33 1999

/images/harp.jpg


Uimhir 33 de 1999


AN tACHT UM CHISTE SEALBHAÍOCHTA SEALADACH DO DHLITEANAIS AOISLIÚNTAIS, 1999

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1.

An Ciste Sealbhaíochta Sealadach do Dhliteanais Aoisliúntais.

2.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990.

3.

Gearrtheideal.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Airgeadais, 1999

1999, Uimh. 2

An tAcht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Naisiúnta, 1990

1990, Uimh. 18

/images/harp.jpg


Uimhir 33 de 1999


AN tACHT UM CHISTE SEALBHAÍOCHTA SEALADACH DO DHLITEANAIS AOISLIÚNTAIS, 1999

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CISTE A BHUNÚ AR A dTABHARFAR AN CISTE SEALBHAÍOCHTA SEALADACH DO DHLITEANAIS AOISLIÚNTAIS AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [16 Nollaig, 1999]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

An Ciste Sealbhaíochta Sealadach do Dhliteanais Aoisliúntais.

1. —(1) Beidh arna bhunú, ar an Acht seo a rith, ciste ar a dtabharfar an Ciste Sealbhaíochta Sealadach do Dhliteanais Aoisliúntais, agus dá ngairtear “an Ciste” san Acht seo, ar ciste é a mbeidh airgead, arna íoc isteach sa Státchiste, le híoc isteach ann faoin alt seo chun soláthar a dhéanamh faoi chomhair an chostais a ghabhfaidh le híocaíochtaí leasa shóisialaigh agus pinsin seirbhíse poiblí sa todhchaí agus faoi chomhair cibé dliteanais pinsin eile de chuid an Státchiste is dóigh leis an Aire is gá.

(2) Déanfaidh an tAire an Ciste a bhainistiú agus a rialú.

(3) Déanfaidh an tAire, sa bhliain airgeadais 1999, suim nach mó ná £4,300,000,000 a íoc isteach sa Chiste as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

(4) Déanfar airgead sa Chiste a chur i gcuntais taisce in aon fhoras airgeadais nó a infheistiú i dtáirgí airgeadais gearrthéarma, ar nós deimhnithe taiscthe nó páipéir tráchtála, arna n-eisiúint ag aon duine a sheolann gnó laistigh den Stát nó lasmuigh de agus déanfar aon ioncam a gheofar i leith airgid a bheidh curtha i gcuntais taisce nó a bheidh infheistithe faoin bhfo-alt seo a íoc isteach sa Chiste nó a chur i gcuntais taisce nó a infheistiú faoin bhfo-alt seo.

(5) Ní íocfar airgead amach as an gCiste ach amháin de réir Acht den Oireachtas lena ndéantar foráil maidir le híocaíocht den sórt sin.

(6) Déanfaidh an tAire cuntais an Chiste a ullmhú.

(7) Déanfar aon chuntais dá dtagraítear i bhfo-alt (6) a ullmhú i cibé foirm, ar cibé modh agus cibé tráthanna, ar tráthanna iad nach déanaí ná an 30 Aibreán tar éis dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann siad, a chinnfidh an tAire agus beidh siad faoi réir a n-iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

(8) Déanfaidh an tAire cóip d'achomaireacht de chuntais an Chiste arna n-iniúchadh amhlaidh maille le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an gcéanna a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(9) San alt seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.

Leasú ar an gCead Sceideal a ghabhann leis an Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990 .

2. —Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Naisiúnta, 1990 , tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an ábhair a cuireadh isteach le halt 213(6)(b) den Acht Airgeadais, 1999:

“(n) alt 213 den Acht Airgeadais, 1999,

(o) fo-ailt (2), (4) agus (6) d'alt 1 den Acht um Chiste Sealbhaíochta Sealadach do Dhliteanais Aoisliúntais, 1999 .”.

Gearrtheideal.

3. —Féadfar an tAcht um Chiste Sealbhaíochta Sealadach do Dhliteanais Aoisliúntais, 1999 , a ghairm den Acht seo.