[EN] | nósanna imeachta a bhunú chun foghlaimeoirí a mheasúnú, ar nósanna imeachta iad a bheidh cóir agus i gcomhréir lena chéile agus é mar chuspóir leo caighdeáin arna gcinneadh ag an gComhairle faoi mhír (b) a chomhlíonadh; | |
[EN] | (f) dámhachtainí ardoideachais agus oiliúna na Comhairle a chur chun cinn; | |
[EN] | (g) a éascú don Údarás Cáilíochtaí agus cabhrú leis a fheidhmeanna a chomhall; | |
[EN] | (h) dul i gcomhairle leis an Aire nó le haon Aire eile, de réir mar a bheidh, agus comhairle a thabhairt dó nó di, maidir le cibé nithe i ndáil lena feidhmeanna a iarrfaidh an tAire nó aon Aire eile nó is cuí leis an gComhairle, agus eolas a thabhairt don Údarás Cáilíochtaí i dtaobh aon chomhchomhairle agus comhairle den sórt sin, agus | |
[EN] | (i) na gníomhartha nó na nithe sin go léir a dhéanamh is gá nó is fóirsteanach chun a feidhmeanna a fheidhmiú. | |
[EN] | (2) Déanfaidh an Chomhairle, le linn di a feidhmeanna a chomhlíonadh, an méid seo a leanas— | |
[EN] | (a) rachaidh sí i gcomhairle, de réir mar is cuí léi, le soláthraithe ardoideachais agus oiliúna nó le daoine nó comhlachtaí eile, | |
[EN] | (b) tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás Cáilíochtaí, cuirfidh sí í féin ar an eolas i dtaobh cleachtas lasmuigh den Stát maidir le nithe is iomchuí i leith a feidhmeanna, | |
[EN] | (c) tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás Cáilíochtaí, cuirfidh sí í féin ar an eolas i dtaobh na riachtanas oideachais, oiliúna, scileanna agus cáilíochtaí atá ag an earnáil tionscail, lena n-áirítear talmhaíocht, gnó, turasóireacht, trádáil, na gairmeacha agus an tseirbhís phoiblí, lena n-áirítear an leibhéal eolais, scileanna nó inniúlachta a bheidh le baint amach ag foghlaimeoirí, agus déanfaidh sí cleachtais a fhreastalaíonn do na riachtanais sin a chur chun cinn in ardoideachas agus oiliúint, agus | |
[EN] | (d) cinnteoidh sí go ndéanfaidh— | |
[EN] | (i) soláthraithe clár oideachais agus oiliúna a ndéantar a gcláir a bhailíochtú faoi alt 25 , agus | |
[EN] | (ii) forais aitheanta a bhfuil údarás chun dámhachtainí a dhéanamh tarmligthe chucu faoi alt 29 , | |
[EN] | nósanna imeachta le haghaidh rochtana, aistriú agus forchéimniú arna gcinneadh ag an Údarás Cáilíochtaí faoi alt 8 (2)(d) a chur i ngníomh. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Chomhairle a iarraidh— | |
[EN] | (a) ar sholáthraí clár oideachais agus oiliúna a ndéantar a chláir a bhailíochtú faoi alt 25 , nó | |
[EN] | (b) ar fhoras aitheanta a bhfuil údarás chun dámhachtainí a dhéanamh tarmligthe chuige faoi alt 29 , | |
cabhrú leis an gComhairle teacht ar thuairim i dtaobh an bhfuil an caighdeán arna chinneadh ag an gComhairle faoi mhír (b) d'fho-alt (1), arb é an caighdeán é chun dámhachtain ardoideachais agus oiliúna a dhéanamh nó a aithint faoi mhír (c) den fho-alt sin, bainte amach ag duine. | ||
[EN] |
Forais aitheanta na Comhairle. |
24. —(1) Is iad forais aitheanta na Comhairle— |
[EN] | (a) na forais a bunaíodh le halt 3 d'Acht 1992 nó faoin alt sin, agus | |
[EN] | (b) aon fhoras eile a ainmnítear mar fhoras aitheanta de chuid na Comhairle faoi fho-alt (2). | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dul i gcomhairle le forais aitheanta agus faoi réir chomhaontú an fhorais oideachais nó oiliúna lena mbaineann, foras oideachais nó oiliúna a bheidh arna bhunú— | |
[EN] | (a) le hAcht den Oireachtas nó faoi, nó | |
[EN] | (b) ag Aire nó ag an Rialtas, | |
[EN] | a ainmniú mar fhoras aitheanta de chuid na Comhairle. | |
[EN] |
An Chomhairle do bhailíochtú clár. |
25. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), féadfaidh soláthraí cláir oideachais agus oiliúna iarratas a dhéanamh chuig an gComhairle go ndéanfaí an clár sin a bhailíochtú. |
[EN] | (2) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus fho-alt (3), déanfaidh forais aitheanta, an Foras, CERT, Teagasc agus an Bord Iascaigh Mhara iarratas chuig an gComhairle faoi fho-alt (1) go ndéanfadh an Chomhairle na cláir ardoideachais agus oiliúna go léir a sholáthraíonn siad, a eagraíonn siad nó a thugann siad i gcrích a bhailíochtú. | |
[EN] | (b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) maidir le clár ardoideachais agus oiliúna a bhfuil údarás chun dámhachtain a dhéanamh ina leith tarmligthe chuig foras aitheanta faoi alt 29 . | |
[EN] | (c) Más rud é go mbeidh foras aitheanta tar éis comhshocraíochtaí a dhéanamh faoi alt 5(1)(b) d'Acht 1992, ní bheidh feidhm ag mír (a), ach sin faoi réir chomhaontú na Comhairle agus an Údaráis Cáilíochtaí, maidir le clár ardoideachais agus oiliúna a sholáthraíonn an foras aitheanta sin go ceann cibé tréimhse, nach faide ná cúig bliana ó thosach feidhme na Coda seo, a chinnfidh an Chomhairle le comhaontú an Údaráis Cáilíochtaí. | |
[EN] | (3) I gcás go ndéanfaidh soláthraí (“an chéad soláthraí a luaitear”) clár ardoideachais agus oiliúna a eagrú nó a thabhairt i gcrích, go hiomlán nó go páirteach, agus gur soláthraí eile (“an dara soláthraí a luaitear”) a dhéanfaidh an clár sin a sholáthar, go hiomlán nó go páirteach, rachaidh an chéad soláthraí a luaitear i gcomhairle leis an dara soláthraí a luaitear sula ndéanfaidh sé iarratas ar bhailíochtú faoi fho-alt (1) nó (2). | |
[EN] | (4) Féadfaidh an Chomhairle, ar iarratas faoi fho-alt (1) nó (2) a fháil— | |
[EN] | (a) clár oideachais agus oiliúna a bhailíochtú, faoi réir cibé coinníollacha is cuí léi, i gcás gur deimhin léi go bhfreagraíonn an clár lena mbaineann do na critéir arna gcinneadh ag an gComhairle faoi mhír (a)(ii) d'alt 23(1), nó | |
[EN] | (b) bailíochtú a dhiúltú. | |
[EN] | (5) Maidir leis na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(a), áireofar orthu, ach ní gá gurb é amháin a bheidh i gceist iontu, coinníollacha a cheanglóidh ar an soláthraí lena mbaineann— | |
[EN] | (a) comhoibriú agus cabhrú leis an gComhairle, agus leis an Údarás Cáilíochtaí i gcás gur cuí sin, le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, | |
[EN] | (b) na nósanna imeachta dá dtagraítear in alt 23 (1)(e) a bhunú, | |
[EN] | (c) na nósanna imeachta dá dtagraítear in alt 23 (2)(d) a chur i ngníomh, agus | |
[EN] | (d) cibé faisnéis a éileoidh an Chomhairle ó am go ham d'fhonn feidhmeanna na Comhairle a chomhlíonadh, lena n-áirítear faisnéis maidir le rátaí críochnúcháin, a sholáthar. | |
[EN] |
Bailíochtú a tharraingt siar. |
26. —(1) Féadfaidh an Chomhairle, aon tráth, athbhreithniú a dhéanamh ar chlár oideachais agus oiliúna arna bhailíochtú faoi alt 25 . |
[EN] | (2) Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi fho-alt (1), i gcás gurb é tuairim na Comhairle— | |
[EN] | (a) maidir le clár oideachais agus oiliúna arna bhailíochtú faoi alt 25 , nach bhfreagraíonn sé a thuilleadh do na critéir arna gcinneadh ag an gComhairle faoi mhír (a)(ii) d'alt 23(1), nó | |
[EN] | (b) nach bhfuil na coinníollacha a bheidh sonraithe ag an gComhairle faoi mhír (a) d'alt 25(4) á gcomhlíonadh, nó | |
[EN] | (c) go bhfuil forais réasúnacha eile ann chun a bailíochtú a tharraingt siar, | |
[EN] | déanfaidh an Chomhairle, le fógra i scríbhinn, a tuairim agus na fáthanna atá leis an tuairim sin a chur in iúl do sholáthraí an chláir lena mbaineann agus déarfar san fhógra go bhféadfaidh an soláthraí uiríll a dhéanamh chuig an gComhairle i ndáil leis an tuairim sin tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis don soláthraí an fógra a fháil. | |
[EN] | (3) Más rud é, tar éis mí amháin a bheith caite ó sheirbheáil an fhógra dá dtagraítear i bhfo-alt (2) agus tar éis aon uiríll a bheidh déanta chuig an gComhairle a bhreithniú, gurb é sin tuairim na Comhairle i gcónaí, féadfaidh sí a bailíochtú i leith an chláir lena mbaineann a tharraingt siar, le fógra i scríbhinn a bheidh dírithe chuig an soláthraí, ó cibé dáta is cuí léi agus ag féachaint do leasanna na bhfoghlaimeoirí lena mbaineann agus go dtí gur deimhin léi— | |
[EN] | (a) go bhfreagraíonn an clár lena mbaineann do na critéir arna gcinneadh ag an gComhairle faoi mhír (a)(ii) d'alt 23(1), nó | |
[EN] | (b) go bhfuil na coinníollacha a bheidh sonraithe ag an gComhairle faoi mhír (a) d'alt 25(4) á gcomhlíonadh, nó | |
[EN] | (c) nach ann a thuilleadh do na forais, dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(c), chun bailíochtú a tharraingt siar, | |
cibé acu is cuí. | ||
[EN] |
Achomhairc chuig an Údarás Cáilíochtaí i gcoinne bailíochtú a dhiúltú nó a tharraingt siar. |
27. —(1) I gcás go ndiúltóidh an Chomhairle clár oideachais agus oiliúna a bhailíochtú faoi alt 25 nó go dtarraingeoidh sí siar a bailíochtú i leith cláir faoi alt 26 , féadfaidh soláthraí an chláir lena mbaineann achomharc a dhéanamh i gcoinne an diúltaithe sin nó na tarraingthe siar sin chuig an Údarás Cáilíochtaí agus féadfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí, tar éis dul i gcomhairle leis an gComhairle— |
[EN] | (a) cinneadh na Comhairle a dhaingniú, nó | |
[EN] | (b) cinneadh na Comhairle a neamhniú agus a chinneadh féin a chur in ionad chinneadh na Comhairle. | |
[EN] | (2) Déanfaidh an Chomhairle de réir cinnidh a dhéanfaidh an tÚdarás Cáilíochtaí faoi fho-alt (1)(b). | |
[EN] |
Dearbhú cáilíochta. |
28. —(1) Faoi réir fho-alt (6), a luaithe is indéanta tar éis thosach feidhme na Coda seo agus cibé tráthanna eile is cuí leis an gComhairle tar éis di dul i gcomhairle leis an soláthraí lena mbaineann, déanfaidh— |
[EN] | (a) soláthraí cláir oideachais agus oiliúna a bhfuil an Chomhairle tar éis a chlár a bhailíochtú faoi alt 25 , nó | |
[EN] | (b) foras aitheanta a bhfuil údarás chun dámhachtainí a dhéanamh i leith cláir ardoideachais agus oiliúna tarmligthe chuige faoi alt 29 , | |
[EN] | ag féachaint do nósanna imeachta láithreacha, más ann, nósanna imeachta a bhunú le haghaidh dearbhú cáilíochta chun cáilíocht an oideachais agus na hoiliúna a ndéanann an soláthraí sin iad a sholáthar, a eagrú nó a thabhairt i gcrích mar chuid den chlár lena mbaineann a fheabhsú tuilleadh agus a chothabháil agus comhaontóidh sé na nósanna imeachta sin leis an gComhairle. | |
[EN] | (2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), áireofar ar na nósanna imeachta a bhunófar faoin bhfo-alt sin— | |
[EN] | (a) meastóireacht a dhéanamh go tráthrialta, agus de réir mar a ordóidh an Chomhairle ó am go ham, ar an gclár oideachais agus oiliúna lena mbaineann, lena n-áirítear meastóireacht ag daoine atá inniúil ar chomparáidí náisiúnta agus idirnáisiúnta a dhéanamh ina leith sin, | |
[EN] | (b) foghlaimeoirí do dhéanamh meastóireachta ar an gclár sin, agus | |
[EN] | (c) meastóireacht a dhéanamh ar sheirbhísí a bhaineann leis an gclár sin, | |
[EN] | agus déanfar foráil leo maidir le fionnachtana a éireoidh as cur chun feidhme na nósanna imeachta sin a fhoilsiú i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí leis an gComhairle. | |
[EN] | (3) Breithneoidh an Chomhairle na fionnachtana a éireoidh as na nósanna imeachta a bhunófar faoi fho-alt (1) a chur chun feidhme agus féadfaidh sí moltaí a chur faoi bhráid sholáthraí an chláir lena mbaineann agus cuirfidh an soláthraí sin na moltaí sin i ngníomh. | |
[EN] | (4) Déanfaidh an Chomhairle, ó am go ham agus de réir mar a ordóidh an tÚdarás Cáilíochtaí ó am go ham, athbhreithniú, i gcomhairle le soláthraí cláir oideachais agus oiliúna, ar éifeachtacht na nósanna imeachta a bhunófar faoi fho-alt (1) agus ar chur i ngníomh, ag an soláthraí lena mbaineann, na bhfionnachtana a éireoidh as na nósanna imeachta sin a chur chun feidhme. | |
[EN] | (5) Déanfaidh an Chomhairle, maidir le torthaí aon athbhreithnithe faoi fho-alt (4)— | |
[EN] | (a) tuarascáil a thabhairt don Údarás Cáilíochtaí ina dtaobh, agus | |
[EN] | (b) iad a fhoilsiú i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí leis an Údarás Cáilíochtaí, | |
[EN] | agus cuirfidh sí tuairimí, más ann, ó sholáthraí an chláir lena mbaineann san áireamh i dtuarascáil nó i bhfoilseachán. | |
[EN] | (6) I gcás go ndéanfaidh soláthraí (“an chéad soláthraí a luaitear”) clár ardoideachais agus oiliúna a eagrú nó a thabhairt i gcrích, go hiomlán nó go páirteach, agus gur soláthraí eile (“an dara soláthraí a luaitear”) a dhéanfaidh an clár sin a sholáthar, go hiomlán nó go páirteach, déanfaidh an chéad soláthraí a luaitear, i dteannta na gceanglas a shonraítear i bhfo-alt (1), a mhéid a bhaineann na nósanna imeachta atá le bunú faoin bhfo-alt sin leis an gcuid sin den chlár a sholáthraíonn an dara soláthraí a luaitear, na nósanna imeachta sin a chomhaontú leis an dara soláthraí a luaitear. |