An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Cairteacha) Ar Aghaidh (Caibidil V Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais a dhíscaoileadh, etc.)

26 1999

ACHT NA gCÁILÍOCHTAÍ (OIDEACHAS AGUS OILIÚINT), 1999

Caibidil IV

Leasú ar Acht 1992

Leasú ar Acht 1992.

32. —Leasaítear leis seo Acht 1992—

(a) in alt 3, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Faoi réir alt 3A (arna chur isteach le hAcht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint), 1999 ), féadfaidh an Rialtas foráil a dhéanamh, le hordú, go mbeidh feidhm ag an Acht seo maidir le haon fhoras oideachais eile agus féadfaidh sé an Chéad Sceideal sin a leasú trí ainm an fhorais agus aon sonraí eile a bhaineann leis an Sceideal a chur isteach i gcolún (1) den Sceideal sin agus, ar thosach feidhme an ordaithe, beidh an foras arna bhunú mar choláiste a bhfuil feidhm ag an Acht seo maidir leis agus, faoi réir fho-alt (4), leanfaidh an t-ainm sin de bheith ar an gcoláiste agus leanfar den ainm sin a thabhairt air.”,

(b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 3:

“Coiste a cheapadh chun comhairle a thabhairt don Údarás.

3A. (1) Sula ndéanfaidh sé ordú faoi alt 3(2) (arna leasú le hAcht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint), 1999 ) chun foras oideachais a bhunú mar choláiste faoin alt sin, ceapfaidh an Rialtas coiste chun breithniú a dhéanamh i dtaobh an mbunófar foras oideachais faoin alt sin agus chun comhairle a thabhairt don Údarás ina leith sin.

(2) Is é an tÚdarás, tar éis dul i gcomhairle le hÚdarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann agus le Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna, a mholfaidh comhaltas coiste a cheapfar faoi fho-alt (1) agus áireofar ar an gcomhaltas sin daoine ag a bhfuil eolas agus taithí speisialta ar oideachas sa Stát agus lasmuigh den Stát.

(3) Le linn do choiste a cheapfar faoi fho-alt (1) breithniú a dhéanamh i dtaobh an mbunófar foras oideachais mar choláiste faoi alt 3(2), déanfaidh sé—

(a) an soláthar ardoideachais agus oiliúna sa réigiún a bhfuil an foras lena mbaineann le fónamh dó, agus sa Stát i gcoitinne, a scrúdú,

(b) i gcás gurb é tuairim an choiste gur gá tuilleadh ardoideachais agus oiliúna a sholáthar, roghanna eile a bhreithniú chun an soláthar sin a bhaint amach seachas trí fhoras oideachais a bhunú mar choláiste, agus

(c) dul i gcomhairle le cibé comhlachtaí agus daoine is cuí leis, lena n-áirítear aon fhoras eile a sholáthraíonn ardoideachas agus oiliúint sa réigiún lena mbaineann agus an coiste gairmoideachais ar ina limistéar feidhme atá an foras sin suite.

(4) Faoi réir fho-alt (5), féadfaidh an Rialtas, ar chomhairle ó choiste a bheidh ceaptha faoi fho-alt (1) agus ar mholadh ón Údarás, tar éis dul i gcomhairle le hÚdarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann agus le Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna, ordú a dhéanamh faoi alt 3(2).

(5) Ní dhéanfaidh an Rialtas ordú faoi alt 3(2) mura mbeidh curtha faoi deara aige ar dtús dréacht den ordú beartaithe a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus mura mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag an dá Theach.”,

agus

(c) in alt 5, trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (1)—

“(b) (i) comhshocraíochtaí a dhéanamh le Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna, nó le haon údarás eile arna cheadú ag Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann, ó am go ham, chun dámhachtainí ardoideachais agus oiliúna a dhéanamh, agus

(ii) cibé comhshocraíochtaí eile a dhéanamh a cheadóidh Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna agus Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann, ó am go ham, chun na críche sin agus, faoi réir ailt 29 agus 30 d'Acht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint), 1999 , dámhachtainí ardoideachais agus oiliúna a dhéanamh, de réir mar is cuí;

“(bb) (i) comhshocraíochtaí a dhéanamh le Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna nó le haon údarás eile arna cheadú ag Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann, ó am go ham, chun dámhachtainí breisoideachais agus oiliúna a dhéanamh, agus

(ii) cibé comhshocraíochtaí eile a dhéanamh a cheadóidh Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna agus Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann, ó am go ham, chun na críche sin;”.